An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil) Ar Aghaidh (SCEIDEAL A “An Dara Sceideal Na Rátaí Sochar)

4 1989

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha

Rogha chun sochar nó cúnamh a éileamh in imthosca áirithe.

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 142 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, nach ndéanfar duine a bheidh ag fáil nó i dteideal sochair dífhostaíochta faoi Chuid II a dhícháiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil:

Ar choinníoll nach gcuirfidh aon rialacháin den sórt sin faoi deara go bhfaighidh duine sochar dífhostaíochta agus cúnamh dífhostaíochta araon, nó cúnamh dífhostaíochta agus sochar pá-choibhneasa araon, i leith an lae nó na laethanta céanna.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 34 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon lá a bhfaighidh duine cúnamh dífhostaíochta ina leith fad a bheidh sé i dteideal sochair dífhostaíochta, a áireamh amhail is dá mba lá é ar íocadh sochar dífhostaíochta ina leith.”.

Íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith leanaí atá curtha amach ar iostas, a bheith díolmhaithe ó acmhainn a ríomh.

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 146 (1) (b) (arna leasú le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ) den phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xi):

“(xiA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

(2) Leasaítear leis seo alt 210 (2) (arna leasú le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984 , agus le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ) den phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (i):

“(iA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

(3) Leasaítear leis seo Riail 1 (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i bhfomhír (e) (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987 ) i ndiaidh chlásal (i):

“(iA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

Rialacháin le go bhféadfar daoine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh siad le sochar nó cúnamh.

16. —Leasaítear leis seo alt 112 den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (3)—

“(b) go bhféadfar, i gcás inar dóigh leis an Aire gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh sé thar ceann éilitheora nó tairbhí le sochar nó pinsean mar a leanas—

(i) maidir le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó pinsean easláine, cibé cion den sochar nó den phinsean a mheasann an tAire a bheith réasúnach sna himthosca:

Ar choinníoll nach mó in aon chás an méid a ndéileálfar leis ar an tslí seo ná an méid iomlán is iníoctha lúide an méid is iníoctha de bhua ailt 21 (1), 32 (1), 81 (1), 86 (1) nó 91 (1), de réir mar is iomchuí,

(ii) maidir le pinsean baintrí (ranníocach), cibé cion den phinsean is iníoctha de bhua alt 95 (1),

(iii) maidir le sochar díobhála nó pinsean míthreorach, cibé cion den sochar nó den phinsean a mheasann an tAire a bheith réasúnach sna himthosca:

Ar choinníoll nach mó in aon chás an méid a ndéileálfar leis ar an tslí seo ná an méid iomlán is iníoctha lúide an méid is iníoctha de bhua alt 44 (1),”.

Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht (fostaíochtaí chun críocha alt 5 den phríomh-Acht).

17. —Leasaítear leis seo Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 13 (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 ):

“14. Fostaíocht ag An post mar fhomháistir poist a fhaigheann luach saothair trí íocaíocht de réir scála.”.

An Garda Síochána a bheith cumhdaithe faoi árachas díobhálacha ceirde.

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 38 (3) den phríomh-Acht trí mhír (e) (a d'eisiaigh comhalta den Gharda Síochána ó chumhdach faoi árachas díobhálacha ceirde) a scriosadh.

(2) Leasaítear leis seo alt 68 den phríomh-Acht (a bhaineann le sochar a chur i gcuntas agus damáistí á measúnú) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) D'ainneoin na n Achta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, cuirfear i gcuntas, agus cúiteamh á mheasúnú,—

(a) in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhabhraigh nó ar dóigh dó fabhrú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha,

(b) in aghaidh na héifeachta chun dochair a d'fhéadfadh a bheith go réasúnach ag na díobhálacha ar chumas tuillimh an duine dhíobhálaithe i gcoitinne sa todhchaí agus go háirithe (mura mbacfaidh na díobhálacha an duine díobhálaithe ó leanúint de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána), ar a shlí bheatha san fhórsa sin sa todhchaí, agus

(c) in aghaidh na péine agus na fulaingthe don duine díobhálaithe de dheasca na ndíobhálacha agus freisin d'aon ghalar nó claonadh chun galair mar gheall ar na díobhálacha,

luach aon cheart a d'fhabhraigh nó ar dóigh dó fabhrú chuige uathu i leith sochair mhíthreoraigh (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 46 i leith síor-fhreastail) do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaingne.

(5) D'ainneoin na n Achta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, nuair a bheidh cúiteamh á mheasúnú faoi na hAchtanna sin—

(a) i leith báis duine, féadfar aon sochar báis ar mhodh deontais faoi alt 53 den Acht seo i leith costas sochraide, a thig de dheasca bhás an duine sin, a chur i gcuntas, agus

(b) i leith aon chostas míochaine nó máinliachta a thabhaigh nó is dóigh a thabhaigh an duine díobhálaithe i leith na ndíobhálacha nó dá ndroim, féadfar aon íocaíocht cúraim liachta faoi alt 57 den Acht seo a chur i gcuntas is íocaíocht a thig ó na díobhálacha sin do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaigne.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) (a cuireadh isteach le fo-alt (2) den alt seo) d'alt 68 den phríomh-Acht maidir le haon imeachtaí a tionscnaíodh le haghaidh cúitimh faoi na h Achta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, roimh thosach feidhme an ailt seo.

Fostóir do thabhairt scéala faoi thosach fostaíochta.

19. —Leasaítear leis seo alt 15A (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987 ) den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire—

(a) a cheangal ar fhostóir nó ar aon duine eile scéala a thabhairt dó faoi dháta tosaigh fhostaíocht—

(i) aon duine atá ar fostú aige.

(ii) aon duine atá gafa aige faoi chonradh i gcomhair seirbhíse chun seirbhís a chomhlíonadh, nó

(b) a cheangal ar dhuine atá fostaithe faoi chonradh i gcomhair seirbhíse chun seirbhís a chomhlíonadh an dáta a chur in iúl dó a raibh aon duine gafa chun an tseirbhís sin a chomhlíonadh in éineacht leis nó thar a cheann cibé acu faoi chonradh i gcomhair seirbhíse nó faoi aon socruithe eile a rinne sé nó a bheidh le déanamh aige.”.

Fianaise ar thaifid, asléamhanna ríomhaire, fótachóipeanna, micreascannáin agus ar chóipeanna de dhoiciméid bhunaidh in imeachtaí.

20. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cóipthaifead” aon chóip de thaifead bunaidh ar taifead é a dhéantar chun críocha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh nó rialachán a dhéantar fúthu nó na scéimeanna a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh nó a dhéantar i dtaca leis an gcéanna nó cóip den chóip sin a dhéantar de réir cheachtar de na modhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a ngabhann an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo léi;

ciallaíonn “taifead bunaidh” aon doiciméad, taifead, nó taifead d'iontráil i ndoiciméad nó i dtaifead nó faisnéis a stóráiltear trí bhíthin aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu an bhfuil sé i bhfoirm sholéite nó nach bhfuil, a rinne nó a stóráil an tAire nó gníomhaireacht shonraithe chun críocha nó i leith na nAchtanna Leasa Shóisialaigh nó rialachán a dhéantar fúthu nó scéimeanna a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh tráth an teagmhais a taifeadadh nó go gairid ina dhiaidh agus atá i seilbh an Aire nó gníomhaireachta sonraithe;

ciallaíonn “taifead inchruthaithe” taifead bunaidh nó cóipthaifead;

ciallaíonn “gníomhaireacht shonraithe” An post nó duine atá údaraithe chun gnó baincéireachta a sheoladh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .

(2) I gcás go dtagann meathlú ar aon taifead bunaidh nó cóipthaifead nó go n-éiríonn ciotaí maidir lena stóráil nó go dtéann modh a choimeádta as feidhm ó thaobh na teicniúlachta de, féadfaidh an tAire nó gníomhaireacht shonraithe dá dheasca sin cóip sholéite a dhéanamh den taifead nó faisnéis a bhaineann leis an taifead sin a stóráil ar shlí eile seachas i bhfoirm sholéite sa chaoi go bhféadfar an fhaisnéis a úsáid chun cóip sholéite a dhéanamh den taifead, agus féadfaidh an tAire nó an ghníomhaireacht shonraithe air sin an taifead bunaidh nó an cóipthaifead a scriosadh:

Ar choinníoll go mbeidh aon údarú faighte a cheanglaítear leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 , le haghaidh an scriosta sin.

(3) Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach don Aire nó ag gníomhaireacht shonraithe, de réir mar a bheidh, ag sonrú go bhfuil cóipthaifead déanta de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, is fianaise a bheidh ann, in aon imeachtaí, go ndearnadh an cóipthaifead sin agus gur cóip dhílis é, go dtí go dtaispeánfar a mhalairt.

(4) Doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi fho-alt (3) den alt seo measfar gur deimhniú den sórt sin é gan chruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn an deimhniú a shíniú nó gur duine cuí an duine sin chun an deimhniú a shíniú amhlaidh, go dtí go dtaispeánfar a mhalairt.

(5) In aon imeachtaí féadfar aon taifead inchruthaithe a thabhairt mar fhianaise agus is fianaise prima facie é faoi aon fhíoras a bheidh luaite ann nó faoi aon teagmhas a bheidh taifeadta tríd:

Ar choinníoll go mbeidh an chúirt sásta le hiontaofacht an chórais a úsáidtear, i gcás taifid bhunaidh, chun an taifead sin a dhéanamh nó a thiomsú agus, i gcás cóipthaifid, chun an taifead bunaidh ar a raibh sé bunaithe a dhéanamh nó a thiomsú.

(6) I gcás faisnéis atá i dtaifead inchruthaithe a bheith i bhfoirm nach mbeadh intuigthe de ghnáth ag duine nach feasach dó an cineál sin faisnéise, beidh míniú ar a bhrí ó dhuine atá cáilithe go hoiriúnach inghlactha.

(7) Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach don Aire nó do ghníomhaireacht shonraithe, de réir mar a bheidh, ag sonrú go ndearnadh mionchuardach iomlán le haghaidh taifid inchruthaithe de theagmhas gach áit ina gcoimeádann an tAire nó an ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, na taifid sin agus nach bhfuarthas aon taifead den sórt sin, beidh sé in aon imeachtaí ina fhianaise prima facie nár tharla an teagmhas:

Ar choinníoll go mbeidh an chúirt sásta—

(a) maidir le hiontaofacht an chórais a úsáideadh chun taifid den sórt sin a thiomsú nó dhéanamh agus a choimeád,

(b) go ndéanfaí taifead den teagmhas dá mba rud é gur tharla sé, agus

(c) gurb amhlaidh don chóras gurb é an t-aon mhíniú réasúnach ar easpa taifid ná nár tharla an teagmhas.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon taifead bunaidh nó le haon chóipthaifead a rinneadh roimh an Acht seo a rith de réir ceachtar de na modhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ach ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin i ndáil le haon ní a mheastar a bheith déanta faoin bhfo-alt sin roimh thosach feidhme alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 .

Taifid i dtaobh fostaithe a thugtar ar aird do chigirí a bheith ina bhfianaise prima facie.

21. —Leasaítear leis seo alt 114 den phríomh-Acht (a bhaineann le cigirí) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Aon taifid i dtaobh daoine atá fostaithe agus a bhfuil sé d'oibleagáid ar fhostóir iad a choimeád faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 15 (5) agus a thugtar ar aird do chigire, is fianaise prima facie iad go raibh na daoine sin fostaithe ag an bhfostóir sin agus ar thuilleamh na ndaoine sin agus ar na tréimhsí a raibh na daoine sin fostaithe aige.”.

Fostóirí chun cúiteamh a dhéanamh leis an Aire as sochar a fuarthas go bréagach trí chlaonpháirteachas.

22. —(1) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi mhír (b) nó (c) (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ) d'fho-alt (1) d'alt 115 den phríomh-Acht nó faoi fho-alt (1) nó (2) (a cuireadh isteacht le halt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ) d'alt 144 den Acht sin, agus, de bharr an chiona sin, go bhfuair fostaí dá chuid aon sochar, cúnamh nó forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nach raibh sé i dteideal a fháil, dlífear ar an duine sin suim nach mó ná méid an tsochair, an chúnaimh nó an fhorlíonta sin a íoc leis an Aire. ar é á éileamh, a íocadh leis an bhfostaí sin de bharr an chiona a dúradh fad a bhí sé ar fostú aige agus féadfaidh an tAire an tsuim sin, mura mbeidh sí aisíoctha amhlaidh, a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo nó aon fhorálacha eile de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó de rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú, fhorálacha na nAchtanna sin, faoina bhféadtar méideanna sochair, cúnaimh nó forlíonta a ghnóthú, ní fhéadfaidh an méid a ghnóthóidh an tAire in aon chás a bheith níos mó ná méid an tsochair, an chúnaimh nó an fhorlíonta a fuair an fostaí agus nach raibh sé i dteideal a fháil.

Rialacháin faoi alt 17D den phríomh-Acht.

23. —Leasaítear leis seo alt 17D (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh an tAire le rialacháin imthosca a shonrú ina bhféadfar déileáil mar ranníocaí atá íoctha le ranníocaí atá iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe.”.

Liúntas réamhscoir.

24. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht—

(a) trí mhír (d) d'alt 156A (a cuireadh isteach le halt 28 (b) d'Acht 1988), a scriosadh, agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 156B (a cuireadh isteach leis an alt sin 28 (b)):

“156B.—(1) Faoi réir fho-alt (2) is é a bheidh sa ráta liúntais réamhscoir (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid 1 den Cheathrú Sceideal arna mhéadú—

(a) den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin le haghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an iarratasóir nó ag an bhfaighteoir, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-iarratasóir nó an faighteoir i dteideal méadú a fháil faoin mír seo maidir le breis agus duine amháin, agus

(b) den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin maidir le gach leanbh cáilithe a bhfuil gnáthchónaí air leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir.

(2) Daoine a bheidh, faoin gCaibidil seo, i dteideal liúntas réamhscoir a fháil, íocfar cibé liúntas leo a bheidh de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is infheidhme—

(a) do dhaoine gan aon acmhainn, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) do dhaoine le hacmhainn, de réir rátaí a fhorordófar, a bheidh níos lú ná an ráta sceidealta agus a athróidh de réir méid a gcuid acmhainne.”.

Leasú ar alt 79 (12) den phríomh-Acht (coínníollacha chun pinsean seanaoise (ranníocach) a fháil).

25. —Leasaítear leis seo alt 79 (12) (a cuireadh isteach le halt 30 (a) d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “agus an tráth a tháinig an t-alt sin 12 i ngníomh, ar ranníocóir fostaithe é a raibh ranníocaí is ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh teidil chun pinsin seanaoise (ranníocach) iníoctha ina leith” a chur isteach i ndiaidh “i ngníomh.”.

Forálacha an phríomh-Achta etc. a chur i bhfeidhm le rialacháin.

26. —(1) I gcás aon ailt den phríomh-Acht a thugann cumhachtaí don Aire aon fhorálacha de chuid an Achta sin a chur i bhfeidhm le rialacháin maidir le nithe dá dtagraítear san alt sin, measfar maidir leis na cumhachtaí sin, go bhfolóidh siad cumhachtaí chun aon fhorálacha d'aon achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an príomh-Acht a chur i bhfeidhm, cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh an t-achtachán sin.

(2) Na cumhachtaí a thugtar don Aire faoi fho-alt (3) d'alt 23 d'Acht na dTithe (Teaghaisí príobháideacha ar Cíos), 1982 , i ndáil le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt sin (a bhaineann le híocaíochtaí faoin scéim liúntais chíosa) chun aon fhorálacha den phríomh-Acht nó aon fhorálacha a dhéantar faoin bpríomh-Acht a chur i bhfeidhm (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó chun foráil a dhéanamh a fhreagraíonn (modhnaithe nó gan mhodhnú) do na forálacha sin, measfar go bhfolóidh siad cumhachtaí chun aon fhorálacha d'aon achtachán nó aon fhorálacha a dhéantar faoi aon achtachán a chur i bhfeidhm, cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh é, agus ar achtachán é a leasaíonn nó a leathnaíonn an príomh-Acht.

Sochair fhorluiteacha.

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 130 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984 ):

“(5) Bean a mbeadh aois inphinsin sroichte aici agus a mbeadh, murach an fo-alt seo, teideal aici i leith tréimhse ar bith chuig—

(a) pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi alt 177,

(b) liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195,

(c) liúntas do bhanchéile príosúnaigh faoi alt 196, nó

(d) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197,

agus pinsean seanaoise (ranníocach) faoi alt 78 nó pinsean seanaoise (neamhranníocach) faoi alt 158, ní bheidh ach pinsean nó liúntas amháin den sórt sin iníoctha.”.

(2) Cúlghairtear leis seo na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1979 (I.R. Uimh. 118 de 1979).

Leasú ar alt 29 (4) (teideal chun sochair) agus alt 138 (1) (b) (coinníollacha reachtúla le, haghaidh cúnaimh) den phríomh-Acht.

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 29 (4) den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é ar an lá sin—

(i) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh,

(ii) go bhfuil sé ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go measfar, de bharr a pháirteachais i ngníomhaíocht a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, é bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go bhfuil sé díolmhaithe ó cheangal a bheith air a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, agus

(iii) go bhfuil fostaíocht oiriúnach á lorg dáiríre aige, ach nach bhfuil sé in ann í a fháil, ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 138 (1) den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b)    (i) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh,

(ii) go bhfuil sé ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go measfar, de bharr a pháirteachais i ngníomhaíocht a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, é bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go bhfuil sé díolmhaithe ó cheangal a bheith air a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, agus

(iii) go bhfuil fostaíocht oiriúnach á lorg dáiríre aige, ach nach bhfuil sé in ann í a fháil, ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;”.

Cead ón Aire Airgeadais i ndáil le rialacháin áirithe.

29. —Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) den phríomh-Acht trí “29 (4),” a chur isteach i ndiaidh “19 (4),” agus “138 (1), 142 (1A),” a chur isteach i ndiaidh “133,”.

Féadfar le rialacháin liúntas gaoil fhorordaithe a íoc go díreach le gaol forordaithe.

30. —Leasaítear leis seo alt 112 den phríomh-Acht (a bhaineann le riaradh sochair) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (c):

“(d) d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nó rialachán a dhéantar faoi, chun go bhféadfar an méadú do ghaol forordaithe is iníoctha faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2), faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh forordaithe, a íoc go díreach leis an ngaol forordaithe.”.

Dícháilithe chun sochar a fháil.

31. —Leasaítear leis seo alt 115 (1) (arna leasú le halt 21 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “3 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfomhír (i) de mhír (f).