An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

Caibidil IV

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

29. —Déantar leis seo mír 11 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 , agus a bhaineann le diúscairt sócmhainní áirithe) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a leasú, maidir le diúscairtí a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, trí “céad míle punt” a chur in ionad “caoga míle punt” i bhfomhír (8), agus tá an fhomhír sin (8) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(8) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná céad míle punt comaoin na diúscartha:

Leasú ar alt 61 (scaireanna ar Mhargadh na Mionchuideachtaí agus scaireanna áirithe eile a dhiúscairt) den Acht Airgeadais, 1986 .

30. —Leasaítear leis seo alt 61 den Acht Airgeadais, 1986 , i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1986, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1992;”.

Leasú ar alt 70 (urrúis de chuid Bhord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.) den Acht Airgeadais, 1988 .

31. —(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Airgeadais, 1988 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) Amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith, ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 54 den Acht Airgeadais, 1983 , ná, sa mhéid go mbaineann sí le Bord Telecom Éireann, le mír (b) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984 .”.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i bhfeidhm, agus glacfaidh sé éifeacht, amhail ar an agus ón 25ú lá de Bhealtaine, 1988.

Ní sócmhainní inmhuirearaithe conarthaí todhchaíochtaí áirithe.

32. —Leasaítear leis seo alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

(a) trí fo-alt (1) den alt sin a thabhairt ar an bhforáil atá ann faoi láthair, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur leis:

“(2) I dteannta fhorálacha fho-alt (1), ní sócmhainní inmhuirearaithe na conarthaí todhchaíochtaí go léir—

(a) ar conarthaí neamhchoinníollacha iad chun fáil nó diúscairt a dhéanamh ar aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó aon ionstraimí eile lena mbaineann forálacha an ailt seo de bhua aon achtacháin eile (cibé uair a achtaíodh é), agus

(b) a cheanglaíonn go seachadfaí an ionstraim ar ina leith a dhéantar na conarthaí:

Ar choinníoll go measfar an ceanglas i dtaobh an ionstraim a sheachadadh a bheith comhlíonta i gcás ina ndéanfaidh duine a mbeidh conradh todhchaíochtaí déanta aige, ar conradh é a ndéileáiltear ann nó a luaitear ar mhalartán todhchaíochtaí nó ar stocmhalartán, an conradh todhchaíochtaí a fhoirceannadh trí chonradh todhchaíochtaí eile a dhéanamh, ar conradh é a ndéileáiltear ann nó a luaitear amhlaidh, a ngabhann oibleagáidí leis atá cómhalartach leis na hoibleagáidí a bhí sa chonradh a foirceannadh amhlaidh agus go ndéanfaidh sé dá éis sin socraíocht i leith an dá chonradh trí íocaíocht airgid nó admháil amháin (más ann).”.

Díolúine do Bhord Fáilte Éireann agus do chomhlachtaí áirithe eile.

33. —(1) I gcás diúscairtí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, beidh feidhm ag alt 23 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le gnóchan a fhabhraíonn chuig comhlacht lena mbaineann an t-alt seo mar atá feidhm aige maidir le gnóchan a fhabhraíonn chuig comhlacht a shonraítear san alt sin.

(2) Baineann an t-alt seo leis na comhlachtaí seo a leanas, is é sin le rá:

(a) Bord Fáilte Éireann,

(b) Fáilte Átha Cliath Teoranta,

(c) Fáilte Átha Cliath agus an Oirthir Teoranta,

(d) Fáilte an Oirdheiscirt Teoranta,

(e) Fáilte Chorcaí/Chiarraí Teoranta,

(f) Fáilte an Iarthair Teoranta,

(g) Fáilte Dhún na nGall, Liatroma, Shligigh,

(h) Fáilte Lár na hÉireann Teoranta, agus

(i) Fáilte Thrá Mhór Teoranta.