|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Idirbhearta Fála) | Ar Aghaidh (Caibidil VIII Maoirsiú ar Mhalartáin Todhchaíochtaí agus Roghanna Airgeadais) |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VII Forais Airgeadais Áirithe a Mhaoirsiú chun críocha Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta | |
[EN] |
Mínithe (Caibidil VII). |
89. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Limistéar” Limistéar Duganna Theach an Chustaim, mar a mhínítear sin in alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ; | |
[EN] | folaíonn “achtachán” aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil feidhm dlí aici sa Stát; | |
[EN] | tá le “foras airgeadais” an bhrí a shanntar dó le halt 90; | |
[EN] | tá le “comhlacht féin-rialaitheach” an bhrí a shanntar dó in alt 94 (1). | |
[EN] |
Feidhm (Caibidil VII). |
90. —Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach cuideachta dá mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 (dá ngairtear “foras airgeadais” sa Chaibidil seo) seachas gach foras airgeadais is sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971 nó bróicéir airgid chun críocha Chaibidil IX nó atá faoi réir a mhaoirsithe nó is féidir a iniúchadh— |
[EN] | (a) de bhua an Achta Cumann Foirgníochta, 1976 , agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin, | |
[EN] | (b) de bhua an Friendly Societies Act, 1896, agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin, | |
[EN] | (c) de bhua an Assurance Companies Act, 1909, agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin, nó | |
[EN] | (d) de bhua aon achtacháin eile a bheidh sonraithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 91. | |
[EN] |
Orduithe (Caibidil VII). |
91. —(1) Más é tuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí eile (más ann) ar dóigh leis gur cuí dul i gcomhairle leo, go bhfuil forálacha leordhóthanacha i dtaobh maoirsiú agus iniúchadh in aon achtachán a bhaineann le foras airgeadais nó le foras d'aicme nó de chineál a mbeadh, murach ordú faoin alt seo chun críocha alt 90 (d), feidhm ag forálacha na Caibidle seo ina leith, ansin féadfaidh an tAire, le hordú, an t-achtachán lena mbaineann a shonrú agus, más gá i gcomhthéacs an achtacháin sin, an foras nó an aicme nó an cineál forais lena mbaineann an t-ordú a shonrú agus, dá réir sin, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le foras lena mbaineann an t-ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí eile (más ann) ar dóigh leis gur cuí dul i gcomhairle leo, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm. | |
[EN] |
Maoirsiú etc., foras airgeadais ag an mBanc. |
92. —(1) Déanfaidh gach foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo de réir cibé ceanglas nó coinníollacha maoirseachta agus tuairiscithe i ndáil lena ghnó is dóigh leis an mBanc is críonna a fhorchur air ó am go ham chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar an bhforas nó ar ghrúpa foras (lena n-áirítear an foras) nó ar mhaithe leis an gcéanna nó chun an Limistéar a fhorbairt mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta. |
[EN] | (2) Má fhorchuireann an Banc Ceannais ceanglais agus coinníollacha críonna maoirseachta agus tuairiscithe ní bheidh an forchur sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht eintiteas a thagann faoi réim an ailt seo ná eintiteas is cuid de ghrúpaí a thagann faoi réim an ailt seo agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain aon pháirtí acu sin. | |
[EN] |
Feidhm ailt 17 agus 18 d'Acht 1971. |
93. —Gan dochar d'fhorálacha alt 92, beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) agus alt 18 (a bhaineann le faisnéis a thabhairt don Bhanc) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) maidir le gach foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo agus maidir le gach fiontar comhlachaithe (de réir bhrí na n-alt sin) de chuid forais den sórt sin ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais gach foras den sórt sin chun críocha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989. |
[EN] |
Comhlachtaí féinrialaitheacha a bhunú. |
94. —(1) Féadfaidh an Banc i scríbhinn, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a ordú d'aon ghrúpa foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo agus a bheidh sonraithe san ordachán, comhlacht a bhunú (dá ngairtear “comhlacht féin-rialaitheach” sa Chaibidil seo) is de cibé gné dhlithiúil a shonróidh an Banc chun rialáil a dhéanamh ar sheoladh gnó, nó ar aon ghné a bheidh sonraithe de sheoladh gnó, na bhforas airgeadais lena mbaineann an t-ordachán. |
[EN] | (2) Déanfaidh na forais airgeadais lena mbaineann, i gcomhar, rialacha comhlachta féin-rialaithigh (lena n-áirítear bainistíocht an chomhlachta sin agus a bhallraíocht sa todhchaí) a chur faoi bhráid an Bhainc lena cheadú a fháil dóibh. | |
[EN] | (3) Ceadófar rialacha comhlachta féin-rialaithigh faoin alt seo gan dochar do chumhacht an Bhainc ceanglais nó coinníollacha de bhua alt 92, nó ordachán breise faoi fho-alt (1), a fhorchur ar aon cheann de na forais airgeadais lena mbaineann. | |
[EN] | (4) I gcás comhlacht féin-rialaitheach a bheith bunaithe chun críocha an ailt seo, beidh feidhm ag forálacha ailt 92, 93, 95 agus 96 maidir leis an gcomhlacht ionann is dá mba fhoras airgeadais é, agus ar an gcaoi céanna a bhfuil feidhm acu maidir le foras airgeadais, lena mbaineann an Chaibidil seo. | |
[EN] | (5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar aon fhoras airgeadais bheith ina bhall d'aon eagraíocht a dhéanann maoirsiú nó rialú ar sheoladh gnó ar shlí seachas de bhua an ailt seo. | |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil VII a thoirmeasc. |
95. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ag an mBanc ar an tslí achomair, gur dóigh leis an gCúirt go bhfuil foras nó forais airgeadais tar éis mainneachtain, nó ag mainneachtain, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a forchuireadh de bhua alt 92 nó de réir ordacháin faoi alt 94, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an bhforas nó ar na forais lena mbaineann leanacht den mhainneachtain. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt. | |
[EN] |
Neamhchomhlíonadh a thuairisciú don Aire. |
96. —Más amhlaidh— |
[EN] | (a) gur deimhin leis an mBanc nach bhfuil foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo ag comhlíonadh aon oibleagáide a forchuireadh air leis an gCaibidil seo nó faoi (lena n-áirítear aon riail de chuid comhlachta féinrialaithigh ar ball de an foras), agus | |
[EN] | (b) gur dóigh leis an mBanc gur neamhchomhlíonadh é de chineál is gá a chur in iúl don Aire, | |
[EN] | ansin cuirfidh an Banc an neamhchomhlíonadh sin in iúl don Aire. |