|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Maoirsiú ar Mhalartáin Todhchaíochtaí agus Roghanna Airgeadais) | Ar Aghaidh (Caibidil X Cóid Chleachtais) |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IX Maoirsiú Bróicéirí Airgid | |
[EN] |
Léiriú (Caibidil IX). |
108. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “údarú” údarú arna dheonú do dhuine ag an mBanc faoin gCaibidil seo chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh; | |
[EN] | tá le “foras airgeadais” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil VII; | |
[EN] | ciallaíonn “bróicéir airgid” duine a sheolann gnó bróicéireachta airgid; | |
[EN] | ciallaíonn “gnó bróicéireachta airgid” aon ghnó arb é atá ann na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a shocrú, eadhon: | |
[EN] | (a) iasachtaí airgid a thabhairt nó a fháil, | |
[EN] | (b) malairt eachtrach a cheannach nó a dhíol, | |
[EN] | (c) idirbhearta de chineál a bheidh forordaithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 109, agus | |
[EN] | (d) idirbhearta eile a bhfuil éifeacht den chineál céanna leo is atá le haon idirbheart lena mbaineann mír (a), (b) nó (c), | |
[EN] | idir beirt nó níos mó arb é atá iontu sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971, cumann foirgníochta, nó foras airgeadais, agus déanfar “bróicéireacht airgid” a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] |
Orduithe (Caibidil IX). |
109. —(1) I gcás inarb é tuairim an Aire agus an Bhainc gur gá, i gcomhthéacs forbairtí sna margaí airgeadais nó i rialáil ordúil chuí an ghnó bróicéireachta airgid, go ndéanfaí cineálacha áirithe idirbheart a fhorordú chun críche an mhínithe ar “gnó bróicéireachta airgid”, ansin féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBanc, iad a fhorordú amhlaidh le hordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBanc, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm le hordú. | |
[EN] |
Údarú chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh. |
110. —(1) Ní sheolfaidh duine gnó bróicéireachta airgid tráth ar bith tar éis an t-alt seo a bheith i ngníomh ar feadh 3 mhí mura mbeidh údarú chun críocha an ailt seo deonaithe don duine agus nach mbeidh an t-údarú sin cúlghairthe. |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an Banc údarú chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh a dheonú do dhuine ar bith, nó diúltú é a dheonú do dhuine ar bith, a dhéanfaidh iarratas chuige. | |
[EN] | (3) D'ainneoin fho-alt (2), ní cead do dhuine a bheith, an tráth céanna, ina shealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971 agus ina dhuine lena mbaineann údarú marthanach faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Ní dhiúltóidh an Banc údarú a dheonú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh an t-údarú chun leasa do rialáil ordúil chuí na bróicéireachta airgid nó na baincéireachta, agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh an t-údarú chun leasa do rialáil orduil chuí na bróicéireachta airgid nó na baincéireachta. | |
[EN] | (5) Aon uair a bheartóidh an Banc diúltú údarú a dheonú do dhuine— | |
[EN] | (a) cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don duine go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá aige leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú beartaithe, | |
[EN] | (b) féadfaidh an duine na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus | |
[EN] | (c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an diúltú beartaithe. | |
[EN] | (6) Aon iarratas a dhéanfar ar údarú is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a chinnfidh an Banc ó am go ham. | |
[EN] | (7) Má dheonaítear údarú do dhuine faoin alt seo ní bheidh an t-údarú sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht an duine chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain an duine. | |
[EN] |
Maoirsiú, etc. bróicéirí airgid ag an mBanc. |
111. —Déanfaidh gach duine ar leith a sheolann gnó bróicéireachta airgid de réir cibé ceanglas nó coinníollacha maoirseachta agus tuairiscithe i ndáil lena ghnó is dóigh leis an mBanc is críonna a fhorchur air ó am go ham chun críocha rialáil ordúil chuí na bróicéireachta airgid agus ar mhaithe leis an gcéanna. |
[EN] |
Feidhm alt 17 d'Acht 1971. |
112. —Gan dochar d'fhorálacha alt 111, beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais chun críocha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, gach duine atá údaraithe ag an mBanc chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh. |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil IX a thoirmeasc. |
113. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ag an mBanc ar an tslí achomair, gur dóigh leis an gCúirt go bhfuil bróicéir airgid tar éis mainneachtain, nó ag mainneachtain, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a forchuireadh de bhua alt 111, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an mbróicéir airgid lena mbaineann leanacht den mhainneachtain. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt. | |
[EN] |
Údaruithe a chúlghairm. |
114. —(1) Féadfaidh an Banc— |
[EN] | (a) údarú a chúlghairm má iarrann an duine dár deonaíodh é amhlaidh, | |
[EN] | (b) le toiliú an Aire, údarú a chúlghairm más rud é, maidir leis an duine dár deonaíodh é— | |
[EN] | (i) (I) nach mbeidh sé tosaithe de bheith ag seoladh gnó bróicéireachta airgid laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an t-údarú, nó | |
[EN] | (II) go mbeidh scortha aige de bheith ag seoladh gnó bróicéireachta airgid agus nach raibh sé á sheoladh aige le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis scor dó, | |
[EN] | (ii) go mbreithnítear ina fhéimheach é, | |
[EN] | (iii) ós comhpháirtíocht é, go ndíscaoiltear an chomhpháirtíocht trí bhás nó féimheacht aon chomhpháirtí, nó thairis sin faoi dhlí na comhpháirtíochta, | |
[EN] | (iv) go bhfuil sé, ós cuideachta é, á fhoirceannadh, | |
[EN] | (v) go bhfuil an t-údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mírialta eile, | |
[EN] | (vi) go dtiocfaidh sé chun bheith neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach de, nó nach féidir brath air a thuilleadh chun freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe agus, go háirithe, nach dtugann sé urrús a thuilleadh le haghaidh na sócmhainní atá faoina chúram, | |
[EN] | (vii) go gciontaítear ar díotáil é i gcion faoi aon fhoráil de chuid Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó i gcion lena ngabhann calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais, | |
[EN] | (viii) gur i stát eile is ball de na Comhphobail Eorpacha, atá a phríomh-oifig agus go mbeidh an t-údarás sa stát sin, a fheidhmíonn feidhmeanna sa stát sin atá ar aon dul le feidhmeanna an Bhainc faoin gCaibidil seo, tar éis údarú a tharraingt siar ón bhforas ar brainse de an sealbhóir, | |
[EN] | (c) le toiliú an Aire, an t-údarú a chúlghairm má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an t-údarú, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus gur imthosca de chineál iad go ndiúltófaí d'iarratas ar údarú dá ndéanfaí é sna himthosca athraithe. | |
[EN] | (2) Aon uair a bheartaíonn an Banc údarú a chúlghairm (seachas in imthosca lena mbaineann mír (a) nó (b) (viii) d'fho-alt (1))— | |
[EN] | (a) cuirfear in iúl i scríbhinn don duine dár deonaíodh é go bhfuil ar intinn ag an mBanc toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe, | |
[EN] | (b) féadfaidh an duine sin na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus | |
[EN] | (c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe. | |
[EN] |
Ainmneacha bróicéirí airgid agus fógraí faoi chúlghairm údaruithe a fhoilsiú. |
115. —(1) Déanfaidh an Banc ó am go ham, ach ar a laghad uair sa bhliain, ainmneacha daoine atá údaraithe le gnó bróicéireachta airgid a sheoladh, a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis cúlghairm a bheith déanta ar údarú, fógra faoin gcúlghairm a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis. | |
[EN] |
Cionta agus pionóis (Caibidil IX). |
116. —Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) d'alt 110 nó aon bhróicéir airgid a mhainneoidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a bheidh forchurtha air faoi alt 111, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air, | |
[EN] | agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú tar éis an chiontaithe i leith an tsáraithe bhunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air. |