9 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1989


AN tACHT UM BORD NA gCAPALL (DÍSCAOILEADH), 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Díscaoileadh an Bhoird.

3.

Sócmhainní an Bhoird a íoc.

4.

Cuntais chríochnaitheacha etc.

5.

Aisghairm.

6.

Caiteachais.

7.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht um Thionscal na gCapall, 1970

1970, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1989


AN tACHT UM BORD NA gCAPALL (DÍSCAOILEADH), 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD NA gCAPALL A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN AN tACHT UM THIONSCAL NA gCAPALL, 1970 , A AISGHAIRM, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[9 Bealtaine, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord na gCapall;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Bia.

Díscaoileadh an Bhoird.

2. —(1) Díscaoiltear leis seo an Bord.

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, dílsithe don Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar an tosach feidhme sin, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Aire nó ina maoin dá chuid, nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás) agus féadfaidh an tAire, faoi réir an ailt seo, an mhaoin sin a dhíol, a léasadh nó a dhiúscairt ar shlí eile nó a choimeád.

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo, agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an Bhoird déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an Aire á iarraidh sin aon tráth, an tosach feidhme sin nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Aire.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an tAire, agus féadfar in ainm an Aire, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal in aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, dlite den Bhord agus gan íoc aige nó a thabhaigh sé agus a bhí gan ghlanadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh nó glanfaidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire nó é a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo idir an Bord agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an tosach feidhme sin agus dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an tAire ann in ionad an Bhoird agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an Aire nó ina aghaidh.

(7) I gcás go mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar pháirtí iontu an Bord, déanfar, a mhéid a bhaineann na himeachtaí leis an mBord, an tAire a chur in ionad an Bhoird mar pháirtí iontu agus más gá cuirfear ainm an Aire in ionad ainm an Bhoird agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar aon chur-in-ionad den sórt sin.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an maoin nó leis na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Aire.

Sócmhainní an Bhoird a íoc.

3. —Déanfar aon airgead, agus aon fháltais ó réadú aon sócmhainní eile ag an Aire, de chuid an Bhoird a bheidh fágtha tar éis aon fhiacha agus dliteanais eile de chuid an Bhoird a bheith urscaoilte astu ag an Aire a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cuntais chríochnaitheacha etc.

4. —(1) (a) A luaithe is féidir tar éis fiacha agus dliteanais eile de chuid an Bhoird a bheith urscaoilte, cuirfidh an tAire faoi deara cuntas a ullmhú faoin airgead go léir a fuair, nó a chaith, an Bord i leith gach bliana sa tréimhse dar thús an bhliain 1987 agus dar chríoch an bhliain inar urscaoileadh na fiacha agus na dliteanais eile a dúradh.

(b) Cuirfidh an tAire faoi deara tuarascáil a ullmhú i dtaobh imeachtaí an Bhoird i leith gach bliana sa tréimhse a dúradh.

(2) Déanfaidh an tAire na cuntais a cuireadh faoi deara a ullmhú faoi fho-alt (1) (a) den alt seo a chur, a luaithe is féidir, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar, a luaithe is féidir, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas—

(a) cóipeanna de na cuntais a iniúchadh faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, maille leis na tuarascálacha ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, agus

(b) cóipeanna de na tuarascálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Thionscal na gCapall, 1970 .

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht um Bord na gCapall (Díscaoileadh), 1989 , a ghairm den Acht seo.