An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Maidir le Longa Farraige a Ghabháil, a Síníodh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952)

5 1989

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA (COINBHINSIÚIN MHUIRÍ), 1989

AN DARA SCEIDEAL

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Rialacha Áirithe i d Taca Le Dlínse Shibhialta in Ábhair a Bhaineann Le hImbhualadh, a Síníodh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952

Alt 11.

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha,

Tar éis a aithint dóibh gurb inmholta é rialacha comhionanna áirithe maidir le dlínse shibhialta in ábhair a bhaineann le himbhualadh a shocrú trí chomhaontú, tar éis a chinneadh Coinbhinsiún a chur i gcrích chun na críche sin agus tar éis comhaontú leis sin mar a leanas:

Airteagal 1

(1) Ní féidir caingean mar gheall ar imbhualadh a tharlaíonn idir soithí farraige, nó idir soithí farraige agus árthaí loingseoireachta intíre, a thabhairt isteach ach amháin:

(a) os comhair na Cúirte mar a bhfuil gnáthchónaí, nó ionad gnó, ag an gcosantóir;

(b) nó os comhair Chúirt na háite ina ndearnadh gabháil ar an long atá á cosaint nó ar aon long eile de chuid an chosantóra is féidir a ghabháil go dleathach, nó i gcás go bhféadfaí gabháil a dhéanamh agus go bhfuil bannaí nó urrús eile tugtha;

(c) nó os comhair Chúirt na háite mar ar tharla an t-imbhualadh nuair a tharla an t-imbhualadh laistigh de theorainneacha calafoirt nó in uiscí intíre.

(2) Is faoin nGearánaí a bheidh sé a chinneadh cé acu Cúirt de na Cúirteanna dá dtagraítear i (1) den airteagal seo a dtionscnófar an chaingean inti.

(3) Ní cheadófar d'éilitheoir caingean bhreise a thabhairt in aghaidh an chosantóra chéanna ar na fíorais chéanna i ndlínse eile, gan scor de chaingean a bheidh tionscanta cheana féin.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 1 dochar in aon tslí don cheart atá ag na páirtithe caingean maidir le himbhualadh a thionscnamh os comhair Cúirte a roghnaigh siad trí chomhaontú ná an chaingean a tharchur chun eadrána.

Airteagal 3

(1) Féadfar frithéilimh a éiríonn as an imbhualadh céanna a thabhairt os comhair na Cúirte ag a bhfuil dlínse ar an bpríomhchaingean de réir fhorálacha Airteagal 1.

(2) I gcás éilitheoirí leithleacha a bheith i gceist, féadfaidh aon éilitheoir a chaingean a thabhairt os comhair na Cúirte a raibh caingean os a comhair roimhe sin in aghaidh an pháirtí chéanna mar gheall ar an imbhualadh céanna.

(3) I gcás imbhualadh nó imbhuailtí ina raibh dhá shoitheach nó níos mó i gceist ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo aon Chúirt a raibh caingean os a comhair de dheasca fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, a chosc ó dhlínse a fheidhmiú faoina dlíthe náisiúnta i gcaingene eile a éiríonn as an teagmhas céanna.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo freisin maidir le caingean mar gheall ar dhamáiste a rinne long amháin do long eile nó don mhaoin nó do na daoine ar bord na long sin trí ionramháil a dhéanamh nó trí fhaillí ionramháil a dhéanamh nó trí neamhchomhlíonadh rialachán fiú nuair nach mbíonn aon imbhualadh iarbhír ann.

Airteagal 5

Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo modhnú ar na rialacha dlí atá anois agus a bheidh ina dhiaidh seo i bhfeidhm sna Stáit chonarthacha éagsúla i ndáil le himbhuailtí ina mbíonn longa cogaidh nó soithí de chuid Stáit, nó i seirbhís Stáit, i gceist.

Airteagal 6

Ní dhéanann an Coinbhinsiún seo difear d'éilimh a éiríonn as conarthaí iompair nó as aon chonarthaí eile.

Airteagal 7

Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le cásanna a bheidh faoi réim fhorálacha an Rhine Navigation Convention arna athbhreithniú, an 17 Deireadh Fómhair, 1868.

Airteagal 8

Cuirfear forálacha an Choinbhinsiúin seo i bhfeidhm maidir le gach duine leasmhar nuair is le Stáit na nArdpháirtithe Conarthacha na soithí go léir a bheidh i gceist in aon chaingean.

Ar choinníoll i gcónaí:

(1) Maidir le daoine leasmhara as Stáit neamhchonarthacha, go bhféadfaidh gach Stát de na Stáit chonarthacha feidhmiú na bhforálacha thuas a chur faoi réir cómhalartaíochta;

(2) Más as an Stát céanna leis an gcúirt a thriaileann an cás na daoine leasmhara go léir, gurb iad forálacha an dlí náisiúnta seachas forálacha an Choinbhinsiúin a bheidh infheidhme.

Airteagal 9

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon díospóidí idir Stáit a éiríonn as léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo a chur faoi bhráid eadrána ach beidh sin gan dochar d'oibleagáidí na nArdpháirtithe Conarthacha sin a d'aontaigh a gcuid díospóidí a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe ag na Stáit a bheidh i láthair trí ionadaíocht ag an Naoú Comhdháil Taidhleoireachta ar Dhlí Muirí. Déanfar prótacal an tsínithe a tharraingt suas le cuidiú Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge.

Airteagal 11

Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hAireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge a chuirfidh taisceadh aon ionstraimí den sórt sin in iúl do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Airteagal 12

(a) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm idir an dá Stát a dhaingneoidh é i gcéaduair, sé mhí tar éis dháta taiscthe an dara hionstraim dhaingniúcháin.

(b) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le gach Stát sínitheach a dhaingneoidh é tar éis thaisceadh an dara hionstraim dhaingniúcháin, sé mhí tar éis dháta taiscthe ionstraim dhaingniúcháin an Stáit sin.

Airteagal 13

Féadfaidh aon Stát nach mbeidh i láthair trí ionadaíocht ag an Naoú Comhdháil Taidhleoireachta ar Dhlí Muirí aontú don Choinbhinsiún seo.

Tabharfar fógra faoi aontachas aon Stáit d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge a chuirfidh an fógra sin in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Stát aontach sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra sin ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin de réir fhorálacha Airteagal 12 (a).

Airteagal 14

Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach trí bliana tar éis don Choinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin nó tráth ar bith dá éis sin iarraidh a dhéanamh go gcomórfar comhdháil chun leasuithe a bhreithniú ar an gCoinbhinsiún.

Déanfaidh aon Ardpháirtí Conarthach a bheartaíonn leas a bhaint as an gceart seo fógra a thabhairt do Rialtas na Beilge a chomórfaidh an chomhdháil laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin.

Airteagal 15

Beidh sé de cheart ag aon Ardpháirtí Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh tráth ar bith tar éis dó a theacht i bhfeidhm maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin. Tiocfaidh an séanadh sin in éifeacht bliain amháin tar éis an dáta a mbeidh fógra faoi faighte ag Rialtas na Beilge a chuirfidh an fógra sin in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na hArdpháirtithe Conarthacha eile go léir.

Airteagal 16

(a) Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach, an tráth a dhaingneoidh sé an Coinbhinsiún seo nó an tráth a aontóidh sé dó nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra scríofa chuig Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge go mbeidh aon cheann de na críocha a mbeidh sé freagrach as a chaidreamh idirnáisiúnta, faoi réim an Choinbhinsiúin. Sé mhí tar éis an dáta a bhfaighidh Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge an fógra sin beidh na críocha a bheidh ainmnithe ann faoi réim an Choinbhinsiúin, ach ní bheidh an réim sin ag an gCoinbhinsiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin.

(b) Aon Ardpháirtí Conarthach a mbeidh dearbhú déanta aige faoi mhír (a) den Airteagal seo ag tabhairt aon chríoch a mbeidh sé freagrach as a chaidreamh idirnáisiúnta faoi réim an Choinbhinsiúin, féadfaidh sé, tráth ar bith dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra arna thabhairt d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge go scoirfidh an Coinbhinsiún de réim a bheith aige maidir leis an gcríoch sin agus bliain amháin tar éis d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge an fógra a fháil, scoirfidh an Coinbhinsiún de réim a bheith aige maidir leis an gcríoch sin.

(c) Cuirfidh Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge aon fhógra a fuair sí faoin Airteagal seo in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, i scríbhinn bhunaidh amháin, sa Fhraincis agus sa Bhéarla, agus comhúdarás ag an dá théacs, an 10 Bealtaine, 1952.