An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988) Ar Aghaidh (CUID II Méaduithe)

7 1988

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus an tAcht seo (seachas alt 27) mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus den Acht seo (seachas alt 27), le chéile.

(4) Féadfar na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 agus 1988, a ghairm den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 , agus d'alt 27 den Acht seo, le chéile.

Mínithe.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986 ;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987 ;

tá leis “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

(2) Déanfar na tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin.