34 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1988


ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 2), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Cumhacht chun barántais a dhéanamh go cúlghabhálach faoi alt 2 den Acht, in imthosca áirithe.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949

1949, Uimh. 8

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1988


ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 2), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ BARÁNTAIS FAOIN ACHT CÚIRT-EANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1949, LENA nARDAÍTEAR AOIS SCOIR BREITHIÚNA ÁIR-ITHE DEN CHÚIRT DÚICHE A DHÉANAMH GO CÚLGH-ABHÁLACH IN IMTHOSCA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH BAILÍOCHTUITHE ÁIRITHE.               [20 Nollaig, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht chun barántais a dhéanamh go cúlghabhálach faoi alt 2 den Acht, in imthosca áirithe.

1. —(1) Más rud é—

(a) go raibh duine i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche díreach sular shlánaigh sé aois 65, 66, 67, 68 nó 69 de bhlianta,

(b) gurbh airbheartaigh an duine a bheith i seilbh oifige mar bhreitheamh den sórt sin i rith aon tréimhse dar tosach an lá a shlánaigh sé aois 65, 66, 67, 68 nó 69 de bhlianta agus dar críoch aon tráth roimh an lá a shlánaíonn nó a shlánaigh sé aois 70 bliain,

(c) nach ndearnadh aon bharántas faoi alt 2 den Acht i leith na bliana, ná i leith aon bhliain de na blianta, arb ionann í nó iad is an tréimhse nó arb áirithe inti nó iontu an tréimhse,

(d) go bhfuil an Coiste sásta gur de dheasca earráide nó dearmaid a tharla sé nach ndearnadh barántas nó barántais faoin alt sin 2 i leith na bliana nó na mblianta arb ionann í nó iad is an tréimhse nó arb áirithe inti nó iontu an tréimhse, agus

(e) go bhfuil an Coiste sásta nach raibh an duine, an tráth a raibh an barántas nó na barántais réamhráite le déanamh, faoi aon mhíchumas a bhéarfadh go mbeadh sé neamhoiriúnach chun leanúint de dhualgais na hoifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche a urscaoileadh go héifeachtach,

féadfaidh an Coiste más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, barántas nó barántais a dhéanamh faoin alt sin 2 i ndáil leis an duine don bhliain nó do na blianta arb ionann í nó iad is an tréimhse nó arb áirithe inti nó iontu an tréimhse.

(2) I gcás barántas (dá ngairtear “an barántas sonraithe” ina dhiaidh seo san Acht seo) a dhéanamh faoi alt 2 den Acht de bhua fho-alt (1) den alt seo—

(a) gach rud (lena n-áirítear comhlíonadh aon choinníll roimh fheidhmiú nó cur i gcrích cumhachta, feidhme nó dualgais) a rinne, nó a airbheartaítear a rinne, an duine lena mbaineann an barántas sonraithe nó aon duine eile nó a rinneadh i leith nó ar son an duine sin nó aon duine eile, nó i dtaca leis an duine sin nó le haon duine eile, i rith na bliana lena mbaineann sé, beidh sé agus measfar go raibh sé i gcónaí, chomh bailí agus chomh héifeachtach agus dá mba gur roimh thosach na bliana sin a rinneadh an barántas go cuí faoin alt sin 2 maidir leis an duine don bhliain sin, agus

(b) maidir le luach saothair agus coinníollacha seirbhíse eile an duine i rith na bliana lena mbaineann an barántas sonraithe beidh siad agus measfar go raibh siad i gcónaí faoi mar is dá mba gur roimh thosach na bliana sin a rinneadh an barántas go cuí faoin alt sin 2 maidir leis an duine don bhliain sin.

(3) Más rud é, mar gheall ar aon bhailíochtú a shonraítear a bheith déanta le fo-alt (2) den alt seo, go mbeadh an fo-alt sin, murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh an bailíochtú faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht aige seachas sin.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949;

ciallaíonn “an Coiste” an coiste a bhunaítear le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “barántas” barántas faoi alt 2 den Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1988” agus déanfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1988 sin, a fhiorléiriú le chéile mar aon ní amháin.