|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Forais Airgeadais Áirithe a Mhaoirsiú chun críocha Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta) | Ar Aghaidh (Caibidil IX Maoirsiú Bróicéirí Airgid) |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VIII Maoirsiú ar Mhalartáin Todhchaíochtaí agus Roghanna Airgeadais | |
[EN] |
Mínithe (Caibidil VIII) |
97. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “malartán” malartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais agus folaíonn sé, má cheadaíonn nó má éilíonn an comhthéacs amhlaidh, malartán láithreach nó malartán beartaithe; | |
[EN] | tá le “malartán láithreach” an bhrí a shanntar dó le halt 100; | |
[EN] | ciallaíonn “malartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais” margadh de chineál airgeadais ina ndéanann baill den mhargadh sin, ar bhealach eagraithe agus faoi rialacha comhaontaithe, trádáil, trí chumarsáid leictreonach, scríofa, de bhéal nó in aon fhoirm eile— | |
[EN] | (a) i gcearta faoi chonradh le haghaidh díol nó ceannach táirge airgeadais, tráchtearra airgeadais nó maoin airgeadais d'aon tuairisc eile faoina mbeidh seachadadh le déanamh, nó faoina mbeidh bearta is ionann agus seachadadh le cur i bhfeidhm, ar dháta sa todhchaí agus sin de réir praghais arna chomhaontú nó is inchinnte tráth an chonartha a dhéanamh, nó | |
[EN] | (b) trí bhíthin rogha ar chonradh lena mbaineann mír (a) nó ar tháirge airgeadais, tráchtearra airgeadais nó maoin airgeadais d'aon tuairisc eile, lena n-áirítear rogha ceannaigh nó díola nó rogha an praghas nó an chainníocht lena mbaineann a athrú; | |
[EN] | tá le “malartán beartaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 99; | |
[EN] | ciallaíonn “rialacha”, i ndáil le malartán láithreach nó malartán beartaithe, na rialacha a rialaíonn ballraíocht agus oibriú an mhalartáin nó lena mbeartaítear iad a rialú, faoi seach. | |
[EN] |
Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir. |
98. —Dearbhaítear leis seo chun amhras a sheachaint nach mbeidh aon chonradh nó rogha lena mbaineann an Chaibidil seo ar neamhní nó neamh-infheidhmithe mar gheall ar na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1986. |
[EN] |
Malartáin a bhunú. |
99. —Ní dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, aon mhalartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais a bhunú mura mbeidh na daoine a bheartaíonn an malartán (dá ngairtear “malartán beartaithe” sa Chaibidil seo) a bhunú tar éis na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe den sórt sin a chur faoi bhráid an Bhainc lena gceadú agus mura mbeidh na rialacha sin ceadaithe ag an mBanc. |
[EN] |
Malartáin láithreacha. |
100. —(1) Laistigh de 3 mhí tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh gach malartán a bhí bunaithe roimh an rith sin (dá ngairtear “malartán láithreach” sa Chaibidil seo)— |
[EN] | (a) a chuid rialacha a chur faoi bhráid an Bhainc lena gceadú, nó | |
[EN] | (b) é féin a dhíbhunú. | |
[EN] | (2) Go dtí go gcinnfidh an Banc rialacha malartáin láithrigh a bheidh curtha faoina bhráid faoi fho-alt (1) (a) a cheadú nó gan iad a cheadú, féadfaidh an Banc— | |
[EN] | (a) faoi réir fhorálacha eile an ailt seo más cuí sin, cibé coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán is dóigh leis is cuí a fhorchur air, nó | |
[EN] | (b) treoir a eisiúint faoi alt 105 ionann is dá mba é a bhí sa mhalartán láithreach malartán a raibh a rialacha ceadaithe ag an mBanc. | |
[EN] | (3) I gcás ina bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar mhalartán láithreach lena mbaineann fo-alt (2), féadfaidh an tAire a ordú don Bhanc coinníollacha nó ceanglais a bheidh sonraithe sa treoir uaidh a fhorchur faoi mhír (a) den fho-alt sin agus forchuirfidh an Banc amhlaidh na coinníollacha nó na ceanglais sin (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin). | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh an Banc coinníoll nó ceanglas i ndáil le déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a fhorchur ar mhalartán láithreach, de bhua an ailt seo, mura rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis an gcoinníoll nó leis an gceanglas, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh an Banc tar éis fógra a thabhairt don Aire á rá go bhfuil sé ar intinn aige an coinníoll nó an ceanglas a fhorchur ar an malartán. | |
[EN] |
Ceadú rialacha ag an mBanc, coinníollacha, etc. |
101. —(1) (a) Aon uair a cheadóidh an Banc rialacha malartáin láithrigh, nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe, féadfaidh sé— |
[EN] | (i) an ceadú uaidh a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglas, agus | |
[EN] | (ii) tráth ar bith tar éis an cheadaithe, coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán nó coinníoll nó ceanglas ar bith lena mbaineann an fo-alt seo a leasú nó a chúlghairm, bíodh nó ná bíodh sé leasaithe roimhe sin de bhua na fomhíre seo. | |
[EN] | (b) Gach coinníoll nó ceanglas a fhorchuirfear agus a mbaineann an fo-alt seo leis, agus gach leasú nó cúlghairm ar an gcéanna, is de chineál é is cuí leis an mBanc a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm ar mhaithe le rialáil chríonna an mhalartáin lena mbaineann agus féadfar gach coinníoll nó ceanglas den sórt sin a fhorchur ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon, eadhon,— | |
[EN] | (i) an malartán sin, agus | |
[EN] | (ii) baill an mhalartáin sin (i dteannta a chéile nó ina nduine is ina nduine). | |
[EN] | (c) Maidir le haon choinníoll nó ceanglas lena mbaineann mír (a) (ii), ní dhéanfar coinníoll nó ceanglas a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm go dtí— | |
[EN] | (i) go mbeidh an Banc tar éis fógra a thabhairt don mhalartán lena mbaineann á rá go bhfuil ar intinn aige an forchur, an leasú nó an chúlghairm sin a dhéanamh, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh an Banc tar éis éisteacht a thabhairt d'aon uiríll a rinne an malartán sin, nó aon bhall de, laistigh de cibé teorainn ama a bheidh sonraithe ag an mBanc tráth an fhógra a thabhairt don mhalartán. | |
[EN] | (d) I gcás ina bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar mhalartán, ní dhéanfar aon choinníoll nó ceanglas a bhaineann leis na déileálacha sin a fhorchur de bhua an fho-ailt seo mura mbeidh fógra tugtha ag an mBanc don Aire á rá go bhfuil ar intinn aige an forchur sin a dhéanamh. | |
[EN] | (2) (a) Más rud é— | |
[EN] | (i) go mbeidh ar intinn ag an mBanc rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú, agus | |
[EN] | (ii) go bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar an malartán, | |
[EN] | féadfaidh an tAire a ordú don Bhanc an ceadú uaidh a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglas a fhorchuirfidh an Banc agus a bheidh sonraithe sa treoir ón Aire (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin) agus déanfaidh an Banc, dá réir sin, a cheadú a chur faoi réir gach coinníll nó ceanglais a bheidh sonraithe amhlaidh. | |
[EN] | (b) Tráth ar bith tar éis rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a bheith ceadaithe, féadfaidh an tAire, maidir le déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú aige, a ordú don Bhanc coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin) nó aon choinníoll nó ceanglas lena mbaineann an fo-alt seo a leasú nó a chúlghairm, bíodh nó ná bíodh sé leasaithe roimhe sin de bhua na míre seo agus, dá réir sin, déanfaidh an Banc an coinníoll nó an ceanglas a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm amhlaidh. | |
[EN] | (3) Má cheadaíonn an Banc rialacha malartáin nó na rialacha le haghaidh malartáin ní bheidh an ceadú sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht an mhalartáin ná aon bhaill den mhalartán agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain an mhalartáin nó aon bhaill dá chuid. | |
[EN] | (4) Aon iarratas go gceadófar rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a chinnfidh an Banc ó am go ham. | |
[EN] |
Diúltú ag an mBanc rialacha a cheadú. |
102. —(1) Ní dhiúltóidh an Banc rialacha malartáin láithrigh ná na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh an ceadú chun leasa do rialáil ordúil chuí malartáin den sórt sin, agus ní thoileoidh an tAire leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh an ceadú chun leasa do rialáil ordúil chuí malartáin den sórt sin. |
[EN] | (2) Aon uair a bheartaíonn an Banc diúltú rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú— | |
[EN] | (a) cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don mhalartán nó (i gcás malartáin bheartaithe) do thionscnóir an mhalartáin go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá aige leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú beartaithe, | |
[EN] | (b) féadfaidh an malartán nó an tionscnóir na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus | |
[EN] | (c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an diúltú beartaithe. | |
[EN] |
Feidhm alt 17 d'Acht 1971. |
103. —Gan dochar d'fhorálacha alt 101 beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais chun críche Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, gach malartán lena mbaineann an Chaibidil seo agus gach ball den mhalartán sin. |
[EN] |
Srian le fógraíocht. |
104. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfaidh duine seirbhísí malartáin a fhógairt, nó a chur á bhfógairt, ná ní dhéanfaidh sé aon sirtheoireacht eile i leith na seirbhísí sin mura mbeidh rialacha an mhalartáin ceadaithe ag an mBanc. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) faoi réir aon choinníll nó ceanglais dá mhalairt arna fhorchur ag an mBanc faoi alt 100 (2), maidir le malartán láithreach, ná le haon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an mhalartáin, le linn na tréimhse dar tosach an tráth a gcuireann sé a chuid rialacha faoi bhráid an Bhainc lena gceadú agus dar críoch an tráth a gceadaítear iad nó a ndiúltaítear iad a cheadú, nó | |
[EN] | (b) maidir le haon réamheolaire nó doiciméad eile arna fhoilsiú ag nó thar ceann daoine a bheartaíonn malartán den sórt sin a bhunú, i gcás gur chun críche an togra sin, agus chun na críche sin amháin, a fhoilsítear an réamheolaire nó an doiciméad eile sin. | |
[EN] | (3) Má fhoilsítear fógrán nó sirtheoireacht eile lena mbaineann an t-alt seo agus mura mbeidh ar áireamh ann ainm agus seoladh an duine a shocraigh leis an bhfoilsitheoir go bhfoilseofaí an fógrán nó an tsirtheoireacht sin, ansin féadfaidh an Banc, tráth ar bith le linn na tréimhse 12 mhí tar éis aon fhoilsiú a bheith déanta ar an bhfógrán nó ar an tsirtheoireacht, a iarraidh ar an bhfoilsitheoir ainm agus seoladh an duine sin a thabhairt don Bhanc agus déanfaidh an foilsitheoir láithreach de réir na hiarrata sin. | |
[EN] |
Treoracha ón mBanc trádáil, déileáil, a fhionraí. |
105. —(1) I gcás inar deimhin leis an mBanc go bhfuil malartán, nó aon bhall de mhalartán, tar éis mainneachtain nó ag mainneachtain déanamh de réir coinníll nó ceanglais faoi alt 100 (2) (a) nó 101, féadfaidh an Banc treoir a thabhairt— |
[EN] | (a) don mhalartán trádáil a chur ar fionraí, nó | |
[EN] | (b) d'aon bhall den mhalartán nó do na baill go léir trádáil nó déileáil ar an gcéanna a chur ar fionraí, | |
[EN] | go ceann tréimhse sonraithe nó go dtí go bhfaighfear fógra eile ón mBanc, nó féadfaidh sé na treoracha sin a thabhairt dóibh araon. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an malartán, nó ball nó baill de, dár tugadh an treoir faoi fho-alt (1) iarratas a dhéanamh ar an tslí achomair chun na Cúirte ar ordú ag cur na treorach ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh ar an tslí achomair chun na Cúirte á iarraidh go ndéanfaidh an Chúirt treoir uaidh faoin alt seo a dhaingniú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí. | |
[EN] | (4) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt. | |
[EN] |
Ceadú rialacha a chúlghairm. |
106. —(1) Féadfaidh an Banc— |
[EN] | (a) ceadú rialacha malartáin a chúlghairm má iarrann an malartán dár deonaíodh é amhlaidh, | |
[EN] | (b) le toiliú an Aire, ceadú rialacha malartáin a chúlghairm más rud é— | |
[EN] | (i) maidir leis an malartán— | |
[EN] | (I) nach mbeidh sé tosaithe de bheith ag oibriú laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an ceadú, nó | |
[EN] | (II) go mbeidh scortha aige de bheith ag oibriú agus nach bhfuil aon trádáil nó déileáil déanta ar an malartán le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis scor dó, | |
[EN] | (ii) go bhfuil an malartán, ós cuideachta é, á fhoirceannadh. | |
[EN] | (iii) go bhfuil ceadú an Bhainc faighte ag an malartán (is malartán láithreach) nó ag tionscnóir malartáin bheartaithe trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mírialta eile, | |
[EN] | (iv) go dtiocfaidh an malartán chun bheith neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith creidiúnaithe nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach den mhalartán nó d'aon bhall de, | |
[EN] | (c) le toiliú an Aire, an ceadú a chúlghairm má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an ceadú, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus gur imthosca iad de chineál go ndiúltófaí d'iarratas ar cheadú dá ndéanfaí é sna himthosca athraithe. | |
[EN] | (2) Aon uair a bheartaíonn an Banc ceadú a chúlghairm (seachas de bhun iarrata sin a dhéanamh ón malartán dár deonaíodh é)— | |
[EN] | (a) cuirfidh sé in iúl don mhalartán lena mbaineann go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an malartán, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe, | |
[EN] | (b) féadfaidh an malartán na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus | |
[EN] | (c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe. | |
[EN] | (3) I gcás ina gcúlghairfear ceadú rialacha malartáin agus nach é atá sa mhalartán cuideachta atá á foirceannadh— | |
[EN] | (a) leanfaidh an malartán agus baill an mhalartáin de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo nó le halt 18 d'Acht 1971, nó faoin gcéanna, go dtí go mbeidh dliteanais uile an mhalartáin agus a chuid ball urscaoilte chun sástacht an Bhainc, | |
[EN] | (b) déanfaidh an malartán, a luaithe is féidir tar éis an ceadú a chúlghairm, scéala a chur chuig an mBanc agus chuig cibé daoine eile (más ann) a ndéarfaidh an Banc leis scéala a chur chucu maidir leis na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun dliteanais an mhalartáin agus a chuid ball a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí, | |
[EN] | (c) i gcás— | |
[EN] | (i) ina mbeidh scéala curtha ag an malartán chuig an mBanc de réir mhír (b) agus gurb é tuairim an Bhainc nach bearta sásúla na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun críocha na míre sin, nó | |
[EN] | (ii) nach mbeidh scéala curtha amhlaidh ag an malartán chuig an mBanc agus gurb é tuairim an Bhainc go bhfuil mainnithe ag an malartán scéala a chur amhlaidh a luaithe is féidir tar éis an ceadú a chúlghairm, nó | |
[EN] | (iii) gurb é tuairim an Bhainc go bhfuil mainnithe ag an malartán gach beart réasúnach a dhéanamh chun scéala a chur chuig daoine a mbeidh sé ráite ag an mBanc leis, faoi mhír (b), scéala a chur chucu, | |
[EN] | ansin féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt don mhalartán sin nó d'aon bhall de, go ceann cibé tréimhse nach faide ná 6 mhí a bheidh sonraithe inti, á thoirmeasc ar an malartán nó ar na baill den mhalartán a mbeidh treoir tugtha amhlaidh dó nó dóibh— | |
[EN] | (I) déileáil le haon sócmhainní nó le sócmhainní sonraithe de chuid an mhalartáin nó de chuid a bhall, nó diúscairt a dhéanamh orthu ar shlí ar bith, nó | |
[EN] | (II) gabháil d'aon idirbheart nó d'aon aicme idirbhirt nó d'idirbheart sonraithe, nó | |
[EN] | (III) íocaíochtaí a dhéanamh, | |
[EN] | gan údarú a fháil roimh ré ón mBanc, agus féadfaidh an Banc a cheangal ar an malartán sin nó ar aon bhall dá chuid scéim chun na dliteanais a bheidh i gceist a urscaoileadh, go hiomlán agus go hordúil, a ullmhú agus a chur faoina bhráid, lena cheadú a fháil di, laistigh de dhá mhí ó dháta na treorach. | |
[EN] | (4) (a) I gcás ina gcúlghairfear ceadú rialacha malartáin agus gurb é atá sa mhalartán cuideachta atá á foirceannadh, beidh leachtaitheoir na cuideachta, i dteannta na ndualgas agus na n-oibleagáidí a bheidh air i ndáil leis an bhfoirceannadh, faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a mbeadh an malartán faoina réir dá mba mhalartán é lena mbain-eann fo-alt (3) agus déanfar an fo-alt sin, chun críche an fho-ailt seo, a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (b) D'ainneoin mhír (a), féadfaidh an Banc, i gcás ina gcúlghairfidh sé ceadú agus inar dóigh leis gur cuí é sna himthosca, an dualgas agus an oibleagáid a fhorchuirtear ar an leachtaitheoir áirithe déanamh de réir mhír (b) (mar a fhorléirítear í leis an bhfo-alt seo) d'fho-alt (3) a bhaint de i scríbhinn agus féadfaidh sé cibé dualgas agus oibleagáid, breise nó eile, atá ar aon dul leis an gceann atá leagtha amach sa mhír sin (b), a fhorchur i scríbhinn ar an leachtaitheoir sin. | |
[EN] | (c) Ní dhéanfar aon ní san fho-alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difear d'aon dualgas nó oibleagáid a bheidh, faoin gCaibidil seo, ar bhaill an mhalartáin lena mbaineann. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis ceadú rialacha malartáin a bheith cúlghairthe, fógra faoin gcúlghairm a fhoilsiú ar cibé caoi is cuí leis. | |
[EN] |
Cionta agus pionóis (Caibidil VIII). |
107. —(1) Aon duine a sháróidh alt 99, 100 nó 104 agus aon mhalartán nó ball de mhalartán— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh sárú, trí ghníomh nó neamhghníomh, ar choinníoll nó ceanglas a bheidh forchurtha go cuí agus a bhaineann leis an gceadú a thug an Banc le haghaidh rialacha an mhalartáin, nó | |
[EN] | (b) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 105 nó 106, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air, | |
[EN] | agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú nó den mhainneachtain ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú nó den mhainneachtain tar éis an chiontaithe i leith an tsáraithe nó na mainneachtana bunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air. | |
(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a bhaineann le halt 104, is cosaint mhaith é don chúisí a chruthú go mba dhuine é, an tráth iomchuí, a raibh sé de ghnó aige fógráin nó sirtheoireachtaí eile a fhoilsiú nó socrú a dhéanamh dá bhfoilsiú thar ceann duine éigin eile agus go bhfuarthas an fógrán nó an tsirtheoireacht eile iomchuí chun a fhoilsithe i ngnáthchúrsa an ghnó sin agus nárbh eol dó, agus nach raibh cúis ar bith aige le go mbeadh amhras air, go bhféadfadh cion a bheith i gceist dá n-úsáidfí é chun fógairt nó sireadh ar shlí eile a dhéanamh. |