An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Foraithne Idirscartha a Fháil) Ar Aghaidh (CUID III Dlínse Cúirte)

6 1989

AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

CUID II

Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile

Mínithe (Cuid II).

10. —Sa Chuid seo ach amháin nuair a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “tíolacas” morgáiste, léas, aontú, aistriú, séanadh, scaoileadh agus aon diúscairt eile maoine ar dhóigh seachas le huacht nó le donatio mortis causa agus folaíonn sé freisin comhaontú infhorfheidhmithe (coinníollach nó neamhchoinníollach) chun aon tíolacas den sórt sin a dhéanamh;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach den teaghlach”, maidir le céile nó céilí, aon leanbh—

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis, i ndáil leis, nó

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis i ndáil leis, i gcás inar dhéileáil an céile eile, agus a fhios aige nach é tuismitheoir an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach,

agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó má tá an aois sin slánaithe aige—

(i) atá nó a bheidh nó dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo ag déanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla chun é a chothú nó chun cnapshuim a sholáthar, a bheadh ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun 21 bliain d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;

ciallaíonn “teaghais”—

(a) aon fhoirgneamh, nó

(b) aon struchtúr, feithicil nó soitheach (soghluaiste nó doghluaiste),

nó cuid den chéanna, atá á áitiú mar theaghais ar leithligh agus folaíonn sé aon ghairdín nó geadán talún atá tadhlach leis an teaghais, agus á áitiú de ghnáth leis an teaghais, nó atá riachtanach ar dhóigh eile mar thaitneamhacht agus áis don teaghais;

ciallaíonn “áras teaghlaigh” go príomha, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar lánúin phósta agus folaíonn an abairt, ina theannta sin, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar chéile a bhfuil a chosaint ina shaincheist nó, má tá an céile sin imithe ón gcéile eile, a raibh gnáthchónaí ann ar an gcéile sin sular imigh sé amhlaidh;

ciallaíonn “airnéisí tí” troscán, leapachas, línéadach, soithí poircealláin, cré-earraí, gloiní, leabhair agus airnéis eile gnáthúsáide tís nó ornáide tís agus ina dteannta sin lóin tomhaltais, earraí gairdín agus ainmhithe tí, ach ní fholaíonn sé aon airnéisí a úsáideann ceachtar céile chun críocha gnó nó gairme ná airgead ná urrús ar airgead.

Réamhorduithe in imeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh.

11. —Tar éis iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a eisiúint, féadfaidh an chúirt, sula gcinnfidh sí ar an bhforaithne sin a dheonú nó ar dhiúltú i a dheonú, i gcás gur dóigh léi gur cóir déanamh amhlaidh, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) ordú urchoisc nó ordú cosanta de bhun alt 2 nó alt 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 ;

(b) ordú coimeádta nó ordú rochtana nó ordú eile ar aon cheist a fhearann ar leas naín de bhun alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 ;

(c) ordú chun caomhnú a dhéanamh ar áras an teaghlaigh nó ar aon airgead a réadaíodh as tíolacadh aon leasa san áras teaghlaigh, de bhun alt 5 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 ;

(d) ordú chun caomhnú a dhéanamh ar airnéis tís nó ar aon airgead a réadaíodh as díol na hairnéise sin de bhun alt 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 .

Iarratais a dhéanamh ar réamhorduithe.

12. —Féadfaidh cúirt orduithe a dhéanamh faoi alt 11 má iarrann an t-iarratasóir nó an freagróir amhlaidh, gan é bheith riachtanach imeachtaí leithleacha a thionscnamh faoi na hAchtanna dá dtagraítear san alt sin mar réamhorduithe in imeachtaí le haghaidh idirscartha bhreithiúnaigh a shaothraítear faoin Acht seo.

Cothabháil go dtí go ndéanfar agra, etc.

13. —I gcás go ndéanfar iarratas ar idirscaradh breithiúnach féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, is é sin le rá, ordú á cheangal ar cheachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh leis an gcéile eile chun an céile eile sin agus cibé leanaí cleithiúnacha (más ann) den teaghlach a chothú, go ceann cibé tréimhse, dar tosach tráth nach luaithe ná dáta an iarratais agus dar críoch tráth nach déanaí ná an dáta a chinnfear an t-iarratas sin, a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir.

Orduithe i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla agus cnapshuime.

14. —(1) Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, nó aon tráth dá éis sin, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla, is é sin le rá—

(i) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile leis an gcéile eile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla de cibé méid, agus ag cibé tráthanna, a bheidh sonraithe san ordú; nó

(ii) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla de cibé méid agus ag cibé tráth a bheidh sonraithe san ordú le cibé duine a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach;

(b) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, is é sin le rá—

(i) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla a bheidh sonraithe amhlaidh a urrú don chéile eile chun sástacht na cúirte; nó

(ii) ordú go ndéanfaidh céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla chun sástacht na cúirte a bheidh sonraithe amhlaidh a urrú do cibé duine a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe an linbh chleithiúnaigh sin den teaghlach;

(c) ordú go n-íocfaidh ceachtar céile leis an gcéile eile cibé cnapshuim nó cnapshuimeanna de cibé méid agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe amhlaidh;

(d) ordú go n-íocfaidh céile le cibé duine a bheidh sonraithe cibé cnapshuim nó cnapshuimeanna de cibé méid agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) (c) nó (d) den alt seo—

(a) aon ordú faoin alt seo go n-íocfaidh céile cnapshuim leis an gcéile eile féadfar é a dhéanamh le go bhféadfaidh an céile eile sin aon dliteanais nó caiteachais a íoc a thabhaigh sé nó sí, le réasún, roimh iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo ina fhabhar nó ina fabhar, chun é féin nó í féin nó aon leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothabháil;

(b) aon ordú faoin alt seo chun cnapshuim a íoc chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach féadfar é a dhéanamh le go bhféadfar aon dliteanais nó caiteachais a íoc a thabhaigh an leanbh sin, nó a tabhaíodh chun tairbhe don leanbh sin, le réasún, roimh iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo ina fhabhar; agus

(c) féadfar a shocrú in aon ordú faoin alt seo chun cnapshuim a íoc go n-íocfar an tsuim sin ina tráthchodanna de cibé méid a bheidh sonraithe san ordú agus féadfar a cheangal go n-urrófar íoc na dtráthchodanna chun sástacht na cúirte.

Orduithe coigeartaithe maoine.

15. —(1) Féadfaidh an chúirt ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú nó aon tráth dá éis sin, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, ordú coigeartaithe maoine, is é sin le rá, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) ordú go n-aistreoidh céile chuig an gcéile eile, chuig aon leanbh cleithiúnach den teaghlach nó chuig cibé duine a bheidh sonraithe san ordú chun tairbhe an linbh sin, cibé maoin a bheidh sonraithe amhlaidh, is maoin a bhfuil an céile céadluaite ina teideal, cibé acu ar mhodh seilbhe nó frithdhílse;

(b) ordú chun socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte i dtaobh cibé maoin a bheidh sonraithe amhlaidh, ar maoin í a mbeidh céile ina teideal amhlaidh, agus sin chun tairbhe an chéile eile agus aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach nó chun tairbhe aon duine nó gach duine de na daoine sin;

(c) ordú chun aon socrú réamhphósta nó iarphósta (lena n-áirítear socrú den chineál sin a rinneadh le huacht nó le codaisíl) a rinneadh i leith na gcéilí a athrú chun tairbhe na gcéilí agus aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach nó chun tairbhe aon duine nó gach duine de na daoine sin;

(d) ordú chun leas ceachtar de na céilí faoi aon socrú den chineál sin a mhúchadh nó a laghdú.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a bheith deonaithe aici, breithniú a dhéanamh agus a chinneadh cibé acu ar chóir nó nár chóir di ordú nó orduithe a dhéanamh i bhfabhar céile faoin alt seo ar an aon ócáid amháin mura rud é ar an ócáid sin go gceileann céile, go toiliúil, eolas de chineál ábhartha atá iomchuí chun aon ordú nó orduithe den sórt sin a dhéanamh.

Orduithe coimhdeacha ilghnéitheacha.

16. —Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú nó aon tráth dá éis, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) ordú a thabharfadh ceart do chéile amháin, ar feadh shaol an chéile sin nó ar feadh cibé tréimhse eile (cinntitheach nó teagmhasach) a shonróidh an chúirt, áras an teaghlaigh a áitiú agus an céile eile a eisiamh;

(b) ordú chun áras an teaghlaigh a dhíol faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir;

(c) ordú faoi alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 , a chinnfidh aon díospóid idir na céilí i dtaobh an teidil chun aon mhaoine nó i dtaobh seilbhe aon mhaoine;

(d) ordú faoi alt 4, 5 nó 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 ;

(e) ordú faoi alt 2 nó 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 ;

(f) ordú chun maoin a pháirtiú nó ordú faoi na Partition Acts, 1868 agus 1876;

(g) ordú faoi alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , maidir le haon leanbh cleithiúnach den teaghlach.

Ordú múchta ceart comharbais.

17. —(1) Ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, nó aon tráth dá éis sin, agus ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, breithneoidh an chúirt cibé acu ar chóir di ordú a dhéanamh ag múchadh an sciar a mbeadh ceachtar céile ina theideal, seachas sin, in eastát an chéile eile mar cheart dlíthiúil nó i gcás díthiomnachta faoin Acht Comharbais, 1965 .

(2) Déanfaidh an chúirt ordú ag múchadh an sciar a mbeadh céile ina theideal, seachas sin, in eastát an chéile eile mar cheart dlíthiúil nó i gcás intiomnachta faoin Acht sin 1965 más rud é—

(a) gur deimhin leis an gcúirt, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, go bhfuil soláthar leordhóthanach agus réasúnach de chineál buan déanta chun soláthar d'urraíocht thodhchaíoch an chéile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, nó

(b) gur deimhin léi, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, nach cás é inar gá soláthar de chineál buan a dhéanamh le haghaidh urraíocht thodhchaíoch an chéile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, nó

(c) nach céile é an céile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, a ndearna an chúirt, tar éis di aird a thabhairt ar fhorálacha alt 20 (lena n-áirítear fo-ailt (2) (i) agus (3)), ordú faoi alt 14, 15 nó 16 (a) chun é a chothú, nó

(d) gur deimhin leis an gcúirt nach céile é an céile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, a ndéanfadh an chúirt, tar éis di aird a thabhairt ar fhorálacha alt 20 (lena n-áirítear fo-ailt 2 (i) agus (3)), ordú faoi alt 14, 15 nó 16 (a) dá ndéanfaí iarratas chuici maidir leis sin chun é a chothú.

Orduithe chun maoin a dhíol.

18. —(1) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, ordú chun cnapshuim a íoc, nó ordú coigeartaithe maoine, ansin, ar an ordú sin a dhéanamh nó ag aon tráth dá éis sin, féadfaidh an chúirt ordú breise a dhéanamh chun cibé maoin a bheidh sonraithe san ordú sin a dhíol, ar maoin í a bhfuil leas tairbhiúil ar mhodh seilbhe nó frithdhílse inti, nó i bhfáltais a díola, ag ceachtar céile nó ag an dá chéile.

(2) An chumhacht ordú a dhéanamh le haghaidh díola i gcás ordaithe coigeartaithe maoine, ní fheidhmeofar í ar shlí a chuirfidh isteach ar cheart a thugtar leis an ordú sin áras an teaghlaigh a áitiú.

(3) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha nó forlíontacha is cuí leis an gcúirt a bheith in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na forála roimhe seo, féadfar na nithe seo a áireamh ann—

(a) foráil á cheangal íocaíocht a dhéanamh as fáltais díola na maoine lena mbaineann an t-ordú, agus

(b) foráil á cheangal aon mhaoin den sórt sin a thairiscint lena díol le duine, nó le haicme daoine, a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás go ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú nach rachaidh an t-ordú nó cibé foráil den ordú a shonróidh an chúirt, in éifeacht go dtí go dtarlóidh teagmhas a bheidh sonraithe ag an gcúirt nó go rachaidh tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh in éag.

(5) I gcás foráil a bheith in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal go ndéanfar fáltais díola na maoine lena mbaineann an t-ordú a úsáid chun íocaíochtaí tréimhsiúla le céile a áirithiú, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith leis ar bhás an chéile sin.

(6) I gcás leas tairbhiúil a bheith ag céile in aon mhaoin, nó i bhfáltais díola na maoine sin, agus leas tairbhiúil sa mhaoin sin nó i bhfáltais díola na maoine sin a bheith freisin ag duine éigin eile nach duine de na céilí, ansin, sula gcinnfidh sí an ndéanfaidh sí ordú faoin alt seo i ndáil leis an maoin sin, beidh de dhualgas ar an gcúirt deis a thabhairt don duine eile sin uiríll a dhéanamh maidir leis an ordú; agus aon uiríll a dhéanfaidh an duine eile sin folófar iad i measc na n-imthosca nach mór don chúirt aird a thabhairt orthu faoi alt 20.

Dlínse bhreise i leith áras an teaghlaigh.

19. —Feidhmeoidh an chúirt a dlínse faoi alt 16 (a) agus (b) thuas mar dhlínse de bhreis ar a dlínse faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 , agus faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 , agus le linn di an dlínse sin a fheidhmiú tabharfaidh sí aird ar leas an teaghlaigh ina iomláine agus cuirfidh sí san áireamh an méid seo go sonrach—

(a) i gcás gur deonaíodh foraithne idirscartha bhreithiúnaigh, nach féidir leis na céilí leanúint de chónaí lena chéile;

(b) gur chóir, más indéanta é, cóiríocht chuí bhuanseasmhach a chur ar fáil do chéile cleithiúnach agus d'aon leanbh cleithiúnach den teaghlach;

(c) na nithe dá dtagraítear in alt 20 den Acht seo.

Forálacha a bhaineann le horduithe cothabhála, orduithe maoine agus orduithe eile.

20. —(1) Le linn don chúirt cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfeidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sí a cumhachtaí faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo agus, má fheidhmíonn, cén chaoi a bhfeidhmeoidh sí iad amhlaidh, féachfaidh sí lena áirithiú go ndéanfar cibé soláthar le haghaidh aon chéile agus le haghaidh aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach a bheidh leordhóthanach agus réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(2) Maidir le feidhmiú chumhachtaí na cúirte faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo i ndáil le céile, tabharfaidh an chúirt aird go sonrach ar na nithe seo a leanas—

(a) an t-ioncam, an cumas tuillimh, an mhaoin agus na hac mhainní airgeadais eile atá nó is dóigh a bheidh ag gach céile sa todhchaí is intuartha;

(b) na riachtanais, na hoibleagáidí agus na freagrachtaí airgeadais atá ar gach céile, nó is dóigh a bheidh ar gach céile, acu sa todhchaí is intuartha;

(c) an caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular tionscnaíodh imeachtaí nó sular scar na céilí, de réir mar a bheidh;

(d) aois gach céile, an fad a mhair an pósadh agus an fad ama a bhí na céilí ina gcónaí lena chéile;

(e) aon mhíchumas coirp nó meabhrach ar cheachtar céile;

(f) an cion a rinne gach céile, nó an cion is dóigh a dhéanfaidh gach céile sa todhchaí is intuartha, ar mhaithe le leas an teaghlaigh, lena n-áirítear an cion a rinne gach céile ar mhaithe le hioncam, cumas tuillimh, acmhainní maoine agus airgeadais an chéile eile agus aon chion a rinneadh trí aire a thabhairt don teach nó trí chúram a dhéanamh den teaghlach;

(g) an éifeacht ar chumas tuillimh gach céile atá ag na freagrachtaí pósta a ghlac gach céile air féin sa tréimhse ina raibh cónaí ar na céilí lena chéile, agus, go sonrach, a mhéid a dhéantar dochar do chumas tuillimh céile sa todhchaí de bhíthin an deis ar ghníomhaíocht le haghaidh luach saothair a thabhairt suas nó a ligean uaidh chun aire a thabhairt don teach nó cúram a dhéanamh den teaghlach;

(h) aon ioncam nó sochair a bhfuil ceachtar céile ina dteideal le reacht nó faoi reacht;

(i) iompar gach céile de na céilí, más iompar de chineál é nach mbeadh sé, i dtuairim na cúirte, agus sna himthosca go léir, ag teacht le ceartas dá ndéanfaí neamhshuim de;

(j) na riachtanais cóiríochta ag ceachtar céile.

(3) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo faoi chomhair cothú céile i gcás go mbeidh an céile tar éis an céile eile a thréigean agus go raibh sé ag leanúint den chéile eile a thréigean suas go dtí an t-am ar tionscnaíodh imeachtaí ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na cúirte nach mbeadh sé ag teacht le ceartas mura ndéanfaí an t-ordú sin nó na horduithe sin.

(4) Maidir le cumhachtaí na cúirte a fheidhmiú faoi alt 13, 14 nó 15 den Acht seo i ndáil le haon leanbh cleithiúnach den teaghlach, tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas, go sonrach—

(a) riachtanas airgeadais an linbh;

(b) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile an linbh;

(c) aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar an leanbh;

(d) aon ioncam nó sochair a bhfuil an leanbh ina dteideal le reacht nó faoi reacht;

(e) an tslí ina rabhthas ag tabhairt oideachais dó agus ag cur oiliúna air agus an tslí a raibh na céilí ag súil go ndéanfaí amhlaidh;

(f) an chomaoin atá luaite i ndáil leis na céilí i bhfo-alt (2) (a), (b), (c) agus (e) den alt seo;

(g) riachtanais cóiríochta an linbh.

(5) San alt seo folaíonn “tréigean” iompar ag céile amháin arb é a thoradh go bhfágann an céile eile, agus cúis chóir aige, an céile sin agus go gcónaíonn sé ar leith ón gcéile sin.

Orduithe cothabhála cúlghabhálacha.

21. —(1) Féadfaidh an chúirt le linn di ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh faoi alt 14 (1) (a) socrú a dhéanamh go ndéanfar an tsuim a ordóidh sí a íoc, a íoc ón dáta ar eisíodh an t-iarratas idirscartha, ach ní ó dháta is luaithe ná sin, i gcás go measfar gurb iomchuí ordú den sórt sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis agus féadfaidh sí, le linn di sin a dhéanamh, ordú a thabhairt aon riaráiste a mheasann sí dá réir sin a bheith carntha, is riaráistí d'íocaíochtaí cothabhála, a íoc ina chnapshuim faoi dháta áirithe agus féadfaidh sí, nuair a bheidh sí ag ordú cnapshuim den chineál sin a íoc, creidiúint a thabhairt don chéile ar ordaíodh dó an íocaíocht sin a dhéanamh as aon airgead iomchuí a d'íoc sé leis an gcéile lena bhfuil an íocaíocht sin le déanamh sa tréimhse idir an dáta ar eisíodh na himeachtaí ar idirscaradh agus an dáta ar deonaíodh foraithne idirscartha bhreithiúnaigh.

(2) An dlínse a thugtar don chúirt chun ordú i dtaobh cnapshuime a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, is dlínse í nach ndéanann dochar do ghinearáltacht na dlínse chun ordú den sórt sin a dhéanamh a thig faoi alt 14 (1) (c) agus 14 (1) (d).

Orduithe airgeadais agus maoine a athrú agus a urscaoileadh.

22. —(1) I gcás go mbeidh ordú lena mbaineann an t-alt seo déanta ag an gcúirt, ansin faoi réir fhorálacha an ailt seo agus alt 20 den Acht seo, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chuici ó cheachtar céile, más cuí léi déanamh amhlaidh ag féachaint d'aon athrú sna himthosca agus d'aon fhianaise nua, an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh, nó aon fhoráil den ordú a fhionraí go sealadach, gníomhú aon fhorála a bheidh fionraithe amhlaidh a athoibriú agus in aon chás iomchuí an t-ordú sin a athrú arís, nó a ghníomhú a fhionraí arís nó a athoibriú.

(2) Baineann an t-alt seo leis na horduithe seo a leanas—

(a) ordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra;

(b) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla;

(c) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe;

(d) an chuid sin d'ordú faoi chomhair íocaíochta cnapshuime lena ndéantar foráil le haghaidh íocaíocht na suime sin i dtráthchodanna nó a cheanglaíonn íocaíocht na dtráthchodanna sin a bheith urraithe;

(e) ordú i ndáil le háitiú áras an teaghlaigh, agus

(f) ordú chun maoin a dhíol.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht alt 14 den Acht seo maidir leis an gcuid sin d'ordú lena bhforáiltear leanbh cleithiúnach a chothú, beidh sí urscaoilte más rud é go scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach de bhíthin aois sé bliana déag nó bliain is fiche, de réir mar a bheidh, a bheith slánaithe aige, agus urscaoilfidh an chúirt an chuid sin den ordú, ar iarratas chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil an leanbh scortha ar aon chúis de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach.

(4) Na cumhachtaí is infheidhmithe ag an gcúirt faoin alt seo i ndáil le hordú, beidh siad infheidhmithe freisin i ndáil le haon ionstraim a fhorghníomhaítear de bhun an ordaithe.

(5) Ní dhéanfar aon ordú coigeartaithe maoine ar iarratas chun athrú a dhéanamh ar ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe a dhéanfar faoi alt 14 den alt seo (cibé acu i bhfabhar céile nó i bhfabhar linbh chleithiúnaigh den teaghlach).

(6) I gcás céile d'fháil bháis a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoi ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, féadfaidh an céile a bheidh i dteideal íocaíochta faoin ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ionadaithe pearsanta an chéile éagtha, iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an ordú sin (agus le haon ordú a cheanglaíonn fáltais díolacháin maoine a úsáid chun na híocaíochtaí sin a urrú), ach ní dhéanfar aon iarratas den chineál sin, ach amháin le cead na cúirte, tar éis dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a dheonaítear ionadaíocht i dtaobh eastát an duine éagtha i dtosach.

(7) Ionadaithe pearsanta céile éagtha a ndearnadh ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe ina choinne ní bheidh siad faoi dhliteanas as aon chuid d'eastát an duine éagtha a dháileadh tar éis na tréimhse dhá mhí dhéag dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo ar an bhforas gur chóir dóibh a chur san áireamh go mb'fhéidir go gceadódh an chúirt don duine a bheidh i dteideal íocaíochtaí faoin ordú iarratas a dhéanamh faoin alt seo tar éis na tréimhse sin; ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo dochar d'aon chumhacht aon chuid den eastát a dháiltear amhlaidh a ghnóthú ar ais ar cumhacht í a éiríonn de bhua ordú a dhéanamh de bhun an ailt seo.

Cothabháil linbh.

23. —(1) Sonrófar in ordú cothabhála nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach a chothú é, a íoc ina haghaidh.

(2) Aon iompar den chineál dá dtagraítear in alt 20 (2) (i) nó 20 (3) nó in alt 22 ní foras é ar a ndiúltóidh cúirt ordú cothabhála a dhéanamh le leanbh cleithiúnach a chothú ná ní foras é an t-iompar sin ar a n-urscaoilfear nó ar a n-athrófar aon chuid d'ordú cothabhála lena ndéantar foráil maidir leis an leanbh sin a chothú.

An cléireach Cúirte Dúiche do tharchur íocaíochtaí tréimhsiúla.

24. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh feidhm ag forálacha alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , i ndáil le hordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, maidir le hordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó le hordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, ach sin faoi réir na modhnuithe go bhforléireofar an tagairt don chreidiúnaí cothabhála i bhfo-alt (4) den alt sin 9 mar thagairt don duine lena ndéanfaí íocaíochtaí faoin ordú agus go bhforléireofar na tagairtí eile don chreidiúnaí cothabhála san alt sin 9 mar thagairtí don duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla.

Leasú ar alt 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

25. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, leasaítear leis seo alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , trí—

“(i) ordú ag ordú ailiúnas a íoc go dtí go ndéanfar agra nó go dtí go n-íocfar buan-ailiúnas;”

a scriosadh sa mhíniú ar “réamh-ordú” agus trí—

“(i) ordú le haghaidh ailiúnais go dtí go ndéanfar agra;

(j) ordú faoin Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989 , go n-íocfar cothabháil go dtí go ndéanfar agra nó ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla faoin Acht sin.”

a chur ina ionad.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo difear d'fheidhmiú an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , maidir le hordú chun buanailiúnas a íoc, a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an Achta seo.

Ní asbhainfear cáin ioncaim as íocaíochtaí a dhéanfar.

26. —Ní asbhainfear cáin ioncaim as íocaíochtaí airgid a dhéanfar de bhun ordú faoin gCuid seo.

Feidhmiú orduithe i dtaobh íocaíochtaí cothabhála agus orduithe i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla maidir le fir de chuid Óglaigh na hÉireann.

27. —An tagairt in alt 98 (1) (h) den Acht Cosanta, 1954 , d'ordú chun ailiúnas a íoc, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairtí d'ordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla agus d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe.

Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 .

28. —Na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (arna leasú le halt 29 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976), d'ordú forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú chun cothabháil a íoc go dtí go ndéanfar agra agus d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla faoin Acht seo.

Idirbhearta a bheith neamhbhailí más chun faoiseamh airgid a chosc nó a laghdú a bheartaítear iad.

29. —(1) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “faoiseamh airgid” faoiseamh faoi aon fhoráil d'fhorálacha ailt 13, 14, 15, 16 (a), 16 (b), 21 agus 22 (seachas fo-alt (6)) den Acht seo, agus aon tagairt san alt seo do shárú a dhéanamh ar éileamh duine ar fhaoiseamh airgid, is tagairt í do chosc a chur le faoiseamh airgid a dheonú don duine sin, nó don duine sin chun sochair linbh chleithiúnaigh den teaghlach, nó do laghdú a dhéanamh ar mhéid an fhaoisimh airgid a d'fhéadfaí a dheonú amhlaidh, nó do chur isteach nó do chur bac ar fhorghníomhú aon ordaithe a d'fhéadfadh a bheith, nó a bheidh, déanta ar thionscnamh an duine sin faoi aon cheann de na forálacha sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh duine amháin imeachtaí i leith faoisimh airgid a thabhairt ar aghaidh i gcoinne duine eile féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón duine céadluaite—

(a) más deimhin léi go bhfuil an páirtí eile sna himeachtaí agus é ar intinn aige an t-éileamh ar fhaoiseamh airgid a shárú, ar tí aon diúscairt a dhéanamh nó aon mhaoin a aistriú amach as an dlínse nó déileáil ar shlí eile le haon mhaoin, cibé ordú a dhéanamh is cuí léi chun srian a chur ar an bpáirtí eile déanamh amhlaidh nó chun an t-éileamh a chosaint ar shlí eile;

(b) más deimhin léi go bhfuil an páirtí eile, agus an méid sin ar intinn aige, tar éis diúscairt in-athbhreithnithe a dhéanamh agus, i gcás an diúscairt a chur ar ceal, go ndeonófaí faoiseamh airgid nó faoiseamh airgid éagsúil don iarratasóir, ordú a dhéanamh ag cur na diúscartha ar ceal;

(c) más deimhin léi, i gcás go mbeidh an t-iarratasóir tar éis ordú a fháil i gcoinne an pháirtí eile faoi aon fhoráil de na forálacha atá luaite i bhfo-alt (1) den alt seo, go bhfuil an páirtí eile, agus an méid sin ar intinn aige, tar éis diúscairt in-athbhreithnithe a dhéanamh, ordú a dhéanamh ag cur na diúscartha ar ceal;

agus aon iarratas chun críoch mhír (b) déanfar é sna himeachtaí le haghaidh an fhaoisimh airgid faoi cheist.

(3) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2) (b) nó (c) den alt seo ag cur diúscairt ar ceal tabharfaidh sí cibé orduithe iarmhartacha is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don ordú (lena n-áirítear orduithe á cheangal go ndéanfar aon íocaíochtaí nó go ndiúscrófar aon mhaoin).

(4) Aon diúscairt a dhéanfaidh an páirtí eile sna himeachtaí i leith faoisimh airgid faoi cheist (cibé acu roimh dháta thosach feidhme na n-imeachtaí sin nó dá éis) is diúscairt in-athbhreithnithe í chun críocha fho-alt (2) (b) agus (c) den alt seo mura ndearnadh an diúscairt sin ar chomaoin luachmhar (seachas pósadh) le duine a ghníomhaigh, tráth na diúscartha, de mheon macánta i ndáil leis an diúscairt agus d'éagmais fógra go raibh sé ar intinn ag an bpáirtí eile, óna thaobhsan, éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid a shárú.

(5) Má dhéantar iarratas faoin alt seo maidir le diúscairt a rinneadh tráth nach luaithe ná trí bliana roimh dháta an iarratais nó maidir le diúscairt nó déileáil eile le maoin atáthar ar tí a dhéanamh agus más deimhin leis an gcúirt—

(a) i gcás faoi fho-alt (2) (a) nó (b) den alt seo, go mbeadh de thoradh ar an diúscairt nó ar an déileáil eile (ar leith ón alt seo), nó

(b) i gcás faoi fho-alt (2) (c) den alt seo, go raibh de thoradh ar an diúscairt,

gur sáraíodh éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, maidir leis an duine a dhiúscair an mhaoin nó atá ar tí an mhaoin a dhiúscairt nó déileáil léi, go ndearna sé amhlaidh nó, de réir mar a bheidh, go bhfuil sé ar tí déanamh amhlaidh, agus é ar intinn aige éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid a shárú.

(6) San alt seo ní fholaíonn “diúscairt” soláthar in uacht nó i gcodaisíl ach, seachas an eisceacht sin, folaíonn sé aon tíolacas, árachas nó bronntanas maoine d'aon tuairisc, cibé acu a dhéanfar é le hionstraim nó ar shlí eile.