An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Riaradh)

30 1987

AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987

CUID IV

Forálacha Idirlinne

Foireann a aistriú.

27. —(1) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chomhlacht díscaoilte, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht ar théarmaí agus ar choinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an tosach feidhme sin.

(2) Maidir le scéim a bheidh ceadaithe faoi alt 28 den Acht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977 le haghaidh aoisliúntas oifigigh agus sheirbhísigh an chomhlachta dhíscaoilte, measfar gur scéim í a bheidh ceadaithe faoi alt 35 d'Acht 1961 agus féadfar í a leasú dá réir sin.

(3) Leasaítear leis seo alt 35 (1) d'Acht 1961 trí “nó maidir leo ar scor nó ar bhás dóibh” a chur in ionad na bhfocal “ar scor dóibh”.

Maoin a aistriu.

28. —(1) Ar thosach feidhme an Achta seo, an mhaoin go léir, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin í de chuid an chomhlachta dhíscaoilte díreach roimh an tosach feidhme sin, beidh sí arna dílsiú don Ghníomhaireacht gan aon tíolacadh ná sannadh.

(2) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig an nGníomhaireacht le fo-alt (1) den alt seo féadfaidh an Ghníomhaireacht agra a dhéanamh ina leith agus é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don Ghníomhaireacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú agus imeachtaí ar feitheamh a choimeád ar marthain.

29. —(1) Beidh cearta agus dliteanais uile an chomhlachta dhíscaoilte arna n-aistriú chuig an nGníomhaireacht ar thosach feidhme an Achta seo.

(2) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig an nGníomhaireacht le fo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Gníomhaireachta ina hainm féin agus ní gá don Ghníomhaireacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a bhfuil a cheart nó a dhliteanas á aistriú leis an alt seo.

(3) Na himeachtaí dlíthiúla uile a bhí ar feitheamh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo agus ar pháirtí iontu an comhlacht díscaoilte coimeádfar ar marthain iad agus cuirfear ainm na Gníomhaireachta in ionad ainm an chomhlachta dhíscaoilte.