An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Forálacha is infheidhme maidir leis an meabhrán agus na rialacha) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontacha i ndáil lehÚDARÚ A CHÚLGHAIRM)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forálacha forlíontacha i ndáil lehúdarú

Alt 17.

Iarratais.

1. (1) Maidir le hiarratas ar údarú—

(a) déanfar é ar cibé dóigh a shonróidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe; agus

(b) beidh cibé faisnéis ag gabháil leis a cheanglóidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, d'fhonn a chinneadh ar chóir nó nár chóir údarú a dheonú, agus cibé acu i dteannta nó d'éagmais coinníollacha.

(2) Má cheanglaítear sin air le fógra ón mBanc Ceannais arna thabhairt tráth ar bith tar éis iarratas ar údarú a bheith déanta agus sula mbeidh cinneadh déanta ar an iarratas, tabharfaidh an t-iarratasóir cibé faisnéis bhreise don Bhanc Ceannais a cheanglóidh sé d'fhonn cinneadh a dhéanamh ar an iarratas.

(3) Má bheartaíonn an Banc Ceannais diúltú údarú a dheonú seirbheálfaidh sé fógra ar an iarratasóir á rá—

(a) go mbeartaíonn sé diúltú údarú a dheonú,

(b) cad iad na forais atá leis an diúltú beartaithe, agus

(c) go bhféadfaidh an t-iarratasóir uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBanc Ceannais maidir leis an diúltú beartaithe laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.

(4) Má tá ar áireamh sna forais atá leis an diúltú beartaithe an foras nach duine inniúil cuí aon oifigeach don chumann chun oifig a shealbhú sa chumann, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an fhorais sin ar an oifigeach sin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh, maidir lena inniúlacht agus lena chuibheas chun oifige, laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.

(5) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an iarratas, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (3) nó (4).

(6) Más rud é, ar iarratas ar údarú, go ndiúltóidh an Banc Ceannais údarú a dheonú, seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann ina dtabharfar cinneadh an Bhainc Ceannais agus na forais a bhí leis agus, faoi réir fhomhír (7), déanfaidh sé amhlaidh sula mbeidh an tréimhse 6 mhí caite dar tosach an dáta a bhfuarthas an t-iarratas.

(7) In aon chás ina gceanglóidh an Banc Ceannais faisnéis bhreise a thabhairt maidir le hiarratas, is é an tráth is déanaí chun fógra a thabhairt faoi fhomhír (6) maidir leis an iarratas deireadh cibé tréimhse acu seo a leanas is túisce a chríochnóidh, eadhon—

(a) an tréimhse 6 mhí dar tosach an dáta a dtabharfar an fhaisnéis bhreise don Bhanc Ceannais; nó

(b) an tréimhse 12 mhí dar tosach an dáta a bhfuair an Banc Ceannais an t-iarratas.

Coinníollacha a fhorchur nó a leasú.

2. (1) Má bheartaíonn an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur ar údarú nó na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leasú, nó cur leo, ar dhóigh a dhéanfadh níos tromaí iad, seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann á rá—

(a) go mbeartaíonn an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur nó na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leasú nó cur leo;

(b) cad iad na coinníollacha, na leasuithe nó na breisithe atá beartaithe;

(c) cad iad na forais atá leis an togra; agus

(d) go bhféadfaidh an cumann uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais maidir leis an bhforchur, an leasú nó an breisiú beartaithe laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Má tá san áireamh in aon choinníoll a bheartaítear a fhorchur, a leasú nó a chur mar bhreis, aon cheanglas go gcuirfí aon oifigeach de chuid an chumainn as oifig, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an togra sin ar an oifigeach sin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh maidir leis an togra laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula ndéanfaidh sé cinneadh ar chóir coinníollacha a fhorchur nó a leasú nó cur leo, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (1) nó (2).

(4) Má chinneann an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur nó a leasú nó cur leo, seirbheálfaidh sé ar an gcumann agus ar gach oifigeach de chuid an chumainn fógra ina dtabharfar—

(a) na coinníollacha, agus

(b) na forais a bhí lena chinneadh.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a rinneadh chuige faoi fhomhír (1) nó (2), ar aon fhorchur, leasú nó breisiú, de réir mar a bheidh, atá éagsúil leis an gceann a sonraíodh san fhógra faoi fhomhír (1), ní gá dó fógra nua a thabhairt faoin mír seo mura mbeidh an coinníoll nó na coinníollacha níos tromaí, de bharr na héagsúlachta sin, ná mar a bheadh dá leanfadh an Banc Ceannais ar aghaidh de réir an fhógra bhunaidh.