An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Coinbhinsiún na Bruiséile ar Rialacha Áirithe i dTaca le Dlínse Shibhialta in Ábhair a Bhaineann le hImbhualadh) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Maidir le Longa Farraige a Ghabháil, a Síníodh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952)

5 1989

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA (COINBHINSIÚIN MHUIRÍ), 1989

CUID III

Ilghnéitheach

Léiriú i gcoitinne.

13. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “na Coinbhinsiúin” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le longa farraige a ghabháil agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar rialacha áirithe i dtaca le dlínse shibhialta in ábhair a bhaineann le himbhualadh ar síníodh iad araon sa Bhruiséil an 10ú lá de Bhealtaine, 1952.

(2) Chun críocha na gCoinbhinsiún agus an Achta seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “long” gach cineál soithigh a úsáidtear i loingseoireacht;

folaíonn “soitheach” aon long nó bád, nó aon chineál eile soithigh a úsáidtear i loingseoireacht.

Aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo alt 23 agus, a mhéid a bhaineann sé le Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí, alt 27 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

Idirthréimhseach.

15. —Ní dhéanfaidh aon ní in aon fhoráil den Acht seo difear d'imeachtaí a thionscnófar roimh thosach feidhme na forála sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Cúirteanna (Coinbhinsiúin Mhuirí), 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus forálacha éagsúla.