|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil III Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1989
[EN] | ||||||||||||||
[EN] |
Caibidil II Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin agus Measúnachtaí | |||||||||||||
[EN] |
Tuairisceáin a sheachadadh. |
74. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 36— | ||||||||||||
[EN] | “36.—(1) San alt seo— | |||||||||||||
[EN] | (a) d'ainneoin aon ní in ailt 6 agus 12— | |||||||||||||
[EN] | (i) is tagairt do bhronntanas inchánach a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, tagairt do bhronntanas inchánach; | |||||||||||||
[EN] | (ii) is tagairt d'oidhreacht inchánach a glacadh an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, tagairt d'oidhreacht inchánach; agus | |||||||||||||
[EN] | (iii) folaíonn tagairt, seachas i bhfomhír (i), do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt d'oidhreacht nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh; agus | |||||||||||||
[EN] | (b) folaíonn tagairt do dheontaí tagairt do chomharba. | |||||||||||||
[EN] | (2) Aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35 (1), nó de bhua mhír (c) d'alt 107 den Acht Airgeadais, 1984 , déanfaidh sé, laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (5)— | |||||||||||||
[EN] | (a) tuairisceán iomlán fírinneach a sheachadadh ar na Coimisinéirí ar na nithe seo a leanas— | |||||||||||||
[EN] | (i) gach bronntanas a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh ina leith; | |||||||||||||
[EN] | (ii) an mhaoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas sin ar an dáta luachála; | |||||||||||||
[EN] | (iii) meastachán ar mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála; agus | |||||||||||||
[EN] | (iv) cibé sonraí is iomchuí maidir leis an measúnacht cánach i leith an bhronntanais sin; | |||||||||||||
[EN] | (b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán sin maidir leis an méid cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an dáta luachála sin de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus | |||||||||||||
[EN] | (c) méid na cánach sin a íoc go cuí. | |||||||||||||
[EN] | (3) Ní mór forálacha fho-alt (2) (c) a chomhlíonadh— | |||||||||||||
[EN] | (a) i gcás ina mbeidh an cháin atá dlite agus iníoctha i leith aon chuid den bhronntanas á híoc ina tráthchodanna faoi fhorálacha alt 43, trí na méideanna seo a leanas a íoc go cuí, eadhon— | |||||||||||||
[EN] | (i) méid a mbeidh ar áireamh ann aon tráthchuid cánach a bhí dlite roimh nó ar dháta na measúnachta cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b); agus | |||||||||||||
[EN] | (ii) aon tráthchodanna eile den cháin sin ar na dátaí dlite de réir an ailt sin; | |||||||||||||
[EN] | (b) i gcás inarb é atá sa cháin atá dlite agus iníoctha cáin oidhreachta atá á híoc go hiomlán nó go páirteach trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais faoi fhorálacha alt 45— | |||||||||||||
[EN] | (i) trí iarratas chun an cháin go léir, nó cuid di, a íoc tríd an aistriú sin, a sheachadadh ar na Coimisinéirí i dteannta an tuairisceáin; | |||||||||||||
[EN] | (ii) trí aistriú na n-urrús chuig an Aire Airgeadais a chur i gcrích laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe ag na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn; agus | |||||||||||||
[EN] | (iii) tríd an mbreis, más ann, a íoc go cuí, arb í an bhreis í atá ag méid na cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b), nó i mír (a) (i), ar aghaidhluach ainmniúil na n-urrús a thairgtear chun an cháin a íoc de réir fhorálacha fhomhír (i). | |||||||||||||
[EN] | (4) Tá feidhm ag fo-alt (2) maidir le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 , agus maidir le haon bhronntanas eile, más rud é— | |||||||||||||
[EN] | (a) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh roimh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982— | |||||||||||||
[EN] | (i) gur mó luach inchánach an bhronntanais sin ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe, ar dháta an bhronntanais sin, maidir le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin; | |||||||||||||
[EN] | (ii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais roimhe sin a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i bhfomhír (i) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh; nó | |||||||||||||
[EN] | (iii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais roimhe sin a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is mó ná an méid a shronraítear i bhfomhír (i); | |||||||||||||
[EN] | agus, sa mhír seo— | |||||||||||||
[EN] | (I) aon tagairt do luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir folaíonn sí tagairt do luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir; | |||||||||||||
[EN] | (II) tá le ‘bronntanas inchomhiomlánaithe’ agus le ‘luach inchomhiomlánaithe’ na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal; | |||||||||||||
[EN] | (b) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh ar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, agus roimh an 26ú lá de Mhárta, 1984— | |||||||||||||
[EN] | (i) gur mó luach inchánach an bhronntanais sin ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe, ar dháta an bhronntanais sin, maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin; | |||||||||||||
[EN] | (ii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó aon diúscróir agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ó aon diúscróir ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i bhfomhír (i) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh; nó | |||||||||||||
[EN] | (iii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó aon diúscróir agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ó aon diúscróir ó mhéid is mó ná an méid a shonraítear i bhfomhír (i); | |||||||||||||
[EN] | (c) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh ar an 26ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, gur mó comhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach go léir arna nglacadh ag an deontaí ar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den méid tairsí (mar a mhínítear sin sa Dara Sceideal) a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcáin ar an gcomhiomlán sin a ríomh; nó | |||||||||||||
[EN] | (d) go gceanglaítear ar an deontaí nó, i gcás lena mbaineann alt 23 (1), ar an aistrí (de réir bhrí an ailt sin agus a mhéid dá bhforáiltear ann), le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh, | |||||||||||||
[EN] | agus, chun críocha an fho-ailt seo, aon tagairt do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach folaíonn sí tagairt do chuid de bhronntanas nó do chuid de bhronntanas inchánach, de réir mar a bheidh. | |||||||||||||
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, is é an dáta iomchuí— | |||||||||||||
[EN] | (a) an dáta luachála nó an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989, cibé acu is déanaí; nó | |||||||||||||
[EN] | (b) i gcás ina gceanglaítear ar an deontaí nó, i gcás lena mbaineann alt 23 (1), ar an aistrí (de réir bhrí an ailt sin agus a mhéid dá bhforáiltear ann), le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh, dáta an fhógra. | |||||||||||||
[EN] | (6) Aon duine atá cuntasach in íoc cánach de bhua fho-alt (2) nó (9) d'alt 35 déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air, le fógra i scríbhinn, déanamh amhlaidh, forálacha mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh (ionann is dá mba dhuine é a bhí cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35 (1)) laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra. | |||||||||||||
[EN] | (7) (a) Déanfaidh aon duine cuntasach, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é le fógra i scríbhinn, na nithe seo a leanas a sheachadadh ar na Coimisinéirí agus a fhíorú dóibh laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon— | |||||||||||||
[EN] | (i) ráiteas (ar fhoirm a sholáthróidh nó a cheadóidh siad, más cuí) ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann le haon mhaoin; agus | |||||||||||||
[EN] | (ii) cibé fianaise a iarrfaidh siad, | |||||||||||||
[EN] | is dóigh leo is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith an bhronntanais. | |||||||||||||
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí duine a údarú chun iniúchadh a dhéanamh— | |||||||||||||
[EN] | (i) ar aon mhaoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas; nó | |||||||||||||
[EN] | (ii) ar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile, i cibé foirm ina mbeidh siad á stóráil, á gcothabháil nó á gcoinneáil, a bhaineann le haon mhaoin agus is dóigh leo is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith bronntanais, | |||||||||||||
[EN] | agus ní mór don duine a mbeidh an mhaoin sin, nó na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid sin, ina choimeád nó ina sheilbh aige, a cheadú don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an t-iniúchadh sin a dhéanamh cibé tráthanna réasúnta is dóigh leis na Coimisinéirí is gá. | |||||||||||||
[EN] | (8) Féadfaidh na Coimisinéirí, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cuntasach— | |||||||||||||
[EN] | (a) tuairisceán breise a sheachadadh orthu laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, más dealraitheach do na Coimisinéirí go bhfuil tuairisceán a thug an duine cuntasach sin lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní atá ann nó a fágadh ar lár as; | |||||||||||||
[EN] | (b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán breise sin maidir leis an méid leasaithe cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbronntanas iomchuí, de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus | |||||||||||||
[EN] | (c) an cháin a bheidh gan íoc, más ann, agus a mbeidh sé cuntasach inti maidir leis an mbronntanas sin, a íoc go cuí; | |||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||
[EN] | (i) beidh feidhm ag ceanglais fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) d'fho-alt (2) (a) maidir le cibé tuairisceán breise a cheanglaítear a thabhairt de bhua mhír (a); agus | |||||||||||||
[EN] | (ii) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (3) maidir le haon íocaíocht a cheanglaitear a dhéanamh de bhua mhír (c). | |||||||||||||
[EN] | (9) I gcás fios a bheith ag aon duine cuntasach a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise, nó i gcás dó fios a fháil aon tráth, go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní atá ann nó a fágadh ar lár as, déanfaidh sé, gan iarratas ó na Coimisinéirí agus laistigh de thrí mhí ó fhios a fháil amhlaidh— | |||||||||||||
[EN] | (a) tuairisceán breise a sheachadadh orthu; | |||||||||||||
[EN] | (b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán breise sin maidir leis an méid leasaithe cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbronntanas iomchuí, de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus | |||||||||||||
[EN] | (c) an cháin a bheidh gan íoc, más ann, agus a mbeidh sé cuntasach inti maidir leis an mbronntanas sin, a íoc go cuí; | |||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||
[EN] | (i) beidh feidhm ag ceanglais fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) d'fho-alt (2) (a) maidir le cibé tuairisceán breise a cheanglaítear a thabhairt de bhua mhír (a); agus | |||||||||||||
[EN] | (ii) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (3) maidir le haon íocaíocht a cheanglaítear a dhéanamh de bhua mhír (c). | |||||||||||||
[EN] | (10) Beidh ag gabháil leis an tuairisceán, agus íocfar le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí, aon mhéid cánach is iníoctha ag duine cuntasach i leith measúnachta cánach a bheidh déanta aige i dtuairisceán arna sheachadadh aige (seachas aon mhéid den cháin sin is iníoctha trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais faoi fhorálacha alt 45). | |||||||||||||
[EN] | (11) Beidh ar áireamh in aon mheasúnacht nó íocaíocht cánach a dhéanfar faoi fhorálacha an ailt seo, aon ús ar an gcáin is iníoctha de réir fhorálacha alt 41.”. | |||||||||||||
[EN] |
Feidhm alt 39 (cáin a mheasúnú) den Phríomh-Acht. |
75. —Ní choiscfidh aon ní in alt 36 den Phríomh-Acht na Coimisinéirí ar mheasúnacht cánach, measúnacht cheartaitheach cánach nó measúnacht bhreise cánach a dhéanamh faoi fhorálacha alt 39 den Acht sin. | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 41 (cáin agus ús ar cháin a íoc), den Phríomh-Acht. |
76. —(1) Leasaítear leis seo alt 41 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | ||||||||||||
[EN] | “(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), ní bheidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de thrí mhí ón dáta luachála, agus i gcás cáin agus ús, más ann, uirthi a bheith íoctha laistigh de thríocha lá ó dháta na cánach sin a mheasúnú, ní rithfidh ús ar an gcáin sin ar feadh na tréimhse tríocha lá ó dháta na measúnachta ná ar feadh aon choda den tréimhse sin: | |||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll, i ndáil le measúnacht cánach a bheidh déanta ag duine cuntasach i dtuairisceán a sheachaid sé, nach mbeidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de cheithre mhí ón dáta luachála.”. | |||||||||||||
[EN] | (2) Déileálfar le híocaíocht cánach ó dhuine cuntasach mar íocaíocht ar cuntas cánach chun críocha alt 41 den Phríomh-Acht, d'ainneoin an íocaíocht a bheith coinníollach nó an mheasúnacht cánach a bheith mícheart. | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 63 (pionóis) den Phríomh-Acht. |
77. —Leasaítear leis seo alt 63 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||
[EN] | “(1) (a) Aon duine a sháróidh aon cheanglas nó foráil faoi alt 36, nó a mhainneoidh déanamh dá réir, dlífear pionós £2,000 a chur air. | |||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt, ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £25 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine lena mbaineann.”, | |||||||||||||
[EN] | (b) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” i bhfo-alt (2), | |||||||||||||
[EN] | (c) trí “£5,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (3), agus | |||||||||||||
[EN] | (d) trí “£1,000” a chur in ionad “£250” i bhfo-alt (7). | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 107 (feidhm an Phríomh-Achta) den Acht Airgeadais, 1984 . |
78. —Leasaítear leis seo alt 107 den Acht Airgeadais, 1984 — | ||||||||||||
[EN] | (a) trí mhír (e) a scriosadh, agus | |||||||||||||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g): | |||||||||||||
[EN] | “(g) ní bheidh feidhm ag ailt 35 (1), 40, 45 agus 57 den Phríomh-Acht, ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.”. | |||||||||||||
[EN] |
Formhuirear maidir le gearrluacháil maoine. |
79. —(1) Más rud é— | ||||||||||||
[EN] | (a) go seachadfaidh duine cuntasach tuairisceán, agus | |||||||||||||
[EN] | (b) go mbeidh an meastachán de mhargadhluach aon sócmhainne atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht agus atá sa tuairisceán sin, arna lua mar chéatadán de luach fionnta na sócmhainne sin, laistigh d'aon cheann de na céatadáin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo, | |||||||||||||
[EN] | ansin déanfar méid na cánach is inchurtha i leith na maoine arb í an tsócmhainn sin í a mhéadú de shuim (dá ngairtear an “formhuirear” anseo feasta san alt seo) is comhionann leis an gcéatadán comhfhreagrach, atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin os coinne na gcéatadán iomchuí sa cholún sin (1), den mhéid sin cánach. | |||||||||||||
[EN] | (2) Beidh ús iníoctha, faoi fhorálacha alt 41 den Phríomh-Acht, ar aon fhormhuirear ionann is dá mba cháin an formhuirear, agus beidh an formhuirear agus aon ús air inmhuirearaithe agus inghnóthaithe ionann is dá mba chuid den cháin an formhuirear agus an t-ús sin. | |||||||||||||
[EN] | (3) Aon duine arb éagóir leis formhuirear a bheith forchurtha air faoin alt seo i leith aon sócmhainne féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ó mhéid an fhormhuirir sin a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne an formhuirear sin a fhorchur ar na forais, agus ar na forais amháin, go raibh, ag féachaint do na himthosca uile, forais leordhóthanacha ann ar a bhféadfadh sé le réasún a mheastachán de mhargadhluach na sócmhainne a bhunú. | |||||||||||||
[EN] | (4) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a rinneadh chucu faoi fho-alt (3) a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnachta cánach, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha alt 52 den Phríomh-Acht a bhaineann le hachomharc, nó le hathéisteacht achomhairc, nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí. | |||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “luach fionnta” an margadhluach faoi réir cirt achomhairc faoi alt 51 nó alt 52 den Phríomh-Acht. | |||||||||||||
|