An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Liúntais Chaipitiúla) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

Caibidil VI

Tobhach ar Chiste Pinsean

Tobhach ar chiste pinsean.

53. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sócmhainní”, i ndáil le scéim, infheistíochtaí, taiscí agus aon mhaoin eile (lena n-áirítear aon fhiach agus aon chonradh árachais) a bheidh á sealbhú chun críocha na scéime, seachas sócmhainní eisiata;

ciallaíonn “riarthóir”, i ndáil le scéim, na hiontaobhaithe nó na daoine eile a dhéanann bainisteoireacht ar shócmhainní na scéime;

ciallaíonn “duine inmhuirearaithe”, i ndáil le sócmhainní scéime—

(a) i gcás nach conarthaí árachais na sócmhainní, an riarthóir i ndáil leis an scéim, agus

(b) i gcás gur conarthaí árachais na sócmhainní, an t-árachóir i ndáil le conradh den sórt sin;

ciallaíonn “conradh árachais” aon chonradh de chineál a thuairiscítear in alt 50 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “sócmhainní eisiata”, i ndáil le scéim, sócmhainní arb ionannas dóibh—

(a) dliteanais scéime is inchurtha síos do sholáthar sochar iomchuí (de réir bhrí alt 13 den Acht Airgeadais, 1972 ) i leith fostaithe a bhfeidhmítear a bhfostaíocht lasmuigh den Stát go hiomlán, nó

(b) dliteanais faoi aon chonradh seachas conradh i leith gnó in aicme VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 79/267/CEE ón gComhairle, dar dáta 5 Márta, 1979(1) ;

ciallaíonn “árachóir” duine is sealbhóir ar údarú de réir bhrí na Rialachán nó is sealbhóir ar cheadúnas árachais a meastar leis na Rialacháin sin gur údarú é;

tá le “ciste pinsean”, i ndáil le hárachóir, an bhrí chéanna atá leis in alt 50 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “na Rialacháin” Rialacháin na gComhphobhal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);

ciallaíonn “scéim” scéim sochar scoir de réir bhrí alt 14 den Acht Airgeadais, 1972 , nó conradh blianachta scoir nó scéim iontaobhais lena mbaineann alt 235 nó alt 235A den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Chun críocha an ailt seo, is é “an méid inmhuirearaithe” i ndáil le haon sócmhainní méid a chinnfear de réir na foirmle

(A × 9)

________

- P

100

i gcás—

arb é A margadhluach comhiomlán na sócmhainní ar an lú lá d'Eanáir, 1988, agus

arb é P méid iomlán aon phinsean (lena n-áirítear blianachtaí) a íocadh sa bhliain 1988 i leith dhliteanais na scéime arb ionannas dóibh aon sócmhainn a áirítear le linn méid A a bheith á chinneadh:

Ar choinníoll, i gcás duine inmhuirearaithe seachas árachóir, gurb é an méid inmhuirearaithe an méid a chinnfear de réir na foirmle thuas, lúide—

(a) méid aon úis a fuarthas sa bhliain 1988 (ar ús iomchuí é de réir bhrí alt 31 (1) den Acht Airgeadais, 1986 ) i leith aon taisce a áirítear le linn méid A a bheith á chinneadh, agus

(b) dá mbeadh d'éifeacht leis, an méid inmhuirearaithe a laghdú go nialas, £5,000 nó cibé méid is lú ná sin a mbeadh an éifeacht sin leis.

(3) Don bhliain 1988, déanfar, de réir fhorálacha an ailt seo, tobhach (dá ngairtear “an tobhach” ina dhiaidh seo san alt seo) a mhuirearú ar an duine inmhuirearaithe, i ndáil le haon sócmhainní de chuid scéime, de réir ráta 6 faoin gcéad ar an méid inmhuirearaithe i leith na sócmhainní.

(4) Tabharfaidh an duine inmhuirearaithe don Ard-Bhailitheoir, ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1989 nó roimh an lá sin, tuairisceán ina dtaispeánfar—

(a) an méid inmhuirearaithe don bhliain 1988,

(b) méid an tobhaigh is inmhuirearaithe faoin alt seo i leith an méid sin, agus

(c) aon mhéid a íocadh, de réir fho-alt (6), ar cuntas an méid dá dtagraítear i mír (b).

(5) Beidh méid an tobhaigh a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite agus iníoctha an 30ú lá de Mheitheamh, 1989, agus íocfaidh an duine inmhuirearaithe leis an Ard-Bhailitheoir é agus beidh méid an tobhaigh a bheidh dlite amhlaidh iníoctha gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar méid an tobhaigh a bheidh tagtha chun bheith dlite agus iníoctha amhlaidh a mheasúnú ar an duine inmhuirearaithe mura mbeidh an méid sin nó aon chuid de íoctha ar an lá sin nó roimhe.

(6) D'ainneoin fho-alt (5), íocfaidh an duine inmhuirearaithe leis an Ard-Bhailitheoir, ar an 30ú lá de Shamhain, 1988, nó roimh an lá sin, méid ar cuntas mhéid an tobhaigh is iníoctha don bhliain 1988 agus is é méid is iníoctha ar cuntas amhlaidh méid nach lú ná 90 faoin gcéad de mhéid an tobhaigh a bheidh dlite de réir fho-alt (5), agus déileálfar leis an méid a íocadh ar cuntas amhlaidh mar mhéid comhionann den tobhach a bheidh dlite de réir fho-alt (5).

(7) Aon mhéid ar cuntas an tobhaigh is iníoctha ag duine inmhuirearaithe faoi fho-alt (6) beidh sé iníoctha amhlaidh gan measúnacht a bheith déanta agus na forálacha den alt seo a bhaineann le bailiú agus gnóthú an tobhaigh beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le bailiú agus gnóthú méid ar cuntas an tobhaigh.

(8) Má dhealraíonn sé don chigire go bhfuil aon mhéid den tobhach is iníoctha ar chóir é a áireamh, agus nach mbeidh curtha san áireamh, i dtuairisceán faoi fho-alt (4), nó má bhíonn an cigire mí-shásta le haon tuairisceán den sórt sin, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe, go feadh méid a bhreithiúnais, chun aon mhéid nár íocadh a ghnóthú; agus aon mhéid den tobhach a bheidh dlite faoi mheasúnacht arna déanamh de bhua an fho-ailt seo déileálfar leis, chun críocha úis ar an tobhach nár íocadh, mar mhéid ab iníoctha an tráth arbh iníoctha é dá mbeadh tuairisceán tugtha.

(9) (a)  Aon mhéid den tobhach a bheidh measúnaithe ar dhuine inmhuirearaithe faoin alt seo beidh sé dlite laistigh de mhí amháin tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an méid sin nó aon mhéid a áireofar mar mhéid ar cuntas an méid sin dlite níos luaithe faoi fho-alt (5) nó (6)), faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta a mbeidh aon mhéid dlite faoi fho-alt (5) nó (6).

(b)  An tráth a chinnfear achomharc i gcoinne measúnachta faoin alt seo, aisíocfar aon mhéid den tobhach a bheidh ró-íoctha.

(10) (a) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

(i) le measúnachtaí i leith cánach ioncaim,

(ii) le hachomhairc i gcoinne na measúnachtaí sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air), agus

(iii) le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim,

beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le measúnú, bailiú agus gnóthú aon mhéid den tobhach.

(b)  Aon mhéid den tobhach, nó méid ar cuntas an tobhaigh, is iníoctha de réir an ailt seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach mí nó gach coda de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.

(c)  Na forálacha d'fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.

(d)  Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina fheidhm maidir le haon mhéid den tobhach a mhuirearófar le haon mheasúnacht arna déanamh de réir na Caibidle seo, ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár.

(e)  D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le haon mhéid den tobhach a mhuirearófar le measúnacht arna déanamh de réir na Caibidle seo.

(11) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán chun críocha an ailt seo agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán iomlán é.

(12) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1988 , alt 53 (4)” a chur isteach i gcolún 2.

(13) Ní lamhálfar an tobhach a mhuirearaítear leis an alt seo mar asbhaint nó mar chreidmheas chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim a ríomh nó a mhuirearú.

(14) Más rud é, faoin alt seo—

(a) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe ar árachóir é méid i leith an tobhaigh i ndáil le conradh árachais, measfar gur eisíocaíocht riachtanach as ciste pinsean an árachóra an méid sin agus féadfaidh an t-árachóir aon sochair faoin gconradh a choigeartú dá réir sin, agus

(b) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe ar riarthóir é méid i leith an tobhaigh i ndáil le sócmhainní scéime, measfar gur eisíocaíocht riachtanach as na sócmhainní sin an méid sin agus féadfar aon sochair is iníoctha faoin scéim a choigeartú dá réir sin.

1I.O. Uimh. L63, 13.3.1979, 1.1.