An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

53. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Airgeadais, 1988 .

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

54. —Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ):

“(4B) I gcás ina mbeidh duine slánaithe, faoi pholasaí árachais, i leith aon mhéid is iníochta i leith seirbhísí abhcóide nó aturnae, measfar, chun críocha an Achta seo, gur seirbhísí iad arna soláthar don duine sin agus arna bhfáil aige.”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

55. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—

(i) i mír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ),

(ii) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ), trí “£32,000” a chur in ionad “£25,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), agus

(iii) i mír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000”,

(b) i bhfo-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), sa mhíniú ar “feirmeoir” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

56. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985)—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (bb) (a cuireadh isteach le hAcht 1988):

“(bb) 5 faoin gcéad den mhéid arb inmhuirearaithe cáin air i ndáil le soláthar leictreachais:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh aon leictreachais i gcás gur i ndáil le dáileadh comharthaí cumarsáide a dhéantar an dáileadh sin go hiomlán nó go príomha,”,

agus

(b) trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1988) i mír (d).

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

57. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1988), i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.

58. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) (i) Sa mhír seo:

ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’ tréimhse, arna cinneadh ag an Ard-Bhailitheoir ó am go ham in aon chás áirithe, arb é atá inti líon nach mó ná sé cinn de thréimhsí inchánach as a chéile;

ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine inchánach a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Ard-Bhailitheoir chun críocha na míre seo agus forléireofar ‘údaraigh’ agus ‘údarú’ dá réir sin.

(ii) D'ainneoin fhorálacha mhír (a)—

(I) féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, ó am go ham, duine inchánach a údarú i scríbhinn chun críocha na míre seo, mura gcuirfidh an duine inchánach i gcoinne an údaraithe, i scríbhinn,

agus

(II) féadfaidh duine údaraithe, laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse cuntasaíochta, tuairisceán ceart cruinn, arna ullmhú de réir rialachán, a thabhairt don Ard-Bhailitheoir maidir leis an méid cánach a tháinig chun bheith dlite de i gcaitheamh na dtréimhsí inchánach arb iad an tréimhse chuntasaíochta iad, nach cáin a d'íoc sé cheana féin i ndáil le hearraí a d'allmhairigh sé, agus maidir leis an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na dtréimhsí inchánach sin agus maidir le cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacháin, agus féadfaidh sé, an tráth céanna, aon mhéid cánach is iníoctha aige i leith na dtréimhsí inchánach sin a chur chuig an Ard-Bhailitheoir agus i gcás ina ndéanfaidh an duine údaraithe sin an tuairisceán sin a thabhairt agus an méid sin a chur amhlaidh, measfar go mbeidh forálacha mhír (a) comhlíonta aige i ndáil leis na tréimhsí inchánach sin.

(iii) D'fhonn údarú a eisiúint do dhuine inchánach, beidh aird ag an Ard-Bhailitheoir, más cuí leis, ar na nithe seo a leanas—

(I) go bhfuil forais réasúnacha aige chun a chreidiúint—

(A) nach mbeidh caillteanas cánach i gceist de thoradh an údaraithe, agus

(B) go bhfreastalóidh an duine inchánach dá oibleagáidí uile faoin údarú,

agus

(II) maidir leis an duine inchánach—

(A) go mba dhuine cláraithe é i gcaitheamh na tréimhse go léir arb é atá inti na sé thréimhse inchánach díreach roimh an tréimhse ina mbeadh éifeacht leis an údarú, dá n-eiseofaí é, agus

(B) go bhfuil forálacha mhír (a) comhlíonta aige.

(iv) Maidir le húdarú—

(I) féadfar é a eisiúint d'éagmais coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, agus a shonróidh sé i scríbhinn don duine inchánach lena mbaineann tráth eisithe an údaraithe, tar éis dó aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí a luaitear i bhfomhír (iii),

(II) gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar dhuine údaraithe cibé méid a bheidh sonraithe ag an Ard-Bhailitheoir a chur chuig an Ard-Bhailitheoir laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh gach tréimhse inchánach (seachas an tréimhse inchánach deiridh) ar cuid de thréimhse chuntasaíochta í.

(v) Féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, trí fhógra i scríbhinn, údarú a fhoirceannadh agus, i gcás ina n-iarrfaidh duine inchánach air déanamh amhlaidh, ní mór dó an t-údarú a fhoirceannadh.

(vi) D'fhonn údarú a fhoirceannadh beidh aird ag an Ard-Bhailitheoir, más cuí leis, ar na nithe seo a leanas:

(I) go bhfuil forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, caillteanas cánach i gceist de thoradh an údaraithe, nó

(II) maidir leis an duine inchánach—

(A) gur thug sé, nó gur tugadh thar a cheann, aon fhaisnéis mhícheart chun go n-eiseofaí údarú dó, nó

(B) nár chomhlíon sé forálacha mhír (a) nó forálacha na míre seo, lena n-áirítear na coinníollacha, más ann, a shonraigh an tArd-Bhailitheoir faoi fhomhír (iv) i ndáil le húdarú a eisiúint dó.

(vii) I ndáil le haon tréimhse inchánach nach mbeidh forálacha mhír (a) comhlíonta aige ina leith, measfar mír (a) a bheith comhlíonta ag duine a mbeidh a údarú foirceanta má dhéanann sé, laistigh de lá is fiche tar éis d'fhógra foirceanta a bheith eisithe dó, an tuairisceán a shonraítear i mír (a) a thabhairt don Ard-Bhailitheoir agus má chuireann sé chuig an Ard-Bhailitheoir, an tráth céanna, an méid cánach is iníoctha aige de réir na míre sin.

(viii) (I) Measfar údarú a bheith foirceanta ag an Ard-Bhailitheoir ar an dáta—

(A) ar a scoirfidh duine údaraithe de thrádáil a sheoladh (ach amháin chun críocha stoic agus sócmhainní a chuid gnó a dhiúscairt), cibé acu mar gheall ar neamh-dhócmhainneacht nó ar aon chúis eile,

(B) ar a rachaidh duine údaraithe, is comhlacht corpraithe, faoi leachtú, cibé acu go deonach nó ar shlí eile, nó

(C) ar a scoirfidh duine údaraithe de bheith ina dhuine inchánach nó ina dhuine cláraithe, ar a bhfaighidh sé bás nó ar a ndéanfar féimheach de.

(II) Maidir le duine inchánach lena mbaineann an fhomhír seo, measfar mír (a) a bheith comhlíonta aige i ndáil le haon tréimhse inchánach (nó cuid de thréimhse inchánach) is cuid den tréimhse chuntasaíochta a bhí i bhfeidhm maidir leis ar an dáta lena mbaineann clásal (I) den fhomhír seo, má thugann sé don Ard-Bhailitheoir an tuairisceán a shonraítear i bhfomhír (ii) (II) agus má chuireann sé chuig an Ard-Bhailitheoir sin, an tráth céanna, an méid cánach is iníoctha aige chun críocha na fomhíre sin ionann is dá mba dhuine údaraithe é ar chríochnaigh a thréimhse chuntasaíochta ar an lá deiridh den tréimhse inchánach ar tharla an foirceannadh lena linn:

Ar choinníoll go measfar, maidir le hionadaí pearsanta duine a bhí ina dhuine údaraithe, gurb é an duine inchánach lena mbaineann é.”.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

59. —Leasaítear leis seo alt 20 (3) (arna leasú le hAcht 1978) den Phríomh-Acht, i mír (a), trí “go mbeidh duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú i dteideal, maidir le hearraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear amhlaidh a sholáthar don duine sin, go n-aisíocfar leis” a chur in ionad “go mbeidh teideal ag duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar don duine sin de chineál a shonraítear amhlaidh go n-aisíocfar leis”, agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go mbeidh duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú i dteideal, maidir le hearraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear amhlaidh a sholáthar don duine sin, go n-aisíocfar leis cibé méid. mar a shonrófar san ordú, d'aon cháin a d'iompair nó a d'íoc sé maidir leis an soláthar sin is cáin nach bhfuil cáilithe i leith asbhaint faoi alt 12 agus a dhliteanas cánach á ríomh.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

60. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “, fho-alt (6) nó (7) d'alt 15 nó mhír (ia) den Séú Sceideal” a chur in ionad “nó fho-alt (6) nó (7) d'alt 15” i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

61. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (g) de mhír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ):

“(gg) bainisteoireacht gnóthais ar gnóthas comhinfheistíochta é de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1989 , seachas seirbhísí a shonraítear i bhfomhír (g);”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (iii):

“(iii) seirbhísí gairmiúla liachta, seachas seirbhísí a shonraítear i mír (iiib), ach gan seirbhísí den chineál sin, arna soláthar i gcúrsa gnó a sheoladh arb éard é go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol, a chur san áireamh;”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iiia) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ):

“(iiib) seirbhísí gairmiúla déidliachta nó súil-liachta;”,

agus

(d) trí “i bhfomhír (g) nó (gg) de mhír (i)” a chur in ionad “i mír (i) (g)” i mír (ix).

Leasúar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

62. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí, “, spéaclaí ceartaitheacha ná lionsaí tadhaill ceartaitheacha” a chur isteach i ndiaidh “fiacla saorga” i bhfomhír (b) de mhír (xixa) (a cuireadh isteach leis an Ordú Cánach Breisluacha (Ráta a Laghdú) (Uimh. 5), 1981 (I.R. Uimh. 53 de 1981)).

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

63. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(ia) gach saothar ealaíne arb é atá ann—

(a) péintéireacht, líníocht nó pastal, nó aon chumasc den chéanna, ar de láimh a rinneadh go hiomlán é, gan earraí monaraithe lámh-mhaisithe, ná pleananna agus líníochtaí chun críocha ailtireachta, innealtóireachta, tionsclaíochta, tráchtála nó topagrafaíochta, nó chun críocha dá samhail, a áireamh;

(b) liteagraf, greanadh nó prionta bunaidh, nó aon chumasc den chéanna, arna tháirgeadh go díreach ó chlocha liteagrafacha, ó phlátaí nó ó dhromchlaí greanta eile, agus atá déanta go hiomlán de láimh,

(c) dealbhóireacht nó dealbh bhunaidh, gan atáirgí olltairgthe ná saothair cheardaíochta de chineál tráchtála a áireamh, nó

(d) faoi réir agus de réir rialachán, ball troscáin, airgid, gloine nó poircealláin, cibé acu lámh-mhaisithe nó nach ea, a bheidh sonraithe sna rialacháin sin, i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur sine ná 100 bliain d'aois é, seachas earraí a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c);

(ib) lámhscríbhinní liteartha a mbeidh sé deimhnithe ag Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann gur lámhscríbhinní iad a bhfuil tábhacht mhór náisiúnta leo agus a bhfuil tábhacht leo ó thaobh an chultúir nó na healaíne de;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ix):

“(ixa) spéaclaí ceartaitheacha agus lionsaí tadhaill ceartaitheacha, lena n-áirítear páirteanna den chéanna;”.