An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Ghnóchan Caipitiúil Agus Tobhach ar Chiste Pinsean) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

Caibidil II

Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin, Measúnachtaí agus Achomhairc

Léiriú (Caibidil II).

9. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “achomharc” achomharc faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “cigire cuí” i ndáil le duine inmhuirearaithe—

(a) an cigire is deireanaí a thug fógra i scríbhinn don duine inmhuirearaithe á rá gurb eisean an cigire a gceanglaítear ar an duine inmhuirearaithe tuairisceán nó ráiteas ar ioncam nó brabúis a sheachadadh air,

(b) d'éagmais cigire den chineál dá dtagraítear i mír (a), an cigire ar gnách don duine inmhuirearaithe tuairisceán nó ráiteas den sórt sin a sheachadadh air, nó

(c) d'éagmais cigire den chineál dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), an cigire tuairisceán;

ciallaíonn “measúnacht” measúnacht i leith cánach arna déanamh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó na hAchtanna Cánach Corparáide, de réir mar a bheidh;

tá le “tréimhse inmhuirearaithe”, an bhrí chéanna atá leis i mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “duine inmhuirearaithe”, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, duine arb inmhuirearaithe cáin air don tréimhse sin, cibé acu ar a chuntas féin nó ar chuntas duine éigin eile, ach ní fholaíonn sé duine—

(a) nach bhfuil ina ioncam iomlán don tréimhse inmhuirearaithe ach amháin díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus chun na críche sin, aon duine a ndéantar a ioncam iomlán don tréimhse inmhuirearaithe, seachas díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV, a asbhaint le linn méid a liúntas saor-ó-cháin don tréimhse inmhuirearaithe de bhua Rialachán 10 (1) (b) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ), a bheith á ríomh, measfar, maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, gur duine é nach bhfuil ina ioncam iomlán ach amháin díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV,

(b) a bheidh, maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe, díolmhaithe ag cigire ó cheanglais alt 10 de bhíthin fógra a bheidh tugtha faoi fho-alt (6) den alt sin, nó

(c) arb inmhuirearaithe cáin air don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin fhorálacha alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus dá bhíthin sin amháin;

ciallaíonn “cinneadh ar an achomharc” cinneadh ó na Coimisinéirí Achomhairc faoi alt 416 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus folaíonn sé comhaontú dá dtagraítear in alt 416 (3) den Acht sin agus measúnacht do theacht chun bheith críochnaitheach agus dochloíte de bhua alt 416 (6) den Acht sin;

tá le “dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (1);

folaíonn “cigire” i ndáil le haon ní, cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin;

ciallaíonn “cigire tuairisceán” an cigire a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 10(11) mar chigire tuairisceán;

tá le “comhpháirtí tosaíochta” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “foirm fhorordaithe” foirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nó foirm a úsáidfear faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé foirm a bhfuil i gceist léi tuairisceán a sheachadadh trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “réamhcháin” méid na cánach a cheanglaítear ar dhuine inmhuirearaithe a íoc de réir fhorálacha alt 11;

ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe iomchuí”—

(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an bhliain 1988-89 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó

(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, tréimhse chuntasaíochta dar críoch ar cibé dáta, nó i ndiaidh cibé dáta, a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin;

ciallaíonn “dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe”, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí—

(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an 31ú lá de Nollaig an bhliain sin, agus

(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, an lá deiridh den tréimhse 9 mí dar tosach an lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta;

tá le “ailt shonraithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 48 den Acht Airgeadais, 1986 ;

tá le “cáin” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sonrach, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo d'ainneoin aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) (a)  I gcás go bhforchuirfear aon oibleagáid nó ceanglas ar dhuine i gcáil ar bith faoi aon fhoráil de chuid na Caibidle seo agus go bhforchuirfear oibleagáid nó ceanglas comhréire ar an duine sin i gcáil eile, ní dhéanfaidh urscaoileadh aon cheann de na hoibleagáidí nó na gceanglas sin an duine a fhuascailt ón oibleagáid eile nó ón gceanglas eile.

(b)  Ní dhéanfar oibleagáid nó ceanglas a fhorchur ar dhuine, i gcáil ar bith, faoi fhorálacha na Caibidle seo de bhíthin amháin go bhfuil an oibleagáid nó an ceanglas sin forchurtha air in aon cháil eile.

(c)  Más rud é go mbeadh, murach aon fhoráil de na forálacha sin dá éis seo den Chaibidil seo, aon oibleagáid nó ceanglas den sórt sin forchurtha ar dhuine i mbreis agus cáil amháin, ní dhéanfaidh fuascailt ón oibleagáid nó ón gceanglas sin faoi aon fhoráil de na forálacha sin de bhíthin aon fhíorais nó imthoisc a bhfuil feidhm aige i ndáil lena dhliteanas cánach in aon cháil áirithe é a fhuascailt ó cibé oibleagáid nó ceanglas a bheidh forchurtha air i gcáil seachas an cháil ina bhfuil feidhm ag an bhfíoras nó ag an imthoisc sin.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Oibleagáid tuairisceán a thabhairt.

10. —(1) Déanfaidh gach duine inmhuirearaithe, maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí, ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó roimhe sin, ar tuairisceán é san fhoirm fhorordaithe—

(a) i gcás duine inmhuirearaithe, arb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe ar bliain mheasúnachta í, maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir a cheanglófaí a bheith san áireamh i ráiteas arna sheachadadh de bhun fógra a bheadh tugtha don duine inmhuirear aithe ag an gcigire cuí faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mba é a bhí sa tréimhse a bheadh sonraithe san fhógra sin an bhliain mheasúnachta díreach roimh an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, agus i gcás gur pearsa aonair é an duine inmhuirearaithe agus gurb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, na nithe agus na sonraí sin go léir, i dteannta na nithe agus na sonraí sin a dúradh, a cheanglófaí a bheith san áireamh i dtuairisceán don tréimhse arna sheachadadh ar an gcigire cuí de bhun fógra a bheadh tugtha ag an gcigire cuí don duine inmhuirearaithe faoi alt 172 den Acht sin, nó

(b) i gcás duine inmhuirearaithe arb inmhuirearaithe cáin chorparáide air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí ar tréimhse chuntasaíochta í, maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe a cheanglófaí a bheith san áireamh i dtuairisceán arna sheachadadh de bhun fógra a bheadh tugtha ag an gcigire cuí don duine inmhuirearaithe faoi alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

mar aon le cibé sonraí breise a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe.

(2) Measfar gur duine inmhuirearaithe chun críocha an ailt seo an comhpháirtí tosaíochta in aon chomhpháirtíocht agus déanfaidh sé, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, an tuairisceán a cheanglófaí air a sheachadadh don tréimhse sin faoi fhorálacha alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mbeadh fógra faoin alt sin tugtha ag an gcigire roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, a sheachadadh ar an gcigire cuí ar an dáta sin nó roimhe.

(3) Más rud é, de bharr fho-alt (1) nó (2), go seachadfaidh duine tuairisceán ar chigire, measfar go raibh de cheangal air, de bharr fógra faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ráiteas a sheachadadh a mbeadh ann na nithe agus na sonraí atá sa tuairisceán nó go raibh de cheangal air, de bharr fógra faoi alt 70 nó 172 den Acht sin nó faoi alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an tuairisceán a sheachadadh, de réir mar a bheidh. Aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le haon ghníomh a dhéanamh ar dhuine do mhainneachtain ráiteas nó tuairisceán a sheachadadh de bhun fógra a tugadh faoi aon cheann de na hailt sin a dúradh, beidh feidhm aici maidir le duine inmhuirearaithe, i gcás nár tugadh fógra den sórt sin, amhail is dá mbeadh fógra tugtha dó, ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, faoi cibé ceann amháin nó níos mó de na hailt sin is iomchuí don fhoráil atá i gceist.

(4) Déanfaidh duine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí mar a cheanglaítear leis an alt seo d'ainneoin nach mbeidh fógra faighte aige ó chigire á rá leis ráiteas nó tuairisceán don tréimhse sin a ullmhú agus a sheachadadh faoi aon cheann de na hailt dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(5) Féadfaidh an duine inmhuirearaithe nó duine eile a bheidh ag gníomhú faoi údarás an duine inmhuirearaithe chuige sin, tuairisceán, a cheanglaítear leis an alt seo, a ullmhú agus a sheachadadh. I gcás gurb é an duine eile sin a ullmhaíonn agus a sheachadann tuairisceán, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach amhail is dá mba é an duine inmhuirearaithe a d'ullmhaigh agus a sheachaid é. Aon tuairisceán a airbheartaíonn a bheith ullmhaithe agus seachadta ag aon duine inmhuirearaithe nó thar a cheann measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, é a bheith ullmhaithe agus seachadta ag an duine sin nó ar údarás uaidh, de réir mar a bheidh, mura gcruthófar a mhalairt.

(6) Féadfaidh cigire duine a eisiamh ó fhorálacha an ailt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt dó á rá go bhfuil sé eisiata ó na forálacha sin agus beidh éifeacht leis an bhfógra maidir le cibé tréimhse nó tréimhsí inmhuirearaithe nó go dtí cibé tréimhse inmhuirearaithe nó go dtí go dtarlóidh cibé teagmhas a bheidh sonraithe san fhógra:

Ar choinníoll, i gcás go mbeidh, roimh dháta an Achta seo a rith, fógra tugtha ag an gcigire do dhuine á rá nach gá dó tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh maidir le tréimhse inmhuirearaithe sonraithe, nó go dtí í, nó dtí go dtarlóidh aon teagmhas, go measfar fógra chuige sin a bheith tugtha dó faoin bhfo-alt seo.

(7) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chigire do thabhairt fógra faoi aon cheann de na hailt shonraithe ná ní scaoilfidh sé aon duine ó aon oibleagáid ná ceanglas a forchuireadh ar an duine le fógra den sórt sin. Má thugtar fógra do dhuine faoi aon cheann de na hailt shonraithe ní scaoilfidh sé sin an duine sin ó aon oibleagáid chun tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh faoi fhorálacha an ailt seo.

(8) I gcás lena mbaineann alt 197 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon tuairisceán a mbeidh ar áireamh ann na nithe agus na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (1) maidir leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile araon, comhlíonfaidh sé, má sheachadann céile amháin é, oibleagáid an chéile eile faoin alt seo.

(9) Ní oibreoidh aon ní sna hailt shonraithe nó i bhfógra arna thabhairt faoi aon cheann de na hailt sin chun a cheangal ar dhuine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh ar dháta is luaithe ná an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe.

(10) Aon deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú go bhfuil na taifid iomchuí scrúdaithe aige agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, le linn tréimhse sonraithe, tuairisceán sonraithe ó dhuine inmhuirearaithe is franaise é, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an duine inmhuirearaithe, le linn na tréimhse sin, an tuairisceán sin a sheachadadh agus féadfar deimhniú a dheimhníonn amhail mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt seo agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag cigire a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é bheith sínithe ag an gcigire sin.

(11) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cigire a ainmniú chun bheith ina chigire tuairisceán chun críocha na Caibidle seo.

(b) Glacfaidh an cigire tuairisceán le tuairisceáin faoin alt seo a d'ordaigh sé a sheachadadh air agus le tuairisceáin ó dhaoine arb é an cigire cuí i ndáil leo é sna himthosca a shonraítear i mír (c) den mhíniú ar “cigire cuí” in alt 9(1).

(c) Déanfar ainm cigire a bheidh ainmnithe mar a dúradh, mar aon leis an seoladh chun a ndíreofar tuairisceáin a bheidh á seachadadh air, a fhoilsiú gach bliain san Iris Oifigiúil.

(12) Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le duine inmhuirearaithe do mhainneachtain tuairisceán a sheachadadh de réir fho-alt (1) nó (2) mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1988 , alt 10 (1) agus (2)” a chur isteach i gColún 1.

Oibleagáid réamhcháin a íoc.

11. —(1) Dlífidh gach duine is duine inmhuirearaithe maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí an méid dá réamhcháin is cuí don tréimhse inmhuirearaithe sin a íoc leis an mBailitheoir de réir an ailt seo agus alt 18.

(2) Is é an méid de réamhcháin duine inmhuirearaithe is cuí do thréimhse inmhuirearaithe méid na cánach is dócha, i dtuairim an duine inmhuirearaithe, a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin measúnachta nó measúnachtaí don tréimhse inmhuirearaithe a bheidh déanta nó le déanamh ag an gcigire nó a dhéanfadh an cigire mura roghnódh sé, de bhun alt 13 (4), gan measúnacht a dhéanamh.

(3) Beidh réamhcháin iníoctha d'ainneoin nár thug an cigire fógra i leith na cánach sin faoi alt 12.

(4) Más rud é, ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc is cuí do thréimhse inmhuirearaithe, nó roimh an dáta sin, go mbeidh fógra faoi mheasúnacht don tréimhse faighte ag an duine inmhuirearaithe arb iníoctha an cháin aige, ní dhlífidh sé réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin.

(5) Aon mhéid réamhchánach is cuí do thréimhse inmhuirearaithe a bheidh íoctha ag duine inmhuirearaithe i gcáil ar bith, agus nach mbeidh aisíoctha leis, déileálfar leis, go feadh méid na híocaíochta sin nó go feadh méid na híocaíochta sin lúide aon mhéid a bheidh aisíoctha, mar íocaíocht ar scór na cánach is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, ar cáin í a bheidh sonraithe i measúnacht nó i measúnachtaí a bheidh déanta nó le déanamh don tréimhse sin ar an duine inmhuirearaithe sa cháil sin.

Fógraí réamhchánach.

12. —(1) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine inmhuirearaithe íocaíocht réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a dhéanamh, nó

(b) tráth ar bith roimh an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, gur dóigh leis an gcigire gur cuí déanamh amhlaidh,

féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt don duine inmhuirearaithe maidir le méid na réamhchánach ba chóir don duine inmhuirearaithe a íoc, i dtuairim an chigire, don tréimhse inmhuirearaithe sin:

Ar choinníoll nach dtabharfar fógra faoin bhfo-alt seo do dhuine inmhuirearaithe maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith tar éis don duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe sin a sheachadadh.

(2) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, beidh méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) dlite den duine inmhuirearaithe don Bhailitheoir, agus iníoctha aige leis, ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí lena mbaineann an fógra.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, ar an dáta tuairisceáin sonraithe do thréimhse inmhuirearaithe nó roimh an dáta sin, go ndéanfaidh an duine inmhuirearaithe íocaíocht réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe faoi alt 11, nó go ndéanfaidh an duine inmhuirearaithe ar an dáta sin nó roimhe, fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhailitheoir á rá go measann sé nach mbeidh sé faoi dhliteanas cáin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin aon mheasúnachta nó measúnachtaí a bheidh déanta nó le déanamh ag an gcigire, ní bheidh méid na réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt don duine inmhuirearaithe faoi fho-alt (1), nó an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid sin ar an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, iníoctha.

(4) I gcás go mainneoidh an duine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh, ar tuairisceán é lena mbaineann fógra réamhchánach faoi fho-alt (1), agus gur mó méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra, arna mhéadú faoi fhorálacha alt 48 den Acht Airgeadais, 1986 , ná méid na réamhchánach, más ann, a d'íoc an duine inmhuirearaithe faoi alt 11, arna mhéadú freisin faoi fhorálacha an ailt sin 48, ní bheidh feidhm ag fo-alt (3), le héifeacht ón dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, maidir leis an duine inmhuirearaithe sin don tréimhse inmhuirearaithe agus tiocfaidh méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra, arna mhéadú faoi fhorálacha an ailt sin 48 ach arna laghdú d'aon réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe sa cháil lena mbaineann an fógra, don tréimhse inmhuirearaithe, chun bheith dlite agus iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (3).

(5) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, maidir le méid réamhchánach, nó aon bhreis a bheidh ag an méid sin ar mhéid na réamhchánach, más ann, a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí lena mbaineann an fógra, a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) scoirfidh sé de bheith dlite agus iníoctha amhail ar an agus ón dáta a ndéanann an cigire measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin:

Ar choinníoll, i gcás gníomh a bheith déanta chun méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) a ghnóthú, ar gníomh é ar mhodh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó ar mhodh deimhniú a eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nach mbainfidh an fo-alt seo leis an méid sin réamhchánach.

(6) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar méid na réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) a bhailiú agus a íoc ar gach caoi ionann is dá mba cháin í arna muirearú trí mheasúnacht nach mbeadh aon achomharc ar feitheamh ina leith. Beidh feidhm ag alt 113 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir le méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) ar gach caoi ionann is dá mba mhéid cánach é a bheadh sonraithe i measúnacht. Beidh feidhm ag alt 537 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le réamhcháin a bheidh sonraithe i bhfógra amhail mar atá feidhm aige maidir le cáin a bheidh sonraithe i measúnacht.

(7) I gcás ar mó méid na réamhchánach a d'íoc duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe ná a dhliteanas cánach don tréimhse sin, aisíocfar an bhreis agus béarfaidh an méid aisíoctha ús de réir an ráta ag a mbéarfadh sé ús dá mba mhéid cánach é a bheadh aisíoctha faoi fhorálacha alt 30 (4) den Acht Airgeadais, 1976 :

Ar choinníoll—

(a) nach mbeidh ús iníoctha faoin bhfo-alt seo más lú é ná £10, agus

(b) nach mbeidh cáin ioncaim in-asbhainte ó íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus nach n-áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(8) Más rud é, do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, go mbeidh fógra réamhchánach tugtha ag an gcigire do dhuine agus gur deimhin leis an gcigire—

(a) go bhfuil an duine, ós duine inmhuirearaithe é, tar éis a dhliteanas cánach uile don tréimhse inmhuirearaithe a urscaoileadh,

(b) nach duine inmhuirearaithe an duine i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, nó

(c) gur cuí déanamh amhlaidh,

féadfaidh sé méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra a tugadh don duine a laghdú go dtí cibé méid, lena n-áirítear nialas, a mheasfaidh an cigire is cuí ag féachaint d'imthosca an cháis.

(9) I gcás go mbeidh d'éifeacht le haon fhoráil den alt seo a fhoráil go scoirfidh aon réamhcháin a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) de bheith iníoctha, ní bheidh d'éifeacht leis an bhforáil oibleagáid a fhorchuirtear le halt 11 ar aon duine inmhuirearaithe méid réamhchánach a íoc, a bhaint de.

(10) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 190 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le fógraí réamhchánach faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le measúnachtaí.

Measúnachtaí a dhéanamh.

13. —(1) Ní dhéanfar measúnacht ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeidh, an tráth sin, tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe seachadta ag an duine inmhuirearaithe ná ní dhéanfar measúnacht tráth a mbeidh toirmeasc, faoi fhorálacha alt 14 (2), ar mheasúnacht a dhéanamh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), is é an cigire, faoi threoir na sonraí a bheidh i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe agus, más cuí, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, a dhéanfaidh measúnacht ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

(3) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, nó

(b) nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta, nó go mbeidh aon fhaisnéis faighte aige maidir le neamh-leordhóthanacht an tuairisceáin sin,

ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar an gcigire measúnacht a dhéanamh de réir fhorálacha alt 184 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 144 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , de réir mar is cuí.

(4) I gcás gur deimhin leis an gcigire, maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, gur íoc duine inmhuirearaithe na méideanna cánach go léir a bheadh, dá ndéanfadh sé measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin, iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, féadfaidh an cigire a roghnú gan measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin agus, i gcás go roghnóidh sé amhlaidh, tabharfaidh sé fógra don duine inmhuirearaithe á rá gur roghnaigh sé amhlaidh agus measfar go raibh na méideanna a d'íoc an duine inmhuirearaithe iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba go raibh an mheasúnacht déanta ag an gcigire:

Ar choinníoll, faoi réir alt 14 (2), nach gcuirfidh aon ní san fho-alt seo cosc ar chigire measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith tar éis fógra a bheith tugtha faoin alt seo á rá gur roghnaíodh amhlaidh.

(5) I gcás go ndéanfaidh an cigire measúnacht—

(a) faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3), i gcás gur mainníodh tuairisceán a sheachadadh, nó

(b) in imthosca inar ríomh an duine inmhuirearaithe méid na cánach a bheidh iníoctha aige ar scór measúnachta agus nach n-easaontaíonn an cigire, tráth déanta na measúnachta, leis an gcáin mar a ríomhadh amhlaidh í,

ní gá aon sonraí a leagan amach san fhógra measúnachta seachas sonraí i dtaobh méid na cánach a bheidh le híoc ag an duine inmhuirearaithe.

(6) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, ach faoi réir alt 14 (2), i gcás go mbeidh tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí seachadta ag duine inmhuirearaithe, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire, a cheangal air measúnacht a dhéanamh don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin agus déanfaidh an cigire an mheasúnacht láithreach.

Leasú ar mheasúnachtaí agus teorainn ama ina leith.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (2) agus alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , féadfaidh cigire, tráth ar bith, measúnacht a rinneadh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a leasú trí cibé athruithe a dhéanamh inti nó cibé breisithe a chur léi is dóigh leis is gá, d'ainneoin cáin a bheith íoctha nó aisíoctha i leith na measúnachta agus d'ainneoin an mheasúnacht a bheith leasaithe aige ar ócáid nó ócáidí roimhe sin agus tabharfaidh sé fógra don duine inmhuirearaithe i dtaobh na measúnachta arna leasú amhlaidh.

(2) I gcás go mbeidh duine inmhuirearaithe tar éis tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh agus gur nocht sé go hiomlán agus go cruinn sa tuairisceán na fíorais ábhartha go léir is gá chun go ndéanfaí measúnacht don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ní dhéanfar measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse sin, ná ní dhéanfar leasú ar mheasúnacht den sórt sin, tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana dar tosach deireadh na tréimhse inmhuirearaithe ina seachadtar an tuairisceán, agus ní bheidh aon cháin bhreise iníoctha ag an duine inmhuirearaithe agus ní aisíocfar aon cháin leis an duine inmhuirearaithe tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana de bhíthin aon ní a bheidh ar áireamh sa tuairisceán:

Ar choinníoll nach gcoiscfidh aon ní san fho-alt seo measúnacht a leasú—

(a) i gcás nach nochtfar go hiomlán agus go cruinn na fíorais a luadh roimhe seo i dtuairisceán iomchuí,

(b) d'fhonn éifeacht a thabhairt do chinneadh ar aon achomharc i gcoinne measúnachta,

(c) d'fhonn aon fhíoras nó ní a chur i gcuntas a éireoidh de bhíthin teagmhas a tharlóidh tar éis an tuairisceán a bheith seachadta,

(d) d'fhonn earráid ríomha a cheartú,

(e) d'fhonn dearmad fíorais a cheartú, ar dearmad é a fhágann nach bhfuil ní éigin sa mheasúnacht ag freagairt i gceart do na fíorais a nocht an duine inmhuirearaithe, nó

(f) d'fhonn éifeacht a thabhairt d'fhorálacha alt 20 (2),

agus déanfar cáin a íoc nó a aisíoc, mar is cuí, de réir aon leasaithe den sórt sin agus ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú alt 455 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná alt 54 (4) (b) den Acht Airgeadais, 1974 .

(3) Aon duine inmhuirearaithe arb éagóir leis measúnacht nó leasú ar mheasúnacht toisc go measann sé go raibh an cigire faoi thoirmeasc an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, a dhéanamh de bhíthin fhorálacha fho-alt (2), féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta nó na measúnachta leasaithe ar na forais sin agus má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc, ar an achomharc a éisteacht, go raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach ionann is dá mba nach ndearnadh an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, agus beidh an mheasúnacht nó an leasú ar an measúnacht, de réir mar is cuí, ar neamhní. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc nach raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, seasfaidh an mheasúnacht nó an mheasúnacht arna leasú, ach amháin sa mhéid go mbeidh aon mhéid nó ní ann ina ábhar achomhairc bhailí ar aon fhoras eile.

(4) I gcás go mbeidh amhras ar an duine inmhuirearaithe maidir le feidhmiú an dlí nó leis an gcaoi a ndéileálfar, chun críocha cánach, le haon ní a bheidh san áireamh i dtuairisceán a sheachadfaidh sé, féadfaidh sé an tuairisceán a sheachadadh de réir mar is fearr a chreideann sé ó thaobh fheidhmiú an dlí nó ó thaobh an chaoi a ndéileálfar, chun críocha cánach, leis an ní sin ach tarraingeoidh sé aird an chigire ar an ní atá i gceist sa tuairisceán tríd an amhras atá air a shonrú agus má dhéanann sé amhlaidh measfar go bhfuil nochtadh iomlán cruinn déanta aige maidir leis an ní sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás nach deimhin leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go raibh amhras air dáiríre agus gurb é a thuairim nó a dtuairim go raibh an duine inmhuirearaithe ag gníomhú d'fhonn cáin a imghabháil nó a sheachaint agus, sa chás sin, measfar nach bhfuil nochtadh iomlán cruinn déanta aige maidir leis an ní atá i gceist.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 186 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag alt 144 (5) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí agus déanfar na nithe go léir a bheadh ar áireamh i gcéad mheasúnacht bhreise faoi na hailt sin a áireamh i leasú ar an gcéad mheasúnacht no ar na chéad mheasúnachtaí arna dhéanamh de réir an ailt seo agus, chun na críche sin, i gcás aon mhéid ioncaim, brabús nó gnóchan a bheith fágtha ar lár as an gcéad mheasúnacht nó as na chéad mheasúnachtaí, nó go mba lú an cháin a luadh sa chéad mheasúnacht nó sna chéad mheasúnachtaí ná an cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, déanfar cibé coigeartuithe ar an gcéad mheasúnacht nó na chéad mheasúnachtaí, nó cuirfear cibé breisithe léi nó leo (lena n-áirítear céad mheasúnacht eile a chur léi nó leo) is gá chun an fhaillí a leigheas nó chun a áirithiú gurb ionann an cháin a luadh amhlaidh agus an cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe.

Ceart an chigire fiosruithe a dhéanamh agus measúnachtaí a leasú.

15. —(1) Chun measúnacht a dhéanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí nó chun measúnacht den sórt sin a leasú, féadfaidh an cigire glacadh, go hiomlán nó go páirteach, le haon ráiteas nó sonra eile a bheidh ar áireamh i dtuairisceán arna sheachadadh ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin agus féadfaidh sé aon mhéid ioncaim, brabús nó gnóchan a mheasúnú, nó aon asbhaint, liúntas nó faoiseamh a lamháil, faoi threoir an ráitis nó an tsonra sin; ach i gcás go ndéanfar measúnacht nó go leasófar measúnacht faoi threoir aon ráitis nó sonra den sórt sin a bheidh ar áireamh i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe, ní thoirmiscfidh sé sin ar an gcigire cibé fiosruithe nó gníomhartha a dhéanamh, go feadh méid a chumhachtaí, is dóigh leis is gá chun a dheimhniú dó féin go bhfuil nó nach bhfuil an ráiteas nó an sonra sin cruinn agus, faoi réir alt 14 (2), ní thoirmiscfidh sé ar an gcigire measúnacht a leasú nó a leasú tuilleadh i cibé modh is dóigh leis is cuí:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon fhiosruithe ná aon ghníomhartha den sórt sin i gcás aon duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana dar tosach deireadh na tréimhse inmhuirearaithe inar sheachaid an duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí mura mbeidh, an tráth sin, forais réasúnacha ag an gcigire chun a chreidiúint go bhfuil an tuairisceán neamh-leordhóthanach toisc é bheith comhlánaithe go calaoiseach nó go faillíoch.

(2) Aon duine inmhuirearaithe arb éagóir leis aon fhiosrú nó gníomh a rinne cigire do thréimhse inmhuirearaithe, tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, ar na forais go measann sé go bhfuil an cigire faoi thoirmeasc an fiosrú sin nó an gníomh sin a dhéanamh mar gheall ar an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de 30 lá tar éis don chigire an fiosrú sin nó an gníomh sin a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus éistfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc ar gach caoi ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta é. Aon ghníomh a cheanglaítear ar an duine inmhuirearaithe a dhéanamh agus aon ghníomh breise a bheartaíonn an cigire a dhéanamh de bhun fhiosrú nó ghníomh an chigire, cuirfear ar fionraí iad go dtí go gcinnfear an t-achomharc. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc, ar an achomharc a éisteacht, go raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, ní bheidh de cheangal ar an duine inmhuirearaithe aon ghníomh a dhéanamh de bhun fhiosrú nó ghníomh an chigire agus beidh an cigire faoi thoirmeasc dul ar aghaidh lena fhiosrú nó lena ghníomh. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc nach raibh sé faoi thoirmeasc amhlaidh, beidh sé dleathach don chigire dul ar aghaidh lena fhiosrú nó lena ghníomh.

Feidhm alt 48 (formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach) den Acht Airgeadais, 1986 .

16. —Beidh éifeacht le halt 48 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir le haon duine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ionann is dá bhfolódh an míniú ar “tuairisceán ar ioncam” san alt sin 48 an tuairisceán a cheanglaítear ar an duine inmhuirearaithe a sheachadadh faoi fhorálacha alt 10 agus ionann is dá mba thagairtí don dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe dá mbeidh tuairisceán le seachadadh tagairtí don dáta sonraithe i ndáil le tuairisceán ar ioncam agus beidh feidhm aige i ndáil le méid réamhchánach, cibé acu a íoctar é faoi alt 11 nó a shonraítear é i bhfógra faoi alt 12, mar atá feidhm aige maidir le méid cánach arna shonrú i measúnacht.

Achomhairc.

17. —(1) Ní cead achomharc a dhéanamh—

(a) i gcoinne fógra réamhchánach faoi alt 12,

(b) i gcoinne méid aon ioncaim, brabús nó gnóchan ná i gcoinne méid aon liúntais, asbhainte nó faoisimh a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí i gcás inar chinn an cigire an méid sin trí ghlacadh leis an ráiteas nó leis na ráitis nó leis an sonra nó leis na sonraí, gan é nó iad a athrú agus gan imeacht uaidh nó uathu, maidir le hioncam, brabúis nó gnóchain nó le liúntais, asbhaintí nó faoisimh a bhí sonraithe sa tuairisceán a sheachaid an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, nó

(c) i gcoinne méid aon ioncaim, brabús nó gnóchan ná i gcoinne méid aon liúntais, asbhainte nó faoisimh a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí i gcás inar chomhaontaigh an cigire agus an duine inmhuirearaithe, nó aon duine a bhí údaraithe chuige sin ag an duine inmhuirearaithe, ar an méid sin sula ndearnadh nó, de réir mar a bheidh, sular leasaíodh an mheasúnacht.

(2) (a) Más rud é—

(i) go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh, nó

(ii) nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta ag duine inmhuirearaithe, nó go mbeidh aon fhaisnéis faighte aige maidir le neamhleordhóthanacht an tuairisceáin sin,

agus go ndéanfaidh an cigire measúnacht de réir aon cheann de na forálacha dá dtagraítear in alt 13 (3), ní bheidh aon ábhar achomhairc ann i gcoinne na measúnachta sin—

(I) i gcás lena mbaineann mír (a) (i), go dtí go mbeidh an tuairisceán seachadta ag an duine inmhuirearaithe, agus

(II) i gcás lena mbaineann fomhír (i) nó (ii) de mhír (a), go dtí go n-íocfaidh an duine inmhuirearaithe, nó go mbeidh íoctha aige, méid cánach ar scór na measúnachta ar méid é nach lú ná an cháin ab iníoctha ar scór na measúnachta dá mbeadh an mheasúnacht déanta, ar gach caoi, faoi threoir na ráiteas agus na sonraí a bhí ar áireamh sa tuairisceán a sheachaid an duine inmhuirearaithe,

agus measfar go dtosóidh an t-am le hachomharc i gcoinne na measúnachta a thionscnamh ar an dáta is luaithe a mbeidh an tuairisceán seachadta agus an méid sin cánach íoctha agus déanfar tagairtí san fho-alt seo do mheasúnacht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon leasú a dhéanfar ar an measúnacht roimh an dáta is luaithe sin a dúradh.

(b) Déanfar tagairtí san fho-alt seo do mhéid cánach a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon mhéid úis a bheadh dlite agus iníoctha, faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar an gcáin sin tráth íoctha na cánach mar aon le haon chostais a tabhaíodh nó méideanna eile a fhéadfar a mhuirearú nó a thobhach le linn an cháin a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht, nó sa mheasúnacht arna leasú, de réir mar a bheidh, a bheith á bailiú.

(3) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, i gcás go ndéanfar leasú ar mheasúnacht faoi alt 14 (agus nach leasú é a bheidh á dhéanamh de bhíthin achomharc a chinneadh) féadfaidh an duine inmhuirearaithe achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta arna leasú amhlaidh ar gach caoi ionann is dá mba mheasúnacht í arna déanamh ar dháta an leasaithe agus ionann is dá mba fhógra faoin measúnacht an fógra faoin measúnacht arna leasú, ach amháin nach mbeidh ag an duine inmhuirearaithe, i ndáil le nithe seachas athruithe a bheidh déanta ar an measúnacht, nó ábhair a bheidh curtha léi nó scriosta aisti, de bhíthin an leasaithe, aon cheart achomhairc eile de bhreis ar an gceart achomhairc a bheadh aige mura mbeadh leasú déanta ar an measúnacht.

(4) I gcás go dtionscnófar achomharc i gcoinne measúnachta nó i gcoinne measúnachta leasaithe a bheidh déanta ar dhuine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, sonróidh an duine inmhuirearaithe san fhógra achomhairc—

(a) gach méid nó ní sa mheasúnacht nó sa mheasúnacht leasaithe arb éagóir leis é, agus

(b) na forais, go mion-sonraithe, atá lena achomharc maidir le gach méid nó ní den sórt sin.

(5) Más rud é, maidir le méid nó ní lena mbaineann fógra achomhairc, nach gcomhlíonfaidh an fógra forálacha fho-alt (4), beidh an fógra, sa mhéid go mbaineann sé leis an méid sin nó leis an ní sin, neamhbhailí agus measfar nár tionscnaíodh an t-achomharc atá i gceist, sa mhéid go mbaineann sé leis an méid sin nó leis an ní sin.

(6) Ní bheidh an duine inmhuirearaithe i dteideal seasamh ar aon fhoras achomhairc nach mbeidh sonraithe san fhógra achomhairc mura mbeidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an breitheamh den Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, deimhin de nach bhféadfaí, le réasún, an foras a shonrú san fhógra.

Dáta le cáin a íoc.

18. —(1) Beidh réamhcháin is cuí do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha—

(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair nó roimhe sa bhliain mheasúnachta sin, nó

(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, laistigh den tréimhse 6 mhí 6 dheireadh na tréimhse cuntasaíochta,

agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo don dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc, a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta iomchuí nó don lá deiridh den tréimhse 6 mhí sin, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha—

(a) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht roimh an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe, ar an dáta sin nó roimhe, nó

(b) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht ar an dáta sin nó dá éis, ar an lá díreach i ndiaidh an lae a ndéanfar an mheasúnacht.

(3) Más rud é go mbeadh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha, murach an fo-alt seo, ar an lá díreach in ndiaidh an lae a ndéanfar an mheasúnacht, agus—

(a) gur mhainnigh an duine inmhuirearaithe réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin,

(b) gur lú an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó

(c) nach ndearnadh an réamhcháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe a íoc laistigh de mhí amháin ón dáta ar a raibh sí dlite agus iníoctha,

measfar go raibh an cháin a bheidh sonraithe sa mheasúnacht dlite agus iníoctha ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe.

(4) Faoi réir fho-alt (5), measfar, maidir le haon cháin bhreise a bheidh dlite de bhíthin leasú ar mheasúnacht do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, go mbeidh sí dlite agus iníoctha ar an lá céanna ar a raibh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht, sular leasaíodh í, dlite agus iníoctha:

Ar choinníoll—

(a) más rud é go ndearnadh an mheasúnacht tar éis don duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh ina raibh nochtadh iomlán cruinn ar na fíorais ábhartha go léir ba ghá chun an mheasúnacht a dhéanamh, nó

(b) más rud é gur leasaíodh an mheasúnacht roimhe sin tar éis an tuairisceán ina raibh an nochtadh sin a bheith seachadta,

go measfar go raibh an cháin bhreise a bheidh dlite amhlaidh dlite agus iníoctha ar an lá díreach i ndiaidh dháta an leasaithe.

(5) Measfar an méid ar mó an cháin a fhionnfar a bheith iníoctha do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, an tráth a chinnfear achomharc i gcoinne measúnachta a rinneadh ar dhuine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, ná an méid cánach don tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear in alt 17 (2) (a) (ii) (II) a bhí íoctha ag an duine inmhuirearaithe sula ndearnadh an t-achomharc, a bheith dlite agus iníoctha ar an dáta céanna ar a bhfuil an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht dlite agus iníoctha:

Ar choinníoll—

(a) i gcás nach lú an cháin a bhí íoctha amhlaidh ag an duine inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin a fhionnfar a bheith iníoctha an tráth a chinnfear an t-achomharc, agus

(b) i gcás go raibh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht dlite agus iníoctha de réir fhorálacha fho-alt (2),

go measfar an bhreis sin a bheith dlite agus iníoctha ar dháta cinnte an achomhairc.

Ús.

19. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2A) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 550 trí “de mhí amháin” a chur in ionad “de dhá mhí” gach áit a bhfuil sé.

Méideanna áirithe a mheas.

20. —(1) Más rud é, i gcás duine inmhuirearaithe arb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí (dá ngairtear “an chéad tréimhse” ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) go bhfuil san áireamh in ioncam iomlán an duine inmhuirearaithe don chéad tréimhse ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh a bheidh le ríomh ar bhonn na méideanna is infhaighte iarbhír sa chéad tréimhse nó más rud é go mbeidh, sa chéad tréimhse, aon asbhaintí is inlamháilte de thoradh aon suimeanna a íocadh amach as brabúis nó gnóchain an duine inmhuirearaithe le lamháil mar asbhaintí i leith na tréimhse inmhuirearaithe inarb iníoctha iad, agus

(b) tráth ar bith sula seachadfaidh an duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin, go mbeidh ríomh le déanamh ag an gcigire nó ag an duine inmhuirearaithe ar an gcáin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don chéad tréimhse nó go mbeidh measúnacht don chéad tréimhse á déanamh nó á leasú ag an gcigire,

déanfaidh an cigire nó an duine inmhuirearaithe, de réir mar a bheidh, an ríomh, an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, ar an mbonn—

(i) gur méid é méid an ioncaim ón mbunadh nó ó gach bunadh dá dtagraítear i mír (a) is comhionann le méid an ioncaim ón mbunadh nó ó gach bunadh ab infhaighte sa tréimhse inmhuirearaithe díreach roimh an gcéad tréimhse, agus

(ii) gur méid é méid na n-asbhaintí dá dtagraítear i mír (a) is comhionann le méid na n-asbhaintí sin sa tréimhse inmhuirearaithe díreach roimh an gcead tréimhse.

(2) I gcás go dtugann an duine inmhuirearaithe sonraí don chigire maidir le méid ceart an ioncaim nó na n-asbhaintí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), déanfaidh an cigire coigeartú ar aon ríomh nó measúnacht faoi threoir na difríochta idir an méid ceart agus an méid a bhí, de bhíthin fho-alt (1), ar áireamh sa ríomh nó sa mheasúnacht agus déanfar aon mhéid cánach a bheidh ro-íoctha a aisíoc agus déanfar aon mhéid cánach a bheidh gearríoctha a íoc.

(3) Aon mhéid cánach a aisíocfar faoi fho-alt (2), aisíocfar í mar aon le hús ar gach caoi ionann is dá mba aisíocaíocht réamhchánach faoi alt 12 (7) é. Ní mhuirearófar ús faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar aon mhéid cánach a bheidh gearríoctha faoi fhorálacha an ailt seo ach amháin i gcás nach n-íocfar an méid laistigh de mhí amháin i ndiaidh an dáta a gcuireann an cigire méid na gearríocaíochta in iúl don duine inmhuirearaithe agus ní dhéileálfar leis an méid cánach a bheidh gan íoc amhlaidh mar chuid den cháin is iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe chun críocha alt 18 (3) (b).

(4) Chun críocha alt 17 (1) (b), i gcás go mbeidh, d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, méid ioncaim nó asbhainte a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe ríofa de réir fhorálacha fho-alt (1), measfar gur chinn an cigire an méid sin trí ghlacadh, gan é nó iad a athrú agus gan imeacht uaidh nó uathu, leis an ráiteas nó leis na sonraí maidir leis an méid sin a bhí sonraithe i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 528 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le duine inmhuirearaithe i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

Ilghnéitheach.

21. —(1) Beidh feidhm ag alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le leasú ar mheasúnacht faoi alt 14 mar atá feidhm aige maidir le céad-mheasúnacht bhreise faoi alt 186 den Acht sin.

(2) Beidh éifeacht le halt 509 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh an míniú ar “measúnacht” measúnacht arna leasú faoi fhorálacha alt 14.

(3) I gcás go gcuirfidh an cigire, nó aon oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag gníomhú dó le fios an chigire, faoi deara go n-eiseofar, trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile, fógra réamhchánach ar a mbeidh ainm an chigire nó fógra measúnachta nó fógra faoi leasú ar mheasúnacht ar a mbeidh ainm an chigire, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, gur thug an cigire an fógra réamhchánach sin chomh fada lena thuairim agus measfar, chun na gcríoch sin, go ndearna an cigire an mheasúnacht nó an mheasúnacht leasaithe sin lena mbaineann an fógra measúnachta nó an fógra faoi mheasúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, chomh fada lena bhreithiúnas.

(4) Aon mheasúnacht atá críochnaitheach agus dochloíte thairis sin, ní áireofar í, chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach, mar mheasúnacht nach bhfuil críochnaitheach agus dochloíte, nó mar mheasúnacht atá scortha de bheith críochnaitheach agus dochloíte, de bhíthin amháin go bhfuil an mheasúnacht leasaithe ag an gcigire, nó go bhféadfaidh sé í a leasú, de bhun fhorálacha alt 14 agus más rud é, i gcás duine inmhuirearaithe, go roghnóidh an cigire faoi alt 13 (4) gan measúnacht a dhéanamh do thréimhse inmhuirearaithe, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach ionann is dá mbeadh measúnacht arna déanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin tagtha chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach agus dhochloíte ar an dáta ar a dtugtar an fógra faoin roghnú.

(5) Má thugann duine inmhuirearaithe fógra de bhun alt 5 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , ní scaoilfidh sé sin an duine ó oibleagáid tuairisceán a sheachadadh faoi alt 10.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le measúnacht a dhéanfar ar aon duine do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.