An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1988) Ar Aghaidh (Caibidil II Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin, Measúnachtaí agus Achomhairc)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Ghnóchan Caipitiúil Agus Tobhach ar Chiste Pinsean

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1988-89 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,500” a chur in ionad “£5,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), agus trí “£2,750” a chur in ionad “£2,650” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), agus

(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£6,500” a chur in ionad “£6,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), trí “£7,600” a chur in ionad “£7,350” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), trí “£3,250” a chur in ionad “£3,150” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), agus trí “£3,800” a chur in ionad “£3,675” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ),

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,500, agus

(b) in aon chás eile, £2,750.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,500:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,600;

(b) in aon chás eile, £3,250:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith í rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,800.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir leis an mbliain 1988-89 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £5,700

...

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,900 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

58 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £11,400

...

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £5,800 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

58 faoin gcéad

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás go mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1988-89 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1987-88

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1988-89 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

£

£

alt 138

(fear pósta)                            ...      ...

4,000

4,100

(baintreach fir nó mná)

2,500

2,550

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

4,000

4,100

(baintreach fir ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a bhanchéile)            ...      ...

2,500

4,100

(duine singil)                          ...      ...

2,000

2,050

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) (baintreach fir nó mná)

1,500

1,550

(daoine eile)                        ...      ...

2,000

2,050

alt 138B

(liúntas fostaí)                        ...      ...

700

800

(2) Beidh éifeacht le halt 3 den Acht Airgeadais, 1986 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal churí fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

4. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1988-89 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1988-89” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé.

Feidhm alt 16 (creidmheas i leith cánach feirme) den Acht Airgeadais, 1986 .

5. —(1) Más rud é, murach neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, go dtabharfaí laghdú ar cháin ioncaim do phearsa aonair faoi fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir le méid iomlán na cánach feirme a d'íoc sé ar an 31 Nollaig, 1986, nó roimhe, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfaí a cháin ioncaim maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht do na blianta 1985-86 agus 1987-88 a laghdú den mhéid ar mó an cháin fheirme a d'íoc sé amhlaidh ná an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil leis an bpearsa aonair sin don bhliain 1986-87:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an laghdú a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt seo a fhritháireamh, a mhéid is féidir, in aghaidh dliteanas na pearsan aonair don bhliain 1985-86, agus

(b) nach lamhálfar aon laghdú faoin bhfo-alt seo ach aon uair amháin maidir leis an méid céanna cánach feirme a d'íoc an phearsa aonair.

(2) Déanfar an t-alt seo agus alt 16 den Acht Airgeadais, 1986 , a fhorléiriú le chéile.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 .

6. —Maidir le haon cheart a gheobhaidh pearsa aonair an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, chun scaireanna a fháil i gcomhlacht corpraithe, déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 , a leasú mar a leanas:

(a) i bhfomhír (1) de mhír 1, trí na mínithe ar “stiúrthóir lánaimseartha” agus “fostaí cáilitheach” a scriosadh, agus

(b) i bhfomhíreanna (1) (a) agus (2) de mhír 5, trí na focail “lánaimseartha” agus “cáilitheach” a scriosadh,

agus tá na fomhíreanna sin (1) (a) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) mura stiúrthóir nó fostaí é de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéi me, de chuid cuideachta rannpháirtí;

(2) D'ainneoin fhomhír (1) (a) féadfar foráil a bheith sa scéim go bhféadfaidh duine cearta a fuair sé fúithi a fheidhmiú d'ainneoin go bhfuil sé scortha de bheith ina stiúrthóir nó ina fhostaí.

Leasú ar alt 16 (trádálacha cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984 .

7. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1984 , i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'fho-alt (2), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii):

“(iiia) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1988 nó dá éis, an saothrú plandaí sin dá dtagraítear i bhfo-alt (ICC3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 ,”.

Leasú ar Chaibidil III (Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Airithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987 .

8. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987

(a) in alt 13 (1)—

(i) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘árachóir údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 145 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘conradh árachais’ conradh idir árachóir údaraithe agus suibscríobhaí maidir le hárachas den chineál dá dtagraítear in alt 145 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘comhalta’, i ndáil le conradh árachais, duine atá ainmnithe sa pholasaí árachais iomchuí ar duine é a mbeidh glactha ag árachóir údaraithe leis i gcomhair árachais;

tá le ‘liachleachtóir’ an bhrí chéanná atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 ;

ciallaíonn ‘caiteachais liachta iomchuí’ caiteachais a tabhaíodh i leith seirbhísí gairmiúla arna gcur ar fáil ag liachleachtóir is caiteachais atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina n-ábhar éilimh chun iad a aisíoc nó a urscaoileadh go hiomlán nó go páirteach faoi chonradh árachais ach gan aon chaiteachais den sórt sin a áireamh más rud é—

(a) faoi théarmaí an chonartha árachais, nach féidir (ach amháin i gcás caiteachas áirithe atá, i dtuairim an árachóra údaraithe lena mbaineann, níos airde ná mar is gnách) iad a bheith ina n-ábhar éilimh chun iad a urscaoileadh nó a aisíoc ach amháin—

(i) tar éis tréimhse shonraithe 12 mhí ar tabhaíodh na caiteachais lena linn, a bheith caite, agus

(ii) a mhéid gur mó ná méid sonraithe comhiomlán na gcaiteachas agus aon chaiteachas eile a tabhaíodh sa tréimhse sin,

(b) gur tabhaíodh iad i leith seirbhísí gairmiúla arna gcur ar fáil ag liachleachtóir lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘suibscríobhaí’, i ndáil le conradh árachais, duine (seachas árachóir údaraithe) is páirtí sa chonradh agus ar ina ainm atá an polasaí árachais iomchuí cláraithe;”,

(ii) trí “an Fhorais Áiseanna Saothair” a chur in ionad “na Comhairle Oiliúna” i mír (f) den mhíniú ar “seirbhísí gairmiúla”, agus

(iii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “íocaíocht iomchuí”:

“ciallaíonn ‘íocaíocht iomchuí’—

(a) íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dá éis, i leith seirbhísí gairmiúla bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach a dhéanann an íocaíocht, agus

(b) íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1988, nó dá éis—

(i) ag duine cuntasach a luaitear i mír (u), (v), (w) nó (x) (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) d'alt 14 (1) den Acht Airgeadais, 1987 , i leith seirbhísí gairmiúla, bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach, nó

(ii) ag árachóir údaraithe le liachleachtóir de réir fhorálacha alt 14A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) nó ar shlí eile, d'urscaoileadh éilimh i leith caiteachas liachta iomchuí faoi chonradh árachais,

ach ní áirítear ann—

(I) díolaíochtaí a thagann faoi réim Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , lena mbaineann an Chaibidil sin, ná

(II) íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , ónar asbhaineadh cáin de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin, nó óna n-asbhainfí amhlaidh í mura mbeadh forálacha fho-alt (8) den alt sin;”

(b) in alt 14 (1)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (m):

“(m) An Foras Áiseanna Saothair,”, agus

(ii) trí “nó” a scriosadh i mír (s) agus trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):

“(u) An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint,

(v) Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann,

(w) An Bord Fuinnimh Núicléigh,

(x) ospidéal saorálach poiblí nó comhbhoird lena n-íocann an tAire Sláinte deontais sa bhliain 1988-89 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó

(y) árachóir údaraithe.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14:

“14A.—Faoi réir alt 15 (1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ), más rud é go ndéantar éileamh, faoi chonradh árachais, chuig árachóir údaraithe i leith caiteachas liachta iomchuí urscaoilfidh an t-árachóir an t-éileamh trí íocaíocht a dhéanamh, go feadh méid an tsochair, más ann, a bheidh dlite faoin gconradh, leis an liachleachtóir a chuir na seirbhísí gairmiúla ar fáil don suibscríobhaí nó don chomhalta áirithe a mbaineann na caiteachais liachta iomchuí leis agus beidh an suibscríobhaí nó an comhalta, de réir mar a bheidh, saortha agus urscaoilte i leith cibé méid arb ionannas dó an íocaíocht, amhail is dá mba é an suibscríobhaí nó an comhalta a rinne an íocaíocht sin.”, agus

(d) in alt 15, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh duine cuntasach a bheidh ag déanamh íocaíochta iomchuí an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht a asbhaint ó mhéid na híocaíochta. Déanfaidh an duine sonraithe lena bhfuil an méid iníoctha an asbhaint sin a lamháil ar iarmhéid na híocaíochta a fháil, agus beidh

(a) an duine cuntasach a dhéanfaidh an asbhaint, agus

(b) más árachóir údaraithe an duine cuntasach, aon suibscríobhaí nó comhalta ar thar a cheann a dhéanfaidh an duine cuntasach an íocaíocht iomchuí,

saortha agus urscaoilte i leith cibé méid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh an méid sin iarbhír.

(1A) Más rud é—

(a) de réir fhorálacha alt 14A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ), go mbeidh íocaíocht iomchuí déanta ag árachóir údaraithe le liachleachtóir, agus

(b) de réir fhorálacha fho-alt (1), go mbeidh asbhaint cánach cuí lamháilte ag an liachleachtóir i leith na híocaíochta sin agus go mbeidh suibscríobhaí nó comhalta saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint,

déanfaidh an liachleachtóir, má bhíonn aon mhéid i leith na gcaiteachas liachta iomchuí lena mbaineann an íocaíocht iomchuí íoctha ag an suibscríobhaí nó ag an gcomhalta, méid a íoc leis an suibscríobhaí nó leis an gcomhalta, de réir mar a bheidh, is comhionann leis an méid ar mó comhiomlán an méid a d'íoc an suibscríobhaí nó an comhalta agus méid na híocaíochta iomchuí ná na caiteachais liachta iomchuí.

(1B) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé rialacháin a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo a mhéid a bhaineann sí le leasuithe arna ndéanamh uirthi leis an Acht Airgeadais, 1988 , agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) na himthosca agus an modh a shonrú ina bhféadfar íocaíocht (seachas íocaíocht iomchuí) a dhéanamh nó a éileamh i leith caiteachas liachta iomchuí, agus

(ii) foráil a dhéanamh chun pearsa aonair a shlánú ar éilimh i leith caiteachas liachta iomchuí, nó ar aon éilimh eile a éireoidh as gníomhartha a rinne an phearsa aonair nó a d'fhág an phearsa sin gan déanamh, de bhun na Caibidle seo nó de bhun rialachán arna ndéanamh faoin bhfo-alt seo a mhéid a bhaineann sí nó siad leis na leasuithe sin a dúradh.

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.