An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

59. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

60. —Leasaítear leis seo alt 1 (2) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) tagairtí d'airgead a bhí dlite don duine agus de réir fhorálacha alt 73 den Acht Airgeadais, 1988 , atá íoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ag duine eile agus atá, dá bharr sin, scortha de bheith dlite don duine den duine eile sin, agus”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

61. —Leasaítear leis seo alt 11 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) den Phríomh-Acht—

(a) trí “, (bb)” a chur isteach i ndiaidh “i míreanna (b)” i mír (a),

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) 5 faoin gcéad den mhéid arb inmhuirearaithe cáin air i ndáil le soláthar leictreachais,”, agus

(c) trí “1.4 faoin gcéad” a chur in ionad “1.7 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) i mír (d).

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

62. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ) den Phríomh-Acht trí “1.4 faoin gcéad” a chur in ionad “1.7 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) i bhfo-alt (1).

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

63. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí mhír (xx) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) a scriosadh.