|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde) |
AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX Ilghnéitheach | |
[EN] |
Teastais breithe. |
54. —I gcás go gceanglaítear aois aon duine a fhionnadh nó a chruthú chun críocha an Achta seo, nó chun críocha aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, beidh aon duine, ar tháille 70 pingin a íoc, i dteideal teastas a fháil as iontráil bhreith an duine sin sa chlár breitheanna faoi láimh an chláraitheora nó an mhaor-chláraitheora nó duine eile a bhfuil an clár sin ina choimeád aige. |
[EN] |
Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ar dhóiteán. |
55. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 — |
[EN] | (a) fomhír (i) d'fho-alt (1) (f) d'alt 18, agus | |
[EN] | (b) fo-alt (2) (b) d'alt 19. | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo ailt 45 (arna leasú leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ), 46, 47 (arna leasú leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ), 48 agus 122 (2) den Acht Monarchan, 1955 . | |
[EN] | (3) Aisghairtear leis seo alt 27 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 . | |
[EN] |
Ionchoisne i gcás báis trí thionóisc nó trí ghalar ag an obair. |
56. —Nuair a sheolfaidh cróinéir ionchoisne ar chorp aon duine a bhféadfadh sé gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc a tharla nó galar a tolgadh in áit oibre, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth mura rud é— | |
[EN] | (i) go bhfuil cigire, nó duine éigin eile atá ag láithriú thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i láthair chun na himeachtaí a fhaire, nó | |
[EN] | (ii) i gcás nach mbaineann an t-ionchoisne ach le bás duine amháin agus inar chuir an cróinéir fógra faoi am agus áit seolta an ionchoisne chun an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, in am chun é a bheith ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin ceithre huaire a chloig is fiche ar a laghad roimh am seolta an ionchoisne, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-ionchoisne a chur ar atráth; | |
[EN] | (b) má chuireann an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth— | |
[EN] | (i) féadfaidh sé, roimh é a chur ar atráth, fianaise a ghlacadh chun an corp a aithint agus a ordú go n-adhlacfar an corp, | |
[EN] | (ii) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sula seolfaidh sé an t-ionchoisne atrátha, fógra i scríbhinn a chur chun an Údaráis nó chun gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, faoin am agus faoin áit a seolfar an t-ionchoisne atrátha; | |
[EN] | (c) ní bheidh aon duine cáilithe chun bheith ar an ngiúiré más duine é a bhfuil leas pearsanta aige san áit oibre arb ann nó ina thimpeall a tharla an tionóisc nó a tolgadh an galar, nó má bhíonn sé ar fostú ann nó ina thimpeall nó ina bhainisteoireacht; | |
[EN] | (d) beidh sé de dhualgas ar an duine a ghairfidh an giúiré gan aon duine a ghairm atá dícháilithe faoi mhír (c) den alt seo, agus beidh sé de dhualgas ar an gcróinéir gan ligean d'aon duine den sórt sin dul faoi mhionn ná suí ar an ngiúiré; | |
[EN] | (e) beidh na daoine seo a leanas, faoi réir chumhacht an chróinéara chun aon cheist a dhícheadú más dóigh leis nach ceist ábhartha í nó nach ceist chuí í ar dhóigh éigin eile, i dteideal aon fhinné a cheistiú, i bpearsain nó trí abhcóide nó trí aturnae— | |
[EN] | (i) cigire nó aon duine eile a láithreoidh thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, | |
[EN] | (ii) aon ghaol nó cara don duine ar i dtaobh a bháis atá an t-ionchoisne á sheoladh, | |
[EN] | (iii) an fostóir san áit oibre inar tharla an tionóisc nó inar tolgadh an galar, | |
[EN] | (iv) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fhostaítear san áit oibre, | |
[EN] | (v) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon cheardchumann, carachumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine a fhostaítear san áit oibre, | |
[EN] | (vi) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon chomhlachas fostóirí a bhfuil an fostóir san áit oibre ina chomhalta de; | |
[EN] | (f) i gcás nach mbeidh cigire nó duine thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i láthair ag an ionchoisne agus go dtabharfar fianaise i dtaobh aon fhaillí a bheith ina cúis nó ina leaschúis leis an tionóisc, nó leis an ngalar, nó i dtaobh aon lochta san áit oibre nó ina thimpeall ar dóigh leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré gur gá é a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chuig an Údarás nó chuig gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i dtaobh na faillí nó an lochta. | |
[EN] |
Feidhmiú an Achta maidir le príosúin, etc. |
57. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le príosúin agus áiteanna coimeádta mura bhfuil a fheidhmiú ar neamhréir le slánchoimeád, dea-ord agus slándáil. |
[EN] |
Méadú ar phionóis ilghnéitheacha. |
58. —Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 74 (3) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15; | |
[EN] | (b) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 76 (2) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15; | |
[EN] | (c) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 76 (5) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15; | |
[EN] | (d) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 91 (5) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15; | |
[EN] | (e) £100 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 104 (arna chur isteach le halt 56 (j) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £100 an tagairt atá ann do £6; | |
[EN] | (f) £300 nó £25 in aghaidh an lae an pionós uasta i leith ciona faoi alt 119 (1) (arna chur isteach le halt 56 (l) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairtí do £300 agus £25 faoi seach na tagairtí atá ann do £30 agus do £3; | |
[EN] | (g) £300 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 120 (3) (arna chur isteach le halt 56 (m) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do £30; | |
[EN] | (h) £100 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 139 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £100 an tagairt atá ann do £20; | |
[EN] | (i) £300 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 142 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do £5; | |
[EN] | (j) £1,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 12 mhí an pionós uasta i leith ciona faoi alt 52 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £1,000 an tagairt atá ann do £100 agus ionann is dá mba thagairt do 12 mhí an tagairt atá ann do shé mhí; agus | |
[EN] | (k) £200 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 52 (2) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £200 an tagairt atá ann do £20. | |
[EN] |
Ceadúnais. |
59. —(1) Féadfaidh an tAire, chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair a chosaint, aon ghníomhaíocht oibre lena mbaineann forálacha an Achta seo a fhorordú mar ghníomhaíocht nach bhféadfar a sheoladh ach amháin de réir théarmaí agus coinníollacha ceadúnais arna eisiúint ag an Údarás, agus údaraítear leis seo don Údarás ceadúnas den sórt sin a eisiúint. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tÚdarás coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas a eisítear de réir fho-alt (1) de réir mar is cóir leo, lena n-áirítear coinníollacha i dtaobh dhul in éag nó cúlghairm an cheadúnais. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás dá rogha féin iarratas ar cheadúnas faoin alt seo a dheonú nó a dhiúltú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tÚdarás, más cóir leo é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas faoin alt seo agus uiríll ina leith a iarraidh ó dhaoine leasmhara. | |
[EN] | (5) (a) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara clár de na ceadúnais go léir a dheonaíonn siad faoin alt seo a choinneáil i cibé foirm, agus cibé sonraí a bheith ann, is cóir leo. | |
[EN] | (b) Beidh teideal ag aon duine, ar tháille fhorordaithe a íoc, agus ag cigire gan aon táille a íoc, clár a choinnítear faoin bhfo-alt seo a iniúchadh, agus cóipeanna nó sleachtanna a thógáil as, gach tráth réasúnach. | |
[EN] | (6) Má dhiúltaíonn an tÚdarás ceadúnas a dheonú nó má dheonaíonn siad ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ón iarratasóir sin, deimhniú a sheachadadh air á rá cad iad na forais ar ar dhiúltaigh siad ceadúnas nó ar ar chuir siad na coinníollacha ag gabháil leis. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc in aghaidh chinneadh an Údaráis a dhéanamh chun na hArd-Chúirte laistigh de thréimhse deich lá tar éis dó an deimhniú a fháil nó tar éis cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Ard-Chúirt. | |
[EN] | (8) Ar achomharc a éisteacht i gcoinne cinnidh ón Údarás lena ndiúltaítear ceadúnas a dheonú, nó lena ndeonaítear ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, féadfaidh an Chúirt an cinneadh a dhaingniú nó a ordú don Údarás an ceadúnas a dheonú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a cuireadh ag gabháil leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, dé réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (9) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón Ard-Chúirt ar achomharc faoin alt seo ach amháin go bhféadfar, le cead na Cúirte sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí. | |
[EN] |
Dliteanas sibhialta. |
60. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo— |
[EN] | (a) mar ní a thugann ceart caingne in aon imeachtaí sibhialta maidir le mainneachtain aon dualgas a fhorchuirtear le hailt 6 go 11 nó fúthu, a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (b) mar ní a fhearann ar a mhéid (más aon mhéid é) atá sárú dualgais a fhorchuirtear le haon achtachán de na hachtacháin láithreacha inchaingne. | |
[EN] | (2) Beidh sárú dualgais a fhorchuirtear le rialacháin a dhéantar faoi alt 28 inchaingne a mhéid gur cúis le damáiste é, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) gan dochar d'aon cheart caingne atá ann ar leith ó fhorálacha an Achta seo. | |
[EN] | (4) Aon téarma de chuid comhaontaithe a airbheartaíonn oibriú fho-alt (2) den alt seo nó aon dliteanas a éiríonn de bhua an fho-ailt sin a eisiamh nó a shrianadh is téarma neamhbhailí a bheidh ann, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin a dhéantar faoi alt 28. | |
[EN] | (5) San alt seo folaíonn “damáiste” bás nó díobháil phearsanta d'aon duine. | |
[EN] |
Díolúine an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin. |
61. —Ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachtaí eile ann ná ní bheidh siad inchothabhála i gcoinne an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó i gcoinne aon duine dá dtagraítear in alt 16 (3) (a) chun damáistí a ghnóthú maidir le haon díobháil do dhaoine, damáiste do mhaoin nó caillteanas eile, a líomhnaítear gurbh é ba chúis nó ba leaschúis leo mainneachtain aon fheidhm de na feidhmeanna a chomhlíonadh, nó déanamh de réir aon fheidhm de na feidhmeanna, a fhorchuirtear ar an Údarás sin, ar an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin sin nó ar an duine sin dá dtagraítear san alt 16 (3) (a) a dúradh. |