An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil V Liúntais Chaipitiúla)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

Rátaí cánach corparáide.

33. —(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 1 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis, muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta—

(a) 50 faoin gcéad—

(i) do gach bliain airgeadais go dtí an bhliain 1987, agus an bhliain sin san áireamh, agus

(ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1988 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988;

(b) 47 faoin gcéad—

(i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1988 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, agus

(ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1989 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Márta, 1989;

agus

(c) 43 faoin gcéad—

(i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1989 dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989, agus

(ii) do gach bliain airgeadais dá éis sin.”.

(2) Ní bheidh éifeacht le hailt 28 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.

(3) Beidh éifeacht leis an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Leasú ar Chuid XI (grúpfhaoiseamh) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

34. —Leasaítear leis seo Cuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116:

“116A—(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘trádáil’ trádáil, arna seoladh ag cuideachta, arb éard í nó ar cuid di monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna seoladh i dtréimhse chuntasaíochta a bheadh, dá mbeadh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta sa tréimhse sin agus dá ndéanfadh sí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , don tréimhse sin, le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí);

maidir le ‘ioncam ó dhíol earraí’ i dtréimhse chuntasaíochta i gcúrsa trádála a sheolann cuideachta is é a bheidh ann, faoi réir alt 118 mar a chuirtear chun feidhme é chun críocha faoisimh faoin alt sin, cibé ioncam arb é a bheadh ann ‘an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin’ sa tréimhse sin i gcúrsa na trádála chun críocha éilimh faoi alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , dá mba rud é—

(i) nach raibh aon ghrúpfhaoiseamh faoin alt seo lamháilte in aghaidh ioncaim ón trádáil sa tréimhse sin,

(ii) go raibh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta, agus

(iii) go ndearna an chuideachta éileamh ar fhaoiseamh faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 ;

maidir le ‘caillteanas ó dhíol earraí’ i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba é a bhí, d'ainneoin alt 41 (4) den Acht Airgeadais, 1980 , in ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ chun críocha fho-alt (3) den alt sin, méid cibé cuid den chaillteanas, arna ríomh mar a ríomhfaí é chun críocha alt 16 (2), ón trádáil sa tréimhse is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith caillteanais a tabhaíodh ag díol earraí agus marsantais:

Ar choinníoll nach caillteanas ó dhíol earraí caillteanas den chineál a luaitear in alt 28 (4) (b) den Acht Airgeadais, 1987 ;

maidir le ‘muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol’ i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba é a bhí, d'ainneoin alt 41 (4) den Acht Airgeadais, 1980 , in ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ chun críocha fho-alt (3) den alt sin, méid cibé cuid de na muirir ar ioncam a íocadh go hiomlán agus go heisiach chun críocha na trádála sa tréimhse sin is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí agus marsantas a dhíol;

maidir le ‘barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol’ i gcúrsa na trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann an oiread sin de mhéid, arb é an méid é ar mó na muirir ar ioncam a d'íoc cuideachta chun críche earraí a dhíol i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin ná an t-ioncam ó earraí a dhíol i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin, nach mó ná an barrachas dá dtagraítear in alt 116 (6) arna ríomh i leith na cuideachta don tréimhse sin;

ciallóidh ‘earraí agus marsantas a dhíol’ i gcúrsa trádála arna seoladh ag cuideachta, cibé earraí agus marsantas a dhíol a ndéileálfaí leo faoi seach mar earraí agus marsantas chun críocha éilimh faoi Chaibidil VI den Acht Airgeadais, 1980 , dá mbeadh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta agus dá mbeadh éileamh den sórt sin déanta aici.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an dáta a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta agus déileálfar leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(ii) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2001, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an dáta a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2000, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 2001, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

(2) (a) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (6) d'alt 116 agus alt 117, más rud é, in aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1989, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, a thiteann sí, go dtabhóidh an chuideachta ghéillteach caillteanas ó dhíol earraí nó barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol, féadfar an caillteanas sin nó an barrachas sin a fhritháireamh, chun críocha cánach corparáide, in aghaidh ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire go feadh méid an ioncaim sin nó más lú é, go feadh méid an ioncaim ó dhíol earraí i gcúrsa na trádála, ach ní thabharfar aon fhaoiseamh eile maidir leis an gcaillteanas sin nó leis an mbarrachas sin d'aon chuideachta seachas an chuideachta ghéillteach.

(b)  Laghdóidh grúpfhaoiseamh arna lamháil faoi mhír (a) an t-ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh do thréimhse chuntasaíochta—

(i) roimh fhaoiseamh arna dheonú faoi alt 18 (caillteanas foirceannaidh i dtrádáil) maidir le caillteanas arna thabhú i dtréimhse nó i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, agus

(ii) tar éis faoisimh arna dheonú faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanas foirceannaidh) maidir le caillteanas arna thabhú i dtréimhse nó i dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(3) (a) Chun críocha fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , déanfar ‘méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ a chinneadh de réir fho-alt (4) den alt sin 41 ionann is dá mba nár lamháladh aon ghrúpfhaoiseamh faoin alt seo.

(b)  D'ainneoin fhorálacha fho-alt (3) den alt sin 41, maidir le ‘an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin’ i dtréimhse chuntasaíochta chun críocha fho-alt (2) den alt sin 41, is é a bheidh ann an tsuim a chinnfear le fo-alt (3) den alt sin 41 don tréimhse sin arna laghdú d'aon ghrúpfhaoiseamh a lamhálfar faoin alt seo in aghaidh ioncam na trádála mar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt sin 41 sa tréimhse sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a)   (i) maidir le caillteanas ó dhíol earraí i gcúrsa trádála, nó

(ii) maidir le barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol i gcúrsa trádála,

i dtréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thiteann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, más rud é, sa tréimhse chuntasaíochta is déanaí roimhe sin ina raibh ioncam ón trádáil a raibh cáin chorparáide iníoctha ina leith, gur laghdaíodh méid an ioncaim sin faoi Chuid IV, nó

(b)   maidir leis an oiread sin de chaillteanas ó dhíol earraí i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta nach mó ná méid na liúntas caipitiúil faoi alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1986 , a d'asbhain an chuideachta ghéillteach le linn an caillteanas a bheith á riomh aici a thabhaigh sí sa tréimhse sin ag seoladh oibríochtaí trádála a bhí sonraithe i ndeimhniú a bheidh tugtha di agus nach mbeidh aisghairthe ag an Aire Airgeadais faoi alt 39B (2) den Acht Airgeadais, 1980 .

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás éileamh arna dhéanamh ag cuideachta mar chomhalta de chomheagras, ní fhéadfar ach codán de chaillteanas ó dhíol earraí, nó de bharrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol, a fhritháireamh, agus beidh an codán sin ar cóimhéid le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 118 (2), agus

(b) beidh éifeacht le halt 118—

(i) ionann is dá gcuirfí ‘an ioncaim ó thrádáil de chuid’ in ionad ‘brabúis iomlána’ i mír (a) d'fho-alt (2), agus

(ii) ionann is dá gcuirfí ‘an t-ioncam ó dhíol earraí i gcúrsa trádála de chuid na cuideachta éilimh’ in ionad ‘na brabúis sin’ agus ‘ina aghaidh’ in ionad ‘ina n-aghaidh’ i mír (b).”.

Leasú ar alt 39A (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna) den Acht Airgeadais, 1980 .

35. —Leasaítear leis seo alt 39A den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a scriosadh.

Leasú ar alt 39B (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar i Limistéar Duganna Theach an Chustaim) den Acht Airgeadais, 1980 .

36. —(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (7) (c) d'alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 , agus measfar nár achtaíodh riamh é.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (6) agus (7) den alt sin 39B, féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú, de réir bhrí fho-alt (2) den alt sin, a thabhairt do chuideachta agus beidh éifeacht leis an deimhniú ón dáta ar a mbeadh éifeacht leis murach an fo-alt sin (7) (c).

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (6) den alt sin 39B tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii)—

“(iiia) déileáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí nó i roghanna tráchtearraí thar ceann daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, seachas thar ceann daoine—

(I) a sheolann trádáil ina n-úsáidtear, i gcúrsa na trádála a sheoladh, tráchtearraí de chineál is ábhar do na todhchaíochtaí nó do na roghanna, de réir mar a bheidh, nó

(II) a measfaí, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, baint a bheith acu le duine a sheolann trádáil den sórt sin,”.

(4) (a) San fho-alt seo—

tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha an ailt sin 39B;

ciallaíonn “gnó árachais saoil coigríche” oibríochtaí trádála iomchuí, de réir bhrí an ailt sin 39B, arb éard iad gnó árachais saoil le sealbhóirí polasaí agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “gnó iontaobhais aonad coigríche” oibríochtaí trádála iomchuí, de réir bhrí an ailt sin 39B, arb éard iad bainisteoireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí iontaobhais aonad cháilithigh amháin nó níos mó;

ciallaíonn “iontaobhas aonad cáilitheach” scéim iontaobhais aonad—

(a) is scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ,

(b) arb amhlaidh atá a gnó—

(i) go seoltar sa Limistéar é, nó

(ii) nach seoltar amhlaidh é ach go seoltar sa Stát é agus go seolfaí sa Limistéar é mura mbeadh imthosca nach bhfuil rialú ag an duine nó na daoine a sheolann an gnó orthu,

agus

(c) ar daoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Stát na sealbhóirí go léir ar aonaid sa scéim;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí.

(b) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, ní mó ná 10 faoin gcéad an ráta ar dá réir a bheidh aon cháin inmhuirearaithe (sula lamháiltear aon chreidmheas i leith cánach coigríche) maidir le hioncam a eascróidh nó gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as urrúis nó sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát ar infheistíochtaí iad de chuid gnó árachais saoil choigríche nó ar infheistíochtaí iad atá faoi bhainisteoireacht gnó iontaobhais aonad choigríche.

Feidhm alt 84 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le hús áirithe.

37. —(1) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an oiread sin d'aon ús—

(i) ar dáileadh é de bhua alt 84 (2) (d) (iv) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus dá bhua sin amháin,

(ii) is iníoctha ag cuideachta cháilitheach i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheoladh agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt sin 84 (2) (d) (iv), inasbhainte mar chaiteachas trádála le linn méid ioncam na cuideachta ó na hoibríochtaí trádála iomchuí a bheith á ríomh, agus

(iii) is ús is iníoctha le cuideachta ar cónaitheoir í i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gcríoch a mbeidh comhshocraíochtaí, a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanta lena rialtas.

(b) I mír (a)—

tá le “cuideachta cháilithe” agus “oibríochtaí trádála iomchuí” an bhrí chéanna atá leo chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 ;

tá le “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá” an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(c) Chun críocha mhír (a), measfar gur cónaitheoir i gcríoch seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá cuideachta má mheastar amhlaidh ina taobh faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas na críche sin agus a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) I gcás go gcruthóidh cuideachta go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le haon ús is iníoctha aici do thréimhse chuntasaíochta agus go roghnóidh sí nach ndéileálfaí leis an ús sin mar dháileadh chun críocha alt 84 (2) (d) (iv) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní bheidh feidhm ag an alt sin 84 (2) (d) (iv) maidir leis an ús sin.

(3) Aon roghnú faoin alt seo i ndáil le hús is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta is i scríbhinn chuig an gcigire a dhéanfar é agus cuirfear isteach é mar aon le tuairisceán na cuideachta ar a brabúis don tréimhse.

Leasú ar alt 31 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Acht Airgeadais, 1974 .

38. —Leasaítear leis seo alt 31 den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3), i ndiaidh mhír (c)—

“(cc) ús arna íoc le duine, ar lasmuigh den Stát a chónaíonn sé de ghnáth, ag cuideachta i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) nó alt 39B (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 , a sheoladh, nó”.

Ioncam áirithe de chuid Nítrigin Éireann Teoranta a bheith díolmhaithe.

39. —D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon ioncam—

(a) a eascróidh chuig Nítrigin Éireann Teoranta in aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh sa tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1987 agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, ón ngnó arb éard é gás, a ceannaíodh ó Bhord Gáis Éireann, a sholáthar do Irish Fertilizer Industries Limited faoi chonradh idir Nítrigin Éireann Teoranta agus Irish Fertilizer Industries Limited, agus

(b) a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D,

beidh sé díolmhaithe ó cháin chorparáide.

Leasú ar alt 28 (faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach) den Acht Airgeadais, 1987 .

40. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1987

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “iascaireachta” i mír (i) den mhíniú ar “long cháilitheach”, eadhon, “seachas soitheach a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta a luaitear i mír (d) den mhíniú ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha san fho-alt seo”, agus

(b) sa mhíniú ar “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha”—

(i) trí “agus” a scriosadh as mír (c), agus

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d)—

“(d) éisc a chur faoi phróiseas monarúcháin ar bord loinge cáilithí, agus

(e) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta;”,

agus tá na mínithe sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Chun críocha Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) den Acht Airgeadais, 1984 , déanfar aon tagairt d'alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987 , a fhorléiriú ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (4) den alt sin 28 trí “mhír (c)” a chur in ionad “mhír (b)” i mír (c), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “long cháilitheach” soitheach farraige—

(a) atá faoi úinéireacht 51 faoin gcéad ar a laghad ag duine nó daoine a bhfuil gnáthchónaí air nó orthu sa Stát,

(b) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955 ,

(c) nach lú ná 100 tonna a olltonnáiste, agus

(d) atá uathghluaisteach,

ach d'ainneoin aon ní i míreanna (a), (b), (c) nó (d) den mhíniú seo, ní fholaíonn sé—

(i) soitheach iascaireachta seachas soitheach a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta a luaitear i mír (d) den mhíniú ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha san fho-alt seo,

(ii) tuga,

(iii) soitheach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre nó mar ardán tumadóireachta,

(iv) soitheach a úsáidtear chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil soghluaiste nó seasta de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna, agus

(v) aon soitheach eile de chineál nach n-úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha;

ciallaíonn “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha” gníomhaíochtaí arna seoladh ag cuideachta i gcúrsa trádála arb éard iad—

(a) úsáid loinge cáilithí chun paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht,

(b) seirbhísí a ghabhann le húsáid sin na loinge cáilithí, a chur ar fáil ar bord na loinge cáilithí,

(c) cearta a thabhairt a gcuireann, nó a gcuirfidh, duine eile dá mbua na seirbhísí sin ar fáil ar bord na loinge cáilithí sin,

(d) éisc a chur faoi phróiseas monarúcháin ar bord loinge cáilithí, agus

(e) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta;

(c) d'ainneoin mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 , measfar, maidir le long a ligean ar cairt dá dtagraítear ag mír (a) (ii), i gcúrsa trádála, gur trádáil léasúcháin an ligean sin chun críocha an ailt sin agus gur trádail leithleach é dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt sin.

Faoiseamh ó cháin chorparáide i leith díbhinní áirithe ó fhochuideachta neamhchónaitheach.

41. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “plean infheistíochta ceadaithe” plean infheistíochta a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire ina leith, de réir fho-alt (2), don chuideachta lena mbaineann;

ciallaíonn “plean infheistíochta” plean de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ar plean é atá dírithe ar chruthú nó cothabháil fostaíochta sa Stát in oibríochtaí trádála atá á seoladh, nó le seoladh, sa Stát agus ar chuir an chuideachta faoi bhráid an Aire é, sular cuireadh i ngníomh é, chun a chumasú di faoiseamh a éileamh faoin alt seo;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “díbhinní iomchuí” díbhinní arna bhfáil, an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát (arb í an chuideachta í a éilíonn an faoiseamh faoin alt seo) ó fhochuideachta choigríche de chuid na cuideachta, ar díbhinní iad—

(i) a chuirfear chun feidhme, tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus laistigh de thréimhse dar tosach bliain amháin roimh an lá a bhfaightear na díbhinní sa Stát agus dar críoch dhá bhliain i ndiaidh an lae sin, chun críocha plean infheistíochta cheadaithe, agus

(ii) a bheidh sonraithe i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2);

ciallaíonn “faoiseamh faoin alt seo”, i ndáil le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, an méid a ndéantar aon cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta a laghdú de bhua fho-alt (3).

(b)  (i) An tagairt i mír (a) do “fochuideachta choigríche”, ciallaíonn sí fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta i gcás go gcónaíonn an chuideachta sa Stát agus, maidir leis an bhfochuideachta, gur cónaitheoir í i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gcríoch a mbeidh comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanta lena rialtas.

(ii) Chun críocha fhomhír (i)—

tá le “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá” an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

measfar gur cónaitheoir i gcríoch seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá cuideachta má mheastar amhlaidh ina taobh faoi fhorálacha comhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas na críche sin agus a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht sin.

(2) I gcás plean infheistíochta a bheith curtha go cuí faoi bhráid an Aire ag cuideachta agus—

(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an plean dírithe ar chruthú nó cothabháil fostaíochta sa Stát in oibríochtaí trádála atá á seoladh, nó le seoladh, sa Stát, agus

(b) go bhfuil scéala i scríbhinn faighte ag an Aire ón gcuideachta i dtaobh mhéid na ndíbhinní lena mbaineann,

féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt don chuideachta á dheimhniú gur méid díbhinní iomchuí a bheidh i méid díbhinní a bheidh sonraithe sa deimhniú.

(3) Faoi réir fho-alt (4), i gcás go n-éileoidh agus go gcruthóidh cuideachta go bhfuil aon mhéid díbhinní iomchuí faighte aici i dtréimhse chuntasaíochta, ní dhéanfar an méid dá hioncam don tréimhse arb ionannas dó na díbhinní sin a chur i gcuntas le linn ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide.

(4) Más rud é, i ndáil le deimhniú a tugadh do chuideachta faoi fho-alt (2), gur dóigh leis an Aire, maidir leis an bplean infheistíochta ceadaithe lena mbaineann, nár cuireadh na díbhinní iomchuí go léir, nó nár cuireadh cuid acu, chun feidhme laistigh den tréimhse dá bhforáiltear sa mhíniú ar “díbhinní iomchuí” i bhfo-alt (1) (a), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta, méid na ndíbhinní iomchuí a bheidh sonraithe sa deimhniú a laghdú de cibé méid nach mbeidh curtha chun feidhme amhlaidh, agus, dá réir sin, má dhéantar méid na ndíbhinní iomchuí a bheidh sonraithe i ndeimhniú a laghdú amhlaidh—

(a) i gcás go mbeidh faoiseamh faoin alt seo deonaithe i leith mhéid na ndíbhinní iomchuí a bhí sonraithe sa deimhniú sular laghdaíodh an méid sin amhlaidh, déanfaidh an cigire cibé measúnachtaí nó measúnachtaí breise is gá chun an faoiseamh a tugadh i leith mhéid an laghdaithe a ghnóthú, agus

(b) i gcás nach mbeidh éileamh ar fhaoiseamh déanta fós, ní bheidh faoiseamh dlite faoin alt seo i leith mhéid an laghdaithe.

(5) Aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo, is i scríbhinn chuig an gcigire a dhéanfar é agus cuirfear isteach é mar aon le tuairisceán na cuideachta ar a brabúis don tréimhse ina bhfaightear na díbhinní iomchuí sa Stát.

Brabúis de chuid Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim a dhíolmhú ó cháin chorparáide.

42. —D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhrabúis a eascróidh chuig Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim in aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnaíonn tar éis an 17ú lá de Shamhain, 1986, beidh siad díolmhaithe ó cháin chorparáide.