Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

15 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1988


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1988


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.

Léiriú.

3.

Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4.

Caiteachais.

CUID II

Forálacha chun slándáil agus sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn agus forálacha eile i ndáil le haeradróim agus aerárthaí

5.

Feidhm Chuid II.

6.

Slándáil agus sábháilteacht ag aeradróim.

7.

Treoracha ón Aire i ndáil le slándáil agus sábháilteacht aeradróm.

8.

Dualgas oibritheora aeradróim tuairisciú don Aire.

9.

Leathnú ar chumhacht an Aire chun ceadúnas nó údarú a chúlghairm, a chealú nó a fhionraí.

10.

Cumhacht an Aire toirmeasc a chur ar thuirlingt ag aeradróm, nó ar é a fhágáil, i ndálaí áirithe.

11.

Oibleagáid árachas a bhaint amach i ndáil le haeradróim.

12.

Sealbhú airceadal contúirteach áirithe in aeradróim.

13.

Treoracha ón Aire i ndáil le slándáil agus sábháilteacht aerárthaí.

14.

Dualgas oibritheora aerárthaigh tuairisciú don Aire.

15.

Leathnú ar chumhacht an Aire chun clárú aerárthaigh a dhiúltú nó a chealú.

16.

Coinneáil aerárthaigh nó a úsáid a shrianadh.

17.

Oibleagáid úinéirí nó oibritheoirí aerárthaigh i ndáil le dliteanas i leith caillteanais nó damáiste a thabhófar de bharr oibriú an aerárthaigh.

18.

Aeradróim, aerárthaí, etc., a iniúchadh chun críocha na Coda seo.

19.

Sealbhú airceadal contúirteach áirithe in aerárthaí.

20.

Slánaíocht in aghaidh imeachtaí.

21.

Imeachtaí a éisteacht i ndáil leis an Aire d'fheidhmiú cumhachta faoin gCuid seo.

22.

An tAire do rialú aerárthaí, aeradróm, etc., fad a mhaireann éigeandáil.

23.

Srian le dumpáil i ngar d'aeradróim.

24.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.

25.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1950.

26.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1950.

27.

Feidhm a thabhairt d'ailt 16 go 20 d'Acht 1950 maidir le haeradróim nach aeradróim Stáit.

28.

Méadú ar phionóis i leith cionta áirithe.

29.

Cionta agus pionóis (Codanna II, IV agus V).

30.

Deontais nó íocaíochtaí eile Státchiste i ndáil le foirgniú, etc., aeradróm sa Stát.

31.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1950.

32.

Aerárthaí a choinneáil agus a dhíol faoi chomhair muirear aeradróim nár íocadh.

33.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe ag aeradróim.

CUID III

Forálacha i ndáil le Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá

34.

Tosach feidhme Chuid III.

35.

Feidhm Chuid III.

36.

Feidhm dlí sa Stát a bheith ag Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá.

37.

Leasuithe iarmhartacha ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1965.

CUID IV

Forálacha i ndáil le Prótacal 1984 le Coinbhinsiún Chicago

38.

Tuirlingt éigeantach nó tascradh aerárthaí áirithe.

39.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1946.

40.

Déanamh de réir ordaithe tuirlingthe éigeantaí.

CUID V

Ilghnéitheach

41.

Aerárthach a choinneáil.

42.

Oifigeach údaraithe nó duine údaraithe a phearsanú.

43.

Aláraim bhréagacha.

44.

Cumhachtaí an Rialtais faoi Achtanna áirithe a aistriú chuig an Aire.

45.

Feidhmeanna áirithe a aistriú chuig an Aire.

46.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

47.

Leasú ar ailt 55 agus 56 (4) den Phríomh-Acht.

48.

Leasú ar alt 2 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946.

49.

Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947.

50.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1965.

51.

Leasú ar ailt 3 agus 5 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975.

52.

Leasú ar alt 3 den Acht Aeriompair, 1986.

53.

Aisghairm.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá

AN DARA SCEIDEAL

Aisghairm


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936

1936, Uimh. 40

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946

1946, Uimh. 23

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950

1950, Uimh. 4

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1959

1959, Uimh. 1

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1961

1961, Uimh. 25

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965

1965, Uimh. 6

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973

1973, Uimh. 29

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975

1975, Uimh. 9

Na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh), 1986

1986, Uimh. 18

An tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963

1963, Uimh. 15

An tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1971

1971, Uimh. 19

An tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1983

1983, Uimh. 38

An tAcht Aeriompair, 1986

1986, Uimh. 4

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947

1947, Uimh. 5

An tAcht Aerfoirt Neamhchustam (Leasú), 1958

1958, Uimh. 29

An tAcht Saorphort, 1986

1986, Uimh. 6

An tAcht Fost-Cheannaigh, 1946

1946, Uimh. 16

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1983

1983, Uimh. 40

Public Offices Fees Act, 1879

42 & 43 Vict., c.58

An tAcht um Stádas Leanaí, 1987

1987, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1988


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA SIBHIALTA A CHUR CHUN CINN AGUS MAIDIR LE hAERADRÓIM AGUS AERÁRTHAÍ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE NA hACHTANNA AERLOINGS-EOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1986, A LEASÚ AGUS A LEATHNÚ; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN PRÓTACAIL ÁIRITHE LE COINBHINSIÚN VÁRSÁ, LE COINBHINSIÚN CHICAGO AGUS LE COIN-BHINSIÚN MHONTREAL A CHUR I gCRÍCH; DO LEASÚ AN ACHTA FOST-CHEANNAIGH, 1946 ; DO LEASÚ NA nACHTANNA AERFOIRT NEAMHCHUSTAM, 1947 AGUS 1958; DO LEASÚ AN ACHTA SAORPHORT, 1986 ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22 Meitheamh, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: