17 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1988


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An Bord do bhunú cuideachtaí agus d'fháil cuideachtaí agus leasanna i gcuideachtaí.

3.

Cumhacht an Bhoird chun substaintí agus táirgí a dháileadh agus a dhíol.

4.

Cumhacht an Bhoird chun táirgí de bhunadh guail, a mhonarú, a dhíol, etc.

5.

Cumhachtaí an Bhoird i ndáil le seachtháirgí a bhaineann le giniúint leictreachais.

6.

Na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh cathaoirleach ar an mBord i seilbh oifige.

7.

Luach saothair, etc. an phríomhfheidhmeannaigh.

8.

Íocaíochtaí ag an mBord leis an Aire Comhshaoil.

9.

Rátúchán ar mhaoin de chuid an Bhoird.

10.

Íocaíochtaí ag an mBord in ionad rátaí, a dhaingniú.

11.

Leasú ar alt 4 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954.

12.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1982.

13.

Aisghairm.

14.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

15.

Caiteachais.

16.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930

1930, Uimh. 19

Acht Taisc-Iomar na Life, 1936

1936, Uimh. 54

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945

1945, Uimh. 12

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954

1954, Uimh. 17

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958

1958, Uimh. 35

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1961

1961, Uimh. 2

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1962

1962, Uimh. 24

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1971

1971, Uimh. 18

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1982

1982, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1988


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1985. [27 Meitheamh, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1982 ;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fuinnimh;

ciallaíonn “Gob na Muine” maoin an Bhoird ag Gob na Muine i gcontae an Chláir;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 .

An Bord do bhunú cuideachtaí agus d'fháil cuideachtaí agus leasanna i gcuideachtaí.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta”—

(a) cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó

(b) comhlacht arna fhoirmiú nó arna bhunú faoi dhlíthe stáit seachas an Stát agus atá ar comhréir le comhlacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(2) Féadfaidh an Bord foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh san fhoirmiú nó bunú cuideachta sin.

(3) Féadfaidh an Bord scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta.

(4) Féadfaidh an Bord rialú iomlán nó páirteach a fheidhmiú ar chomhdhéanamh bhord stiúrthóirí cuideachta, nó údaráis eile, cibé ainm a bheidh air, a rialaíonn nó a bhainistíonn cuideachta.

(5) Féadfaidh an Bord—

(a) airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, agus

(b) ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh cuideachta go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an chuideachta ar iasacht, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a fháil a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin agus féadfaidh sí a bheith ina ráthaíocht go n-íocfar nóta gealltanais arna thabhairt ag cuideachta nó bille malairte arna tharraingt nó arna ghlacadh ag cuideachta.

(6) Is faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas ar chóir, i dtuairim an Aire, ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire sin den Rialtas, dul i gcomhairle leis, a fheidhmeoidh an Bord aon chumhacht a thugtar leis an alt seo.

Cumhacht an Bhoird chun substaintí agus táirgí a dháileadh agus a dhíol.

3. —(1) Féadfaidh an Bord gabháil mar ghnó do ghual a allmhairítear isteach sa Stát ag Gob na Muine agus d'aon substaint nó táirge eile a shonróidh an tAire le rialacháin, a dháileadh agus a dhíol sa Stát nó lasmuigh den Stát, agus beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá nó is fóirsteanach chun na críche sin.

(2) Más rud é, chun críocha an dáilte nó an díola sin sa Stát, gur gá aon substaint nó táirge den sórt sin a iompar ó Ghob na Muine ag ceannaitheoir an chéanna nó thar a cheann nó ag an mBord nó thar a cheann, iomprófar an tsubstaint nó an táirge ón áit sin le lastsoitheach go dtí calafort nó cuan sa Stát.

Cumhacht an Bhoird chun táirgí de bhunadh guail, a mhonarú, a dhíol, etc.

4. —(1) Féadfaidh an Bord gabháil mar ghnó d'aon substaint nó táirge a mhonaraítear go hiomlán nó go príomha as gual a mhonarú ag Gob na Muine agus a dháileadh agus a mhórdhíol sa Stát nó lasmuigh den Stát agus beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá nó is fóirsteanach chun na críche sin.

(2) Más rud é, chun críocha an dáilte nó an díola sin sa Stát, gur gá aon substaint nó táirge den sórt sin a iompar ó Ghob na Muine ag ceannaitheoir an chéanna nó thar a cheann nó ag an mBord nó thar a cheann, iomprófar an tsubstaint nó an táirge ón áit sin le lastsoitheach go dtí calafort nó cuan sa Stát.

Cumhachtaí an Bhoird i ndáil le seachtháirgí a bhaineann le giniúint leictreachais.

5. —Féadfaidh an Bord—

(a) gabháil mar ghnó d'aon seachtháirge a dháileadh agus a dhíol sa Stát nó lasmuigh den Stát, is seachtháirge a tháirgtear le linn don Bhord leictreachas a ghiniúint, agus

(b) gabháil mar ghnó d'aon substaint nó táirge a mhonaraítear go hiomlán nó go príomha as seachtháirge den sórt sin mar a dúradh a mhonarú, a dháileadh agus a dhíol sa Stát nó lasmuigh den Stát,

agus beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá nó is fóirsteanach chun na gcríoch sin.

Na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh cathaoirleach ar an mBord i seilbh oifige.

6. —(1) Faoi réir fho-ailt (4) agus (7) d'alt 2 den Phríomh-Acht agus alt 9 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , beidh cathaoirleach ar an mBord lena mbaineann an t-alt seo i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) d'alt 2 den Phríomh-Acht i ndáil le cathaoirleach ar an mBord lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Baineann an t-alt seo le cathaoirleach ar an mBord a cheapfar chun bheith ina chathaoirleach den sórt sin tar éis an tAcht seo a rith.

Luach saothair, etc. an phríomhfheidhmeannaigh.

7. —Íocfaidh an Bord lena phríomhfheidhmeannach (cibé atá an tuairisc sin air nó nach bhfuil) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Íocaíochtaí ag an mBord leis an Aire Comhshaoil.

8. —(1) Íocfaidh an Bord leis an Aire Comhshaoil cibé suim a chinnfidh an Rialtas i leith gach bliana, ag tosú leis an mbliain 1988.

(2) Déanfar íocaíocht faoin alt seo i dtrí thráthchuid chomhionanna, agus beidh tráthchuid iníoctha tráth nach déanaí ná an lú lá de Bhealtaine (nó, sa bhliain 1988, an lú lá de Lúnasa), an lú lá de Mheán Fómhair agus an lú lá de Shamhain gach bliain.

(3) Measfar gur eisíocaíocht is inmhuirearaithe go cuí ar ioncam an Bhoird chun críocha alt 21 den Phríomh-Acht íocaíocht faoin alt seo.

Rátúchán ar mhaoin de chuid an Bhoird.

9. —(1) Maidir le blianta airgeadais áitiúla a thosaíonn ar cibé lá, nó tar éis cibé lá, a cheapfaidh an tAire le hordú, scoirfear d'oibreacha dá dtagraítear sna hailt seo a leanas, eadhon—

(i) alt 96 den Phríomh-Acht,

(ii) alt 12 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930 ,

(iii) alt 13 d'Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 , agus

(iv) alt 14 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ,

a dhíolmhú ó mheasúnacht i leith ráta dealúis agus aon ráta eile a dhéanann údarás áitiúil agus, dá réir sin, aisghairtear leis seo na hailt sin roimhe seo amhail ar agus ón lá a cheapfar amhlaidh.

(2) Ní dhéanfar íocaíocht faoi alt 8 den Acht seo in aon bhliain airgeadais áitiúil arb iníoctha ina leith na rátaí sin a dúradh ar mhaoin de chuid an Bhoird de bhua fho-alt (1) den alt seo.

Íocaíochtaí ag an mBord in ionad rátaí, a dhaingniú.

10. —Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1985, nó in aon achtachán eile, go raibh na suimeanna a d'íoc an Bord faoi alt 7 d'Acht 1982 do na blianta 1983 go 1987 dlite go cuí agus gurb iníoctha iad ag an mBord leis an Aire Comhshaoil de bhua an ailt sin.

Leasú ar alt 4 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 .

11. —An chumhacht a thugtar don Bhord le halt 4 (arna leasú le halt 3 d'Acht 1982) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 , chun airgead a fháil ar iasacht, measfar go n-áirítear léi, agus gur áiríodh riamh léi, cumhacht chun airgead a chruinniú ar scór nóta gealltanais arna thabhairt ag an mBord nó bille malairte arna tharraingt nó arna ghlacadh ag an mBord.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1982.

12. —An chumhacht a thugtar don Aire Airgeadais le halt 4 d'Acht 1982, chun ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Bord ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin, nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús araon agus go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin, measfar go bhfuil, agus go raibh riamh, cumhacht ar áireamh inti chun ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis an Aire Airgeadais is oiriúnach go n-íocfar go cuí nóta gealltanais arna thabhairt ag an mBord nó bille malairte arna tharraingt nó arna ghlacadh ag an mBord agus measfar, chun críocha an ailt sin a dúradh, go bhfuil, agus go raibh riamh, méideanna is iníoctha faoi na nótaí gealltanais agus billí malairte sin ar áireamh san fhocal “príomhshuim” agus san abairt “iasachtaí a fháil”.

Aisghairm.

13. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:

(a) alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1961 , agus

(b) alt 7 d'Acht 1982.

(2) Déantar na forálacha seo a leanas, eadhon:

(a) alt 3 (4) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 ,

(b) alt 4 (3) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1962 ,

(c) alt 1 (3) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1971 ,

a aisghairm leis seo maidir le haon chuid den airgead a airleacadh don Bhord faoi na hailt sin agus nach raibh aisíoctha leis an bPríomh-Chiste, an 31ú lá de Nollaig, 1988.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

14. —Gach ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

16. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1985, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1985, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.