Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

35 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 1988


AN tACHT LEITHREASA, 1988


RIAR NA nALT

Deontas as an bPríomh-Chiste

Alt

1.

£15,147,359 a eisiúint as an bPríomh-Chiste don bhliain 1986.

Deontais a Leithreasú

2.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,453,930,359, a leithreasú.

3.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 1988


AN tACHT LEITHREASA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1986, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965, AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIR-BHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ.

[21 Nollaig, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontas as an bPríomh-Chiste

£15,147,359 a eisiúint as an bPríomh-Chiste don bhliain 1986.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim cúig mhilliún déag, céad daichead is seacht míle, trí chéad caoga is naoi bpunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1986.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,453,930,359 a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna a deonaíodh leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus a dheonaítear leis an Acht seo, as an bPríomh-Chiste chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle ceithre chéad caoga is trí mhilliún, naoi gcéad is tríocha míle, trí chéad caoga is naoi bpunt agus ab éard atá iontu suim cúig mhilliún déag, céad daichead is seacht míle, trí chéad caoga is naoi bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, agus suim sé mhíle, ceithre chéad tríocha is ocht milliún, seacht gcéad ochtó is trí mhíle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, sé chéad seasca is seacht milliún, sé chéad caoga is seacht míle, céad is caoga punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1988 , a ghairm den Acht seo.