|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989
[EN] | ||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II Méaduithe | |||||||||||||||||||
[EN] |
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua). |
3. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1988) den Dara Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 20ú lá d'Iúil, 1989, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 24ú lá d'Iúil, 1989, | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 27ú lá d'Iúil, 1989, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua). |
4. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1988) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 19ú lá d'Iúil, 1989, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh, agus le liúntas do bhean shingil, an 27ú lá d'Iúil, 1989, | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989, | |||||||||||||||||||
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 24ú lá d'Iúil, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] | (e) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, ar thosach feidhme alt 28 d'Acht 1988, | |||||||||||||||||||
[EN] | (f) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí fir (neamhranníocach), ar thosach feidhme alt 198A (a cuireadh isteach le halt 6(1) (a) den Acht seo) den phríomh-Acht, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (g) a mhéid a bhaineann sé le liúntas fearchéile thréigthe, ar thosach feidhme alt 198B (a cuireadh isteach le halt 6(1) (b) den Acht seo) den phríomh-Acht. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Sochar linbh. |
5. —(1) Leasaítear leis seo alt 225 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 (6) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 , agus arna leasú le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986 ); | ||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh sochair linbh, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sochar míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh cáilithe agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe (más ann) de bhreis ar cheathrar.”. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986 ): | |||||||||||||||||||
[EN] | “CUID IV | |||||||||||||||||||
[EN] | Na Méideanna Sochair Linbh | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] |
pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus liúntas fearchéile thréigthe. |
6. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht— | ||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198: | |||||||||||||||||||
[EN] | “Caibidil 5A | |||||||||||||||||||
[EN] | Liúntais d'Fhir Áirithe | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198A (a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo): | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] | (c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) (arna leasú le halt 28 d'Acht 1988) d'alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh) i ndiaidh mhír (k): | |||||||||||||||||||
[EN] | “(l) pinsean baintrí fir (neamhranníocach), | |||||||||||||||||||
[EN] | (m) liúntas fearchéile thréigthe.”. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir míre amháin nó níos mó de mhíreanna fho-alt (1) agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh gach míre de na míreanna sin nó le haghaidh cuid de gach mír de na míreanna sin. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Míniú ar “leanbh cáilithe”. |
7. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cáilithe”: | ||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ leanbh a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair, agus— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) chun críocha— | |||||||||||||||||||
[EN] | (i) ailt 21 (2), 26A (1) agus 32 (2), | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta seachas iarratasóir dá dtagraítear i mír (b), | |||||||||||||||||||
[EN] | atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) chun críocha— | |||||||||||||||||||
[EN] | (i) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le pinsean míthreorach, | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) ailt 81 (2), 86 (2), 91 (2), 156B (1) (b) agus 161 (1), agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra atá in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2), ag fáil sochair dífhostaíochta nó cúnaimh dífhostaíochta ar feadh 390 lá ar a laghad— | |||||||||||||||||||
[EN] | (I) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (II) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 19 mbliana d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) chun críocha ailt 50 (9), 95 (1), 103 (1), 178 (1), 195 (1), 196 (1), 197 (1), 198A agus 198B— | |||||||||||||||||||
[EN] | (i) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 21 bliain d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile;”. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht— | |||||||||||||||||||
[EN] | (a) alt 50 (10), | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 92 (5), | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) alt 157 (a), agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (d) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 176 (1). | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1989, ach amháin a mhéid a bhaineann sé leis an míniú ar “leanbh cáilithe” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) in alt 2 (1) den phríomh-Acht chun críocha alt 139 (b) den Acht sin, go dtiocfaidh sé i ngníomh an 30ú lá de Lúnasa, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh). |
8. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “mhíreanna (c), (cc), agus (d)” a chur in ionad “mhíreanna (c) agus (d)” i mír (b) d'fho-alt (1), | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1988) d'fho-alt (1): | |||||||||||||||||||
[EN] | “(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £18,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (ii) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag a fhostóir an bhliain ranníoca sin. | |||||||||||||||||||
[EN] | (cc) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £16,700 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (i) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag an ranníocóir fostaithe an bhliain ranníoca sin.”, | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) trí “na suimeanna” a chur in ionad “an tsuim” i mír (a) d'fho-alt (2) agus “i míreanna (c) agus (cc) d'fho-alt (1)” a chur in ionad “i bhfo-alt (1) (c)” agus tá an mhír sin (a) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2): | |||||||||||||||||||
[EN] | “(b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo chun an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a athrú cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe i meántuilleamh oibrithe sna tionscail earraí iniompair a taifeadadh amhlaidh ag an bpríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a chinneadh go deireanach ina leith.”. | |||||||||||||||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 11 den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” i mír (c) d'fho-alt (1). | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (c) nó (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” sa mhíniú ar “ranníoc cáilitheach” (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1988). | |||||||||||||||||||
[EN] | (4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Ranníocaí féinfhostaíochta (meadú ar an uasteorainn tuillimh). |
9. —(1) Leasaítear leis seo alt 17C (d) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£16,700” a chur in ionad “£16,200”. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 17D (2) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “an méid a shonraítear in alt 17C (d)” a chur in ionad “£16,200”. | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Sochar páchoibhneasa. |
10. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 (arna leasú le halt 8 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£69” a chur in ionad “£66”. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse éagumais chun oibre agus le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Deireadh a chur le rátaí neamhuirbeacha cúnaimh dífhostaíochta. |
11. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||
[EN] | (a) fo-ailt (3) agus (4) d'alt 135, | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) alt 155, agus | |||||||||||||||||||
[EN] | (c) alt 156. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 136 (3) den phríomh-Acht (a bhaineann leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíochta á iarraidh aige) trí “tagairt 1 (a)” a chur in ionad “tagairt 1A (1) (i)” i mír (c) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ) sa dá áit ina dtarlaíonn sé. | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 19ú lá d'Iúil, 1989. |