|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1988
[EN] | |||
[EN] |
CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil | ||
[EN] |
Leasú ar alt 63 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Acht Airgeadais, 1985 . |
66. —(1) Leasaítear leis seo alt 63 (1) den Acht Airgeadais, 1985 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “i gcoinne an chéanna, anuas go dtí glanmhéid an chéanna”, eadhon— | |
[EN] | “i gcoinne an chéanna: | ||
[EN] | Ar choinníoll, i ndáil le gach sócmhainn, nó le cuid de gach sócmhainn, a dhiúscrófar amhlaidh, gurb é méid a asbhainfear cibé méid acu seo a leanas is lú— | ||
[EN] | (a) méid is comhionann le méid na cánach gnóchan caipitiúil is inchurtha síos don tsócmhainn sin, nó don chuid den tsócmhainn sin, nó | ||
[EN] | (b) méid is comhionann le méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is inchurtha síos don mhaoin arb í an tsócmhainn sin, nó an chuid sin den tsócmhainn sin, í”, | ||
[EN] | agus tá an fo-alt sin 63 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go muirearófar cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis. | ||
|