An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

34. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

35. —(1) Gan dochar don ráta dleachta ar bheoir allmhairithe a bhfuil cion nach mó ná 0.5 faoin gcéad d'alcól (is alcól eitileach íon) de réir toirte ann, déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir £152.595, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil in ionad an ráta a shonraítear in alt 67 (1) den Acht Airgeadais, 1986 .

(2) Déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir ráta £152.595 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

Biotáille.

36. —(1) Sa Dara Sceideal ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 .

Fíon agus fíon déanta.

37. —(1) Sa Tríú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

(2) Déanfar na dleachtanna máil ar fhíon agus ar fhíon déanta a fhorchuirtear le míreanna 5 (2) agus 6 (2), faoi seach, d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 .

Leann úll agus leann piorraí.

38. —(1) Sa Cheathrú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus ar leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 .

Táirgí tobac.

39. —(1) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac píopa milsithe”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an Acht Airgeadais, 1988 .

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1988 .

Hidreacarbóin.

40. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir £30.35 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 56 (2) den Acht Airgeadais, 1988 .

(2) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear in alt 56 (3) den Acht Airgeadais, 1988 , a ríomh, maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir £1.68 an heictilítear.

Aisíoc dleachta ar fhíon, ar fhíon déanta, ar leann úll nó ar leann piorraí a úsáidtear i dtáirgeadh nó monarú deochanna áirithe.

41. —I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) maidir le fíon, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 ina leith, nó

(b) maidir le fíon déanta, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 ina leith, nó

(c) maidir le leann úll nó leann piorraí, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 ina leith,

gur úsáid aon duine é, an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, mar chomhábhar i dtáirgeadh nó monarú dí a bhfuil cion nach mó ná 1.2 faoin gcéad d'alcól de réir toirte inti, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht máil a íocadh ar an gcainníocht fíona, fíona dhéanta, leanna úll nó leanna piorraí, de réir mar a bheidh, a d'úsáid an duine sin amhlaidh, a aisíoc trína íoc leis an duine sin.

Íocaíochtaí i leith geallta.

42. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 24 den Acht Airgid, 1926 , gach geallghlacadóir a chuirfidh nó a leagfaidh aon gheall, nó a dhéanfaidh thairis sin aon gheall, ar dháta an Achta seo a rith nó ar dháta dá éis, déanfaidh sé, an tráth a bhfaighidh sé íocaíocht de mhéid an ghill sin ó aon duine, a cheangal ar an duine sin íocaíocht bhreise a dhéanamh de mhéid is ionann agus méid na dleachta máil is iníoctha go cuí ar mhéid an ghill sin faoi fho-alt (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1985 ) den alt sin 24.

(2) Ní ghlacfaidh geallghlacadóir le híocaíocht de mhéid aon ghill mura bhfaighidh sé, i dteannta an méid sin, an íocaíocht bhreise dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Aon gheallghlacadóir a bheidh ag cur nó ag leagan, nó ag déanamh thairis sin, aon ghill lena mbaineann fo-alt (1) agus—

(a) a mhainneoidh nó a fhailleoidh a cheangal, nó a airbheartóidh (go sainráite nó ar shlí eile) gan bheith ag ceangal, go n-íocfaí an íocaíocht bhreise lena mbaineann, nó

(b) a ghlacfaidh, nó a airbheartóidh (go sainráite nó ar shlí eile) a bheith ag glacadh, le híocaíocht de mhéid aon ghill de shárú ar an alt seo,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, pionós máil £1,000 a chur air.

Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnais deochanna meisciúla áirithe.

43. —Na dleachtanna máil a fhorchuirtear—

(a) le halt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910, ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a mhonarú nó a dhíol, seachas na ceadúnais atá le baint amach gach bliain ag driogaire biotáille nó ag grúdaire beorach lena ndíol, agus

(b) le halt 10 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , ar cheadúnas atá le baint amach gach bliain ag gach duine a dhéanann leann úll nó leann piorraí lena dhíol,

déanfar, maidir le haon cheadúnas den sórt sin a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, i leith tréimhsí ar críoch dóibh ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1989, iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le gach ceadúnas den sórt sin, de réir an ráta a shonraítear i gcolún (3) de Chuid I den Séú Sceideal ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an ceadúnas sin luaite i gcolún (2) den Sceideal sin, in ionad an ráta a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann le halt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960 (maidir le har-cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag miondíoltóir leanna úll), agus i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 (maidir le haon cheadúnas eile den sórt sin); agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, loghadh, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas den sórt sin ach aon dleacht a íocadh trí dhearmad ar aon cheadúnas den sórt sin féadfar í a aisíoc.

Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnas rince phoiblí, ar cheadúnas ócáideach, ar ordú díolúine speisialta agus ar údarú do chlub.

44. —(1) Leasaítear leis seo alt 78 (2) (arna leasú le halt 68 (1) den Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Airgeadais, 1980 , trí “£15” agus “£100” a chur in ionad “£10” agus “£75”, faoi seach, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas rince phoiblí a dheonófar faoi alt 2 den Acht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935, dleacht máil—

i gcás gur do thréimhse shonraithe nach faide ná mí an ceadúnas

£15

in aon chás eile     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£100

(2) Leasaítear leis seo alt 78 den Acht Airgeadais, 1980 , trí “£70” a chur in ionad “£50” (a cuireadh isteach le mír 12 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982)) i bhfo-ailt (3), (4) agus (5), agus tá na fo-ailt sin (3), (4) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas ócáideach a dheonófar faoi alt 11 nó 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £70.

(4) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ordú díolúine speisialta a dheonófar faoi alt 5 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 , nó faoi alt 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £70.

(5) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach údarú a dheonófar do chlub faoi alt 21 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 , nó faoi alt 14 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £70.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le gach ceadúnas, ordú agus údarú lena mbaineann an t-alt seo agus a dheonófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis i leith dátaí tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1989.

Dleachtanna máil ar cheadúnais díoltóirí hidreacarbóin agus leasú ar alt 73 (cumhacht áitreabh a chuardach i ndáil le hola hidreacarbóin) den Acht Airgeadais, 1986 .

45. —(1) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 (12) d'Ordú 1975, ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag duine a dhíolann nó a sheachadann ola hidreacarbóin is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 12 (1) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, de réir ráta £20 in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 12 (12).

(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 42 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1976 , ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag duine a dhíolann nó a sheachadann gás mótarfheithicle in aon áitreabh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, de réir ráta £20 in ionad an ráta a shonraítear san alt sin 42 (4) (a).

(3) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “ola éadrom hidreacarbóin” ola hidreacarbóin is inchurtha faoin dleacht máil a fhorchuirtear le mír 11 d'Ordú 1975.

(b) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil (dá ngairtear an dleacht ceadúnais san fho-alt seo) £20 ar cheadúnas arna dheonú ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh le baint amach gach bliain ag gach duine a dhíolann nó a sheachadann, in aon áitreabh, aon ola éadrom hidreacarbóin lena dó in inneall mótarfheithicle, agus i gcás ina ndéanann aon duine den sórt sin an ola sin a dhíol nó a sheachadadh i níos mó ná áitreabh amháin, beidh an dleacht ceadúnais iníoctha gach bliain ag an duine sin, agus bainfidh sé an ceadúnas sin amach gach bliain, i ndáil le gach áitreabh den sórt sin ar leithligh.

(c) Ní dhéanfaidh aon duine, ar an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, aon ola éadrom hidreacarbóin lena dó in inneall mótarfheithicle a dhíol nó a sheachadadh in aon áitreabh mura mbeidh ceadúnas á shealbhú aige a deonaíodh faoi mhír (b) agus a bheidh i bhfeidhm i leith an áitribh sin.

(d) Ní dhéanfaidh aon duine a dhéileálann in ola éadrom hidreacarbóin aon ola den sórt sin lena dó in inneall mótarfheithicle a cheannach ó aon duine, ná ní ghlacfaidh sé le seachadadh ola den sórt sin ó aon duine, nach sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) agus a bheidh i bhfeidhm.

(e) Déanfaidh gach sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) an ceadúnas sin a chur ar taispeáint san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas sin.

(f) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo agus, go háirithe—

(i) chun rialáil a dhéanamh ar eisiúint, ré agus athnuachan ceadúnas ar arb iníochta an dleacht ceadúnais sin agus chun foirm na gceadúnas sin a fhorordú,

(ii) chun a cheangal ar dhuine is sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) cuntais agus taifid shonraithe a choimeád ar mhodh sonraithe i ndáil leis an ola éadrom hidreacarbóin go léir a cheannaigh sé, a fuair sé, a stóráil sé, a dhíol sé nó a dhiúscair sé, na leabhair agus na doiciméid go léir a bhaineann le ceannach, fáil, díol agus diúscairt na hola sin aige a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim na cuntais, na taifid, na leabhair agus na doiciméid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh, agus

(iii) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil le daoine a sheolann aon trádáil atá, de thuras na huaire, faoi réir an dlí a bhaineann le mál, a chur i bhfeidhm maidir leis an dleacht ceadúnais sin.

(g) Aon duine a sháróidh forálacha an fho-ailt seo, nó a sháróidh rialachán faoin bhfo-alt seo nó a mhainneoidh déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil máil £1,000 a chur air agus dlífear aon ola éadrom hidreacarbóin a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

(4) Más rud é, maidir le haon áitreabh áirithe, go gceanglaítear ar dhuine ceadúnas faoi fho-alt (3), chomh maith le ceadúnas faoi mhír 12 (12) d'Ordú 1975, a bhaint amach in aghaidh tréimhse a mbeidh an dá cheadúnas le bheith i bhfeidhm, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fho-ailt (1) agus (3), ar iarratas chucu ón duine sin i cibé modh agus foirm a fhorordóidh siad ó am go ham chun na críche sin, ceadúnas a eisiúint chuig an duine sin i leith an áitribh sin ar dleacht máil £20 a bheith íoctha, agus measfar maidir leis an gceadúnas a eisíodh amhlaidh, gur ceadúnais é a deonaíodh, i leith na tréimhse sin—

(a) faoi fhorálacha fho-alt (3), agus

(b) faoin mír sin 12 (12),

agus measfar maidir leis an dleacht máil sin, gurb é an dleacht ceadúnais é is iníoctha faoi na forálacha sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha sin.

(5) Leasaítear leis seo alt 73 den Acht Airgeadais, 1986

(a) trí “ceachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le mír 11 nó” a chur in ionad “an dleacht máil a fhorchuirtear le” i bhfo-alt (2)den alt sin, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) den alt sin:

“(2A) I gcás ina rachaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim isteach in aon áitreabh faoi fho-alt (2), féadfaidh sé iniúchadh a dhéanamh ar aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile, nó aon fheithicil a gheobhaidh an t-oifigeach sin ar an áitreabh, a mbeidh aon ola hidreacarbóin ann nó inti nó a gcreideann an t-oifigeach go bhfuil ola hidreacarbóin ann nó inti, agus féadfaidh sé aon ola hidreacarbóin a bheidh in aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile, nó in aon fheithicil, den sórt sin a scrúdú agus samplaí a thógáil den ola sin, agus aon duine a bheidh ag áitiú aon áitribh den sórt sin nó a bheidh ina fheighil de thuras na huaire déanfaidh sé, nuair a cheanglóidh an t-oifigeach sin air é, cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt a cheanglóidh an t-oifigeach sin le réasún chun iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile nó ar aon fheithicil, agus chun samplaí a thógáil d'aon ola hidreacarbóin a gheofar ar an áitreabh sin nó chun cainníocht aon ola den sórt sin a thomhas.”

AN TÁBLA

(2) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, aon déileáil in ola hidreacarbóin, ar a ndlitear ceachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le mír 11 nó mír 12 d'Ordú 1975 a íoc, á déanamh ann nó ina gcoimeádtar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé ansin a cheangal ar aon duine na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile go léir a bhaineann le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus féadfaidh sé na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin a thógáil chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh.

Méadú ar dhleachtanna ar chlárú déileálaithe arm tine.

46. —(1) Déanfar an dleacht máil ar dhuine a chlárú i gclár de dhéileálaithe arm tine, is dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) (arna leasú le halt 52 (a) den Acht Airgeadais, 1971 ) d'alt 41 den Acht Airgid, 1925 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £50 in ionad an ráta a shonraítear san fho-alt sin (1).

(2) Déanfar an dleacht máil ar dhuine a chlárú i gclár de dhéileálaithe arm tine, is dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 52 (c) den Acht Airgeadais, 1971 ) d'alt 41 den Acht Airgid, 1925 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £5 in ionad an ráta a shonraítear san fho-alt sin (3).

Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnais áirithe eile, etc.

47. —(1) Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú airm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i gcás aon deimhniú den sórt sin a thiocfaidh i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan an 1ú lá de Lúnasa, 1989, nó dá éis, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Séú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1983 .

(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956 , ar cheadúnais chearrbhachais a eiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid III den Séú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1983 .

(3) (a) Déanfar alt 74 (1) den Acht Airgeadais, 1980 , a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, trí “£80”, “£160”, “£240” agus “£320” a chur in ionad “£62.50”, “£125”, “£187.50” agus “£250”, faoi seach (a cuireadh isteach le halt 63 (1) den Acht Airgeadais, 1983 ).

(b) Déanfar mír (aa) (a cuireadh isteach le halt 74 (2) den Acht Airgeadais, 1980 ) d'fho-alt (7) d'alt 43 den Acht Airgeadais, 1975 , a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, trí “£50”, “£100”, “£150” agus “£200” a chur in ionad “£40”, “£80”, “£120” and “£160”, faoi seach (a cuireadh isteach le halt 63 (2) den Acht Airgeadais, 1983 ).

(4) Déanfar an dleacht máil maidir le ceadúnas, cead nó deimhniú, de réir mar a bheidh, a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Séú Sceideal ag aon uimhir thagartha agus a fhorchuirtear leis an achtachán a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin, de réir an ráta a shonraítear i gcolún (5) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin in ionad an ráta a shonraítear—

(a) i bhfo-alt (2), (3) nó (5) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le ceadúnas ceantálaí, cead ceantála nó ceadúnas gníomhaire tithe, faoi seach,

(b) i bhfo-alt (1) nó (2) d'alt 67 den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le ceadúnas geallghlacadóra nó deimhniú cláraitheachta áitribh gheallghlacadóra, faoi seach, agus

(c) i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon cheadúnas eile lena mbaineann.

Dleacht a fhorchur ar chlárú clubanna agus dleacht club do scor.

48. —(1) San alt seo tá le “múnlaithe” agus “stampaí” na bríonna céanna faoi seach atá le “impressed” agus “stamps” sa Stamp Duties Management Act, 1891, arna leasú leis an Acht seo.

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil £100 ar gach deimhniú clárúcháin club arna dheonú faoin Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989, nó dá éis.

(3) Déanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar dheimhniú clárúcháin a íoc agus a bhailiú ar mhodh stampaí, arb ionann a luach agus méid na dleachta sin, a bheidh múnlaithe ar an iarratas i scríbhinn ar chlárú, nó ar athnuachan ar chlárú, faoi alt 2 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, nó a bheidh greamaithe den iarratas sin, agus beidh feidhm ag an Stamp Duties Management Act, 1891, maidir leis an dleacht sin agus leis na stampaí sin.

(4) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon Acht, ní dheonófar deimhniú clárúcháin club is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo mura mbeidh an t-iarratas i scríbhinn, dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ar dheimhniú den sórt sin, stampáilte go cuí de réir an fho-ailt sin.

(5) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar an dleacht máil ar ráitis faoi cheannacháin deochanna meisciúla le soláthar i gclub, is dleacht a fhorchuirtear le halt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus scoirfidh forálacha an ailt sin 48 d'éifeacht a bheith leo, maidir le ceannacháin den sórt sin le soláthar i gclub le linn na bliana féilire 1989 nó le linn aon bhliana dá éis sin.

(6) Aon mhéid arna íoc chun críocha an ailt seo i ndáil le deimhniú clárúcháin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a aisíoc más rud é—

(a) go ndéanfar an t-iarratas ar an deimhniú a tharraingt siar sula mbeidh cinneadh déanta sna himeachtaí cúirte i ndáil leis,

(b) nach ndeonófar an deimhniú, nó

(c) gur trí dhearmad a íoctar an méid.

(7) Scoirfidh forálacha fho-alt (6) d'alt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, d'éifeacht a bheith leo ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.

Aisghairm forálacha a bhaineann le ceadúnais mhangairí.

49. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1990.

Aisghairm agus leasú forálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin.

50. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Sa Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860—

(a) leasaítear leis seo alt 6 trí na focail go léir ó “; and the resident, owner, tenant, or occupier” síos go dtí “Parliamentary census”, agus na focail deiridh sin san áireamh, a scriosadh, agus tá an t-alt sin 6, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,

(b) beidh feidhm agus éifeacht le forálacha alt 13 ionann is dá mba thagairtí do dhuine a choinníonn teach úrúcháin na tagairtí ann do dhuine atá ceadúnaithe chun teach úrúcháin a choinneáil,

(c) na cumhachtaí chun dul isteach i dtithe úrúcháin agus in áitribh a ghabhann leo, is cumhachtaí a thugtar le halt 20, beidh feidhm agus éifeacht leo, d'ainneoin an ailt seo, i ndáil le tithe úrúcháin agus leis na háitribh sin ionann is dá mba thithe úrúcháin ceadúnaithe den chineál dá dtagraítear san alt sin 20 na tithe úrúcháin sin agus forléireofar an t-alt sin dá réir sin,

(d) beidh feidhm agus éifeacht le forálacha alt 42 ionann is dá mba thagairt d'aon siopa, teach, áitreabh nó áit a choinnítear le haghaidh úrúcháin, gnáthaimh agus siamsaíochta an tagairt ann d'aon siopa, teach, áitreabh nó áit atá ceadúnaithe le haghaidh úrúcháin, gnáthaimh agus siamsaíochta.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1990.

AN TÁBLA

6. All houses, rooms, shops, or buildings kept open for public refreshment, resort, and entertainment at any time between the hours of ten of the clock at night and seven of the clock of the following morning, not being licensed for the sale of beer, cider, wine, or spirits respectively, shall be deemed refreshment houses within this Act.

Forálacha a bhaineann le grúdairí príobháideacha.

51. —(1) San alt seo—

folaíonn “tairiscint chun díola” cuireadh deoch a sheasamh;

ciallaíonn “grúdaire príobháideach” grúdaire beorach, nach grúdaire chun díola de réir bhrí alt 19 den Inland Revenue Act, 1880.

(2) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 6 den Finance Act, 1919, ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag grúdaire príobháideach.

(3) Ní dhéanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú ná a thobhach ar bheoir arna grúdú ag grúdaire príobháideach, ar choinníoll gur dá úsáid féin sa bhaile amháin a ghrúdaíonn an grúdaire sin an bheoir sin.

(4) (a) Ní dhéanfaidh grúdaire príobháideach beoir a ghrúdú seachas dá úsáid féin sa bhaile agus ní dhéanfaidh aon duine beoir arna grúdú ag an ngrúdaire sin a dhíol ná a thairiscint chun díola.

(b) Aon duine a sháróidh forálacha mhír (a) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £1,000 a chur air agus dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar aon bheoir a ndearnadh an cion ina leith agus ar aon soithigh, uirlisí agus ábhair ghrúdaireachta a bheidh i seilbh grúdaire phríobháidigh beorach a ndearnadh an cion ina leith.

(5) Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:

(a) ailt 13 (2), 32, 33 agus 34 den Inland Revenue Act, 1880,

(b) alt 15 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, agus

(c) alt 6 (2) den Finance Act, 1919.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.

Dleacht máil ar cheadúnais tiomána.

52. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) d'alt 4 (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ):

“(a) £4 in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais, más 3 bliana nó níos lú an tréimhse sin, agus

(b) £20 más mó ná 3 bliana tréimhse an cheadúnais,”.