An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1989) Ar Aghaidh (Caibidil II Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) in alt 1, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) San alt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe', faoi réir fho-alt (3)—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £6,000, agus

(b) in aon chás eile, £3,000.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo agus alt 2, i gcás ina gcruthóidh éilitheoir go bhfuil aon leanbh cáilitheach dá chuid beo tráth ar bith le linn bliana measúnachta, ansin, faoi réir fho-alt (4), déanfar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo nó alt 2, de réir mar a bheidh) a mhéadú £200 in aghaidh gach linbh den sórt sin don bhliain mheasúnachta sin.

(b) Déanfar aon cheist i dtaobh leanbh a bheith ina leanbh cáilitheach chun críocha an ailt seo nó alt 2 a chinneadh ar an mbonn céanna ar a gcinnfí í chun críocha alt 138A den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach sin gan féachaint d'fho-ailt(1) (a), (2), (3) agus (5) den alt sin.

(4) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil, nó go mbeadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, teideal ag dhá phearsa aonair nó níos mó, faoi fho-alt (3), chuig méadú ar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo nó alt 2, de réir mar a bheidh) i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:

(a) ní lamhálfar ach aon mhéadú amháin den sórt sin faoi fho-alt (3) i leith an linbh sin;

(b) i gcás nach mbeidh an leanbh sin á chothabháil ach ag aon phearsa aonair amháin, is í an phearsa aonair sin amháin a bheidh i dteideal an méadú a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag níos mó ná pearsa aonair amháin, beidh gach pearsa aonair acu i dteideal cibé cuid den mhéadú a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith an phearsa aonair sin ar an leanbh sin i gcoibhneas leis an méid iomlán a d'íoc na pearsana aonair go léir i leith chothabháil an linbh;

(d) nuair a bheifear á fhionnadh chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag pearsa aonair agus, má tá, cá mhéad atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh aon íocaíocht a rinne an phearsa aonair faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh ar íocaíocht í a mbeidh an phearsa aonair sin i dteideal í a asbhaint le linn dá hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”,

agus

(b) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) San alt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe', faoi réir fho-alt (3) d'alt 1—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £6,800:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £8,000, agus

(b) in aon chás eile, £3,400:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £4,000.”.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £6,100

...

...

32 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An chéad £3,100 eile

...

48 faoin gcéad

Na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

56 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £12,200

...

...

32 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An chéad £6,200 eile

...

48 faoin gcéad

Na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

56 faoin gcéad

”.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

3. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1989-90 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt(2)—

(a) “1989-90” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé.

Faoiseamh maidir le caiteachas ar fhoirgnimh áirithe i limistéir ainmnithe.

4. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “duine údaraithe”—

(i) cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo, nó

(ii) duine a bheidh ainmnithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo;

tá le “limistéar ainmnithe”, faoi réir alt 27 den Acht Airgeadais, 1987 , an bhrí a shanntar le halt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ;

folaíonn “úinéir”, i ndáil le foirgneamh, pearsa aonair atá i dteideal an feo simplí i dteach cónaithe a fháil faoi Chuid II den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “úinéireacht” agus “úinéir-áitithe” i ndáil le foirgneamh;

ciallaíonn “foirgneamh cáilitheach” foirgneamh a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus a gcinnfidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir leis, ar iarratas chuige sin chun na gCoimisinéirí sin ón bpearsa aonair arb é úinéir an fhoirgnimh é, gur foirgneamh é is díol spéise suntasach ó thaobh na heolaíochta, na staire, na hailtireachta nó na haeistéitice de;

ciallaíonn “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, foirgneamh cáilitheach—

(i) atá á úsáid aige, an tráth a dtabhaítear an caiteachas iomchuí, nó

(ii) a úsáideann sé i gcéaduair, tar éis an caiteachas iomchuí a bheith tabhaithe,

mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaithe;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach dáta rite an Achta seo agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1991;

ciallaíonn “caiteachas iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair, le linn na tréimhse cáilithí, ar aon obair dheisiúcháin nó athchóiriúcháin, nó obair chothabhála de chineál deisiúcháin nó athchóiriúcháin, atá ag teacht le buncharachtar nó bundéanamh an fhoirgnimh agus a dhéantar ar theaghais úinéir-áitithe cháilitheach de chuid na pearsan aonair.

(b) Chun críocha an ailt seo, ní áireofar mar chaiteachas a tabhaíodh an oiread sin d'aon chaiteachas is ionann agus aon suim a fuair an phearsa aonair a bheidh ag déanamh éilimh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (2), nó aon suim a bheidh le fáil aige, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin, nó i leith nó faoi threoir an fhoirgnimh cháilithigh nó na hoibre lena mbaineann sé, ón Stát, ó údarás poiblí nó áitiúil nó ó aon duine eile nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó ar shlí eile.

(c) (i) I gcás ina dtabhóidh dhá phearsa aonair nó níos mó caiteachas iomchuí i ndáil le foirgneamh cáilitheach, measfar nár thabhaigh gach pearsa aonair acu sin ach cibé méid den chaiteachas is dóigh leis an gcigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, a bheith cóir agus réasúnach agus déanfar an caiteachas a chionroinnt dá réir sin.

(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fhomhír (i) a leasú ar achomharc i gcoinne aon fhaoisimh a deonaíodh ar bhonn na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí i mbliain mheasúnachta, beidh sé i dteideal go n-asbhainfí as a ioncam iomlán, don bhliain mheasúnachta sin, méid is ionann agus 25 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais iomchuí agus go n-asbhainfí amhlaidh, i ngach bliain de na cúig bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin, méid is ionann agus 5 faoin gcéad den chaiteachas iomchuí sin.

(3) Ní lamhálfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le caiteachas a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(4) (a) I gcás ina mbeidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn tar éis cinneadh a dhéanamh gur foirgneamh cáilitheach foirgneamh agus ina dhiaidh sin, mar gheall ar aon athrú a bheidh déanta nó le déanamh ar an bhfoirgneamh, gur dóigh leo nach foirgneamh é a thuilleadh is díol spéise suntasach ó thaobh na heolaíochta, na staire, na hailtireachta nó na haeistéitice de, nó nach foirgneamh den sórt sin a bheidh ann a thuilleadh, déanfaidh siad—

(i) an cinneadh a chúlghairm trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir an fhoirgnimh, agus

(ii) an chúlghairm, agus dáta na cúlghairme, a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) Más rud é go mbeidh faoiseamh tugtha faoin alt seo do phearsa aonair i leith caiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil le foirgneamh a mbeidh cinneadh cúlghairthe maidir leis de réir mhír (a), déanfar, más é an phearsa aonair sin a chuir faoi deara an t-athrú a dhéanamh, an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar, maidir leis an bpearsa aonair, na measúnachtaí nó na measúnachtaí breise sin go léir is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(5) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair éileamh faoi fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe, aon tráth réasúnach, dul isteach san fhoirgneamh cáilitheach, ar tabhaíodh an caiteachas iomchuí ina leith, chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó ar an obair ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas lena mbaineann an t-éileamh.

(b) Aon uair a fheidhmeoidh duine údaraithe aon chumhacht a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, tabharfaidh sé a údarú chun críocha an ailt seo ar aird d'aon duine lena mbaineann, ar an duine sin dá iarraidh sin.

(c) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(6) Maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo—

(a) beidh sé i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham, agus

(b) beidh ag gabháil leis cibé ráitis i scríbhinn i dtaobh an chaiteachais a mbeidh an faoiseamh á éileamh ina leith, lena n-áirítear ráitis ó dhaoine lena ndearnadh íocaíochtaí, a bheidh sonraithe san fhoirm fhorordaithe.

(7) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaintí faoin alt seo.

(8) Déantar leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur le mír (a) i ndiaidh fhomhír (xi) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ):

“(xii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1989 , sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,”.

Leasú ar alt 2 (díolúine do thuilleamh áirithe de chuid scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí) den Acht Airgeadais, 1969 .

5. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1969 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) Más rud é—

(i) go mbeidh pearsa aonair—

(I) tar éis éileamh cuí (dá ngairtear ‘éileamh' anseo feasta san fho-alt seo) a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar chinneadh faoi chlásal (I) nó (II) d'fho-alt (2) (a) (ii) i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, de réir mar a bheidh, a bheidh scríofa, cumtha nó déanta aige, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile, agus

(II) tar éis déanamh de réir aon iarrata a bheidh déanta air, maidir leis an éileamh, faoi fho-alt (4) nó (5) sa tréimhse iomchuí,

agus

(ii) go mainneoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh faoi na forálacha sin i ndáil leis an éileamh sa tréimhse iomchuí,

féadfaidh an phearsa aonair, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar na forais seo a leanas—

(A) gur saothar é nó gur saothair iad dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó

(B) go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona sa saothar áirithe,

de réir mar a bheidh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí', maidir le héileamh i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, an tréimhse 6 mhí dar tosach—

(i) an dáta atá 6 mhí roimh dháta rite an Achta Airgeadais, 1989 , nó

(ii) más déanaí é, an dáta ar a ndéantar éileamh i gcéaduair maidir leis an saothar sin nó na saothair sin nó leis an saothar áirithe, de réir mar a bheidh.

(5B) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc éileamh a dhéanfar chucu faoi fho-alt (5A) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (5C), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phone dlí.

(5C)(a)  Ar achomharc a dhéanfar faoi fho-alt (5A) a éisteacht, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc—

(i) tar éis dóibh breithniú a dhéanamh—

(I) ar aon fhianaise i ndáil leis an ábhar a bheidh curtha faoina mbráid ag an bpearsa aonair lena mbaineann nó thar a cheann, agus ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann, agus

(II) i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, ar an saothar nó na saothair nó ar an saothar áirithe,

agus

(ii) tar éis dóibh cibé comhairle (más ann) is dóigh leo is gá a fháil ó cibé duine nó comhlacht daoine is dóigh leo a d'fhéadfadh cabhrú leo,

a chinneadh go bhfuil scríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ag an bpearsa aonair lena mbaineann, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile—

(A) saothar nó saothair dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó

(B) saothar áirithe a bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann,

agus, i gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc amhlaidh, beidh an phearsa aonair i dteideal faoiseamh a fháil faoi fho-alt (3) (a) ionann is dá mbeadh an cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi chlásal (I) nó (II) d'fho-alt (2) (a) (ii), de réir mar a bheidh.

(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus, a mhéid is gá sin, maidir le cinneadh na hArd-Chúirte ar aon cheist nó ceisteanna dlí a ardófar nuair a shonrófar cás chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil.

(5D) Chun críocha achomharc faoi fho-alt (5A) a éisteacht nó a athéisteacht, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun gníomhú thar a gceann.”.

Leasú ar alt 8 (srian le faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí áirithe de réir ráta laghdaithe) den Acht Airgeadais, 1982 .

6. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1982 , maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, trí na mínithe seo a leanas, faoi seach, a chur in ionad na mínithe ar “iasacht tosaíochta” agus “an ráta sonraithe” i bhfo-alt (1) (a):

“ciallaíonn ‘iasacht tosaíochta’ iasacht, nach iníoctha aon ús ina leith nó ar iníoctha ús ina leith de réir ráta tosaíochta, a thugann duine go díreach nó go neamhdhíreach do phearsa aonair nó do chéile na pearsan aonair, ar duine é is fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair nó le céile na pearsan aonair, ach ní fholaíonn sé aon iasacht den sórt sin ar iníoctha ús ina leith de réir ráta nach lú ná an ráta úis ar dá réir a thugann an fostóir, i gcúrsa a chuid trádála, iasachtaí coibhéiseacha chun críocha dá samhail ar neamhthuilleamaí do dhaoine seachas fostaithe nó a gcéilí;

ciallaíonn ‘an ráta sonraithe', i ndáil le hiasacht tosaíochta—

(i) i gcás—

(I) ina mbeidh an t-ús a íoctar ar an iasacht tosaíochta, cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 76 (1) (c) nó 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, nó

(II) mura n-íoctar ús ar bith ar an iasacht tosaíochta, go mbeadh an t-ús a d'íocfaí ar an iasacht sin (dá mba iníoctha ús) cáilithe amhlaidh,

an ráta 10 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, nó

(ii) i gcás—

(I) ina dtugann fostóir an iasacht tosaíochta d'fhostaí,

(II) inar cuid de thrádáil an fhostóra iasachtaí a thabhairt, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe, ar feadh téarma ainmnithe blianta de réir ráta úis nach n-athraíonn feadh ré na hiasachta, agus

(III) inar ráta is lú ná 10 faoin gcéad sa bhliain, nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, an ráta úis ar a dtugann nó ar ar thug an fostóir, i gcúrsa a chuid trádála an tráth a dtugtar nó ar tugadh an iasacht tosaíochta, iasachtaí ar neamhthuilleamaí do dhaoine, seachas fostaithe, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe,

an chéad ráta a luaitear i bhfomhír (III), nó

(iii) in aon chás eile, an ráta 12 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin.”.

Leasú ar alt 6 (faoiseamh i leith úis) den Acht Airgeadais, 1987 .

7. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1987 , maidir le haon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “80 faoin gcéad” in ionad “90 faoin gcéad” i bhfo-alt (1).

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith préimheanna arárachais áirithe, etc.

8. —Maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, i gcás ina mbeidh pearsa aonair i dteideal faoiseamh a fháil faoi alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is é a bheidh i méid an fhaoisimh sin méid is ionann agus 80 faoin gcéad de mhéid an fhaoisimh a thabharfaí thairis sin faoin alt sin mura mbeadh an t-alt seo.

Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 .

9. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—

(a) in alt 12, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) a ghabhann le mír (c) i bhfo-alt (1):

“Ar choinníoll, i gcás inar úsáid an chuideachta an t-airgead a cruinníodh, nó go bhfuil sí á úsáid nó go mbeartaíonn sí é a úsáid, chun long a cheannach lena húsáid aici i gcúrsa trádála loingseoireachta cáilithí atá á seoladh aici, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó Aire na Mara á dheimhniú—

(i) go rabhthas, go bhfuiltear nó go mbeifí i dteideal deontas-i-gcabhair a fháil, chun an long a cheannach, faoi scéim chúnaimh reachtúil chun longa a cheannach atá á riar ag Roinn na Mara, agus

(ii) maidir le fáil na loinge ag an gcuideachta, gur chuir, go gcuireann nó go gcuirfeadh an fháil sin go tairbhiúil leis an gcabhlach loingseoireachta atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955 , agus

(iii) gur comhlíonadh cibé coinníollacha eile a bheidh leagtha síos ag an Aire Airgeadais, i gcomhairle le hAire na Mara, i ndáil leis na himthosca ina bhféadfar a mheas go gcabhraíonn ceannach na loinge leis an gcuspóir a luaitear i mír (ii).”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“Srian le faoiseamh i gcás gur mó na méideanna a chruinneofar ná uasmhéid ceadaithe.

13A.—(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí scaireanna cáilithe a eisiúint (dá ngairtear an ‘eisiúint iomchuí’ anseo feasta san alt seo) aon lá arb é an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó aon lá dá éis, é, ní thabharfar faoiseamh maidir leis an mbreis a bheidh ag an méid sin ar an méid a chinnfear de réir na foirmle—

£2,500,000 - A

i gcás gurb é A—

(a) £2,500,000, nó

(b) méid is ionann agus comhiomlán na méideanna go léir a chruinnigh an chuideachta trí scaireanna cáilithe a eisiúint tráth ar bith roimh an eisiúint iomchuí,

cibé méid acu is lú.

(2) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1), cad é

an méid lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin, ní chuirfear i gcuntas aon mhéid—

(a) a bheidh suibscríofa ag duine seachas pearsa aonair a cháilíonn le haghaidh faoisimh, nó

(b) a mbeidh sé toirmiscthe de bhua alt 13 faoiseamh a thabhairt ina leith.

(3) Más rud é, mar gheall ar fho-alt (1), go dtoirmiscfí faoiseamh a thabhairt ar éilimh i leith scaireanna a bheidh eisithe chuig dhá phearsa aonair nó níos mó, déanfar an faoiseamh a bheidh ar fáil a roinnt eatarthu faoi seach i gcomhréir leis na méideanna a bheidh suibscríofa acu le haghaidh na scaireanna lena mbaineann na héilimh uathu, ar méideanna iad a bheadh, ar leith ón alt seo, cáilithe le haghaidh faoisimh.”,

(c) in alt 16—

(i) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas le fo-alt (2) a chur isteach i ndiaidh an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

“Ar choinníoll freisin nach ndéanfar—

(I) ach amháin i gcás inar cuid é de sheoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 den Acht Airgeadais, 1987 , léasú innealra nó gléasra,

(II) léasú talún nó foirgneamh, nó

(III) seoladh gníomhaíochtaí airgeadais,

a áireamh mar oibríochtaí trádála cáilitheacha chun críocha an ailt seo agus, chun críocha an choinníll seo—

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí airgeadais’ saoráidí maoinithe nó athmhaoinithe a sholáthar, agus na nithe go léir a bhaineann lena soláthar, ar mhodh ar bith lena ngabhann síneadh creidmheasa, nó a bhfuil an éifeacht chéanna leis;

folaíonn ‘saoráidí maoinithe nó athmhaoinithe'—

(A) iasachtaí, morgáistí, léasú, cíosléasú agus fruilcheannach agus gach comhshocraíocht dá samhail,

(B) infheistíocht chothromais,

(C) fachtóireacht fiach agus lascainiú billí, sonrasc agus nótaí gealltanais, agus gach ionstraim dá samhail,

(D) frithghealladh ionstraimí fiachais agus gach cineál eile urrús airgeadais, agus

(E) ceannach nó díol sócmhainní airgeadais;

folaíonn ‘sócmhainní airgeadais’ scaireanna, órchiumhaiseanna, bannaí, airgeadraí coigríche agus gach cineál todhchaíochtaí, roghanna agus babhtálacha airgeadraí agus rátaí úis, agus ionstraimí dá samhail, lena n-áirítear todhchaíochtaí tráchtearraí agus roghanna tráchtearraí, sonraisc agus gach cineál infhaighteachtaí, oibleagáidí a fhianaíonn fiachas (lena n-áirítear iasachtaí agus taiscí), léasanna agus punanna iasachta agus léasaithe, billí malairte, creidmheasanna glacachta agus gach doiciméad teidil eile a bhaineann le gluaiseacht earraí, páipéar tráchtála, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta nó inaistrithe de gach cineál eile.”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ):

“(a) oibriú saoráidí cóiríochta do thurasóirí, fearacht óstáin, tithe aíochta, láithreáin charbhán agus champála agus cóiríocht fhéinfhreastail dá gcoimeádann an Bord clár de réir na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, seachas cóiríocht fhéinfhreastail den sórt sin sna háiteanna seo a leanas—

(i) contaebhuirg Bhaile Átha Cliath,

(ii) contaebhuirg Chorcaí,

(iii) contaebhuirg Luimnigh,

(iv) contaebhuirg na Gaillimhe,

(v) contaebhuirg Phort Láirge, agus

(vi) contae riaracháin Bhaile Átha Cliath,”,

agus

(d) in alt 17, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair, go díreach nó go neamhdhíreach, sa tréimhse iomchuí—

(i) (I) rogha a fháil a d'fhágfadh, dá bhfeidhmeofaí í, faoi théarmaí na rogha nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a fhaightear an rogha—

(A) go mbeadh de cheangal ar an duine óna bhfuarthas an rogha, nó ar aon duine eile, nó

(B) go gcuirfí faoi deara don duine sin nó don duine eile sin,

aon scaireanna cáilithe a cheannach, nó a fháil ar shlí eile, ar phraghas a bheadh, ag féachaint do théarmaí na rogha nó do théarmaí na comhshocraíochta nó na comhthuisceana sin agus do ghlanéifeacht na dtéarmaí sin á dtógáil mar aonad, éagsúil le margadhluach na scaireanna cáilithe an tráth a dhéantar an ceannach nó an fháil, nó

(II) comhaontú a dhéanamh a d'fhágfadh, faoi théarmaí an chomhaon taithe nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dhéantar an comhaontú—

(A) go mbeadh de cheangal ar an duine lena ndéantar an comhaontú nó ar aon duine eile, nó

(B) go gcuirfí faoi deara don duine sin nó don duine eile sin,

aon scaireanna cáilithe a cheannach, nó a fháil ar shlí eile, ar an modh a thuairiscítear i gclásal (I),

(ii) (I) rogha a dheonú d'aon duine a d'fhágfadh, dá bhfeidhmeofaí í, faoi théarmaí na rogha nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar dá réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dheonaítear an rogha, go mbeadh de cheangal ar an bpearsa aonair, nó go gcuirfí faoi deara dó, aon scaireanna cáilithe a dhiúscairt chuig an duine dár dheonaigh sé an rogha, nó chuig aon duine eile, ar phraghas a bheadh, ag féachaint do théarmaí na rogha nó do théarmaí na comhshocraíochta nó na comhthuisceana sin agus do ghlanéifeacht na dtéarmaí sin á dtógáil mar aonad, éagsúil le margadhluach na scaireanna cáilithe tráth déanta na diúscartha, nó

(II) comhaontú a dhéanamh a d'fhágfadh, faoi théarmaí an chomhaontaithe nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dhéantar an comhaontú, go mbeadh de cheangal ar an bpearsa aonair, nó go gcuirfí faoi deara dó, aon scaireanna cáilithe a dhiúscairt chuig an duine lena ndéantar an comhaontú, nó chuig aon duine eile, ar an modh a thuairiscítear i gclásal (I),

ní bheidh sé i dteideal aon fhaoiseamh a fháil i leith na scaireanna lena mbaineann an rogha nó an comhaontú.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon tagairtí do rogha nó do chomhaontú folaíonn siad tagairtí do cheart nó oibleagáid rogha a fháil nó a dheonú nó comhaontú a dhéanamh, agus aon tagairtí d'fheidhmiú rogha folaíonn siad tagairtí d'fheidhmiú rogha a fhéadfar a fháil nó a dheonú trí cheart den sórt sin a fheidhmiú, nó faoi oibleagáid den sórt sin.”.

Tosaíocht ag méideanna áirithe i bhfoirceannadh.

10. —Chun críocha fho-alt (2) (a) (iii) d'alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963

(a) measfar go bhfolaíonn an méid dá dtagraítear san fho-alt sin aon mhéid—

(i) a bheadh, ar leith ó fhorálacha Rialachán 31A (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1989 (I.R. Uimh. 58 de 1989)) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ), ina mhéid, thairis sin, a bheadh dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn fostóir, faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus aon rialachán faoin Acht sin (seachas an Rialachán sin 31A), a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV agus a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí,

(ii) arna laghdú d'aon mhéid a dhligh sé, faoin gCaibidil sin IV agus aon rialachán faoi, a aisíoc i gcaitheamh na tréimhse sin, agus

(iii) móide aon ús is iníoctha faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

agus

(b) measfar, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt sin 285, gurb é an dáta iomchuí an dáta arb é an naoú lá é tar éis dheireadh na míosa cánach ioncaim ina raibh an dáta iomchuí (de réir bhrí an fho-ailt sin (1)).