|
|||||
|
AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA (COINBHINSIÚIN MHUIRÍ), 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le Longa Farraige a Ghabháil | |
[EN] |
Léiriú ar Chuid I. |
1. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “Stát Conarthach” stát a bhfuil an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin; | |
[EN] | ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le longa farraige a ghabháil a síníodh sa Bhruiséil an 10ú lá de Bhealtaine, 1952. | |
[EN] |
Léiriú ar an gCoinbhinsiún. |
2. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo chun an Coinbhinsiún a léiriú. |
[EN] | (2) (a) Forléireofar Airteagal 1 (1) (o) mar airteagal a fholaíonn díospóidí maidir le seilbh loinge. | |
[EN] | (b) Forléireofar Airteagal 1 (1) (q) mar airteagal a fholaíonn morgáistiú nó fiach-urrú aon scaire i long. | |
[EN] | (3) (a) Chun a chinneadh faoi Airteagal 3 (1) nó 3 (4) cibé acu an bhfuil ceart ann long a ghabháil seachas an long áirithe ar tharla an t-éileamh muirí maidir léi glacfar leis gurb é úinéir na loinge eile a húinéir an tráth ar eisíodh imeachtaí ina haghaidh. | |
[EN] | (b) Chun críche Airteagal 3 (2) forléireofar úinéireacht mar úinéireacht a fholaíonn úinéireacht thairbhiúil. | |
[EN] | (4) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | folaíonn “máistir” gach duine (seachas píolóta) atá i gceannas nó i bhfeighil loinge; | |
[EN] | folaíonn “tarrthálas” tagairt do cibé éilimh ar sheirbhísí a rinneadh chun daoine a thabhairt slán ó long nó chun lasta, feisteas nó raic a chaomhnú a údaraítear a dhéanamh faoi ailt 544 go 546 den Merchant Shipping Act, 1894, i dtaca le long (lena n-áirítear, i gcás lasta nó tarrthálas raice, éilimh i leith lasta nó raice a fuarthas ar thalamh). | |
[EN] |
Stáit Chonarthacha. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú le hordú— |
[EN] | (a) gur Stát Conarthach aon stát a shonraítear san ordú, nó | |
[EN] | (b) go ndearnadh forchoimeádas (a mbeidh an téacs de leagtha amach san ordú) de bhun Airteagal 10 den Choinbhinsiún nó go ndearnadh dearbhú (a mbéidh an téacs de leagtha amach san ordú) de bhun Airteagal 18 den Choinbhinsiún, chun Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge. | |
[EN] | (2) Aon ordú a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo, is fianaise é de réir mar a bheidh— | |
[EN] | (a) gur Stát Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú; | |
[EN] | (b) go ndearnadh forchoimeádas nó dearbhú a bheidh leagtha amach san ordú agus ar an ábhar ann. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Feidhm dlí a bheith ag an gCoinbhinsiún. |
4. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, beidh feidhm dlí sa Stát ag an gCoinbhinsiún agus tabharfar aird bhreithiúnach air. |
[EN] | (2) Tá téacs an Choinbhinsiúin i mBéarla leagtha amach mar áis thagartha sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] |
Dlínse na hArd-Chúirte. |
5. —(1) Chun críocha an Achta seo agus an Choinbhinsiúin beidh dlínse ag an Ard-Chúirt aon cheann de na héilimh a luaitear in Airteagal 1 (1) den Choinbhinsiún a éisteacht agus a chinneadh in imeachtaí aimiréalachta in rem. |
[EN] | (2) Chun an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm maidir leis an Stát— | |
[EN] | (a) ciallaíonn an abairt “an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile”, cibé áit ina dtarlaíonn sé sa Choinbhinsiún, an Ard-Chúirt, agus | |
[EN] | (b) ciallaíonn “Cúirteanna” in Airteagal 7 (1), an Ard-Chúirt. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon dlínse a bhaint den Ard-Chúirt chun éileamh a bhaineann le longa is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt ar shlí eile seachas de bhua an ailt seo, a éisteacht agus a chinneadh. | |
[EN] | (4) Más rud é go ndéanann an Ard-Chúirt imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bhacadh, a dhiúltú nó a dhíbhe ar an bhforas gur ceart an díospóid i gceist a chur chun eadrána nó a chinneadh ag cúirteanna tíre eile, féadfaidh an chúirt ordú a thabhairt an long a gabhadh nó, i gcás gur tugadh bannaí no urrús eile chun scaoileadh a fháil ó ghabháil, an banna nó an t-urrús sin, a choimeád chun aon dámhachtain nó breithiúnas a shásamh (go páirteach nó go hiomlán)— | |
[EN] | (a) a thabharfar maidir leis an díospóid san eadráin nó sna himeachtaí dlíthiúla sa tír eile, agus | |
[EN] | (b) a bheidh infheidhmithe sa Stát. | |
[EN] | (5) I gcás go ndéanann an chúirt ordú faoi fho-alt (4) den alt seo féadfaidh sí cibé coinníollacha a chur ag gabháil leis an ordú is cuí léi go háirithe coinníollacha maidir le tionscnamh nó ionchúiseamh na headrána nó na n-imeachtaí dlíthiúla iomchuí. | |
[EN] | (6) Faoi réir aon fhorála a dhéantar le rialacha cúirte agus aon mhodhnuithe is gá, beidh an dlí agus an cleachtas céanna i bhfeidhm i ndáil le long nó le bannaí nó urrús eile a choimeádtar de bhun ordaithe a dhéanann an chúirt faoi fho-alt (4) den alt seo, a bheadh i bhfeidhm dá mba gur chun críocha imeachtaí sa chúirt sin a choinneofaí iad. | |
[EN] |
Longa Stáit a ghabháil. |
6. —D'ainneoin Airteagail 2 agus 3 den Choinbhinsiún ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún modhnú ar na rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa Stát tráth thosach feidhme an ailt seo maidir le gabháil long cogaidh nó long ar le stát iad, nó atá i seirbhís stáit. |
[EN] |
Cosaint. |
7. —(1) (a) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difear d'alt 5 den Mail Ships Act, 1891 (a chosnaíonn longa poist ar ghabháil in imthosca áirithe), ná |
[EN] | (b) ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo mar ní a theorannaíonn dlínse na cúirte diúltú do chaingean chun seilbh a fháil ar long nó do chaingean ag máistir nó oifigeach nó ball d'fhoireann loinge nach long Éireannach chun pá a fháil. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difear d'alt 552 den Merchant Shipping Act, 1894 (a bhaineann leis an gcumhacht atá ag glacadóir raice long a choinneáil i leith éilimh tarrthálais). |