An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM PÁIRC NÁISIÚNTA STAIRIÚIL AN BHLASCAOID MHÓIR, 1989)

11 1989

AN tACHT UM PÁIRC NÁISIÚNTA STAIRIÚIL AN BHLASCAOID MHÓIR, 1989

AN SCEIDEAL

Talamh a Fháil go hÉigeantach

Alt 4.

1. (1) I gcás go mbeartaíonn na Coimisinéirí aon talamh a fháil go héigeantach faoin Acht seo, déanfaidh siad—

(a) léarscáil nó plean den talamh a thaisceadh i stáisiún an Gharda Síochána sa Daingean nó i mBaile an Fheirtéaraigh i gcontae Chiarraí agus an plean nó an léarscáil a chur ar fáil lena iniúchadh ansin ag daoine den phobal gach tráth réasúnach,

(b) fógra a fhoilsiú i nuachtán a léitear i gcontae Chiarraí á rá go mbeartaíonn siad an talamh a fháil go héigeantach faoin Acht seo,

(c) sula bhfoilseoidh siad an fógra a dúradh, fógra á rá go bhfuil sé beartaithe acu an talamh a fháil go héigeantach a chur in airde ar an talamh nó gar don talamh, i gcás an talamh go léir a bheartaítear a fháil a bheith ar áitiú ag an duine céanna nó ag na daoine céanna, agus, in aon chás eile, an fógra sin a chur in airde ar thalamh gach áititheora nó gar don talamh sin, agus

(d) cóip den fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (c) a thabhairt—

(i) do gach áititheoir (más ann) ar an talamh, agus

(ii) do gach úinéir (más ann) ar an talamh,

ar féidir leis na Coimisinéirí a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh le fiosrúcháin réasúnacha.

(2) Maidir leis na fógraí dá dtagraítear i bhfomhír (1)—

(a) beidh siad san fhoirm fhorordaithe,

(b) mura mbeidh léarscáil nó plean iontu den talamh dá dtagraíonn siad, déarfar iontu go bhfuil léarscáil nó plean den talamh taiscthe i Stáisiún an Gharda Síochána mar a dúradh agus gur féidir le daoine den phobal í nó é a iniúchadh ansin gach tráth réasúnach,

(c) déarfar iontu gur féidir agóid a dhéanfaidh aon áititheoir nó úinéir ar an talamh i gcoinne an talamh a fháil a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí, agus

(d) déarfar iontu cad é an tréimhse ama inar féidir agóid mar a dúradh a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí.

2. (1) Aon talamh a mbeidh fógra faoi mhír 1 (1) (b) foilsithe ina leith, féadfaidh áititheoir na talún sin nó aon úinéir ar an talamh sin laistigh de dhá mhí tar éis dháta an fhoilsithe sin, agóid i scríbhinn a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí i gcoinne na fála éigeantaí beartaithe dá dtagraítear san fhógra.

(2) Féadfaidh an duine a mbeidh agóid faoi fhomhír (1) curtha faoi bhráid na gCoimisinéirí aige an agóid a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chur chuig na Coimisinéirí nó chuig an Aire.

(3) Más rud é, i ndáil le talamh a bheartaítear a fháil go héigeantach faoin Acht seo, go gcuirfear agóid faoi bhráid na gCoimisinéirí de réir fhomhír (1) agus nach dtarraingeofar siar í, breithneoidh an tAire an agóid agus ní dhéanfar an talamh a fháil go héigeantach gan toiliú an Aire.

(4) Beidh—

(a) cóip d'aon agóid lena mbaineann faoi fhomhír (1),

(b) cóip den nuachtán ina bhfuil an fógra atá sonraithe i mír 1 (1) (b),

(c) cóip den fhógra atá sonraithe i mír 1 (1) (c), agus

(d) cóip den léarscáil nó den phlean den talamh a taisceadh de bhun mhír 1 (1) (a),

ag gabháil le hiarratas ó na Coimisinéirí chun toiliú an Aire a fháil le talamh a fháil go héigeantach faoin Acht seo agus tabharfaidh na Coimisinéirí don Aire cibé faisnéis eile a theastóidh ón Aire i ndáil leis an bhfáil.

(5) Ar iarratas a bheith déanta faoi fhomhír (4) i ndáil le talamh—

(a) i gcás gurb é tuairim an Aire gur talamh atá sonraithe in alt 4 (2) (a) an talamh nó cuid den talamh, nó nach bhfuil forálacha mhír 1 comhlíonta i ndáil leis an talamh nó le cuid den talamh, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt leis an talamh a fháil go héigeantach nó, de réir mar a bheidh, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt leis an gcuid sin den talamh a fháil go héigeantach agus tabharfaidh sé a thoiliú leis an gcuid eile den talamh a fháil, agus

(b) in aon chás eile, tabharfaidh sé a thoiliú leis an talamh a fháil go héigeantach.

3. (1) Más rud é, i ndáil le haon talamh (seachas talamh lena mbaineann alt 4 (2) (a), a mbeidh forálacha mhír 1 comhlíonta i ndáil leis—

(a) nach gcuirfear aon agóid faoi bhráid na gCoimisinéirí de réir mhír 2,

(b) go ndéanfar aon agóid a chuirfear faoi bhráid na gCoimisinéirí mar a dúradh a tharraingt siar ina dhiaidh sin, nó

(c) go dtabharfaidh an tAire a thoiliú leis na Coimisinéirí d'fháil na talún go héigeantach,

féadfaidh na Coimisinéirí le hordú (dá ngairtear “ordú dílseacháin” sa Sceideal seo) an talamh a fháil.

(2) I gcás go dtagann na Coimisinéirí, sula ndéanann siad ordú dílseacháin, ar an eolas go bhfuil an talamh (go haonarach nó i dteannta talún eile) atá le fáil leis an ordú faoi réir aon bhlianachta nó íocaíochta eile a íoctar le Coimisiún Talún na hÉireann nó faoi réir aon mhuirir i leith dleachta nó cánach is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh na Coimisinéirí in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann nó, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí Ioncaim, go mbeartaítear an t-ordú a dhéanamh.

(3) Aon uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí ordú dílseacháin, déanfaidh siad, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh—

(a) i gcás an talamh go léir atá i gceist san ordú dílseacháin a bheith ar áitiú ag an duine nó ag na daoine céanna, fógra ina mbeidh cóip den ordú a chur in airde ar an talamh nó gar don talamh agus, in aon chás eile, an fógra sin a chur in airde ar thalamh gach áititheora nó gar don talamh sin, agus

(b) cóip den ordú a thabhairt—

(i) do gach áititheoir (más ann) ar an talamh, agus

(ii) do gach úinéir (más ann) ar an talamh,

ar féidir leis na Coimisinéirí a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh le fiosrúcháin réasúnacha.

4. (1) Beidh ordú dílseacháin san fhoirm fhorordaithe agus beidh sé sainráite agus oibreoidh sé chun an talamh lena mbaineann sé a dhílsiú do na Coimisinéirí i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, éasúint, teideal agus leas d'aon chineál thar an talamh nó maidir leis ar dháta sonraithe tráth nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfomhír (1), i gcás go bhfaighidh na Coimisinéirí le hordú dílseacháin talamh a bheidh, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta, agus sin amháin, a bheidh inti) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann, tiocfaidh na Coimisinéirí chun bheith, agus beidh siad, amhail ón dáta a ndílseofar an talamh dóibh leis an ordú dílseacháin, faoi dhliteanas, an bhlianacht cheannaigh, an íocaíocht in ionad cíosa nó an tsuim bhliantúil, nó cibé cuid den chéanna a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann i leith na talún amhail is dá mbeadh an talamh aistrithe ag úinéir na talún chuig na Coimisinéirí ar an dáta sin.

(3) Nuair a dhéanfaidh na Coimisinéirí ordú dílseacháin i ndáil le talamh, cuirfidh siad an t-ordú chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara na Coimisinéirí a chlárú faoin Acht sin mar úinéirí ar an talamh de réir an ordaithe.

5. (1) Más rud é, díreach sula ndéanfaidh na Coimisinéirí ordú dílseacháin, go mbeidh aon eastát, ceart, éasúint, teideal nó leas d'aon chineál ar bith ag aon duine i dtalamh, thar thalamh nó maidir le talamh a gheofar leis an ordú, féadfaidh an duine tráth ar bith tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun na gCoimisinéirí ar chúiteamh maidir leis an eastát, leis an gceart, leis an éasúint, leis an teideal nó leis an leas agus, faoi réir fhomhír (3), íocfaidh na Coimisinéirí air sin leis an duine ar mhodh cúitimh méid is comhionann leis an luach (más aon luach é) a bhí an eastát, ag an gceart, ag an éasúint, ag an teideal nó ag an leas, ar an dáta ar dílsíodh an talamh de bhun an ordaithe, maille le hús, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, ar an méid ón dáta sin go dtí an dáta a n-íocfar é.

(2) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc faoin mír seo maidir le haon eastát, ceart, éasúint, teideal nó leas de chineál ar bith i dtalamh, thar thalamh nó maidir le talamh, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, i cibé cásanna (más ann) agus a mhéid a mheasfaidh sé is gá chun críocha alt 4 agus an Sceidil seo, forálacha uile nó aon chuid d'fhorálacha ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a chur chun feidhme amhail is dá mba airgead ceannaigh nó cúiteamh faoin Acht sin an cúiteamh sin, amhail is dá mb'iad na Coimisinéirí tionscnóirí an ghnóthais agus sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(b) I gcás go n-íocfaidh na Coimisinéirí airgead isteach sa Chúirt faoin alt sin 69, arna chur chun feidhme faoin alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha acu le haon duine maidir le haon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, nó chun ioncam nó caipiteal an airgid sin a íoc.

6. Féadfar doiciméad dá dtagraítear i mír 1 (1) (d) nó 3 (3) (b) a thabhairt don duine lena mbaineann—

(a) trína sheachadadh air,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó

(c) trína chur leis an bpost chuige i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú ar an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air, nó, i gcás cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) ag a hoifig chláraithe nó, i gcás aon chomhlachta eile, ag a phríomhoifig nó a phríomháit ghnó.

7. Sa Sceideal seo—

folaíonn “úinéir”, i ndáil le talamh, úinéir ainme ar an talamh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.