|
|||||
|
[EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 8 de 1989 | ||||||||||
[EN] |
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1989 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 8 de 1989 | ||||||||||
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1989 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ALT 91 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963 . | ||
[9 Bealtaine, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
“Acht 1963”. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963 . |
[EN] |
Leasú ar alt 91 d'Acht 1963. |
2. —Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1963— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
[EN] | “(cc) an vótaíocht i dtoghchán chun comhaltaí a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 ;”, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | |
[EN] | “(c) an tslí ina ndéanfar costais tógála na vótaíochtaí lena mbaineann a chionroinnt idir cibé ceann díobh seo a leanas a d'íocfadh, murach an fhoráil seo, costais na vótaíochtaí lena mbaineann, is é sin le rá, an Príomh-Chiste, an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla (de réir bhrí Chuid VI den Acht seo) lena mbaineann agus Aire na Gaeltachta.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo agus forléireofar é le chéile leis na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, mar aon Acht amháin. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1989, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, le chéile. |