An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le Longa Farraige a Ghabháil) Ar Aghaidh (CUID III Ilghnéitheach)

5 1989

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA (COINBHINSIÚIN MHUIRÍ), 1989

CUID II

Coinbhinsiún na Bruiséile ar Rialacha Áirithe i dTaca le Dlínse Shibhialta in Ábhair a Bhaineann le hImbhualadh

Léiriú ar Chuid II.

8. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Stát Conarthach” stát a bhfuil an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar rialacha áirithe i dtaca le dlínse shibhialta in ábhair a bhaineann le himbhualadh a síníodh sa Bhruiséil an 10ú lá de Bhealtaine, 1952.

Léiriú ar an gCoinbhinsiún.

9. —Chun an Coinbhinsiún a léiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “uiscí intíre” gach limistéar farraige a luíonn ar thaobh na talún de bhonnlíne fharraigí teorann an Stáit;

folaíonn “calafort” aon chuan, duga, piara, cé, caladh, lamairne, fánán báid, abhainn, inbhear nó dídean atá ceaptha nó a úsáidtear chun cóiríocht, calú nó ancaireacht a chur ar fáil do shoithí nó chun earraí a loingsiú, a dhíloingsiú nó a thrasloingsiú.

Stáit Chonarthacha.

10. —(1) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú le hordú—

(a) gur Stát Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú, nó

(b) go ndearnadh dearbhú (a mbeidh an téacs de leagtha amach san ordú) de bhun Airteagal 16 den Choinbhinsiún le hAireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge.

(2) Aon ordú a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo is fianaise é, de réir mar a bheidh—

(a) gur Stát Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú;

(b) go ndearnadh dearbhú a bheidh leagtha amach san ordú agus ar an ábhar ann.

(3) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Feidhm dlí a bheith ag an gCoinbhinsiún.

11. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, beidh feidhm dlí sa Stát ag an gCoinbhinsiún agus tabharfar aird bhreithiúnach air.

(2) Tá téacs an Choinbhinsiúin i mBéarla leagtha amach mar áis thagartha sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Dlínse.

12. —Beidh feidhm ag an gCuid seo i ndáil le dlínse aon chúirte, nach dlínse aimiréalachta, agus freisin i ndáil lena dlínse aimiréalachta, más ann.