|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin, Measúnachtaí agus Achomhairc) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1988
[EN] | |||||||
[EN] |
Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil | ||||||
[EN] |
Íocaíochtaí áirithe ag an Aire Saothair agus ag an bhForas Aiseanna Saothair a bheith díolmhaithe. |
22. —(1) Chun críocha uile na nAchtanna Cánach, déanfar neamhshuim d'íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo. | |||||
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar le duine, cibé acu roimh an tAcht seo a rith nó ina dhiaidh sin, ar íocaíocht í arna déanamh— | ||||||
[EN] | (a) faoi Scéim Liúntas Fiontair, nó Scéim Fiontair, an Aire Saothair, nó | ||||||
[EN] | (b) faoi Scéim Fiontair an Fhorais Áiseanna Saothair. | ||||||
[EN] |
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
23. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 )— | |||||
[EN] | (a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus | ||||||
[EN] | (b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | ||||||
[EN] | agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||
| |||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | ||||||
[EN] | (a) trí “1988-89” a chur in ionad “1987-88” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) i bhfo-alt (3), agus | ||||||
[EN] | (b) trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | ||||||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||
| |||||||
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta. | ||||||
[EN] |
Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí agus asbhaint ina leith. |
24. —(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a thabhófar ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá gcuirfí “£6,000” in ionad “£2,500”, gach áit a bhfuil sé sna hailt sin. | |||||
[EN] | (b) An tagairt i mír (a) do chaiteachas a thabhófar ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, ní fholaíonn sí— | ||||||
[EN] | (i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas arna thabhú roimh an 28ú lá d'Eanáir, 1988, nó arna thabhú laistigh de 12 mhí i ndiaidh an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus | ||||||
[EN] | (ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 28ú lá sin d'Eanáir, 1988. | ||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) a thabhófar tar éis an 27ú lá d'Eanáir, 1988, ionann is dá gcuirfí “£6,000” in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé. | ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 44 (liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe) den Acht Airgeadais, 1986 . |
25. —Leasaítear leis seo alt 44 den Acht Airgeadais, 1986 , trí “seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim” a scriosadh as an míniú ar “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach” in alt (1) (a). | |||||
[EN] |
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh d'athnuachan uirbeach: teorainneacha ama áirithe a fhadú. |
26. —Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Airgeadais, 1986 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ionann is dá mba thagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991, an tagairt sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” don 31ú lá de Bhealtaine, 1989. | |||||
| |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 . |
27. —(1) Maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 — | |||||
[EN] | (a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a)— | ||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”, agus | ||||||
[EN] | (b) ionann is dá gcuirfí “90 méadar cearnach” in ionad “75 mhéadar chearnacha” sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san fho-alt sin (1) (a). | ||||||
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, ag foirgniú áitribh cháilithigh. | ||||||
[EN] | (3) Déanfar an t-alt seo agus alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , a fhorléiriú le chéile. | ||||||
[EN] |
Feidhm alt 21 (cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais ar athfheistiú) den Acht Airgeadais, 1985 , etc. |
28. —I gcás caiteachas iomchuí (de réir bhrí fho-alt (1) (a) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 ) a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, beidh éifeacht leis an alt sin 21— | |||||
[EN] | (a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (2) (a) (iii)— | ||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”, agus | ||||||
[EN] | (b) ionann is dá scriosfaí an coinníoll a ghabhann le halt 29 (2) den Acht Airgeadais, 1983 . | ||||||
[EN] |
Feidhm alt 22 (leathnú ar fheidhm faoisimh i leith foirgnimh áirithe a athchóiriú) den Acht Airgeadais, 1985 , etc. |
29. —I gcás caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, beidh éifeacht le halt 22 den Acht Airgeadais, 1985 — | |||||
[EN] | (a) ionann is dá gcuirfí “dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991,”— | ||||||
[EN] | (i) in ionad “dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987” i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin 22, agus | ||||||
[EN] | (ii) in ionad “dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987,” in alt 30 (2) den Acht Airgeadais, 1983 , | ||||||
[EN] | (b) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (4) den alt sin 22— | ||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”, | ||||||
[EN] | agus | ||||||
[EN] | (c) ionann is dá scriosfaí an coinníoll a ghabhann le halt 29 (2) den Acht Airgeadais, 1983 , sin a dúradh. | ||||||
[EN] |
Cistí pinsean: déileálacha i dtodhchaíochtaí airgeadais agus i roghanna intrádála a thabhairt faoi réim díolúintí cánach. |
30. —(1) San alt seo— | |||||
[EN] | ciallaíonn “todhchaíochtaí airgeadais” agus “roghanna intrádála”, faoi seach, todhchaíochtaí airgeadais agus roghanna intrádála a ndéileáiltear iontu nó atá luaite, de thuras na huaire, ar mhalartán todhchaíochtaí nó ar stocmhargadh sa Stát. | ||||||
[EN] | (2) Chun críocha— | ||||||
[EN] | (a) alt 16 (2) den Acht Airgeadais, 1972 , | ||||||
[EN] | (b) alt 21 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus | ||||||
[EN] | (c) alt 41 (1) den Acht um Cánach Corparáide, 1976, | ||||||
[EN] | measfar gur infheistíocht aon chonradh a dhéanfar le linn bheith ag déileáil i dtodhchaíochtaí airgeadais nó i roghanna intrádála. | ||||||
[EN] |
Creidmheasanna cánach i leith dáiltí. |
31. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , atá sonraithe i mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal— | |||||
[EN] | (a) i ndáil le dáiltí a dhéanfar sa bhliain 1988-89, ionann is dá mba 32 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta sin, | ||||||
[EN] | agus | ||||||
[EN] | (b) i ndáil le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ionann is dá mba 28 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1989-90 agus do bhlianta measúnachta dá éis. | ||||||
(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 45 (dáiltí) den Acht Airgeadais, 1980 . |
32. —(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le dáiltí arna ndéanamh ag cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3): | |||||
[EN] | “(1) (a) Áireofar mar dháileadh sonraithe chun críocha fho-alt (2) cibé riar de dháileadh (dá ngairtear ‘an chéad dáileadh a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhír seo), a áirítear faoi fho-alt (1A) mar dháileadh arna dhéanamh ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, is comhionann leis an méid, agus féadfaidh gur nialas é, a chinnfear de réir na foirmle | ||||||
| |||||||
[EN] | i gcás, faoi réir ailt 46 go 49— | ||||||
[EN] | arb é A méid ioncam na cuideachta, a ndéantar an cháin chorparáide is inchurtha ina leith a laghdú faoi alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta nó ar cuid den tréimhse sin í, | ||||||
[EN] | arb é B méid na cánach corparáide, arna laghdú faoi alt 41, is inchurtha i leith an méid a luaitear sa mhíniú ar A, | ||||||
[EN] | arb é E méid na ndáiltí iomchuí, cibé acu a dhéantar iad roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó ar an lá sin nó dá éis, a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, | ||||||
[EN] | arb é R an méid d'ioncam na cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a mhínítear sin in alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar aon le haon mhéid d'ioncam na cuideachta ar a muirearófaí cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mura mbeadh forálacha alt 18 den Acht Airgeadais, 1969 , alt 34 den Acht Airgeadais, 1973 , nó alt 71 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | ||||||
[EN] | arb é S méid na cánach corparáide, roimh aon fhritháireamh cánach nó creidmheas i leith cánach, lena n-áirítear cáin choigríche, agus i ndiaidh aon fhaoisimh faoi alt 58, 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, cé is moite den cháin chorparáide, roimh aon chreidmheas i leith cánach coigríche, is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin: agus measfar gurb é atá sa chuid sin an méid a thugtar faoi réim bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe sula ndéantar aon asbhaint maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar mhéideanna a laghdaíonn na brabúis sin, | ||||||
[EN] | arb é T méid na ndáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, mar aon le haon mhéid a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann forálacha alt 76 (2) (a) (ii), alt 81 (4), alt 93 (3) nó alt 170 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | ||||||
[EN] | arb é U— | ||||||
[EN] | (i) méid (dá ngairtear ‘an chéad mhéid a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) ioncam monarúcháin indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú den mhéid (dá ngairtear ‘an dara méid a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhíniú seo), más ann, ar mó méid iomlán ioncam monarúcháin indáilte na cuideachta don tréimhse sin agus d'aon tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin de chuid na cuideachta ná méid iomlán na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó | ||||||
[EN] | (ii) nialas, mura lú an dara méid a luadh ná an chéad mhéid a luadh, agus | ||||||
[EN] | arb é Y méid an chéad dáilte a luadh. | ||||||
[EN] | (b) Aon tagairt san alt seo do dháileadh iomchuí a rinne cuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, forléireofar í mar thagairt do dháileadh iomchuí de réir bhrí an ailt seo sular leasaíodh é leis an Acht Airgeadais, 1988 . | ||||||
[EN] | (1A) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-ailt (1) agus (2) agus gan bacadh leis an tréimhse chuntais dá ndéanann cuideachta dáileadh, déileálfar le dáileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a dhéanfaidh an chuideachta ar lá (dá ngairtear ‘an chéad lá a luadh’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo) arb é an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó aon lá dá éis é, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta is déanaí de chuid na cuideachta a chríochnaíonn roimh an gcéad lá a luadh: | ||||||
[EN] | Ar choinníoll, maidir le dáileadh— | ||||||
[EN] | (a) ar díbhinn eatramhach é arna híoc ag na stiúrthóirí i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í de bhun na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, nó | ||||||
[EN] | (b) nach dáileadh é ach amháin de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | ||||||
[EN] | go ndéileálfar leis mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina dtiteann an chéad lá a luadh: | ||||||
[EN] | Ar choinníoll freisin— | ||||||
[EN] | (a) (i) i gcás gur i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, dar tosach an lá ar thosaigh an chuideachta de bheith faoi réim cánach corparáide, a thiteann an chéad lá a luadh, go ndéileálfar leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin, ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, nach mbeidh déanta d'aon tréimhse chuntasaíochta, agus | ||||||
[EN] | (ii) i gcás gur ar an gcéad lá, nó tar éis an chéad lae, de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta a chríochnaíonn ar lá a scoireann an chuideachta de bheith faoi réim cánach corparáide, a thiteann an chéad lá a luadh, go ndéileálfar leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin; | ||||||
[EN] | (b) (i) i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh do thréimhse chuntasaíochta, ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin de chuid na cuideachta, agus | ||||||
[EN] | (ii) i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin dá dtagraítear i bhfomhír (i), ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinneadh don chéad tréimhse chuntasaíochta eile de chuid na cuideachta díreach roimhe sin arís agus mar sin de, | ||||||
[EN] | agus | ||||||
[EN] | (c) más rud é, de bhua forálacha an fho-ailt seo a chur i bhfeidhm maidir leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinne an chuideachta ar an gcéad lá a luadh, go mbeidh breis den chineál a luaitear sa choinníoll seo ann, go ndéanfar an bhreis sin— | ||||||
[EN] | (i) i gcás nach mbeidh ach dáileadh amháin déanta ag an gcuideachta ar an gcéad lá a luadh, a chur síos go hiomlán don dáileadh sin, nó | ||||||
[EN] | (ii) i gcás níos mó ná dáileadh amháin a bheith déanta amhlaidh ar an gcéad lá a luadh, a chur síos go páirteach do gach ceann de na dáiltí sin sa chomhréir chéanna faoi seach a bheidh idir méid gach dáilte ar leith den sórt sin agus méid iomlán na ndáiltí a rinne an chuideachta an lá sin, | ||||||
[EN] | sa chaoi is go ndéileálfar le haon dáileadh a rinne an chuideachta ar an gcéad lá a luadh mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó, má tá níos mó ná breis amháin den sórt sin ann, níos mó ná dhá dháileadh a ndéanann an chuideachta gach ceann ar leith acu do thréimhse chuntasaíochta éagsúil (más ann). | ||||||
[EN] | (1B) Chun críocha an ailt seo— | ||||||
[EN] | (a) is é méid ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle | ||||||
[EN] | (R-S) + T-U | ||||||
[EN] | i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S, T agus U atá leo i bhfo-alt (1), agus | ||||||
[EN] | (b) is é méid ioncam monarúcháin indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle | ||||||
[EN] | (A-B) + E | ||||||
[EN] | i gcás na bríonna céanna a bheith le A, B agus E atá leo i bhfo-alt (1). | ||||||
[EN] | (2) Más rud é, de bhua fho-ailt (1) agus (1A), go ndéileálfar le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis (dá ngairtéar an chéad dáileadh a luadh ina dhiaidh seo san fho-alt seo)— | ||||||
[EN] | (i) mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, nó | ||||||
[EN] | (ii) mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó níos mó, a ndéileáiltear le dáileadh amháin nó níos mó acu mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, | ||||||
[EN] | de réir mar a bheidh, déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna sin, leis an gcéad dáileadh a luadh ionann is dá mba éard a bhí ann dhá dháileadh, a bhféadfaidh nialas a bheith i gceann acu ach ní sa dá cheann, arb é atá iontu faoi seach— | ||||||
[EN] | (a) dáileadh is dáileadh iomchuí chun críocha an ailt seo de mhéid is ionann agus méid an dáilte shonraithe a luaitear i mír (i) nó is ionann agus méid iomlán na ndáiltí sonraithe a luaitear i mír (ii), de réir mar a bheidh, agus | ||||||
[EN] | (b) dáileadh nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an chéad dáilte a luadh. | ||||||
[EN] | (3) Is é a bheidh sa chreidmheas cánach a bheidh faighteoir dáilte iomchuí i dteideal a fháil i leith an dáilte sin, d'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, cé is moite den alt seo, méid is ionann agus an t-ochtú cuid déag de mhéid an dáilte iomchuí.”. | ||||||
[EN] | (2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá, is lá nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1988, a bheidh sonraithe i bhfógra faoi mhír (b). | ||||||
[EN] | (b) I gcás go roghnóidh cuideachta amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire, beidh éifeacht leis an alt seo agus le halt 45 den Acht Airgeadais, 1980 (arna leasú leis an alt seo) maidir le haon dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta ar an lá sonraithe nó dá éis ionann is dá gcuirfí an dáta ar a dtitfidh an lá sonraithe in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1989” gach áit a bhfuil sé san alt seo, san alt sin 45 agus i gCuid II den Dara Sceideal. | ||||||
[EN] | (3) Beidh éifeacht le Cuid II den Dara Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh. |