An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Dualgais Ghinearálta) Ar Aghaidh (CUID IV Rialacháin agus Cóid Chleachtais)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID III

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

An lá bunaithe.

14. —Ceapfaidh an tAire lá le hordú chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Bunú an Údaráis.

15. —(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, sa Ghaeilge, agus The National Authority for Occupational Safety and Health, sa Bhéarla (agus gairtear “an tÚdarás” den chomhlacht sin san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

16. —(1) Is iad príomhfheidhmeanna an Údaráis—

(a) faoi réir fhorálacha fho-alt (3) agus alt 32, socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú;

(b) bearta a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú chun tionóiscí agus díobháil don tsláinte ag an obair a sheachaint de réir fhorálacha an Achta seo;

(c) spreagadh agus cothú a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bhearta atá dírithe ar chur chun cinn sábháilteachta, sláinte agus leasa daoine ag an obair;

(d) cibé socruithe a dhéanamh a cheapann sé is iomchuí chun faisnéis agus comhairle a chur ar fáil i dtaobh nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair; agus

(e) cibé socruithe a dhéanamh a cheapann sé is iomchuí chun taighde, suirbhéanna agus staidéir a bhaineann le guaiseanna agus le priacail do shábháilteacht agus sláinte daoine ag an obair nó a thig as gníomhaíochtaí oibre, a ghabháil de láimh, a chur chun cinn, a choimirciú, agus a dtorthaí a mheas agus a fhoilsiú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás ina bhfeidhmeanna maidir le forfheidhmiúchán, comhairle, cur chun cinn agus lena bhfeidhmeanna eile, aird a thabhairt—

(a) ar aon nithe a fhearann ar shábháilteacht agus ar shláinte fostaithe agus daoine féinfhostaithe; agus

(b) a mhéid is féidir le réasún, ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine eile ar a bhfearfadh priacail a thig as gníomhaíochtaí oibre, lena n-áirítear forbairt talún le haghaidh forbraíochta nó i gceantar na forbraíochta, ar forbraíocht í lena ngabhfaidh táirgeadh, próiseáil, cóireáil, úsáid nó stóráil substainte contúirtí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) comhaontuithe a dhéanamh le haon Aire den Rialtas, nó le haon duine eile chun go ndéanfaidh an tAire nó an duine sin aon fheidhm d'fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh thar ceann an Údaráis (fara nó d'éagmais íocaíochta); nó

(b) comhaontuithe a dhéanamh le haon Aire den Rialtas chun go ndéanfaidh an tÚdarás thar ceann an Aire sin (fara nó d'éagmais íocaíochta) cibé feidhmeanna is iomchuí don Údarás a chomhlíonadh i dtaca lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) sonraí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn, nuair a iarrann seisean ar an Údarás déanamh amhlaidh, á rá conas a bheartaíonn siad a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a urscaoileadh;

(b) a bhfeidhmeanna a chomhall de réir cibé togra dá dtagraítear i mír (a) a cheadóidh an tAire;

(c) éifeacht a thabhairt d'aon orduithe i scríbhinn, cibé acu ginearálta nó sonracha, a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo agus a bheidh tugtha dóibh ag an Aire; agus

(d) aon fhaisnéis a bhaineann lena bhfeidhmeanna a éileoidh sé ó am go ham a sholáthar don Aire.

Coistí comhairleacha.

17. —(1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé coistí comhairleacha agus cibé líon coistí comhairleacha is cuí leo, a cheapadh chun comhairle a thabhairt dóibh i dtaobh nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair, ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí tagartha is dóigh leis an Údarás is iomchuí.

(2) I gcás coiste a bheith ceaptha ag an Údarás faoi fho-alt (1), ceapfaidh an tÚdarás cathaoirleach ar an gcoiste sin agus leaschathaoirleach a ghníomhóidh i gcás an cathaoirleach a bheith as láthair.

(3) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé táillí a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach coiste a cheapfar faoi fho-alt (1) as freastal ar chruinnithe den choiste.

(4) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé liúntais a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le gach comhalta de choiste a cheapfar faoi fho-alt (1) i leith caiteachais a thabhaigh sé.

An tArd-Stiúrthóir.

18. —(1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an tArd-Stiúrthóir).

(2) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Ard-Stiúrthóir agus féadfaidh sé é a chur as oifig tráth ar bith; is é an tÚdarás le toiliú an Aire a cheapfaidh gach Ard-Stiúrthóir ina dhiaidh sin agus féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire é a chur as oifig tráth ar bith.

(3) Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh, a bhainisteoireacht agus a rialú go ginearálta agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an tÚdarás.

(4) Beidh an tArd-Stiúrthóir i seilbh oifige de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis an Ard-Stiúrthóir i leith caiteachais a thabhaigh sé.

Foireann an Údaráis.

19. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh siad le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

(2) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc le haon chomhalta d'fhoireann an Údaráis (seachas an tArd-Stiúrthóir) i leith caiteachais a thabhaigh sé.

(3) Beidh comhalta d'fhoireann an Údaráis (seachas an tArd-Stiúrthóir) i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoireann an Údaráis, agus an líon foirne i ngach grád, a chinneadh.

(5) Féadfaidh an tÚdarás aon fheidhm dá gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh trí chomhalta dá bhfoireann, nó ag comhalta dá bhfoireann, arna údarú go cuí ag an Údarás chuige sin.

Forálacha is infheidhme maidir le hoifigigh, etc. a aistreofar chuig an Údarás.

20. —(1) Gach oifigeach don Aire a bheidh ainmnithe ag an Aire tráth ar bith roimh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, aistreofar é chuig an Údarás, agus tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis ar an lá a ainmneofar amhlaidh é.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) gan fógra i scríbhinn a bheith tugtha aige d'aon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, agus don Údarás, go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh agus gan breithniú a bheith déanta aige ar aon uiríll a rinne siad sin nó aon cheann díobh i ndáil leis an ábhar laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon oifigeach don Aire a bheidh arna ainmniú ag an Aire faoi fho-alt (1) a aistreofar leis an bhfo-alt sin chuig foireann an Údaráis ní lú, fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis, an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas na téarmaí agus na coinníollacha sin a bhaineann le seilbh oifige) a mbeidh sé faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá a aistríodh amhlaidh é.

(4) Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás, tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, athrú ar scálaí pá agus ar théarmaí agus coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) na foirne a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag an bhfoireann chucu agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige), na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an fhoireann faoina réir díreach sular aistríodh í, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an bhfoireann agus féadfaidh an tÚdarás nó an tArd-Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, iad a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, fad a bheidh an fhoireann i seirbhís an Údaráis. Ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá nó na téarmaí nó na coinníollacha seirbhíse a bhain le comhalta den fhoireann sin díreach roimh an lá a aistríodh é le fo-alt (1) chuig foireann an Údaráis, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann.

(5) Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige a dheonaíonn an tUdarás do chomhalta d'fhoireann an Údaráis a d'ainmnigh an tAire agus a aistríodh faoi fho-alt (1) leis an bhfo-alt sin chuig foireann an Údaráis ní lú fabhar dó iad, fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís de thuras na huaire; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní athrú é a fhágann gur lú fabhar dó é ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta áirithe. Má bhíonn aon díospóid idir an tÚdarás agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha atá i réim sa státseirbhís, is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

(6) I ndáil le foireann a aistreofar le fo-alt (1) chuig foireann an Údaráis, féadfar seirbhís roimh ré sa státseirbhís a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh eile sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas fhoireann an Údaráis.

21. —(1) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a cheapfar le halt 19 nó a aistreofar le halt 20 chuig ionaid lánaimseartha ar fhoireann an Údaráis.

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Maidir le duine a aistreofar le halt 20 chuig ionad lánaimseartha ar fhoireann an Údaráis, déanfaidh scéim nó scéimeanna faoi fho-alt (1) socrú chun sochair aoisliúntais a dheonú dó nó ina leith ar théarmaí agus ar choinníollacha agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis díreach roimh an lá a aistríodh é amhlaidh i ndáil leis na sochair sin a dheonú.

(5) Más rud é, le linn na tréimhse idir an lá bunaithe agus teacht i ngníomh scéime faoin alt seo, go mbeadh sochair aoisliúntais deonaithe do dhuine nó i leith duine a aistríodh le halt 20 chuig foireann an Údaráis maidir lena fhostaíocht mar oifigeach don Aire, déanfaidh an tÚdarás na sochair aoisliúntais a dheonú don duine agus a íoc leis an duine nó a dheonú agus a íoc ina leith agus chun na críche sin déanfar a sheirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin roimhe sin.

(6) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní rinneadh faoin scéim.

(7) Faoi réir fho-alt (5) ní dheonóidh an tÚdarás aon sochar aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna faoin alt seo.

(8) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire, a tharchuirfidh í chun an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(9) San alt seo agus sa Chéad Sceideal ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar dhuine d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.

Deontas don Údarás.

22. —(1) Íocfar leis an Údarás i ngach bliain airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas de cibé méid a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, le haghaidh chaiteachais an Údaráis i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2) Féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais airgead a infheistiú ar cibé modh is cuí leo.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú roimh ré ón Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cistí a lorg agus a ghlacadh ó cibé foinsí eile agus faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire ó am go ham.

Cumhacht an Údaráis iasachtaí a fháil.

23. —Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó caipitiúil, airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis, nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh siad amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Muirir i leith seirbhísí.

24. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tÚdarás cibé muirir a ghearradh is iomchuí leo i gcomaoin soláthar seirbhísí acu (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire) agus seoladh gníomhaíochtaí acu agus féadfaidh siad aon ní a tháirgfidh, a fhoilseoidh nó a fhorbróidh an tÚdarás a dhíol ar cibé praghsanna is cuí leo agus féadfaidh siad conarthaí a dhéanamh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leo (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí leis an Údarás).

(2) Is faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais a chinnfear méideanna muirear a ghearrfaidh an tÚdarás.

(3) Muirir, praghsanna agus íocaíochtaí faoi fho-alt (1) maidir le seirbhísí a sholáthraítear, gníomhaíochtaí a sheoltar nó nithe a dhíoltar, lasmuigh den Stát, ní bheidh siad, ach amháin le ceadú an Aire, níos lú ná an costas a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthar, nó an ní a tháirgeadh agus a fhorbairt, de réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite dóibh faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar iníoctha aige é.

Cuntais agus iniúchtaí.

25. —(1) Coimeádfaidh an tÚdarás i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh siad nó a chaithfidh siad.

(2) Maidir leis na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus nuair a bheidh na cuntais sin iniúchta amhlaidh déanfar iad (maille le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu) a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta agus den tuarascáil orthu a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

26. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis, ach tráth nach déanaí ná sé mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an tÚdarás tuarascáil don Aire faoina ngníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé nithe, a ordóidh an tAire.