An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Dualgais Ghinearálta)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus forálacha éagsúla den Acht seo agus féadfar socrú a dhéanamh le hordú faoin bhfo-alt seo go mbeidh tosach feidhme le halt 4 (3) ar laethanta éagsúla maidir le hachtacháin láithreacha éagsúla agus forálacha éagsúla de chuid achtachán láithreach.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “airteagal”—

(a) aon ghléasra, innealra, gaireas agus trealamh atá le húsáid nó le hoibriú (go heisiach nó eile) ag daoine ag an obair, agus

(b) aon airteagal atá ceaptha le húsáid mar chomhpháirt in aon ghléasra, innealra, gaireas nó trealamh den sórt sin;

ciallaíonn “forálacha reachtúla comhbhainteacha” forálacha na n-achtachán atá sonraithe sa tríú colún den Tríú Sceideal maille leis na hionstraimí a rinneadh fúthu atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde a bhunaítear le halt 15;

folaíonn “cód cleachtais” caighdeán, sonraíocht, agus treoir, teagasc nó rialú praiticiúil d'aon chineál eile, i scríbhinn nó sainléirithe, arna eisiúint nó arna cheadú de réir alt 30;

ciallaíonn “conradh fostaíochta” conradh fostaíochta nó seirbhíse nó printíseachta, cibé sainráite nó tugtha le fios agus (i gcás é bheith sainráite) cibé ó bhéal nó i scríbhinn;

ciallaíonn “fostaí” duine a bheidh dulta faoi chonradh fostaíochta le fostóir nó a oibríonn (nó i gcás conartha a bheidh foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh den sórt sin;

ciallaíonn “fostóir” i ndáil le fostaí, an duine a bhfuil an fostaí ar fostú aige faoi chonradh fostaíochta; chun críche an mhínithe seo measfar duine a shealbhaíonn oifig faoi sheirbhís nó i seirbhís an Stáit nó an Rialtais a bheith ar fostú ag an Stát nó ag an Rialtas (de réir mar a bheidh) agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil nó d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith ar fostú ag an údarás áitiúil, an údarás cuain, an bord sláinte nó an coiste gairmoideachais (de réir mar a bheidh);

ciallaíonn “gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin” comhlacht a fhorordaítear chun bheith ina ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin faoi alt 32;

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 14 mar lá bunaithe;

ciallaíonn “achtacháin láithreacha” na hachtacháin atá sonraithe i gCuid I den Dara Sceideal, agus aon ionstraimí faoi na hachtacháin sin atá i bhfeidhm de thuras na huaire; agus na rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus atá sonraithe i gCuid II den Dara Sceideal sin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “fógra feabhsúcháin” fógra faoi alt 36;

ciallaíonn “plean feabhsúcháin” plean faoi alt 35;

ciallaíonn “cigire” cigire a bheidh údaraithe faoi alt 33;

folaíonn “údarás áitiúil”—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contaebhuirge, nó

(c) Bardas Dhún Laoghaire,

agus feidhmeoidh údarás áitiúil den sórt sin a fheidhmeanna faoin Acht seo laistigh dá limistéar feidhmiúcháin;

folaíonn “micrea-orgánach” aon eintiteas micreascópach bitheolaíoch inmhacasamhlaithe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “liachomhairleoir ceirde” duine a bheidh ainmnithe faoi alt 34 (4) chun bheith ina liachomhairleoir ceirde;

folaíonn “díobháil phearsanta” aon ghalar agus aon mhallachar ar bhail choirp nó mheabhrach duine;

folaíonn “áit oibre” aon áit, talamh nó suíomh eile a ndéantar obair go hócáideach nó ar shlí eile acu, iontu, orthu nó gar dóibh agus folaíonn sé go sonrach—

(a) áitreabh,

(b) suiteáil ar thalamh agus aon suiteáil amach ón gcósta (lena n-áirítear suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 ),

(c) puball, déanmhas sealadach nó déanmhas sochorraithe, agus

(d) feithicil, soitheach nó aerárthach;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo seachas in ailt 36 (3), 37 (6) (a) agus 42 (4) (a) mar a gciallaíonn sé forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt faoin Acht seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire;

ciallaíonn “fógra toirmisc” fógra faoi alt 37;

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an Údarás chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair fostaithe nó lena gcoinníollacha fostaíochta nó lena ndálaí oibre;

ciallaíonn “forálacha reachtúla ábhartha” achtacháin láithreacha agus forálacha an Achta seo agus aon ionstraim arna déanamh faoi atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “ionadaí sábháilteachta” ionadaí sábháilteachta a cheaptar faoi alt 13;

tá le “ráiteas sábháilteachta” an bhrí a shanntar dó le halt 12;

ciallaíonn “duine féinfhostaithe” duine a oibríonn le haghaidh brabúis nó gnóchain, ar shlí seachas faoi chonradh fostaíochta, bíodh daoine eile ar fostú aige féin nó ná bíodh;

folaíonn “substaint” aon substaint, ullmhóid nó oibreán, nádúrtha nó saorga, i bhfoirm sholadach nó leachtach nó mar ghás nó gal nó mar mhicrea-orgánach;

folaíonn “úsáid” chomh fada agus a bhaineann le haon airteagal, na hairteagail sin a mhonarú, a sholáthar, a oibriú, a shuíomh, a dheisiú, a ghlanadh agus a chothabháil; agus chomh fada agus a bhaineann le haon substaint, folaíonn sé aon mhonarú, próiseáil, oibriú, stóráil, cóireáil, meascadh, pacáil, iompar, soláthar, láimhseáil, líonadh nó folmhú, luchtú agus díluchtú ar an tsubstaint sin.

(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) san Acht seo aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus

(c) aon tagairt san Acht seo d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) Déanfar aon tagairtí do chigire in ailt 35, 36 agus 37, in aon chás inarb údarás áitiúil an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil sin.

Fógraí etc. a sheirbheáil.

3. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm, fógra nó ordú) a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur chuige nó a thabhairt dó faoi na forálacha reachtúla ábhartha, féadfar é a sheirbheáil air nó a chur chuige i slí éigin de na slite seo—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh ar an duine sin, nó i gcás comhpháirtíochta, trína sheachadadh ar aon duine de na comhpháirtithe;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí air;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chuige ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí air, nó, i gcás seoladh a bheith tugtha le haghaidh seirbheála, ag an seoladh sin;

(d) mura féidir an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí ar an duine sin a fhionnadh ó fhiosrúchán réasúnach agus má cheanglaítear fógra a sheirbheáil air nó a thabhairt dó i leith aon áit oibre, trína sheachadadh ar dhuine os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó ar fostú in áit oibre nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áit oibre nó gar don áit sin.

(2) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm, fógra nó ordú) a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil nó a chur, faoi na forálacha reachtúla ábhartha, féadfar é a sheirbheáil ar chomhlacht, corpraithe nó neamhchorpraithe, nó a chur chuige—

(a) trína fhágáil ag oifig chláraithe an chomhlachta (más ann) nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an oifig sin;

(b) trína fhágáil ag aon áit ag a seolann an comhlacht gnó nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig áit den sórt sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht nó a airbheartaíonn gníomhú in aon cháil díobh sin, ag an áit ina mbíonn gnáthchónaí air nó trína fhágáil ag an áit sin.

Aisghairm.

4. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas de na hachtacháin láithreacha—

(a) alt 113 den Acht Monarchan, 1955 , alt 42 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 149 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus alt 60 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , ón tráth a thiocfaidh alt 3 den Acht seo i ngníomh;

(b) alt 125 (1) den Acht Monarchan, 1955 , alt 46 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 65 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus ailt 15 (1) agus (2) den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 9 den Acht seo i ngníomh;

(c) alt 9 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , ón tráth a thiocfaidh alt 10 den Acht seo i ngníomh;

(d) alt 39 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 26 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 12 den Acht seo i ngníomh;

(e) alt 73 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 35, 36, 37 agus 38 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus ailt 23, 24 agus 25 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 13 den Acht seo i ngníomh;

(f) alt 127 den Acht Monarchan, 1955 , alt 49 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , alt 24 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 151 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus alt 2 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha (Leasú), 1979 , ón tráth a thiocfaidh alt 17 den Acht seo i ngníomh;

(g) ailt 93 go 95 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 27 go 29 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ailt 130 agus 131 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ailt 39 agus 40 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, agus alt 53 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , ón tráth a thiocfaidh ailt 33 agus 34 den Acht seo i ngníomh;

(h) alt 11 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 132 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ón tráth a thiocfaidh alt 37 den Acht seo i ngníomh;

(i) alt 78 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 103 agus 104 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ailt 29 agus 30 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus alt 31 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh ailt 46 agus 47 den Acht seo i ngníomh;

(j) alt 110 den Acht Monarchan, 1955 , alt 55 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , alt 39 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 55 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 37 (1) den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 51 den Acht seo i ngníomh;

(k) alt 111 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 40 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ón tráth a thiocfaidh alt 52 den Acht seo i ngníomh;

(l) alt 112 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 41 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ón tráth a thiocfaidh alt 53 den Acht seo i ngníomh;

(m) alt 114 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 150 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ón tráth a thiocfaidh alt 54 den Acht seo i ngníomh.

(2) Ón tráth a thiocfaidh alt 49 i ngníomh déanfar leis seo na hachtacháin láithreacha atá luaite sa dara colún a ghabhann leis an gCúigiú Sceideal (a bhaineann le pionóis) a aisghairm nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh, a mhéid atá sonraithe sa tríú colún a ghabhann leis an Sceideal sin.

(3) Aisghairtear leis seo na hachtacháin láithreacha (seachas iad sin dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) agus iad sin atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal).

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.