|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XI Comhshó go Cuideachta Phoiblí Theoranta) | Ar Aghaidh (CUID XIII Ilghnéitheach) |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID XII Foirceannadh, etc. | |
[EN] |
Foirceannadh. |
109. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfar cumann foirgníochta a fhoirceannadh de réir Achtanna na gCuideachtaí agus dá réir sin beidh feidhm ag na hAchtanna sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba chuideachta faoi theorainn scaireanna an cumann. |
[EN] | (2) I bhfeidhmiú Achtanna na gCuideachtaí maidir le foirceannadh cumainn— | |
[EN] | (a) déanfar tagairt do “cláraitheoir na gcuideachtaí” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt don Bhanc Ceannais, | |
[EN] | (b) déanfar tagairt do “na hairteagail chomhlachais” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt do rialacha cumainn, | |
[EN] | (c) déanfar tagairt do “rún speisialta” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt do rún speisialta cumainn de réir bhrí an Achta seo, agus | |
[EN] | (d) déanfar “rúnaí” in alt 224 d'Acht 1963 a fhorléiriú mar phríomhfheidhmeannach cumainn. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chúirt cumann a fhoirceannadh más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh beartaithe ag an gcumann, trí rún speisialta, go ndéanfaidh an Chúirt an cumann a fhoirceannadh, | |
[EN] | (b) go mbeidh líon na gcomhaltaí tite faoi bhun 10 nó go mbeidh líon na stiúrthóirí tite faoi bhun 3, | |
[EN] | (c) nach mbeidh údarú deonaithe don chumann, is cumann a bheidh cláraithe mar chumann foirgníochta faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe, agus go mbeidh breis agus bliain caite ó cláraíodh amhlaidh é, | |
[EN] | (d) nach mbeidh ar chumas an chumainn a fhiacha a íoc, | |
[EN] | (e) go mbeidh údarú an chumainn cúlghairthe faoi alt 40, nó | |
[EN] | (f) gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil sé ceart agus cothrom an cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (4) (a) D'ainneoin aon ní in alt 215 d'Acht 1963 féadfaidh an Banc Ceannais achainí a thíolacadh chun cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag ailt 213 agus 215 (a) agus (d) agus 296 d'Acht 1963 maidir le foirceannadh cumainn. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon ní in ailt 217, 234, 256, 280 agus 298 d'Acht 1963, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi aon cheann de na hailt sin. | |
[EN] | (6) Ní bheidh foirceannadh cumainn ina urchosc ar cheart an Bhainc Ceannais é a chur á fhoirceannadh ag an gCúirt. | |
[EN] | (7) Tabharfar fógra don Bhanc Ceannais faoi aon rún nó iarratas chun cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag Cuid X d'Acht 1963 maidir le cumann agus, d'ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon Acht eile, ní cead cumann a fhoirceannadh ach amháin de réir an ailt seo. | |
[EN] | (9) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh, ní dhlífidh duine dár thug an cumann iasacht faoi mhorgáiste nó urrús eile an méid is iníoctha i leith na hiasachta a íoc ach amháin an tráth nó na tráthanna, agus faoi réir (de réir mar is cuí) na gcoinníollacha, a bheidh leagtha amach sa mhorgáiste nó san urrús eile. | |
[EN] | (10) Ní dhéanfaidh an leachtaitheoir, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 231 (2) (a) d'Acht 1963, aon cheann de shócmhainní an chumainn atá urraithe trí mhorgáiste ar eastát nó ar leas, ruílse nó léasach, a dhiúscairt ar théarmaí, maidir leis na hiasachtaí, seachas téarmaí ar deimhin leis an gCúirt gur téarmaí córa cothroma iad agus a bhféadfadh na hiasachtaithe a bheith i dteideal le réasún a bheith ag súil leo mura mbeadh foirceannadh déanta ar an gcumann. | |
[EN] | (11) Féadfaidh an Banc Ceannais oifigeach amháin nó níos mó don Bhanc nó ionadaithe eile a cheapadh a bheidh i dteideal— | |
[EN] | (a) freastal ar aon chruinniú de chreidiúnaithe cumainn, agus | |
[EN] | (b) a bheith ina chomhalta d'aon choiste iniúchta a bheidh ceaptha faoi alt 233 nó 268 d'Acht 1963. | |
[EN] | (12) Ní dhéanfar oifigeach nó ionadaí don Bhanc Ceannais, a bheidh ceaptha chun bheith ina chomhalta de choiste iniúchta, a chur as oifig gan toiliú an Bhainc agus ní chomhairfear é le linn aon líon íosta nó uasta comhaltaí den choiste sin mar a bheidh sonraithe in aon achtachán a bheith á ríomh. | |
[EN] | (13) I gcás ina dtosófar ag foirceannadh cumainn laistigh de bhliain tar éis don chumann a ainm a athrú, taispeánfar an t-ainm a bhíodh air, chomh maith leis an ainm atá anois air, i ngach fógra agus fógrán a bhaineann leis an bhfoirceannadh. | |
[EN] |
Clárú a chealú. |
110. —(1) Déanfaidh an Banc Ceannais clárú cumainn foirgníochta a chealú ar cumann foirgníochta é— |
[EN] | (a) atá díscaoilte de bhua alt 95 nó 96, | |
[EN] | (b) atá foirceanta faoi alt 109 agus díscaoilte, nó | |
[EN] | (c) atá comhshóite ina chuideachta phoiblí theoranta faoi Chuid XI. | |
[EN] | (2) I gcás inar deimhin leis an mBanc Ceannais, maidir le cumann— | |
[EN] | (a) gur trí chalaois nó trí dhearmad a fuarthas deimhniú corp raithe don chumann agus nach cumann údaraithe an cumann, | |
[EN] | (b) go bhfuil scortha ag an gcumann de bheith ag feidhmiú, nó | |
[EN] | (c) go bhfuil mainnithe ag an gcumann déanamh de réir alt 124 (5), | |
[EN] | féadfaidh an Banc clárú an chumainn a chealú. | |
[EN] | (3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, clárú cumainn a chealú ar iarratas ón gcumann agus é fianaithe i cibé slí a ordóidh an Banc. | |
[EN] | (4) Sula gcealóidh sé clárú cumainn faoi fho-alt (2) tabharfaidh an Banc Ceannais don chumann fógra 2 mhí ar a laghad ina sonrófar na forais atá leis an gcealú beartaithe. | |
[EN] | (5) I gcás ina gcealófar clárú cumainn faoi fho-alt (2), féadfaidh an cumann, laistigh de 1 mhí, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, ar aon achomharc den sórt sin, más cuí léi, an cealú a chur ar ceal. | |
[EN] | (6) I gcás ina gcealófar clárú cumainn faoi fho-alt (2) nó (3), ansin, faoi réir an cheart achomhairc a thugtar le fo-alt (5), scoirfidh an cumann de bheith ina chumann foirgníochta de réir bhrí an Achta seo. | |
[EN] | (7) Beidh éifeacht le fo-alt (6) i ndáil le cumann gan dochar d'aon dliteanas a bheidh tabhaithe iarbhír ag an gcumann agus féadfar aon dliteanas den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcoinne an chumainn ionann is dá mba nach ndearnadh an cealú. | |
[EN] | (8) A luaithe is féidir tar éis clárú cumainn a chealú faoin alt seo, cuirfidh an Banc Ceannais faoi deara go bhfoilseofar fógra faoin gcealú in 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn. | |
[EN] |
Dlífear pionós a chur ar oifigigh chumainn i gcás nach gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí. |
111. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh alt 76 sáraithe ag cumann atá á fhoirceannadh agus nach bhfuil ar a chumas a fhiacha go léir a íoc, agus | |
[EN] | (b) gur dóigh leis an gCúirt gur chuir an sárú sin le héagumas an chumainn a fhiacha go léir a íoc nó go raibh sé ina bhun le héiginnteacht shubstaintiúil i dtaobh shócmhainní agus dliteanais an chumainn nó gur chuir sé treampán mór ar fhoirceannadh ordúil an chumainn, | |
[EN] | beidh gach oifigeach den chumann a rinne mainneachtain ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint é don duine atá cúisithe a shuíomh— | |
[EN] | (a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann alt 76, nó | |
[EN] | (b) go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht nó faoi rialú stiúrthóra den chumann a raibh an fhreagracht sin curtha go foirmiúil air, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh ar a chumas an dualgas sin a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Dliteanas pearsanta oifigeach cumainn i gcás nach gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí. |
112. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é go mbeidh alt 76 sáraithe ag cumann atá á fhoirceannadh agus nach bhfuil ar a chumas a fhiacha go léir a íoc, agus gur dóigh leis an gCúirt gur chuir an sárú sin le héagumas an chumainn a fhiacha go léir a íoc nó go raibh sé ina bhun le héiginnteacht shubstaintiúil i dtaobh shócmhainní agus dliteanais an chumainn nó gur chuir sé treampán mór ar fhoirceannadh ordúil an chumainn, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón mBanc Ceannais nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid an chumainn, a dhearbhú, más dóigh leis gur cuí é, go mbeidh aon duine amháin nó níos mó d'oifigigh agus d'iaroifigigh an chumainn a rinne mainneachtain faoi dhliteanas pearsanta, gan aon teorainn leis an dliteanas, i leith na bhfiacha agus na ndliteanas eile go léir de chuid an chumainn nó i leith cibé coda díobh a bheidh sonraithe ag an gCúirt. |
[EN] | (2) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas fianaise a thabhairt, nó finnéithe a ghairm, é féin. | |
[EN] | (3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1), féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt is dóigh léi is cuí chun éifeacht a thabhairt don dearbhú agus féadfaidh sí socrú a dhéanamh go háirithe chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur mar mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite den chuideachta dó, nó ar aon mhorgáiste nó aon leas in aon mhorgáiste ar aon sócmhainní de chuid an chumainn a bheidh á seal bhú aige nó dílsithe ann nó á sealbhú ag aon chuideachta nó duine eile, nó dílsithe in aon chuideachta nó duine eile, thar a cheann, nó ag aon duine, nó in aon duine, a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine, nó tríd an duine, atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó ag aon chuideachta nó duine, nó in aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh is gá chun aon mhuirear a fhorchuirfear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm. | |
[EN] | (b) I mír (a) folaíonn “sannaí” aon duine ar cruthaíodh, ar eisíodh nó ar aistríodh an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste chuige nó ina fhabhar, ar orduithe ón duine atá faoi dhliteanas, nó ar dó nó ina fhabhar a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin trí phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na nithe ar ar a bhforas a dhéantar an dearbhú. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) maidir le duine más dóigh léi— | |
[EN] | (a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann alt 76, nó | |
[EN] | (b) go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de dhualgas ar dhuine inniuil iontaofa, ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht nó faoi rialú stiúrthóra a raibh an fhreagracht sin curtha go foirmiúil air, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a chumas an dualgas sin a chomhlíonadh. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh an duine lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe ar ar a bhforas atá an dearbhú le déanamh. | |
[EN] | (6) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 90 nó 120 i ndáil le ráiteas i dtaobh an cumann do choimeád taifead cuntasaíochta cuí. |