|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Cumhachtaí Cumainn Foirgníochta) |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Foirmiú agus Údarú Cumann Foirgníochta | |
[EN] |
Cuspóirí agus cumhachtaí ginearálta cumainn foirgníochta. |
9. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta é a bheith mar chuspóirí aige aon ghníomhaíochtaí díobh siúd a cheadaítear leis an Acht seo, nó faoin Acht seo, a ghabháil de láimh agus beidh mar cheann dá chuspóirí aige cistí a chruinniú chun iasachtaí tithíochta a thabhairt. |
[EN] | (2) Beidh ag cumann na cumhachtaí a thugtar leis an Acht seo nó faoin Acht seo maille le haon chumhachtaí teagmhasacha is gá chun a chuspóirí a chur i gcrích— | |
[EN] | (a) faoi réir aon cheanglas, a deir nach mór cumhacht a bheith glactha ag an gcumann le go mbeadh sí infheidhmithe aige, a bheith comhlíonta; agus | |
[EN] | (b) faoi réir an Banc Ceannais d'fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi aon Acht acu sin. | |
[EN] |
Foirmiú, clárú agus corprú. |
10. —(1) Foirmítear cumann foirgníochta faoin Acht seo ar na ceanglais den Acht seo i ndáil le foirmiú cumainn a bheith comhlíonta ag na daoine atá á fhoirmiú, agus corpraítear faoin Acht seo é ar dheimhniú corpraithe a bheith eisithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh 10 nduine nó níos mó, nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64, cumann a fhoirmiú— | |
[EN] | (a) trí chomhaontú ar chuspóirí an chumainn agus ar raon a chumhachtaí i meabhrán a gcomhlíonfaidh a fhorálacha na ceanglais a bheidh, de thuras na huaire, i gCuid I den Dara Sceideal; | |
[EN] | (b) trí chomhaontú ar rialacha chun an cumann a rialáil, is rialacha a chomhlíonfaidh ceanglais Chuid II den Dara Sceideal agus aon rialacháin a bheidh déanta de thuras na huaire faoi alt 11 (2); agus | |
[EN] | (c) trí 3 chóip den mheabhrán agus de na rialacha, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag 10 ar a laghad de na daoine sin agus ag an rúnaí beartaithe, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar cóipeanna den mheabhrán agus de na rialacha a sheachadadh ar an mBanc Ceannais de réir fho-alt (2), déanfaidh an Banc— | |
[EN] | (a) más deimhin leis go bhfuil an meabhrán agus na rialacha i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin arna ndéanamh faoi agus nach ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn bheartaithe, | |
[EN] | (b) mura bhfuil aon chúis aige chun a chreidiúint nach n-údarófar an cumann faoi alt 17, agus | |
[EN] | (c) más deimhin leis nach ndéanfadh an clárú dochar do rialáil ordúil chuí cumann foirgníochta i gcoitinne, | |
[EN] | an meabhrán agus na rialacha a chlárú agus deimhniú corpraithe a eisiúint chuig an gcumann. | |
[EN] | (4) Aon uair a chinnfidh an Banc Ceannais diúltú meabhrán agus rialacha a chlárú déanfaidh sé, laistigh de 6 mhí ón dáta ar seachadadh na rialacha agus an meabhrán nó ón dáta a bhfuarthas aon fhaisnéis eile a bhí ag teastáil uaidh, cibé acu is déanaí, fógra a thabhairt do shínitheoirí an mheabhráin agus na rialacha faoina chinneadh agus faoi na cúiseanna a bhí aige leis, agus féadfaidh líon nach lú ná 10 de na daoine sin, laistigh de mhí tar éis dóibh cinneadh an Bhainc a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne an chinnidh. | |
[EN] | (5) I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais an meabhrán agus na rialacha a seachadadh air faoi fho-alt (2) a chlárú, coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé cóip eile ar ais do rúnaí an chumainn mar aon le deimhniú corpraithe, coinneoidh sé cóip eile, mar aon le cóip den deimhniú corpraithe, i gcomhad poiblí an chumainn agus tabharfaidh sé scéala faoin gcorprú don Aire agus don Aire Airgeadais. | |
[EN] | (6) Ó dháta a chorpraithe is comhlacht corpraithe cumann (faoin ainm a bheidh ina mheabhrán agus ina rialacha) ag a mbeidh comharbas suthain, séala agus an chumhacht talamh a shealbhú. | |
[EN] | (7) Beidh deimhniú corpraithe a thabharfaidh an Banc Ceannais faoin alt seo ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le clárú agus le réamhábhair agus ábhair theagmhasacha leis agus gur cumann atá cláraithe agus corpraithe go cuí faoin Acht seo an cumann. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha i ndáil le meabhrán agus rialacha. |
11. —(1) Beidh na forálacha de mheabhrán agus rialacha cumainn foirgníochta, arna léamh le forálacha an Achta seo agus cibé rialacháin a bheidh déanta faoi a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ina gceangal— |
[EN] | (a) ar an gcumann agus ar gach comhalta agus oifigeach de chuid an chumainn; agus | |
[EN] | (b) ar na daoine go léir a dhéanfaidh éileamh thar ceann comhalta nó faoi na rialacha; | |
[EN] | agus glacfar leis go bhfuil eolas faoi na forálacha sin ag gach comhalta, oifigeach agus duine den sórt sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Banc Ceannais le rialachán, ar mhaithe le rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar chumainn fhoirgníochta— | |
[EN] | (a) foráil bhreise a dhéanamh maidir le foirm an mheabhráin agus lena bhfuil ann, agus féadfar leis an bhforáil sin aon fhoráil de Chuid I den Dara Sceideal a leasú, a leathnú nó a chealú; | |
[EN] | (b) rialacha a fhorordú i leith aon cheann de na nithe i gCuid II den Dara Sceideal nó aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le hiasachtaí tithíochta nó iasachtaí den chineál dá dtagraítear in alt 6 (2) (a)— | |
[EN] | (i) muirearú táillí fuascailte a thoirmeasc nó a shrianadh; | |
[EN] | (ii) an tuarascáil faoi alt 25 i ndáil le luach an urrúis d'iasacht a chur ar fáil do chomhalta dá bhfuil an iasacht le tabhairt; | |
[EN] | (iii) deireadh nó srian a chur le ceart cumainn a cheangal ar chomhalta árachas ar an urrús d'iasacht a bhaint amach, agus a choinneáil in éifeacht, le hárachóir faoi stiúradh an chumainn nó trí ghníomhaireacht an chumainn nó aon idirghabhálaí atá á stiúradh ag an gcumann: | |
[EN] | (iv) cosc nó srian a chur le cumann a cheangal ar chomhalta íoc as costais an chumainn as imscrúdú dlí a dhéanamh ar theideal chun an urrúis; | |
[EN] | (v) an cumann do dhéanamh socrú, trí árachóir nó idirghabhálaí a bheidh ainmnithe aige, go gcuirfí árachas cosanta morgáiste ar fáil. | |
[EN] | (3) Le héifeacht ó mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, beidh rialacha a bheidh forordaithe faoi fho-alt (2) (b) mar chuid de rialacha aon chumainn a ndearbhaíonn na rialacháin feidhm a bheith acu maidir leo, d'ainneoin aon fhorála i rialacha an chumainn. | |
[EN] | (4) Más rud é nach bhfuil, i dtuairim an Bhainc Ceannais, meabhrán cumainn a cláraíodh roimh thosach feidhme rialachán faoi fho-alt (2) (a) i gcomhréir le haon rialacháin faoin bhfo-alt sin, tabharfaidh an Banc fógra faoina thuairim don chumann laistigh de 6 mhí tar éis thosach feidhme na rialachán agus, i gcás den sórt sin déanfaidh an cumann láithreach na bearta go léir is gá chun a mheabhrán a athrú dá réir sin laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh an Banc. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn cumann déanamh de réir fógra ón mBanc Ceannais faoi fho-alt (4) tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann nó féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109. | |
[EN] | (6) Tabharfaidh cumann cóip dá mheabhrán agus dá rialacha d'aon duine a iarrfaidh iad ar cibé táille a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham. | |
(7) San alt seo ciallaíonn “táille fuascailte”, i ndáil le hiasacht, aon suim de bhreis ar an bpríomhshuim agus aon ús a bheidh dlite ar an bpríomhshuim sin (gan aird ar an iasacht a bheith á fuascailt) an tráth a mbeidh an iasacht go léir nó aon chuid den iasacht á fuascailt. | ||
[EN] |
Gníomhartha cumainn. |
12. —(1) Aon ghníomh nó ní a bheidh déanta ag cumann foirgníochta agus a bheadh déanta go dlíthiúil agus go héifeachtúil dá mbeadh an chumhacht tugtha don chumann é a dhéanamh, beidh éifeacht leis, faoi réir alt 11 (1), i bhfabhar aon duine atá ag brath ar an ngníomh nó ar an ní sin agus a bhí ag déileáil de mheon macánta leis an gcumann, d'ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcumann an gníomh nó an ní sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó chomhalta, ón mBanc Ceannais nó ó aon duine ag a bhfuil leas ábhartha, srian a chur le cumann ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil aon chumhacht aige a dhéanamh. | |
[EN] |
Ainm cláraithe. |
13. —(1) Beidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” ar áireamh in ainm cumainn. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh duine, nach cumann foirgníochta agus nach cumann fóntais phoiblí a bheidh ar marthain ar thosach feidhme an ailt seo, ainm, teideal ná abairt tuairisce ina mbeidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta”, ná aon aistriú nó malairt ar na focail sin ná aon díorthaíoch uathu, a úsáid i ndáil leis féin. | |
[EN] | (3) Ní úsáidfidh cumann aon ainm nó teideal seachas a ainm cláraithe. | |
[EN] | (4) Beidh ar chumann— | |
[EN] | (a) a ainm a bheith péinteáilte nó daingnithe in ionad feiceálach, i litreacha so-léite, ar an taobh amuigh de gach ceann dá oifigí nó dá áiteanna gnó, | |
[EN] | (b) a ainm a bheith greanta aige i litreacha inléite ar a shéala, | |
[EN] | (c) a ainm a bheidh luaite i ngach fógra, litir, seic, admháil nó doiciméad eile a airbheartaíonn a bheith á eisiúint nó á chur amach aige nó thar a cheann, agus | |
[EN] | (d) an uimhir faoina bhfuil sé cláraithe agus seoladh a phríomhoifige a bheith ar áireamh ina litreacha go léir. | |
[EN] | (5) Ní sárú é ar fhorálacha an ailt seo má úsáideann an cumann, i dteannta a ainm chláraithe, leagan giorraithe den ainm sin. | |
[EN] | (6) Más rud é, i dtuairim an Bhainc Ceannais, go bhfuil cumann a corpraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo cláraithe, nó go ndéantar cumann, ar é a chlárú i gcéaduair nó ar é a chlárú faoi ainm nua, a chlárú (trí fhaillí nó ar shlí eile), faoi ainm is ainm neamhinmhianaithe i dtuairim an Bhainc, féadfaidh an Banc a cheangal ar an gcumann a ainm a athrú trí fhógra á rá sin a thabhairt dó. | |
[EN] | (7) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (6) do chumann, lamhálfar dó cibé tréimhse, nach lú ná mí, a ordóidh an Banc Ceannais chun déanamh de réir an fhógra agus i gcás ina mainneoidh an cumann déanamh de réir an fhógra le linn na tréimhse sin, tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann nó féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109. | |
[EN] |
Meabhrán agus rialacha a athrú. |
14. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta a mheabhrán nó a rialacha a athrú trí rún speisialta (agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin trí rún speisialta). |
[EN] | (2) Déanfaidh cumann a bheidh ag athrú a mheabhráin nó a rialacha amhlaidh 3 chóip den athrú, a bheidh sínithe ag 3 chomhalta agus ag an rúnaí, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais mar aon le litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh rún speisialta ag ceadú an athraithe. | |
[EN] | (3) I gcás ina seachadfar cóipeanna ar an mBanc Ceannais de réir fho-alt (2) agus— | |
[EN] | (a) gur deimhin leis— | |
[EN] | (i) go bhfuil an meabhrán agus na rialacha, arna n-athrú amhlaidh, i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin arna ndéanamh faoi, | |
[EN] | (ii) nach ndéanfadh clárú dochar do rialáil ordúil chuí cumann foirgníochta i gcoitinne, agus | |
[EN] | (iii) i gcás malairt ainme a bheith i gceist san athrú, nach ainm neamh-inmhianaithe an mhalairt ainme, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i gcás cumainn nach bhfuil údaraithe faoi alt 17, nach bhfuil aon chúis aige chun a chreidiúint nach n-údarófar an cumann faoin alt sin, | |
[EN] | coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé cóip eile ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraithe, agus coinneoidh sé cóip eile, mar aon le cóip den deimhniú cláraithe, i gcomhad poiblí an chumainn. | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht le hathrú faoin alt seo go dtí go gclárófar é faoi fho-alt (3) nó go dtí cibé dáta is déanaí ná sin i ndiaidh an chláraithe a shonrófar sa rún speisialta, mura n-ordóidh an Banc Ceannais a mhalairt. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndiúltóidh an Banc Ceannais cóip d'athrú a seachadadh air faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de 2 mhí tar éis dó na cóipeanna a fháil, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus faoi na cúiseanna atá aige leis agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne an chinnidh laistigh de mhí amháin tar éis cinneadh an Bhainc a fháil. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh athrú ar mheabhrán ná ar rialacha difear d'aon cheart marthanach nó oibleagáid mharthanach de chuid cumainn nó de chuid aon chomhalta nó aon duine eile lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh sé lochtach aon imeachtaí dlí ag an gcumann nó ina aghaidh, agus aon imeachtaí dlí a bheidh tionscanta aige nó ina aghaidh faoina shean-mheabhrán nó faoina shean-rialacha féadfaidh sé leanúint díobh, nó féadfar leanúint díobh ina aghaidh, faoina mheabhrán nó faoina rialacha athraithe. | |
[EN] |
Príomhoifig an chumainn. |
15. —(1) Beidh ag cumann, amhail ó dháta a chorpraithe, oifig sa Stát (dá ngairfear a phríomhoifig) chuig a bhféadfar gach comhfhreagras agus fógra a dhíriú. |
[EN] | (2) Déanfaidh an cumann fógra faoi aon chinneadh chun suíomh na príomhoifige a athrú, agus faoin dáta a dtiocfaidh sé in éifeacht, a chur chuig an mBanc Ceannais laistigh de 7 lá tar éis an chinnidh, agus cláróidh an Banc Ceannais an fógra agus coinneoidh sé cóip den fhógra i gcomhad poiblí an chumainn. | |
[EN] |
Comhaltas agus dliteanas comhaltaí. |
16. —(1) Is comhalta de chumann foirgníochta gach duine a shealbhíonn scair amháin nó níos mó sa chumann. |
[EN] | (2) Féadfaidh cumann, faoi réir a rialacha, a cheadú do dhuine dá dtugtar iasacht tithíochta nó dár tugadh, faoi na hachtacháin aisghairthe, iasacht atá urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú, a bheith ina chomhalta gan scair a shealbhú sa chumann agus ní mó an dliteanas a bheidh ar chomhalta den sórt sin ná an dliteanas a bheadh air dá measfaí, faoi na rialacha, scair a bheith á sealbhú aige sa chumann de bharr an iasacht a thabhairt. | |
[EN] | (3) Féadfaidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann a chomhshealbhú. | |
[EN] | (4) An dliteanas a bheidh ar chomhalta de chumann maidir le haon scair sa chumann nár tugadh aon iasacht ina leith, beidh an méid a íocadh iarbhír, agus a bheidh i riaráiste ar an scair, de theorainn leis agus, maidir le haon scair ar tugadh iasacht ina leith, beidh an méid is iníoctha uirthi faoi aon mhorgáiste nó urrús eile, nó faoi rialacha an chumainn, de theorainn leis. | |
[EN] | (5) Féadfar duine nach bhfuil aois iomlán aige de réir bhrí an Achta um Lán-Aois, 1985 , a ghlacadh mar chomhalta de chumann nach dtoirmisceann a rialacha glacadh den sórt sin agus féadfaidh sé gach admháil riachtanach a thabhairt ach fad nach mbeidh an aois sin aige ní bheidh sé i dteideal vótáil, aon oifig sa chumann a shealbhú ná aon duine a ainmniú, ná uamadh chun duine a ainmniú, lena thoghadh mar stiúrthóir ar an gcumann. | |
[EN] | (6) I gcás ina gcomhshealbhóidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil le scaireanna i gcomhsheilbh an comhshealbhóir ionadach; | |
[EN] | (b) ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i rialacha cumainn, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann a chur chuig sealbhóirí scaireanna sa chumann a bheith curtha chuig na comhshealbhóirí má chuirtear chuig an gcomhshealbhóir ionadach é; | |
[EN] | (c) i gcás ina bhféadfaidh comhalta de chumann, faoin Acht seo, vótáil ag cruinniú nó faoi phostbhallóid de bhua gur sealbhóir scaireanna sa chumann é agus gur comhshealbhóir ar na scaireanna sin an duine sin, is é an comhshealbhóir ionadach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 68, 69 agus 72 go 74 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin; | |
[EN] | (d) sa chlár a cheanglaítear a choinneáil faoi alt 65 léireofar, in iontráil an duine sin de na comhshealbhóirí arb é an comhshealbhóir ionadach é, gurb é an comhshealbhóir sin é; | |
[EN] | (e) chun críocha Chodanna X agus XI, measfar gurb é an comhshealbhóir ionadach, agus eisean amháin, a shealbhaíonn na scaireanna, agus ní mheasfar gur comhalta den chumann chun críocha na gCodanna sin comhshealbhóir ar na scaireanna (seachas comhshealbhóir ionadach); | |
[EN] | (f) beidh an ceart ag an gcomhshealbhóir ionadach, ach ní bheidh an ceart ag na comhshealbhóirí eile, uamadh chun iarratas a dhéanamh faoi alt 45 agus is dá réir sin a fhorléireofar aon tagairt san alt sin don chomhaltas iomlán; | |
[EN] | (g) ní oibreoidh mír (b) chun a chosc ar aon duine de na comhshealbhóirí cóip de chuntais bhliantúla nó de ráiteas airgead ais achomair an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh; | |
[EN] | (h) beidh na comhshealbhóirí i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú. | |
[EN] | (7) I gcás ina dtabharfaidh cumann iasacht, is iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe agus arna hurrú trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú nó is iasacht tithíochta, do bheirt daoine nó níos mó i gcomhpháirt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil leis an iasacht sin an comhiasachtaí ionadach; | |
[EN] | (b) ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i rialacha cumainn, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear leis an Acht seo a chur chuig iasachtaithe a bheith curtha chuig na comhiasachtaithe má chuirtear chuig an gcomhiasachtaí ionadach é; | |
[EN] | (c) i gcás ina bhféadfaidh iasachtaí, faoin Acht seo, vótáil ag cruinniú den chumann nó faoi phostbhallóid agus gur comhiasachtaí an duine sin, is é an comhiasachtaí ionadach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 68, 69, 72 agus 73 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin; | |
[EN] | (d) sa chlár a cheanglaítear a choinneáil faoi alt 65 léireofar, in iontráil an duine de na comhiasachtaithe arb é an comhiasachtaí ionadach é, gurb é an comhiasachtaí sin é; | |
[EN] | (e) chun críocha Chuid XI, measfar gur cearta de chuid an chomhiasachtaí ionadaigh, agus eisean amháin, cearta na gcomhiasachtaithe mar chomhaltaí iasachtacha den chumann agus ní mheasfar gur comhalta iasachtach den chumann chun críocha na Coda sin comhiasachtaí (seachas comhiasachtaí ionadach); | |
[EN] | (f) ní oibreoidh mír (b) chun a chosc ar aon duine de na comhiasachtaithe cóip de chuntais bhliantúla nó de ráiteas airgeadais achomair an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh; | |
[EN] | (g) beidh na comhiasachtaithe i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú. | |
[EN] |
Údarú cistí a chruinniú. |
17. —(1) Ach amháin a mhéid a cheadaítear le fo-alt (3), ní dhéanfaidh cumann foirgníochta, nó duine a bheidh ag gníomhú nó a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar a cheann, cistí a chruinniú, ná fógraíocht nó sireadh ar shlí eile a dhéanamh ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna, mura mbeidh údarú i bhfeidhm a dheonaigh an Banc Ceannais nó a mheastar a bheith deonaithe faoin alt seo. |
[EN] | (2) Aon chumann a raibh, díreach roimh aisghairm an ailt sin, cead fógraíochta aige faoi alt 19 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 , meastar údarú a bheith deonaithe dó faoin alt seo agus beidh feidhm ag aon srian a bheidh curtha leis an gcead ionann is dá mba choinníoll leis an údarú é. | |
[EN] | (3) Ní gá údarú a bheith ann— | |
[EN] | (a) chun glacadh le híocaíochtaí ar mhodh suibscríobh le haghaidh scaireanna iarchurtha mura mó comhiomlán na n-íocaíochtaí ná £250,000 nó cibé méid is airde ná sin a shonróidh an Banc Ceannais; | |
[EN] | (b) chun glacadh le híocaíochtaí maidir le méideanna a bheidh dlite i leith scaireanna in ionannas d'ús ar iasachtaí, nó d'aisíoc iasachtaí, a tugadh do na sealbhóirí scaireanna; nó | |
[EN] | (c) chun iasacht a fháil ó chumann eile nó ó bhanc nó ó oifigeach don chumann, má tá toiliú i scríbhinn faighte ag an gcumann roimh ré ón mBanc Ceannais. | |
[EN] | (4) Ar iarratas ar údarú faoin alt seo a bheith déanta go cuí ag cumann, féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis agus ag féachaint d'alt 37— | |
[EN] | (a) údarú a dheonú, más deimhin leis— | |
[EN] | (i) go bhfuil caipiteal cáilitheach ag an gcumann nach lú a mhéid ná an t-íosmhéid forordaithe, | |
[EN] | (ii) maidir leis an gcathaoirleach agus le comhaltaí an bhoird stiúrthóirí, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an rúnaí, gur duine inniúil cuí gach duine acu chun an oifig atá aige sa chumann a shealbhú, agus | |
[EN] | (iii) go bhfuil sé ar chumas an bhoird stiúrthóirí agus ar intinn ag an mbord sin, maille leis an bpríomhfheidhmeannach agus an rúnaí, gnóthaí an chumainn a stiúradh agus a bhainistí go críonna agus go hionraic agus leis na scileanna gairmiúla leordhóthanacha; | |
[EN] | (b) údarú a dheonú faoi réir cibé coinníollacha a dheimhneoidh an méid sin dó nó thairis sin de réir mar is dóigh leis is gá; nó | |
[EN] | (c) diúltú údarú a dheonú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Banc Ceannais coinníollacha údaraithe a chúlghairm nó a leasú nó féadfaidh sé cur leo agus féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le húdarú a deonaíodh nó a mheastar a bheith deonaithe faoin alt seo i gcás inar cuí leis an mBanc amhlaidh. | |
[EN] | (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (4) agus (5), féadfaidh coinníollacha baint a bheith acu le haon ní is dóigh leis an mBanc Ceannais is iomchuí agus féadfaidh siad go háirithe— | |
[EN] | (a) teorainneacha a chur le heisiúint scaireanna nó ionstraimí fiachais, le glacadh taiscí nó le húsáid sócmhainní; | |
[EN] | (b) a cheangal ar an gcumann bearta sonraithe a dhéanamh maidir le seoladh gnó aon fhochuideachta nó aon chomhlachta chomhlachaithe eile; | |
[EN] | (c) a cheangal aon stiúrthóir nó oifigeach eile a chur as oifig; | |
[EN] | (d) baint a bheith acu le haon ghníomhaíochtaí de chuid an chumainn nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile; nó | |
[EN] | (e) a cheangal ar an gcumann bearta áirithe a dhéanamh nó staonadh ó dhul i mbun gnímh áirithe nó ó leanúint leis nó raon a chuid gnó a shrianadh ar bhealach áirithe. | |
[EN] | (7) Beidh éifeacht chun críocha an ailt seo le forálacha an Tríú Sceideal. | |
[EN] | (8) Má chruinníonn cumann aon chistí, nó má dhéanann sé fógraíocht nó sireadh á n-iarraidh, gan údarú a bheith aige faoin alt seo, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 109 chun an cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (9) Má dheonaítear údarú do chumann leis an alt seo nó faoi, ní hionann an deonú sin agus baránta ar shócmhainneacht an chumainn dá ndeonaítear é agus ní bheidh an Stát ná an Banc Ceannais, gan dochar d'alt 94, faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar de bharr dhócmhainneacht cumainn a meastar údarú a bheith deonaithe dó faoin alt seo nó a bheith deonaithe dó ag an mBanc. | |
[EN] | (10) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “scaireanna iarchurtha” scaireanna— | |
[EN] | (a) nach infhuascailte, nó nach infhuascailte ach amháin in imthosca a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais, | |
[EN] | (b) lena ngabhann cearta chun bheith páirteach i ndáiltí úis, brabús nó sócmhainní tar éis freastal a bheith déanta ar éilimh na scairshealbhóirí eile, agus ansin amháin, | |
[EN] | (c) a eisítear ar théarmaí a deir go n-úsáidfear go hiomlán iad faoi chomhair aon chaillteanais nó easnaimh i gcistí cumainn sula nglaofar ar chistí scairshealbhóirí eile, agus | |
[EN] | (d) a eisítear de réir cibé ceanglas eile a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais maidir le scaireanna den sórt sin; | |
[EN] | is é “an t-íosmhéid forordaithe”, i ndáil le caipiteal cáilitheach, £250,000 nó cibé suim eile a fhorordóidh an Banc Ceannais i rialacháin a dhéanfar tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire; | |
[EN] | ciallaíonn “caipiteal cáilitheach”, i ndáil le cumann atá ag déanamh iarratais ar údarú— | |
[EN] | (a) comhiomlán ainmluach na scaireanna iarchurtha a bheidh eisithe agus íoctha ar dháta an iarratais agus mhéid na gcúlchistí mar a taispeánadh é i gclár comhardaithe deiridh an chumainn, lúide aon easnamh carntha arna thaispeáint amhlaidh; nó | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh aon chlár comhardaithe den sórt sin ann, comhiomlán ainmluach na scaireanna iarchurtha a bheidh eisithe agus íoctha ar dháta an iarratais, ar scaireanna iad atá á sealbhú ag líon nach lú ná 10 gcomhalta a sealbhaíonn 10 ar a laghad acu scaireanna ar £10,000 nó níos mó a luach i gcás gach duine acu. |