An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Forálacha Reachtúla Comhbhainteacha) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Aisghairm agus Cúlghairm Forálacha Áirithe de na hAchtacháin Láithreacha a Bhaineann le Pionóis)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Rialacháin

Alt 28

Ar na nithe ar féidir rialacháin a dhéanamh ina leith faoi alt 28 áireofar—

(1) (a) aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú;

(b) aon ní dá dtagraítear sa Sceideal seo mar ní atá sonraithe nó le sonrú;

(2) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí i leith shábháilteacht, sláinte nó leas a gcuid fostaithe ag an obair maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil áiteanna oibre,

(b) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil bealaí sábháilte isteach in áiteanna oibre agus amach astu,

(c) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil gairis agus innealra,

(d) cur ar fáil, pleanáil, eagrú, oibriú agus cothabháil córas oibre,

(e) faisnéis, teagasc, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil,

(f) éadach nó trealamh cosantach a chur ar fáil, a chothabháil agus a úsáid,

(g) ullmhú agus athmheas pleananna a bheidh le feidhmiú i gcásanna éigeandála, agus

(h) seirbhísí daoine inniúla a fháil d'fhonn sábháilteacht nó sláinte daoine ag an obair a chinntiú;

(3) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí agus ar dhaoine féinfhostaithe i leith sheoladh a ngnóthas lena shocrú nach gcuirtear daoine nach bhfuil ar fostú ag na fostóirí nó ag na daoine féinfhostaithe sin faoi phriacal dá sábháilteacht nó dá sláinte mar gheall ar an gcéanna;

(4) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine lena mbaineann alt 8, i ndáil le háiteanna oibre ar leith óna láthair oibre baile, i leith na n-áiteanna oibre sin, maidir le haon airteagal nó substaint a sholáthraítear lena úsáid sna háiteanna sin agus maidir le bealaí isteach sna háiteanna sin nó amach astu;

(5) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostaithe i leith a sábháilteachta, sláinte nó leasa ag an obair lena n-áirítear ceanglais i leith aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh, nó deis nó ní a úsáid a chuirtear ar fáil lena sábháilteacht, sláinte nó leas ag an obair a áirithiú;

(6) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhéanann airteagail shonraithe, a bheidh le húsáid ag an obair, a dhearadh, a mhonarú, a allmhairiú nó a sholáthar, ar ceanglais iad—

(a) maidir le haon airteagal a bheidh le húsáid ag an obair a dhearadh, a dhéanamh, a thástáil nó a scrúdú,

(b) maidir le faisnéis a sholáthar i dtaobh nithe a bhaineann leis an úsáid ag an obair dár dearadh nó dár tástáladh aon airteagal nó a bhaineann le díchóimeáil nó le diúscairt an airteagail sin ar shlí a bheidh sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(7) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhearann nó a mhonaraíonn airteagail shonraithe lena n-úsáid ag an obair ar ceanglais iad maidir le taighde a dhéanamh i leith na n-airteagal sin d'fhonn priacail ionchasacha a aimsiú nó d'fhonn aon phriacail do shábháilteacht nó do shláinte daoine ag an obair a dhíothú nó a íoslaghdú;

(8) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a thógann nó a shuiteálann airteagail shonraithe lena n-úsáid ag an obair ar ceanglais iad maidir le tógáil nó suiteáil aon airteagail den sórt sin le go mbeidh sé sábháilte agus gan phriacail don tsláinte nuair a úsáidtear an t-airteagal sin in áit oibre;

(9) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon substaint shonraithe—

(a) i leith aon substaint den sórt sin a úsáid, a thástáil nó a scrúdú, nó

(b) i leith faisnéis a chur ar fáil i dtaobh aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte, i dtaobh torthaí tástálacha ar an tsubstaint nó i dtaobh a húsáide nó a diúscartha ar shlí a bheidh sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(10) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a mhonaraíonn aon substaintí sonraithe nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a ghabhtar an monarú de láimh, a allmhairíonn aon substaintí sonraithe, ar ceanglais iad maidir le taighde a dhéanamh d'fhonn priacail a aimsiú, a dhíothú nó a íoslaghdú is priacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte le linn a húsáide;

(11) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhearann áiteanna oibre sonraithe maidir le dearadh na n-áiteanna sin le go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(12) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a fhoirgníonn áiteanna oibre sonraithe ar ceanglais iad maidir leis na háiteanna sin a fhoirgniú le go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(13) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí i leith ráiteas sábháilteachta;

(14) ceanglais a bheidh le forchur i leith rialáil, toirmeasc, nó rialú ar úsáid aon airteagail shonraithe a bheidh le húsáid ag an obair, lena n-áirítear aon airteagal den sórt sin a fhaire, a shuíomh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a chosaint, a scrúdú, a athrú, a choigeartú, a dhíchóimeáil, a thástáil nó a iniúchadh;

(15) ceanglais a bheidh le forchur i leith marcáil aon airteagail shonraithe a bheidh le húsáid ag an obair nó a bheidh ceaptha le húsáid mar chomhpháirt de chuid airteagail den sórt sin;

(16) ceanglais a bheidh le forchur maidir le rialáil, toirmeasc nó rialú ar úsáid aon substainte sonraithe;

(17) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon substaint shonraithe a thástáil, a scrúdú, a aicmiú nó a lipéadú, lena n-áirítear fógra a thabhairt i dtaobh sonraí sonraithe i ndáil le substaint den sórt sin;

(18) ceanglais a bheidh le forchur maidir le toirmeasc nó rialú a chur ar allmhairiú nó soláthar aon airteagail shonraithe lena úsáid ag an obair nó ar allmhairiú nó soláthar aon substainte sonraithe;

(19) ceanglais a bheidh le forchur i leith toirmeasc a chur, nó rialáil a dhéanamh, ar iompar aon airteagail shonraithe lena úsáid ag an obair nó ar iompar aon substainte sonraithe, lena n-áirítear ceanglais maidir le déanamh, tástáil agus marcáil coimeádán agus deiseanna iompair agus maidir le hairteagail nó substaintí den sórt sin a phacáistiú agus a lipéadú lena n-iompar;

(20) ceanglais a bheidh le forchur maidir le húsáid nó dearadh síneacha sábháilteachta sonraithe in áiteanna oibre;

(21) ceanglais a bheidh le forchur maidir le comhshocraíochtaí a dhéanamh i dtaobh faireachais sláinte daoine ag an obair lena n-áirítear scrúduithe leighis, monatóireacht bhitheolaíoch nó suirbhéanna sláinte speisialta;

(22) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ghníomhaíocht nó ní sonraithe a chlárú i gclár forordaithe;

(23) ceanglais a bheidh le forchur maidir le ceapadh daoine forordaithe nó aicmí daoine forordaithe chun nithe forordaithe a dhéanamh i ndáil le sábháilteacht, sláinte nó leas ag an obair;

(24) ceanglais a bheidh le forchur maidir le rialáil a dhéanamh ar fhostaíocht aicmí daoine forordaithe nó maidir le haicmí daoine forordaithe a thoirmeasc ó aicmí forordaithe fostaíochta;

(25) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ní a fhearann ar na dálaí ina n-oibríonn daoine, lena n-áirítear nithe mar bhail struchtúrach agus cobhsaíocht áitreabh, bealaí isteach in áitribh agus amach astu, glaineacht, teocht, taisleach, soilsiú, aeráil, róphlódú, torann, creathadh, radaíochtaí ianúcháin agus radaíochtaí eile, deannach agus múch agus risíocht le huisce nó le leachtanna eile;

(26) ceanglais a bheidh le forchur maidir le monatóireacht ar na dálaí atmaisféaracha nó ar na dálaí eile ina n-oibríonn daoine;

(27) ceanglais a bheidh le forchur maidir le saoráidí nó comhshocraíochtaí sonraithe le haghaidh leasa ag an obair (lena n-áirítear soláthar uisce, áiseanna sláintíochta, saoráidí níocháin nó folctha, comhshocraíochtaí otharchairr agus garchabhrach, saoráidí do sheomra cótaí, suíocháin, saoráidí pronnlaigh, saoráidí chun béilí a réiteach nó a chaitheamh, toirmeasc ar chaitheamh béilí nó pronnlach in imthosca sonraithe);

(28) ceanglais a bheidh le forchur chun na nithe seo a theorannú nó a rialú—

(a) aon ghás, gal, deatach, deannach, nó aon substaint shonraithe eile a chruthaítear de dheasca gníomhaíochtaí oibre, a astú isteach in áit oibre,

(b) torann, creathadh, aon radaíochtaí ianúcháin nó radaíochtaí eile a astú isteach sa timpeallacht oibre,

(c) monatóireacht a dhéanamh ar aon astuithe den sórt sin isteach in áit oibre;

(29) cumhacht a thabhairt do chigirí in imthosca sonraithe a cheangal ar dhaoine sonraí a chur isteach i scríbhinn i dtaobh beart a bheartaítear a ghlacadh le go gcomhlíonfar aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha;

(30) ceanglais a bheidh le forchur maidir le taifid, lena n-áirítear sonraí de láimh nó sonraí leictreonacha, leabhair, cláir, doiciméid, pleananna agus léarscáileanna a choinneáil agus a chaomhnú;

(31) ceanglais a bheidh le forchur maidir le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine i leith bainisteoireachta ainmhithe in áiteanna oibre nó acu;

(32) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon áit oibre i ndáil leo seo—

(a) réamhchúraimí a bheidh le glacadh i gcoinne contúirtí ina gcuirtear nó ina bhféadfadh sé go gcuirfí an áit oibre sin, nó daoine laistigh de, de bhíthin dálaí (lena n-áirítear dálaí aiceanta) i ngaireacht na háite sin,

(b) a áirithiú go bhfágfaidh daoine in áit oibre an áit oibre sin in imthosca sonraithe i gcás priacail dá sábháilteacht nó dá sláinte;

(33) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ní sonraithe a dhéanamh nó a thoirmeasc i gcás go mbeidh aon tionóisc nó aon teagmhas eile de chineál sonraithe tar éis tarlú;

(34) ceanglais a bheidh le forchur maidir le taighde a dhéanamh i dtaca le críocha an Achta seo;

(35) ceanglais a bheidh le forchur in imthosca forordaithe maidir le réamhchúraimí a ghlacadh i dtaca le priacal dóiteáin;

(36) ceanglais a bheidh le forchur maidir le fógra a thabhairt ar mhodh sonraithe don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó d'aon duine sonraithe eile i dtaobh nithe sonraithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair, nó sábháilteacht, sláinte nó leas daoine eile is nithe a thig as gníomhaíochtaí oibre (lena n-áirítear faisnéis shonraithe a bhaineann le tionóiscí, galair nó teagmhais chontúirteacha atá sonraithe);

(37) ceanglais a bheidh le forchur maidir le daoine ag an obair do thógáil nó do láimhseáil go sábháilte aon ualaigh is dóigh a bheadh ina thrúig dhíobhála do dhuine a thógfadh nó a láimhseálfadh é.