24 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1988


AN tACHT TOBAC (CUR CHUN CINN AGUS COSAINT SLÁINTE), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Toirmeasc nó srian ar chaitheamh táirgí tobac.

3.

Srian ar dhíol táirgí tobac.

4.

Srian ar dhíol toitíní.

5.

Toirmeasc ar úsáid comhábhar sonraithe de tháirgí tobac.

6.

Toirmeasc ar tháirgí tobac neamhdheataigh béil a allmhairiú, etc.

7.

Cionta i ndáil le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.

8.

Cionta a ionchúiseamh.

9.

Leasú ar an Acht um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú), 1978.

10.

Rialacháin.

11.

Aisghairm.

12.

Caiteachais.

13.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Children Act, 1908

1908, c. 67

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970

An tAcht um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú), 1978

1978, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1988


AN tACHT TOBAC (CUR CHUN CINN AGUS COSAINT SLÁINTE), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CAITHEAMH TÁIRGÍ TOBAC I LIMISTÉIR AGUS I SAORÁIDÍ AINMNITHE A THOIRMEASC AGUS A SHRIANADH; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SRIAN A CHUR AR THÁIRGÍ TOBAC A DHÍOL LE DAOINE FAOI BHUN 16 BLIANA; DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE TÁIRGÍ ÁIRITHE TOBAC A ALLMHAIRIÚ, A MHONARÚ AGUS A DHÍOL; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tACHT UM THÁIRGÍ TOBAC (FÓGRAÍOCHT, COIMIRCÍOCHT AGUS SPR-EAGADH DÍOLACHÁN A RIALÚ), 1978 , A LEASÚ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA EILE. [12 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” áit nó foirgneamh a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht seo mar limistéar a bhfuil toirmeasc nó srian ar chaitheamh táirgí tobac ann;

ciallaíonn “saoráid ainmnithe” aerárthach, traein, feithicil seirbhíse poiblí nó saoráid eile a úsáideann an pobal agus a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 2 mar shaoráid a bhfuil toirmeasc nó srian ar chaitheamh táirgí tobac inti nó uirthi;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “áitreabh sláinte” aon áitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil ag bord sláinte faoi alt 38 den Acht Sláinte, 1970 , nó ina soláthraítear seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, do dhaoine a bhfuil teideal acu chun na seirbhísí sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “feithicil seirbhíse poiblí” feithicil inneallghluaiste a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht agus a bhfuil cóiríocht suite paisinéirí inti do bhreis agus ochtar cé is moite den tiománaí;

ciallaíonn “scoil”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, scoil chéadleibhéil (lena n-áirítear scoil speisialta), nó scoil dara leibhéal, a dtugann an tAire Oideachais aitheantas, agus deontas i gcabhair, di;

tá le “táirge tobac” an bhrí chéanna atá leis san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 .

Toirmeasc nó srian ar chaitheamh táirgí tobac.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, caitheamh táirgí tobac i limistéar ainmnithe nó i saoráid ainmnithe a thoirmeasc nó a shrianadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar le rialacháin faoin alt seo na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a dhéanamh:

(a) caitheamh táirgí tobac i cibé aerárthach, traein, feithicil seirbhíse poiblí nó saoráid eile a bheidh sonraithe, a thoirmeasc nó a shrianadh;

(b) caitheamh táirgí tobac i cibé cuid d'áitreabh sláinte a bheidh sonraithe, a thoirmeasc nó a shrianadh;

(c) caitheamh táirgí tobac i cibé cuid de scoil a bheidh sonraithe, a thoirmeasc nó a shrianadh;

(d) caitheamh táirgí tobac a thoirmeasc nó a shrianadh i cibé cuid a bheidh sonraithe d'fhoirgneamh a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus atá á áitiú—

(i) ag an Stát, nó

(ii) ag comhlacht a bunaíodh le hAcht den Oireachtas, nó faoi Acht den Oireachtas,

nó ar leis an Stát nó le comhlacht den sórt sin é;

(e) caitheamh táirgí tobac a thoirmeasc nó a shrianadh i cineama, in amharclann, i halla ceolchoirme, nó i cibé áit eile le haghaidh siamsaíochta poiblí laistigh a bheidh sonraithe.

(3) Aon duine a sháróidh aon fhoráil de chuid rialachán a dhéantar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(4) Aon úinéir nó bainisteoir ar limistéar ainmnithe nó ar shaoráid ainmnithe, nó aon duine eile a bheidh i bhfeighil an chéanna, a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh a áirithiú go ndéanfar de réir na dtoirmeasc agus na srianta a bhaineann leis an limistéar sin nó, de réir mar a bheidh, leis an tsaoráid sin, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a shuíomh go ndearna an t-úinéir, an bainisteoir nó an duine eile a bhí i bhfeighil, de réir mar a bheidh, gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndearnadh go hiomlán de réir na dtoirmeasc agus na srianta a bhain leis an limistéar ainmnithe nó leis an tsaoráid ainmnithe iomchuí.

Srian ar dhíol táirgí tobac.

3. —(1) Aon duine a dhíolfaidh aon táirge tobac, nó a thairgfidh é a dhíol nó a chuirfidh ar fáil é i ndáil le díol aon táirge eile, le duine atá faoi bhun 16 bliana d'aois cibé acu le húsáid aige féin nó ar shlí eile, nó a dhíolfaidh aon táirgí tobac le haon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann duine atá faoi bhun 16 bliana d'aois, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) Beidh úinéir aon mheaisín chun táirgí tobac a dhíol, nó duine eile a bheidh i bhfeighil meaisín den sórt sin, a cheadaíonn an meaisín a úsáid chun na táirgí sin a dhíol le duine atá faoi bhun 16 bliana d'aois, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Aon uair a ionchúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint dó é a shuíomh go ndearna sé gach beart réasúnach chun a dheimhniú dó féin go raibh 16 bliana d'aois slánaithe ag an duine lenar díoladh na táirgí tobac nó dár tairgeadh lena ndíol nó dár cuireadh ar fáil iad.

(4) Más rud é, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, go líomhnófar go bhfuil an duine a ndearnadh an cion ina leith faoi bhun 16 bliana d'aois, agus gur dealraitheach don chúirt go raibh an duine sin, ar an dáta a ndearnadh an cion líomhnaithe, faoi bhun 16 bliana d'aois, toimhdeofar chun críocha an ailt seo, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an duine sin faoi bhun na haoise sin ar an dáta sin.

Srian ar dhíol toitíní.

4. —Aon duine a dhíolfaidh toitíní le duine, nó a thairgfidh iad a dhíol leis nó a chuirfidh ar fáil dó iad i ndáil le díol aon táirge eile, ar shlí seachas i bpaicéid deich gcinn nó níos mó, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Toirmeasc ar úsáid comhábhar sonraithe de tháirgí tobac.

5. —(1) Aon duine a bheidh ag gabháil do mhonarú táirgí tobac tabharfaidh sé fógra don Aire, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, i dtaobh aon chomhábhair den táirge tobac, seachas tobac, uisce nó leathán athdhéanta atá déanta go hiomlán as tobac, agus i dtaobh mhéid an chomhábhair sin, a úsáidtear i monarú na dtáirgí sin.

(2) Aon duine a allmhaireoidh táirge tobac tabharfaidh sé fógra don Aire, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, i dtaobh aon chomhábhair den táirge tobac, seachas tobac, uisce nó leathán athdhéanta atá déanta go hiomlán as tobac, agus i dtaobh mhéid an chomhábhair sin, atá sa táirge tobac a allmhairítear amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an monaróir tobac nó leis an allmhaireoir tobac lena mbaineann—

(a) úsáid cibé comhábhair den táirge tobac (seachas tobac, uisce nó leathán athdhéanta atá déanta go hiomlán as tobac) a bheidh sonraithe sna rialacháin, i monarú táirgí tobac, a rialú nó a thoirmeasc,

(b) allmhairiú aon táirge tobac ina bhfuil cibé comhábhar (seachas tobac, uisce nó leathán athdhéanta atá déanta go hiomlán as tobac) a bheidh sonraithe sna rialacháin a thoirmeasc nó a shrianadh.

(4) Aon duine—

(a) a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir iarrata ón Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, nó

(b) a úsáidfidh aon chomhábhar i monarú táirge tobac de shárú ar rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo, nó

(c) a allmhaireoidh aon táirge tobac de shárú ar rialacháin den sórt sin,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotaíl, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

Toirmeasc ar tháirgí tobac neamhdheataigh béil a allmhairiú, etc.

6. —(1) Aon duine a dhéanfaidh táirge tobac neamhdheataigh béil a allmhairiú, a mhonarú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, nó a thairgfidh é a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, nó a fhógróidh é, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(2) San alt seo ciallaíonn “táirge tobac neamhdheataigh béil” aon táirge nó substaint atá déanta go hiomlán nó go páirteach as tobac agus a mbeartaítear é a úsáid, gan é a lasadh, trína chur isteach sa bhéal agus a choinneáil ann ar feadh tamaill, nó trína chur isteach sa bhéal agus a dhiúl nó a chogaint.

Cionta i ndáil le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.

7. —I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir ar an gcomhlacht iomchuí é, ar chomhalta de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta é, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Cionta a ionchúiseamh.

8. —Féadfaidh an tAire nó oifigeach, arna cheapadh chuige sin ag an Aire, don Aire nó do bhord sláinte, imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

Leasú ar an Acht um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú), 1978 .

9. —Leasaítear leis seo an tAcht um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú), 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“3.—(1) Aon duine a sháróidh rialachán faoi alt 2 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(2) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir ar an gcomhlacht iomchuí é, ar chomhalta de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta é, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(3) Féadfaidh an tAire nó oifigeach, arna cheapadh chuige sin ag an Aire, don Aire nó do bhord sláinte, imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh”.

Rialacháin.

10. —Déanfar gach rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

11. —Aisghairtear leis seo ailt 39 go 43 den Children Act, 1908.

Caiteachais.

12. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

13. —Féadfar an tAcht Tobac (Cur chun Cinn agus Cosaint Sláinte), 1988 , a ghairm den Acht seo.