22 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1988


AN tACHT ÁRACHAIS (RÁTHAÍOCHTAÍ UM ONNMHAIRIÚ), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Ráthaíochtaí um onnmhairiú.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Árachais, 1953

1953, Uimh. 7

An tAcht Árachais, 1981

1981, Uimh. 34

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1988


AN tACHT ÁRACHAIS (RÁTHAÍOCHTAÍ UM ONNMHAIRIÚ), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH MÉADÚ AR MHÉID COMHLÁN AN DLITEANAIS A THABHÓIDH AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA I LEITH RÁTHAÍOCHTAÍ A THA-BHAIRT MAIDIR LE hÁRACHÚ FIONTAR I nDÁIL LE TRÁDÁIL EACHTRACH. [5 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ráthaíochtaí um onnmhairiú.

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Árachais, 1953 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní mó ná £500,000,000 méid comhlán an dliteanais a bheidh ar an Aire aon tráth i leith comhshocraíochtaí faoin alt seo.”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 2 den Acht Árachais, 1981 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Árachais (Ráthaíochtaí um Onnmhairiú), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985, agus den Acht seo le chéile.