|
|||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1989
[EN] | ||||
[EN] |
CUID VII Ilghnéitheach | |||
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
91. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1988” alt 67 den Acht Airgeadais, 1988 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4); | |||
[EN] | tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |||
[EN] | (2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1988 ach “£44,924,133” a chur in ionad “£44,807,298”. | |||
[EN] | (3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1988 ach “£34,009,980” a chur in ionad “£34,439,900”. | |||
[EN] | (4) Déanfar suim £48,206,431 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989. | |||
[EN] | (5) Déanfar an naoú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |||
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £37,052,550 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |||
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |||
[EN] |
Lamháltais cánach do thiománaithe míchumasaithe, etc. |
92. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon achtachán, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus leis an Aire Comhshaoil, rialacháin a dhéanamh ina ndéanfar socrú— | ||
[EN] | (a) maidir leis an dleacht máil agus an cháin bhreisluacha a aisíoc, agus an cháin bhóthair a loghadh, i gcás mótarfheithicle arna húsáid, agus | |||
[EN] | (b) maidir leis an dleacht máil a aisíoc i ndáil le hola hidreacarbóin arna húsáid, lena dó in innill feithiclí a bheidh sonraithe sna rialacháin, | |||
[EN] | ag duine atá míchumasaithe go trom agus go buan— | |||
[EN] | (i) mar thiománaí, i gcás gur míthreoir de chineál í a fhágann nach bhféadfadh an duine áirithe aon fheithicil a thiomáint mura mbeadh sí déanta nó oiriúnaithe go speisialta chun an mhíthreoir sin a chur san áireamh, nó | |||
[EN] | (ii) mar phaisinéir, i gcás an fheithicil a bheith déanta nó oiriúnaithe go speisialta chun míthreoir an phaisinéara a chur san áireamh, agus, i gcás an fheithicil a bheith oiriúnaithe, nach lú costas an oiriúnaithe sin ná 30 faoin gcéad de luach na feithicle gan cáin agus dleacht máil a áireamh, nó cibé céatadán is lú ná sin i leith cásanna áirithe a bheidh sonraithe le rialacháin i ndáil le haisíoc aon chánach a bhaineann le costais oiriúnaithe agus leo sin amháin. | |||
[EN] | (2) Socrófar i rialacháin faoin alt seo— | |||
[EN] | (a) na critéir chun bheith cáilithe chun an loghadh cánacha a shonraítear i bhfo-alt (1) a fháil, lena n-áirítear cibé critéir bhreise liachta i ndáil le míchumais a mheasfar is gá, | |||
[EN] | (b) faoi réir fho-alt (3) (b), na nósanna imeachta a úsáidfear i ndáil le bundeimhniúchán liachta duine mhíchumasaithe agus le hachomhairc i gcoinne deimhniúcháin den sórt sin, | |||
[EN] | (c) na nósanna imeachta i ndáil le deimhniúchán feithiclí lena mbaineann na rialacháin, | |||
[EN] | (d) an méid cánach breisluacha agus dleachta máil is inaisíoctha i leith feithicle lena mbaineann na rialacháin, | |||
[EN] | (e) an inneallmhéid nó na hinneallmhéideanna uasta lena mbaineann na rialacháin, | |||
[EN] | (f) na teorainneacha atá le minicíocht athnuachana feithicle chun aisíoc cánach nó dleachta máil a fháil, agus | |||
[EN] | (g) i gcás an tiománaí lena mbaineann, fianaise gur dá úsáid phearsanta féin an fheithicil agus fianaise maidir lena chumas tiomána, | |||
[EN] | agus féadfar socrú a dhéanamh sna rialacháin maidir le cibé nithe eile is dóigh leis an Aire Airgeadais is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don alt seo. | |||
[EN] | (3) (a) Ar theacht i ngníomh den chéad uair do rialacháin faoin alt seo, scoirfidh alt 43 (1) den Acht Airgeadais, 1968 , d'éifeacht a bheith leis. | |||
[EN] | (b) Aon duine a bhí, ar dháta rite an Achta seo, ina úinéir cláraithe ar mhótarfheithicil, is mótarfheithicil a raibh an duine sin i dteideal aisíoc cánach nó dleachta máil a fháil ina leith, agus a raibh sé tar éis í a fháil ina leith, faoi threoir alt 43 (1) den Acht Airgeadais, 1968 , measfar gur duine é a bhfuil bundeimhniú liachta aige a thugann teideal dó, faoi réir na ceanglais neamhliachta atá leagtha amach sna rialacháin a bheith comhlíonta, aisíoc cánach nó dleachta máil dá samhail a fháil faoi threoir an ailt seo. | |||
[EN] | (4) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis na rialacháin a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | |||
[EN] | (5) San alt seo— | |||
[EN] | ciallaíonn “lia-chleachtóir” lia-chleachtóir a bheidh cláraithe faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “bundeimhniúchán liachta” deimhniúchán liachta ag liachleachtóir is sealbhóir poist i mbord sláinte, arb é an post é ar a dtugtar de ghnáth Stiúrthóir Aireachais Phobail agus Dochtúir Oifigiúil Sláinte, sa cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine lena mbaineann an deimhniúchán, agus forléireofar “bundeimhniú liachta” dá réir sin. | |||
[EN] |
Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis a fhoirceannadh. |
93. —Féadfaidh an tAire, le hordú, dáta a ainmniú ar a bhfoirceannfar Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis agus ar an dáta sin— | ||
[EN] | (a) scoirfidh an Ciste sin de bheith ar marthain, | |||
[EN] | (b) déanfar na hiarmhéideanna a bheidh chun creidmheasa Chúlchuntas Colna agus Chúl-chuntas Úis an Chiste sin a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla agus cuirfear chun feidhme iad chun an phríomhshuim agus an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc, agus | |||
[EN] | (c) scoirfidh alt 34 den Acht Airgid, 1929 , agus alt 17 den Acht Airgeadais, 1943 , d'éifeacht a bheith leo. | |||
[EN] |
Muirearú caiteachas a tabhaíodh i ndáil le bainisteoireacht duaisbhannaí. |
94. —(1) (a) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 — | ||
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “agus lena mbainisteoireacht” a chur isteach i ndiaidh “lena n-eisiúint”, agus | |||
[EN] | (ii) trí fho-alt (4) a scriosadh, | |||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
[EN] | (b) Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Airgeadais, 1958 , trí fho-alt (1) a scriosadh. | |||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1990. | |||
| ||||
[EN] |
Urrúis de chuid Radio Telefís Éireann agus Chorparáid an Chairde Tionscail c.p.t. |
95. —(1) Leasaítear leis seo Cuid XXXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||
[EN] | (a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 467A: | |||
[EN] | “467B.—(1) Aon bhintiúir, stoc bintiúir, bannaí, nótaí, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis arna n-eisiúint tar éis dháta rite an Achta Airgeadais, 1989 , ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin. | |||
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, le linn méid brabús nó gnóchan cuideachta lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh chun críocha measúnachta faoi Sceideal D, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, ar stoc bintiúir, ar bhannaí, ar nótaí, ar dheimhnithe muirir nó ar fhoirmeacha eile urrúis a bheidh, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466 arna chur chun feidhme leis an alt seo, íoctha ag an gcuideachta gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin. | |||
[EN] | (3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Radio Telefís Éireann agus Corparáid an Chairde Tionscail c. p. t.”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) trí “467B,” a chur isteach i ndiaidh “467A,” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) in alt 474 (1), agus tá an t-alt sin 474 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 19 (d) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, trí “Radio Telefís Éireann, Corparáid an Chairde Tionscail c.p.t.,” a chur isteach i ndiaidh “Bord Soláthair an Leictreachais,”, agus tá an t-alt sin 19 (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Comhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le Bord Telecom Éireann. |
96. —Na híocaíochtaí (is íocaíochtaí de bhua comhaontú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 100 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 , agus faoi fho-alt (1) d'alt 68 den Acht Airgeadais, 1985 ) a rinne Bord Telecom Éireann leis an Aire Airgeadais ar mhodh réamhíocaíochtaí airgid ab iníoctha faoin alt sin 100, agus ar shuim £208,127,767 a bhí iontu, measfar gur íocaíochtaí faoin alt sin iad. | ||
[EN] |
Ciste Bhanc Taisce an Phoist. |
97. —Leasaítear leis seo alt 17 den Customs, Inland Revenue, and Savings Banks Act, 1877, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad na míre a bhfuil an uimhir (1.) léi: | ||
[EN] | “(1.) An account in the form of a balance sheet as at the thirty-first day of December, showing assets, liabilities and the accumulated reserve of the Post Office Savings Bank Fund, with notes thereto which shall include (where appropriate) particulars of interest accrued in respect of the securities standing to the credit of that Fund and of the interest paid and credited to depositors in pursuance of any enactment relating to the Post Office Savings Bank, and a note further thereto of the expenses incurred in the execution of those enactments.”. | |||
[EN] |
Urrúis de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. |
98. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 92 den Acht Airgeadais, 1973 , trí “ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa,” a chur isteach i ndiaidh “sa Stát”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984 , trí “ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa,” a chur isteach i ndiaidh “an Aire Airgeadais,”, agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna. |
99. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (cé is moite den dleacht máil ar cheadúnais tiomána) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim. | ||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
100. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1989 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Déanfar Codanna I agus VII (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |||
[EN] | (3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin. | |||
[EN] | (4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, a ghairm díobh le chéile. | |||
[EN] | (5) Déanfar Cuid IV agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) Cuid VII a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||
[EN] | (6) Déanfar Cuid V agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) Cuid VII a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||
[EN] | (7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983 . | |||
[EN] | (8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1989. | |||
[EN] | (9) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas ailt 54, 55, 56 (a) agus 58 go 63, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1989, glacfaidh míreanna (a) agus (d) d'alt 61 agus alt 63 (a) éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, agus glacfaidh míreanna (b) agus (c) d'alt 61 agus ailt 62 agus 63 (b) éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1989. | |||
[EN] | (10) Tiocfaidh Caibidil II de Chuid V i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989. | |||
[EN] | (11) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile forléireofar í, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |||
[EN] | (12) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |||
[EN] | (13) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. |