An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontacha i ndáil lehúdarú) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontachta i ndáil le treoir ón mBanc Ceannais faoi Alt 40)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Forálacha forlíontacha i ndáil lehÚDARÚ A CHÚLGHAIRM

Alt 40.

Údarú a chúlghairm.

1. (1) Má bheartaíonn an Banc údarú a chúlghairm (ar shlí seachas de bhun iarrata ón sealbhóir) seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann foirgníochta agus ar gach oifigeach á rá—

(a) go mbeartaíonn sé an t-údarú a chúlghairm,

(b) cad iad na forais atá aige leis an gcúlghairm bheartaithe a dhéanamh, agus

(c) go bhféadfaidh an cumann, laistigh de 21 lá tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe.

(2) Má tá ar áireamh sna forais atá leis an gcúlghairm bheartaithe an foras nach duine inniúil cuí aon oifigeach don chumann chun oifig a shealbhú sa chumann, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an fhorais sin ar an oifigeach atá i gceist freisin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh, maidir lena inniúlacht agus lena chuibheas chun oifige, laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula gcinnfidh sé ar chóir nó nár chóir an t-údarú a chúlghairm, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (1) nó (2) i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe agus seirbheálfaidh sé ar an gcumann agus ar gach oifigeach fógra ina dtabharfar a chinneadh agus na forais a bhí leis agus féadfaidh an cumann, laistigh de mhí amháin tar éis cinneadh an Bhainc a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte ina choinne.

Forálacha a leanann as cúlghairm.

2. (1) I gcás ina gcúlghairfear údarú agus nach mbeidh an cumann á fhoirceannadh—

(a) leanfaidh an cumann de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir maidir le scaireanna agus taiscí urscaoilte chun sástacht an Bhainc Ceannais;

(b) cuirfidh an cumann scéala, a luaithe is féidir, chuig na daoine go léir a shealbhaíonn scaireanna ann nó taiscí leis, agus chuig an mBanc Ceannais, i dtaobh na mbearta atá á ndéanamh aige chun a dhliteanais go léir maidir leis na scaireanna agus na taiscí sin a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí; agus

(c) féadfaidh an Banc Ceannais, má mhainníonn an cumann scéala a chur chuige laistigh de thréimhse ama réasúnach de réir fhomhír (1) (b) nó más dóigh leis nach bearta sásúla na bearta atá á nglacadh ag an gcumann, nó a bheartaíonn sé a ghlacadh, chun a dhliteanais i leith scairshealbhóirí agus taisceoirí a urscaoileadh, treoir a thabhairt á thoirmeasc ar an gcumann—

(i) déileáil in aon sócmhainní, nó in aon sócmhainní sonraithe, dá chuid, nó iad a dhiúscairt, ar dhóigh ar bith,

(ii) gabháil d'aon idirbheart nó d'aon aicme idirbhirt nó d'aon idirbheart sonraithe, nó

(iii) íocaíochtaí a dhéanamh,

go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, gan údarú roimh ré ón mBanc Ceannais agus féadfaidh sé a cheangal ar an gcumann scéim chun a dhliteanais i leith a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí a urscaoileadh go hordúil agus go hiomlán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhainc, laistigh de 2 mhí ón treoir, lena cheadú a fháil.

(2) I gcás ina dtabharfar treoir lena mbaineann fomhír (1) beidh feidhm ag forálacha an Chúigiú Sceideal fara aon mhodhnuithe is gá.

(3) Faoi réir fhomhír (4), cealófar go hiomlán aon oibleagáid íocaíocht a dhéanamh leis an gcumann, is íocaíocht a dtoirmisctear ar an gcumann, de bhua alt 17, í a ghlacadh.

(4) Más rud é, an tráth a chúlghairtear údarú cumainn, go mbeidh comhalta faoi oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh leis an gcumann in ionannas tráthchodanna den mhéid atá dlite ar mhodh suibscríobh le haghaidh scaire sa chumann agus ar íocaíochtaí iad a dtoirmisctear ar an gcumann, de bhua alt 17, iad a ghlacadh, beidh an oibleagáid (faoi réir aon ní i rialacha an chumainn agus aon chomhaontaithe idir an cumann agus an comhalta) ar fionraí, maidir le gach tráthchuid, ar feadh na tréimhse nach mbeidh aon údarú i bhfeidhm; agus dá réir sin má dheonaítear údarú don chumann dá éis sin beidh an tsuim a bheidh dlite iníoctha arís ina tráthchodanna.

(5) Beidh sé de dhualgas ar an gcumann comhshocraíochtaí réasúnacha a dhéanamh chun cistí an chumainn a úsáid faoi chomhair iarratas ó thaisceoirí leis an gcumann agus ó scairshealbhóirí ann (ar iarratais iad a dhéanfar de réir rialacha an chumainn) go n-aisíocfaí an t-airgead a bheidh taiscthe nó suibscríofa acu.

(6) Féadfaidh cumann ar cúlghaireadh a údarú iarratas a dhéanamh chun an Bhainc Ceannais ar údarú nua de réir alt 17.

(7) Cuirfidh an Banc Ceannais nóta faoi chúlghairm údarú an chumainn, agus faoin dáta a dtiocfaidh sí in éifeacht, i gcomhad poiblí an chumainn agus, a luaithe is féidir tar éis údarú a chúlghairm, foilseoidh sé fógra faoin gcúlghairm ar cibé dóigh is cuí leis.

(8) I gcás ina gcúlghairfear údarú cumainn agus go mbeidh an cumann á fhoirceannadh, féadfaidh an leachtaitheoir, d'ainneoin na cúlghairme, dul ar aghaidh ag seoladh ghnó an chumainn agus ag tabhairt le fios gur cumann foirgníochta é féin (agus na cearta agus na hoibleagáidí go léir a ghabhann le cumann den sórt sin aige) a mhéid a mheasfaidh an Banc Ceannais (nó an Chúirt, más faoi mhaoirseacht na Cúirte atá an cumann á fhoirceannadh) is gá chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhall.