An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Riaradh)

30 1987

AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987

CUID II

Feidhmeanna Breise de Chuid na Gníomhaireachta

Feidhmeanna i ndáil leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht.

8. —(1) Beidh ag an nGníomhaireacht, de bhreis ar aon fheidhmeanna a shanntar di le hAcht 1961 nó faoi, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas a bhí sannta go n-uige seo don Bhord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta—

(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht atá freagrach as eolaíocht agus teicneolaíocht a chur chun cinn,

(b) comhairle a thabhairt don Rialtas nó don Aire, ar thionscnamh na Gníomhaireachta nó ar iarraidh ón Aire, ar bheartas i leith eolaíochta agus teicneolaíochta agus ábhair ghaolmhara,

(c) comhoirdniú na hinfheistíochta poiblí agus na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí le chéile in eolaíocht agus i dteicneolaíocht a spreagadh agus tograí maidir le hinfheistíocht phoiblí a ullmhú,

(d) deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chur ar fáil agus a riaradh,

(e) comhairle a thabhairt don Aire ar é á iarraidh sin faoi aon ábhar a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht,

(f) taighde a spreagadh,

(g) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialach a spreagadh,

(h) forbairt acmhainní aiceanta a spreagadh trí eolaíocht agus teicneolaíocht a fheidhmiú,

(i) meas ar luachmhaireacht eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh.

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, na nithe eile sin go léir a dhéanamh a eascróidh nó a leanfaidh as na feidhmeanna a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Acht seo nó faoi.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh ag an nGníomhaireacht na feidhmeanna sonracha seo a leanas—

(a) comhairle a thabhairt don Rialtas faoin ngá atá le haon fhoras nua a bhunú nó le haon fhoras atá ann a dhíscaoileadh nó faoin ngá atá le feidhmeanna aon fhorais atá ann a athscrúdú agus faoin gcineál forais a bheadh iontu nó an deilbh a bheadh orthu,

(b) clár náisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a ullmhú agus a athbhreithniú ó am go ham i gcomhairle le forais iomchuí,

(c) gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chomhoirdniú,

(d) páirteachas i ngníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a spreagadh,

(e) gabháil do cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a cheadóidh an tAire,

(f) litríocht agus faisnéis a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a leathadh agus a leathadh a spreagadh,

(g) gabháil (nuair is iomchuí sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha) do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta in eolaíocht agus i dteicneolaíocht, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, ionadú don Stát ag comhdhálacha, cruinnithe agus seimineáir,

(h) bheith páirteach i gcomharthionscadail idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta agus páirteachas iontu a spreagadh, agus, nuair is iomchuí sin, comhaontuithe a dhéanamh le comhlachtaí inchomparáide lasmuigh den Stát, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, nuair is iomchuí sin, faoi réir dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha,

(i) gabháil do staidéar ar dhaonchumhacht, i gcomhairle leis na forais iomchuí, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus, nuair is iomchuí sin, leathnú agus forbairt daonchumhachta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a spreagadh,

(j) dul i mbun aireagáin a fhorbairt agus a shaothrú, agus cabhrú leis sin a dhéanamh, i gcomhairle leis na forais iomchuí,

(k) seimineáir, comhdhálacha, léachtaí agus léiriúcháin, sa Stát nó in áit eile, a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus le nithe gaolmhara, a spreagadh agus a eagrú,

(l) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt agus ar fheabhsú dearadh tionscail agus tráchtála a spreagadh,

(m) comhairle agus cúnamh a thabhairt d'aireagóirí a n-aireagáin a chlárú agus a chosaint.

(4) (a) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian léis na cumhachtaí ná leis na feidhmeanna a thugtar le reacht d'aon fhoras agus i bhfeidhmiú a cumhachtaí agus a feidhmeanna tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird ar fheidhmeanna reachtúla na bhforas sin.

(b) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian le feidhmeanna múinteoireachta institiúide, coláiste nó scoile oideachais ar bith.

(5) Ní ghabhfaidh an Ghníomhaireacht d'aon ghníomhaíocht, ná ní spreagfaidh sí aon ghníomhaíocht, a bhaineann go príomha le cúrsaí míleata gan ceadú roimh ré ón Rialtas.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú feidhmeanna breise a shannadh don Ghníomhaireacht tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le haon Aire eile den Rialtas ar dóigh leis an Aire baint a bheith aige leis an ábhar.

(7) Díscaoiltear leis seo an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta.

Buiséad Eolaíochta.

9. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndáil le gach bliain airgeadais nó le cibé tréimhse eile a shonróidh an tAire, ráiteas a ullmhú, a bheidh bunaithe a mhéid is féidir ar an gclár dá dtagraítear in alt 8 (3) (b) den Act seo, agus ina n-áireofar riachtanais agus tograí gach forais a bheidh ag fáil airgid ón Stát agus a thabharfaidh tuairimí agus moltaí na Gníomhaireachta ar na riachtanais agus ar na tograí sin de réir an bheartais náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta.

(2) Aon uair a ullmhóidh an Ghníomhaireacht ráiteas de bhun fho-alt (1) den alt seo, cuirfear an ráiteas sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid an Rialtais é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Is é an Buiséad Eolaíochta don bhliain nó don tréimhse i gceist sonraí na leithranna airgid a ceadaíodh ar deireadh don bhliain airgeadais nó don tréimhse i gceist i leith gach forais agus tráchtair eacht ón nGníomhaireacht ag gabháil leo faoin mbeartas náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta, i dteannta a chéile.

(4) Leagfaidh an tAire cóip de gach Buiséad Eolaíochta faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Cláir a athbhreithniú.

10. —Seolfaidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht ó am go ham athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gclár dá bhforáiltear sa Bhuiséad Eolaíochta.

Faisnéis a thabhairt a éileoidh an Ghníomhaireacht.

11. —Aon fhoras dá ndéantar foráil sa Bhuiséad Eolaíochta tabharfaidh sé don Ghníomhaireacht cibé faisnéis i cibé foirm agus cibé tráth a éileoidh sí.

Cumhacht taighde a dhéanamh.

12. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le ceadú an Aire, taighde agus staidéar ar cibé fadhbanna i ndáil le heolaíocht agus le teicneolaíocht is cuí léi, a thosú agus a sheoladh agus féadfaidh sí torthaí aon imscrúdaithe den sórt sin is cuí léi, a fhoilsiú nó a leathadh.

Treoracha don Ghníomhaireacht.

13. —(1) Féadfaidh an tAire cibé treoracha ginearálta beartais is dóigh leis is cuí ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo, a thabhairt don Ghníomhaireacht.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara aon treoir a thabharfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 21 lá tar éis í a thabhairt amhlaidh.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon treorach a thabharfar di faoin alt seo agus leagfaidh sí an treoir amach ina tuarascáil bhliantúil agus áireoidh sí ina tuarascáil bhliantúil cuntas ar na gníomhartha a rinne sí chun éifeacht a thabhairt don treoir.

Teorainn caiteachais ar aireagáin.

14. —Leasaítear leis seo alt 43 (5) d'Acht 1961 (lena gcuirtear teorainn le caiteachas ag an nGníomhaireacht gan ceadú an Aire ar fhorbairt agus ar shaothrú aireagán) trí “nó cibé suim is mó ná sin a fhorordóidh an tAire ó am go ham le hordú” a chur isteach i ndiaidh “suim cúig mhíle punt”.