An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Foirmiú agus Údarú Cumann Foirgníochta) Ar Aghaidh (CUID IV Rialú agus Maoirsiú Cumann Foirgníochta ag an mBanc Ceannais)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID III

Cumhachtaí Cumainn Foirgníochta

Cumhacht cistí a chruinniú agus airgead a fháil ar iasacht.

18. —(1) Faoi réir alt 17, féadfaidh cumann foirgníochta cistí a chruinniú lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, cistí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar cistí iad a úsáidfear ar mhaithe le cuspóirí an chumainn—

(a) trí scaireanna d'ainmníocht amháin nó níos mó a eisiúint, le hús carnach nó dá éagmais, agus féadfaidh sé cistí den sórt sin a aisíoc, agus

(b) trí airgead a fháil ar iasacht agus dá réir sin taiscí a ghlacadh ó aon duine.

(2) Ní cead aisíoc cistí faoi fho-alt (1) (a) a dhéanamh le scairshealbhóir (seachas ar iarratas uaidh) idir an dáta ar chuir sé in iúl go raibh sé beartaithe aige rún nó rún speisialta a mholadh, nó tacú le hainmniúchán, ag cruinniú den chumann, agus dáta an chruinnithe.

(3) (a) Faoi réir mhír (b), ní mó tráth ar bith dliteanais chomhiomlána cumainn faoi fho-alt (1) (b) ná a dhliteanais chomhiomlána faoi fho-alt (1) (a).

(b) Más rud é, ag féachaint d'imthosca cumainn, gur dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé dispeansáid ó mhír (a) a thabhairt don chumann, a mhéid agus ar cibé téarmaí is cuí leis.

(4) Ní eiseoidh cumann scaireanna faoi fho-alt (1) (a) ar scaireanna iad nach ngabhann cearta vótála leo.

(5) Féadfaidh cumann urrús a thabhairt i leith airgead a gheobhaidh sé ar iasacht lena n-áirítear (faoi réir aon rialachán faoi fho-alt (6), cheadú an Bhainc Ceannais agus théarmaí an mhorgáiste) urrús morgáistí a bheidh á sealbhú ag an gcumann.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le haistriú, díol nó sannadh morgáistí a bheidh á sealbhú ag cumann.

(7) Má sháraíonn cumann fo-alt (3) tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc Ceannais le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann ach má théitear thar an teorainn ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht idirbheart a dhéantar os a cionn.

(8) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh na n-iasachtaí go léir a fuair sé ó chumainn eile a thabhairt don Bhanc Ceannais ar cibé caoi a shonróidh an Banc.

Bás scairshealbhóra nó taisceora.

19. —(1) I gcás scairshealbhóir i gcumann foirgníochta, nó i gcás taisceora leis, d'fháil bháis agus go mbeidh suim airgid aige i gcistí an chumainn, féadfaidh an cumann an tsuim nó cuid den tsuim, nach mó í ná cibé méid a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, a íoc, gan ionadaíocht, de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965 , a bheith deonaithe i leith eastát an duine éagtha, leis an duine a ndealraíonn sé don chumann go bhfuil sé i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an duine éagtha nó ar shlí ele ar an gcumann a bheith sásta, ó fhianaise atá i ndearbhú reachtúil, gur tharla an bás agus go bhfuil an duine, a bhfuil an tsuim á héileamh aige nó thar a cheann, i dteideal í a fháil.

(2) I gcás ina ndéanfaidh cumann íocaíocht faoin alt seo le duine nach é seiceadóir an duine éagtha lena mbaineann é, déanfaidh an cumann, a luaithe is féidir, sonraí i dtaobh na híocaíochta a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na hArd-Chúirte.

(3) I gcás ina ndéanfaidh cumann íocaíocht go cuí faoin alt seo, is íocaíocht bhailí éifeachtúil an íocaíocht maidir le haon éileamh i gcoinne chistí an chumainn ag aon duine a bheidh ag déanamh éilimh i leith eastát an duine éagtha lena mbaineann ach is i gcoinne an duine lena ndearnadh an íocaíocht a bheidh a leigheas le haghaidh mhéid na híocaíochta ag an duine a bheidh ag déanamh an éilimh.

Áitreabh.

20. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta áitreabh a fháil nó a sholáthar dó féin—

(a) chun a ghnó a sheoladh, nó

(b) chun a chumasú d'fhochuideachta nó do chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn gnó an chumainn nó an chomhlachta sin a sheoladh ón áitreabh.

(2) Má fhaightear nó má sholáthraítear an t-áitreabh chun críche gnó cumainn, fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile, féadfaidh an cumann an t-áitreabh a fháil nó a sholáthar dó féin ar shlí eile, agus é a shealbhú, d'ainneoin nach bhfuil nó nach mbeidh ach cuid den áitreabh ag teastáil chuige sin.

(3) Maidir le cumann—

(a) féadfaidh sé an t-áitreabh go léir nó cuid d'aon áitreabh a bheidh á shealbhú faoin alt seo a dhiúscairt, agus

(b) mura dtiocfaidh aon chuid den áitreabh chun bheith á háitiú, nó, de réir mar a bheidh, mura mbeidh sé á háitiú a thuilleadh, ar mhaithe le gnó an chumainn, aon fhochuideachta nó aon chomhlachta chomhlachaithe eile déanfaidh sé, faoi réir fho-alt (4), a eastát nó a leas san áitreabh a dhíol a luaithe is féidir sin a dhéanamh gan chaillteanas míchuí.

(4) Ní cheanglaíonn fo-alt (3) (b) ar chumann aon áitreabh a dhíol má tá cead ag an gcumann é a shealbhú faoi alt 21 agus má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh le rún ón mbord stiúrthóirí.

Talamh a shealbhú agus a fhorbairt.

21. —(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta talamh a fháil, a shealbhú, a dhiúscairt, agus a fhorbairt nó bheith páirteach ina fhorbairt, i gcás ina mbeidh an talamh le húsáid—

(a) chun críocha cónaitheacha agus chun críocha atá foghabhálach nó teagmhasach leis na críocha sin, nó

(b) chun críocha tráchtála eile.

(2) Aon chumann nach bhfuil de thuras na huaire i dteideal na cumhachtaí dá dtagraítear san alt seo a fheidhmiú, féadfaidh sé talamh atá á úsáid nó le húsáid chun críocha cónaitheacha a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt más é an cuspóir atá le fáil agus sealbhú na talún a chumasú don chumann iasachtaí a thabhairt ar urrús leasanna cothromais sa talamh in imthosca a bheidh údaraithe ag an mBanc Ceannais.

(3) Déanfaidh cumann talamh a bheidh á shealbhú faoin alt seo a dhiúscairt má ordaíonn an Banc Ceannais amhlaidh.

(4) Na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) is cumhachtaí ar leithligh iad nach mór gach cumhacht acu, má tá sí ar fáil don chumann, a bheith glactha ag an gcumann de réir alt 36 le go mbeidh sí infheidhmithe.

(5) Aon áitreabh a bheidh á shealbhú faoi alt 20 féadfar, ar iarratas ó chumann nó de rogha an Bhainc Ceannais, déileáil leis ina iomláine agus gan féachaint dá úsáid mar thalamh arna shealbhú faoin alt seo chun críocha feidhmeanna an Bhainc a fheidhmiú faoi alt 39.

Iasachtaí tithíochta.

22. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta iasachtaí (dá ngairtear “iasachtaí tithíochta” san Acht seo) lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar urrús morgáiste eastáit nó leasa, ruílse nó léasaigh, i dteach a thabhairt do chomhaltaí chun a chumasú don chomhalta an teach a sholáthar nó a fheabhsú nó an t-eastát nó an leas sin a cheannach.

(2) Folaíonn an chumhacht chun iasachtaí tithíochta a thabhairt an chumhacht iad a thabhairt ar cibé téarmaí a cheadóidh an Banc Ceannais fiú amháin más féidir an méid a bheidh dlite don chumann a bheith níos mó ná luach an urrúis tráth ar bith tar éis an iasacht a thabhairt agus, i gcás inar mó an méid a bheidh dlite don chumann i leith caipitil ná méid na hiasachta, folaíonn aon tagairt san Acht seo don iasacht a aisíoc tagairt don bhreis a íoc.

(3) Faoi réir fho-alt (2), aon iasacht a thabharfar do chomhalta faoin alt seo tabharfar í ar théarmaí a fhágfaidh nach mó gné chaipitiúil an fhéich mhorgáiste ná luach an urrúis.

(4) Ní thabharfaidh cumann iasacht faoin alt seo ar urrús aon eastáit nó leasa, ruílse nó léasaigh, atá faoi réir morgáiste tosaíochta mura morgáiste tosaíochta i bhfabhar an chumainn é.

(5) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialacháin, muirir nó tuairiscí ar mhuirir a shonrú nach ndéanfadh, ina thuairim, difear ábhartha don urrús agus ní fholóidh “morgáiste tosaíochta” i bhfo-alt (4) aon mhuirear a bheidh sonraithe amhlaidh.

(b) Go dtí go ndéanfaidh an Banc Ceannais rialacháin faoi mhír (a) ní fholóidh “morgáiste tosaíochta” aon cheann de na muirir a shonraítear san Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983 , ná in alt 4 (2) den Acht Talún, 1984 , d'ainneoin aisghairm an dá Acht sin leis an Acht seo.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar chumann glacadh le hurrús breise as iasacht tithíochta a urrú tuilleadh de réir mar a chinnfidh an cumann.

Iasachtaí eile.

23. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh cumann foirgníochta iasachtaí seachas iasachtaí tithíochta a thabhairt, lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar iasachtaí iad sna hearnálacha seo a leanas—

(a) iasachtaí a bheidh urraithe go hiomlán trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú;

(b) iasachtaí do chomhaltaí, sular cruthaíodh an morgáiste, nach mó iad ná an méid a mbeidh sé aontaithe ag an gcumann é a thabhairt ar iasacht ar mhodh iasachta tithíochta;

(c) iasachtaí a bheidh urraithe go hiomlán le hurrús nó ráthaíocht amháin nó níos mó de cibé tuairisc a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham;

(d) iasachtaí a chuirfear chun feidhme chun an éarlais a íoc, nó faoi chomhair an éarlais a íoc, chun eastát nó leas, ruílse nó léasach, a urróidh iasacht ar mhodh morgáiste, a cheannach ach ní bheidh iasacht den sórt sin níos mó ná 15 faoin gcéad, nó cibé céatadán eile a fhorordóidh an Banc Ceannais, den mhéid atá le híoc chun an t-eastát nó an leas a cheannach;

(e) iasachtaí, cibé acu neamhurraithe nó urraithe go feadh méid ar bith, do phearsa aonair chun cóiríocht dó féin nó dá theaghlach a sholáthar nó a fheabhsú; agus

(f) iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí ar chuntais rótharraingte nó ar chuntais saoráide eile, cibé acu neamhurraithe nó urraithe go feadh méid ar bith, d'aon duine.

(2) Beidh an chumhacht iasachtaí a thabhairt faoi fho-alt (1) faoi réir—

(a) alt 36, i gcás iasachtaí faoi mhíreanna (e) agus (f) den fho-alt sin, agus

(b) aon teorainn a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais—

(i) i ndáil le méid iasachta faoi aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(ii) i ndáil leis an méid a bheidh le haisíoc, tráth ar bith, ag duine nó ag daoine ag gníomhú i gcomhar, ar iasacht nó iasachtaí d'earnáil áirithe nó de theaglaim earnálacha,

faoi threoir cibé nithe is cuí leis an mBanc.

(3) Déanfaidh cumann gach beart réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar an morgáiste dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) a chruthú a luaithe is féidir tar éis iasacht faoin mír sin a bheith tugtha.

Rátaí úis srathacha.

24. —(1) Ní mhuirearóidh cumann foirgníochta ráta úis srathach—

(a) ar iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe, mura raibh ráta úis srathach á mhuirearú go dleathach ar dháta na haisghairme; nó

(b) ar iasacht tithíochta arna tabhairt faoin Acht seo, mura muirearófar ráta srathach ón lá a gcruthófar an morgáiste lena n-urraítear an iasacht, mura mbeidh muirearú ráta srathaigh luaite go sonrach sa mhorgáiste agus mura mbeidh an méid sin admhaithe i scríbhinn ag an gcomhalta i bhfoirm a bheidh le sonrú ag an mBanc Ceannais.

(2) San alt seo—

(a) ciallaíonn “ráta úis srathach” an ráta úis ar iasacht i gcás—

(i) ina gcinntear an ráta faoi threoir mhéid na hiasachta a thugtar nó faoi threoir an méid a bheidh le haisíoc tráth ar bith ar scór na hiasachta, nó faoi threoir ioncam an chomhalta dá dtugtar an iasacht, de réir mar a bheidh, agus

(ii) gur mó an ráta nó an ráta úis is ísle is infheidhme ag an am maidir le hiasachtaí den chineál céanna a thugann an cumann do chomhaltaí i gcoitinne, agus

(b) ciallaíonn “iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe” iasacht arna tabhairt ag an gcumann do chomhalta ar urrús eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú.

Urrúis d'iasachtaí a mheasúnú.

25. —(1) Déanfaidh cumann foirgníochta cibé comhshocraíochtaí chun measúnacht a dhéanamh ar leordhóthanacht an urrúis d'iasachtaí a urrófar trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú (dá ngairtear “urrús” san alt seo) a bhféadfar a bheith ag súil le réasún go n-áiritheoidh siad—

(a) go ndéanfar measúnacht ar ócáid gach iasachta bíodh nó ná bíodh aon mheasúnacht déanta roimhe sin d'fhonn go bhfaighfí iasachtaí eile,

(b) gur duine a shealbhaíonn oifig sa chumann nó atá fostaithe ag an gcumann agus atá inniúil ar an measúnacht a dhéan amh, agus nach bhfuil dícháilithe faoin alt seo chun í a dhéanamh, a dhéanfaidh gach measúnacht,

(c) go gcuirfear ar fáil do gach duine a bheidh ag déanamh na measúnachta tuarascáil i scríbhinn i dtaobh luach an urrúis agus i dtaobh aon tosca ar dóigh dóibh difear a dhéanamh dá luach, ó dhuine atá inniúil ar an urrús atá i gceist a luacháil agus nach bhfuil dícháilithe faoin alt seo chun tuarascáil a thabhairt air,

ach ní gá go gceanglófar sna comhshocraíochtaí go ndéanfar gach tuarascáil faoi choinne measúnachta áirithe fad is gur leor í chun an mheasúnacht a dhéanamh.

(2) Beidh na daoine seo a leanas dícháilithe chun tuarascáil a thabhairt ar luach urrúis faoin alt seo, is é sin le rá—

(a) oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn a dhéanann measúnachtaí ar leordhóthanacht urrús d'iasachtaí nó a údaraíonn iasachtaí a thabhairt;

(b) i gcás go mbeidh íocaíocht déanta ag an gcumann, nó go mbeidh geallta aige íocaíocht a dhéanamh, le haon duine as iarratasóir ar an iasacht a chur in aithne dó, an duine sin;

(c) i gcás ina mbeidh an iasacht le tabhairt tar éis diúscairt a dhéanamh ar an urrús, aon duine ag a bhfuil leas airgeadais sa diúscairt agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid nó de chuid fostóra chomhlachaithe; agus

(d) i gcás ina mbeidh an iasacht le tabhairt tar éis diúscairt a dhéanamh ar an urrús, aon duine a fhaigheann coimisiún as na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid.

(3) I ndáil le haon urrús ar chun iasacht a urrú tar éis a dhiúscartha é, beidh na daoine seo a leanas dícháilithe chun measúnacht a dhéanamh ar an urrús nó chun a údarú an iasacht a thabhairt, is é sin le rá—

(a) aon duine, seachas an cumann a bheidh ag tabhairt na hiasachta, ag a bhfuil leas airgeadais sa diúscairt agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid nó de chuid fostóra chomhlachaithe; agus

(b) aon duine a fhaigheann coimisiún as na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid.

(4) Ní dhéanfaidh aon oifigeach, aturnae, suirbhéir ná luachálaí de chuid cumainn ná aon duine eile a bhíonn ag gabháil, thar ceann cumainn, do thuarascálacha a thabhairt ar luach urrús nó i ndáil le leordhóthanacht urrús a mheasúnú nó le húdarú iasachtaí a thabhairt, aon choimisiún a ghlacadh le haghaidh aon iasachta, nó i ndáil le haon iasacht, a thugann an cumann nó a bheartaíonn sé a thabhairt.

(5) Aon duine, is duine atá dícháilithe chun déanamh amhlaidh,—

(a) a thabharfaidh tuarascáil ar urrús d'iasacht,

(b) a dhéanfaidh measúnacht ar leordhóthanacht urrúis d'iasacht, nó

(c) a údaróidh iasacht a thabhairt,

agus, i gcás duine a thugann tuarascáil, a dhéanfaidh amhlaidh agus a fhios aige, nó cúis aige chun a chreidiúint, go n-úsáidfear nó gur dócha go n-úsáidfear, an tuarascáil chun críocha iasachta, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Chun críche an ailt seo is fostóirí comhlachaithe aon 2 fhostóir más comhlacht corpraithe fostóir amháin acu ar a bhfuil rialú (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an bhfostóir eile nó más comhlachtaí corpraithe an bheirt acu ar a bhfuil rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine is tríú duine; agus is dá réir sin a fhorléireofar an abairt “fostóir comhlachaithe”.

(7) San alt seo measfar leas airgeadais a bheith ag duine i ndiúscairt aon urrúis más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go mbeadh sé, ar an urrús sin a dhiúscairt, i dteideal (go díreach nó go neamhdhíreach, agus cibé acu is teideal seilbhe é nó nach ea) na fáltais go léir nó cuid de na fáltais ón diúscairt a fháil.

Maoin mhorgáistithe a dhíol nó a choinneáil.

26. —(1) I gcás ina ndéanfaidh cumann foirgníochta aon eastát nó leas i dtalamh a bheidh morgáistithe chun an chumainn a dhíol i bhfeidhmiú cumhachta díola, áiritheoidh an cumann a mhéid is indéanta sin le réasún go ndíolfar an mhaoin ar an bpraghas is fearr is féidir le réasún a fháil.

(2) I gcás ina gcinnfidh cumann aon eastát nó leas i dtalamh a bheidh morgáistithe chuige a choinneáil i bhfeidhmiú cumhachta faoin morgáiste, déanfaidh duine inniúil neamhspleách a bheidh ceaptha ag an gcumann, agus a mbeidh an morgáisteoir agus aon mhorgáistí eile tar éis comhaontú air, luach na maoine a chinneadh agus déileálfar leis an luach a bheidh cinnte amhlaidh ionann is dá mba airgead é a fuair morgáistí de dhroim díola.

(3) I gcás nach mbeidh an cumann in ann comhaontú an mhorgáisteora nó an mhorgáistí eile a fháil le ceapachán duine faoi fho-alt (2), féadfaidh an cumann iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla chun duine inniúil neamhspleách a cheapadh chun luach na maoine a chinneadh agus na costais a tabhaíodh san iarratas sin íocfar iad, go cothrom, ag an iarratasóir agus ag na daoine nach gcomhaontaíonn leis an duine a bheartaíonn an cumann a cheapadh faoi fho-alt (2).

(4) Beidh comhaontú ar bith ar neamhní sa mhéid go dtugann sé faoiseamh (nó go bhféadfaidh an éifeacht a bheith leis faoiseamh a thabhairt) do chumann nó d'aon duine ón oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó (2).

(5) I gcás ina ndéanfar maoin lena mbaineann an t-alt seo a dhíol nó ina gcinnfear a luach de réir fho-alt (2), cuirfidh an cumann fógra leis an bpost cláraithe chuig an morgáisteoir agus chuig aon mhorgáistí eile, ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige, laistigh de 21 lá tar éis an díol a bheith críochnaithe nó ón dáta ar a bhfaigheann an cumann an tuarascáil ar luach na maoine, de réir mar a bheidh, ar fógra é ina mbeidh sonraí i dtaobh an díola nó i dtaobh luach na maoine, de réir mar a bheidh.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a bhaineann le dualgas morgáistí cuntas a thabhairt do mhorgáisteoir.

(7) San alt seo ciallaíonn “morgáisteoir” duine dá dtugann cumann morgáiste, agus folaíonn sé comharba i dteideal an duine sin.

Urscaoileadh morgáiste.

27. —(1) Más rud é, i ndáil le talamh neamhchláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh cumann foirgníochta atíolacadh na maoine morgáistithe chun an duine is úinéir ar chothromas na fuascailte (nó chun cibé daoine agus le haghaidh cibé úsáidí a ordóidh an t-úinéir sin) nó admháil faoi shéala an chumainn a fhormhuiniú ar an morgáiste sin nó a chur i gceangal leis.

(2) Más rud é, i ndáil le talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964, go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh cumann admháil faoi shéala an chumainn a eisiúint chuig úinéir cláraithe na talún agus is cruthúnas leordhóthanach chun críocha alt 65 den Acht sin an admháil sin ar an morgáiste a bheith sásaithe.

(3) Oibreoidh admháil faoin alt seo chun an morgáiste a dhíchur agus, gan aon atíolacadh ná athghéilleadh, dílseoidh sí an t-eastát nó an leas sa mhaoin a bheidh cuimsithe sa mhorgáiste don duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal chothromas na fuascailte.

(4) I gcás morgáiste a bheith cláraithe i gClárlann na nGníomhas a bunaíodh leis an Registration of Deeds Act, 1707, déanfaidh an Cláraitheoir faoin Acht sin, ar admháil faoi fho-alt (1) a bheith tugtha ar aird, iontráil a chur isteach os coinne iontráil an mhorgáiste á rá go bhfuil an morgáiste sásaithe agus tabharfaidh sé deimhniú (ar an morgáiste nó ar leithligh) sa chéill sin.

(5) Glacfar i bhfianaise, i ngach cúirt agus imeacht, gan a thuilleadh cruthúnais, deimhniú faoi fho-alt (4) agus beidh d'éifeacht le hiontráil faoin bhfo-alt sin an morgáiste iomchuí a ghlanadh as an gclár nó as an taifead.

(6) An chumhacht a thugtar don Aire Dlí agus Cirt le halt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (arna oiriúnú leis an Ordú um an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (Oiriúnú), 1956 (I.R. Uimh. 281 de 1956)) chun táillí a shocrú, folóidh sí an chumhacht chun táillí a shocrú a bheidh le híoc as an iontráil a chur isteach agus an deimhniú a thabhairt faoi fho-alt (4), agus íocfar isteach sa Státchiste aon airgead a gheofar faoin bhfo-alt seo.

Infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe agus tacú leo, etc.

28. —(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta—

(a) infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe, is é sin le rá, scaireanna nó cearta comhaltais comhréire i gcomhlachtaí corpraithe a fháil agus a shealbhú, nó comhlachtaí corpraithe a fhoirmiú nó bheith páirteach ina bhfoirmiú; agus

(b) tacú le comhlachtaí corpraithe nó le comhlachtaí tithíochta ceadaithe, is é sin le rá, aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil do chomhlachtaí corpraithe ina ndéanann sé infheistíocht nó do chomhlachtaí tithíochta ceadaithe—

(i) iasachtaí i dteannta nó d'éagmais urrúis agus cibé acu faoi ús nó gan ús,

(ii) deontais airgid,

(iii) ráthaíochtaí go n-urscaoilfear a ndliteanais, agus

(iv) úsáid seirbhísí nó maoine, ar íocaíocht nó gan íocaíocht.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) ní dhéanfaidh cumann infheistíocht faoin alt seo i gcomhlacht corpraithe a gcumasaíonn a chuspóirí dó—

(i) gníomhaíochtaí a sheoladh atá lasmuigh de chumhachtaí an chumainn, nó

(ii) infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe eile,

ach ní choiscfidh sé sin ar chumann infheistiú i gcomhlacht, agus tacú leis, ar feadh tréimhse 3 mhí go dtí go n-athrófar cuspóirí an chomhlachta sin.

(b) I gcás inar dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, ar iarratas ó chumann, dispeansáid ó mhír (a) a thabhairt a mhéid agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis is cuí.

(3) Sonróidh an Banc Ceannais céatadán de scairchaipiteal nó de chearta comhaltais comhréire comhlachta chorpraithe nach mór do chumann a shealbhú mar íosmhéid chun an chumhacht atá ar fáil faoin alt seo a fheidhmiú.

(4) I gcás go mbeidh comhlacht corpraithe a ndéanann nó a mbeartaíonn cumann infheistíocht a dhéanamh ann, ag gabháil do ghnó, tráth aon infheistíochta nó infheistíochta beartaithe den sórt sin nó aon tráth dá éis, arb éard é taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh, féadfaidh an Banc Ceannais cibé teorainneacha nó srianta le gnó an chomhlachta chorpraithe a shonrú is dóigh leis is cuí ar mhaithe le cumainn fhoirgníochta a rialáil go hordúil cuí.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “comhlacht tithíochta ceadaithe” comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha alt 5 d'Acht na dTithe, 1988 , nó cumann a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nó faoi Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977, nó grúpa saorálach ar choinníoll, i gcás aon chumann nó grúpa den sórt sin, gur chun tithíocht a sholáthar a thugtar an tacaíocht;

ciallaíonn “cearta comhaltais comhréire”, i ndáil le comhlacht corpraithe, cibé cearta (seachas cearta a éiríonn as scaireanna a shealbhú) is inchurtha i leith comhaltais den chomhlacht;

folaíonn “maoin” cearta de thuairisc ar bith.

Seirbhísí airgeadais.

29. —(1) Faoi réir alt 36 agus fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh cumann foirgníochta seirbhísí airgeadais a sholáthar, mar phríomhaí nó mar ghníomhaire.

(2) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí airgeadais” aon ghníomhaíocht díobh seo a leanas—

(a) soláthar creidmheasa a chomhshocrú, lena n-áirítear uamadh le cuideachtaí cárta creidmheasa,

(b) ráthaíochtaí agus slánaíochtaí a thabhairt,

(c) oibleagáidí, fiacha agus urrúis airgeadais a dhíol agus a cheannach,

(d) seirbhísí infheistíochta,

(e) lascainiú ionstraimí creidmheasa,

(f) taiscí airgid do chuntais reatha a ghlacadh, seiceanna a bhailiú agus seiceanna a tarraingíodh ar an gcumann a íoc,

(g) árachas,

(h) clár comhaltaí cuideachta a chothabháil,

(i) comhairle a chur ar fáil i ndáil le cánachas agus pleanáil airgeadais,

(j) fruilcheannach a mhaoiniú,

(k) léasú,

(l) airgead a tharchur,

(m) iontaobhaíocht,

(n) seiceadóireacht,

(o) iomlaoid eachtrach,

(p) corás aistrithe creidmheasa a oibriú,

(q) dréachtanna, seiceanna taistil agus litreacha creidmheasa a eisiúint,

nó gníomhaíochtaí eile dá samhail (lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin) a ndealraíonn sé don Bhanc Ceannais gur seirbhísí airgeadais iad ach ní fholaíonn sé iasachtaí a thabhairt.

(3) Faoi réir alt 30, ní sheolfaidh cumann gnó árachais ar shlí seachas trí fhochuideachta nó trí chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn.

(4) Má théann cumann nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile cumainn i mbun gníomhaíochta ar bith de bhun fhorálacha an ailt seo agus alt 36 is faoi réir fhorálacha aon achtacháin eile a dhéanfaidh an cumann, an fhochuideachta nó an comhlacht comhlachaithe amhlaidh.

(5) Leasaítear alt 26 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 (a bhaineann le seiceanna agus ionstraimí eile a bhailiú)—

(a) trí na focail “nó cumann foirgníochta a bheidh údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ” a chur isteach i ndiaidh “1965” i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin,

(b) tríd an mhír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (6) den alt sin—

“(f) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a chothabhálann cuntas le cumann foirgníochta atá údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989 , is doiciméad a bhfuil sé beartaithe dó a chumasú do dhuine íoc na suime atá luaite sa doiciméad a fháil ón gcumann foirgníochta.”.

(6) Déantar alt 30 den Acht Comharbais, 1965 (a bhaineann leis an gcumhacht chun ionadaíocht a dheonú do chorparáid iontaobhais), a leasú tríd an bhfomhír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) (b) den alt sin—

“(v) cumann foirgníochta atá údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ; nó”.

Bannaí agus urraí.

30. —(1) I gcás ina rachaidh cumann foirgníochta i mbun gníomhaíochta de bhun alt 29 ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Árachais a bheith sáraithe aige de bhíthin amháin go dtugann, go ndéanann nó go nglacann sé banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta a thugann nó a dhéanann cumann, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó nó a thugann nó a dhéanann duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta mar shásamh ar cheanglas, agus chun críocha ceanglais agus chuige sin amháin, is ceanglas—

(a) de chuid cumainn, agus

(b) a dhéanfar d'aontoisc chun saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an gcumann sin a urrú.

(3) Chun críocha an ailt seo—

tá le “gnó baincéireachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1971,

ciallaíonn “na hAchtanna Árachais” na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

Seirbhísí tíolactha.

31. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht Aturnaethe, 1954 (“Acht 1954”) féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh á údarú do chumainn fhoirgníochta seirbhísí tíolactha a chur ar fáil.

(2) Féadfaidh cumann seirbhísí tíolactha a chur ar fáil de réir fhorálacha rialachán arna ndéanamh faoin alt seo agus i gcomhlíonadh cheanglais an ailt seo agus alt 36.

(3) Ach amháin i gcás tíolacas ar mhodh morgáiste, ní chuirfidh cumann seirbhísí tíolactha ar fáil don diúscróir agus don diúscraí araon in aon tíolacas áirithe.

(4) Féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin faoin alt seo—

(a) chun cosaint a thabhairt do dhaoine dá gcuireann cumainn seirbhísí tíolactha ar fáil ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist murach sin i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;

(b) chun a áirithiú go mbeidh cúiteamh leordhóthanach ar fáil do na daoine sin i leith faillí, calaois nó mímhacántacht eile ar thaobh oifigigh nó fostaithe de chuid cumann i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;

(c) maidir lena mhéid is gá, agus leis an modh inar gá, daoine atá cáilithe chun cleachtadh mar aturnaetha de réir bhrí Acht 1954 a bheith bainteach leis na seirbhísí sin, agus maidir le cáilíochtaí agus taithí na foirne a bheidh ag gabháil go ginearálta do na seirbhísí sin a chur ar fáil;

(d) maidir leis an aicme nó na haicmí daoine ar féidir na seirbhísí a chur ar fáil dóibh;

(e) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le maoin de thuairisc fhorordaithe;

(f) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le cumainn d'aicme fhorordaithe nó d'aicmí forordaithe;

(g) maidir leis na rátaí nó na scálaí uasta táillí, costas nó caiteachas a fhéadfaidh cumainn a ghearradh i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil.

(5) Aon chumarsáid a dhéanfar le cumann, nó a dhéanfaidh cumann, le linn dó bheith ag gníomhú sa cháil sin do chliant i ndáil le seirbhísí tíolactha a chur ar fáil dó beidh sí, in aon imeachtaí dlí, faoi phribhléid ó thaobh nochtadh de, sa chaoi chéanna ionann is dá mbeadh an cumann, gach uile thráth ábhartha, ag gníomhú mar aturnae don chliant.

(6) Aon chumann a bheidh ag cur seirbhísí tíolactha ar fáil, ní duine neamhcháilithe, de réir bhrí Acht 1954, é i ndáil leis na seirbhísí sin a chur ar fáil.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 58 d'Acht 1954 (srian le doiciméid áirithe a tharraingt, etc. ag daoine tráth nach mbeidh siad cáilithe chun gníomhú mar aturnae)—

(a) maidir le cumann, nó

(b) maidir le haon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn de bhíthin aon ghníomh a dhéanfaidh sé, i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta, thar ceann an chumainn,

i gcás seirbhísí tíolactha a bheith á gcur ar fáil ag an gcumann de réir an ailt seo.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 59 d'Acht 1954 (toirmeasc ar aturnae gníomhú mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe) maidir le haon aturnae de bhíthin aon ghníomh a dhéanfaidh sé mar oifigeach nó fostaí de chuid cumainn foirgníochta i gcás seirbhísí tíolactha a bheith á gcur ar fáil ag an gcumann sin de réir an ailt seo.

(9) Aon tagairt in aon achtachán d'aturnae forléireofar í, sa mhéid go mbaineann sí le seirbhísí tíolactha faoin alt seo, mar thagairt a fholaíonn tagairt do chumann.

(10) I gcás ina gcuirfidh cumann seirbhísí tíolactha ar fáil, cuirfidh sé ráiteas faoi na muirir, nó faoin mbonn atá leis na muirir, i leith na seirbhísí, ar áireamh in aon doiciméad nó fógrán a eiseofar don phobal agus a bhfuil tagairt ann do na seirbhísí a chur ar fáil, agus beidh cliant i dteideal ráiteas mionsonraithe ar mhuirir an chumainn sin, i leith tíolacadh a rinne an cumann thar a cheann, a iarraidh agus a fháil.

(11) Aon fhaisnéis a thiocfaidh i seilbh oifigigh nó fostaí de chuid cumainn de bhua baint a bheith aige le seirbhísí tíolactha a chuireann an cumann ar fáil, ní bhainfidh sé féin ná an cumann ná aon fhochuideachta ná aon chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn leas aisti chun gnó an chumainn nó na fochuideachta nó an chomhlachta chomhlachaithe eile a chur ar aghaidh.

(12) (a) Aon chumann a chuireann seirbhísí tíolactha ar fáil cothabhálfaidh sé taifid chuntasaíochta ar leithligh agus ullmhóidh sé cuntais i leith gach bliana ina dtaispeánfar—

(i) na costais a bhain don chumann as na seirbhísí a chur ar fáil, agus

(ii) an t-ioncam a d'fhabhraigh don chumann ó na muirir a gearradh i leith na seirbhísí,

agus cuirfidh sé na seirbhísí ar fáil, agus gearrfaidh sé muirir ina leith, ar chaoi a fhágfaidh nach lú an t-ioncam ó na seirbhísí a chur ar fáil ná an t-ioncam ba leor faoi chomhair na gcostas go léir ab inchurtha síos go cuí do chur ar fáil na seirbhísí, agus blianta á nglacadh le chéile.

(b) Aon ráiteas a fhianaíonn cirte na gcuntas a bheidh ullmhaithe de réir mhír (a) agus a dhaingníonn nach bhfuil na cuntais sin saofa de bharr aon chomhshocraíochta a dhéanfadh difear do chionroinnt na gcostas agus an ioncaim a bhaineann leis na seirbhísí a chur ar fáil agus go ndearnadh go cuí cibé cionroinntí a bheidh déanta, beidh sé sínithe ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag 2 stiúrthóir agus curtha i gceangal leis na cuntais bhliantúla.

(13) Aon tagairtí san alt seo do “seirbhísí tíolactha” is tagairtí iad d'aistrithe, do thíolacais, do chonarthaí, do léasanna agus d'urrúis eile a ullmhú i ndáil le heastáit nó leasanna i dtalamh a dhiúscairt nó a fháil.

Seirbhísí ceantálaíochta agus seirbhísí eile i ndáil le talamh.

32. —(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta—

(a) seirbhís cheantálaíochta a chur ar fáil de réir an Achta um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (“Acht 1947”);

(b) seirbhísí eile a chur ar fáil i ndáil le talamh.

(2) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas chun gnó ceantálaí a sheoladh de réir Acht 1947 a dheonú do chumann a dhéanfaidh iarratas de réir an ailt seo.

(b) Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hiarratas ó chumann, faoi mhír (a), ar cheadúnas ceantálaí—

(i) cóip den cheadú a bheidh tugtha ag an mBanc Ceannais faoi alt 36 leis an gcumann d'fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a),

(ii) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, arna dheonú tráth nach luaithe ná 28 lá roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais á coimeád ag an gcumann san Ard-Chúirt mar a cheanglaítear le hAcht 1947 agus, i gcás gur banna ráthaíochta an éarlais, go gclúdaíonn sé an tréimhse go léir a mbeidh an ceadúnas le deonú ina haghaidh, agus

(iii) an dleacht máil is iníoctha ar cheadúnas ceantálaí.

(c) I dteannta an deimhnithe agus an dleachta máil a cheanglaítear le mír (b), beidh deimhniú ó chuntasóir, de réir alt 12 d'Acht 1947 (mar a cuireadh isteach le halt 12 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 ) ag gabháil le hiarratas ó chumann ar cheadúnas ceantálaí a athnuachan.

(d) Ní bheidh feidhm ag alt 8 (2) d'Acht 1947 maidir le hiarratas faoin bhfo-alt seo.

(3) (a) Féadfaidh—

(i) an tAire Dlí agus Cirt, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cumainn nó a bhfochuideachtaí do chur seirbhísí ceantálaíochta ar fáil, agus

(ii) an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cumainn nó a bhfochuideachtaí do chur seirbhísí eile ar fáil i ndáil le talamh.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) chun cosaint a thabhairt do dhaoine dá gcuireann cumainn na seirbhísí ar fáil ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist murach sin i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;

(ii) chun a áirithiú go mbeidh cúiteamh leordhóthanach ar fáil do na daoine sin i leith faillí, calaois nó mímhacántacht eile ar thaobh oifigigh nó fostaithe de chuid cumann i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;

(iii) maidir lena mhéid is gá, agus leis an modh inar gá, daoine ag a bhfuil cáilíochtaí agus taithí iomchuí, a bheith bainteach leis na seirbhísí;

(iv) maidir leis an aicme nó na haicmí daoine ar féidir na seirbhísí a chur ar fáil dóibh;

(v) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le cumainn d'aicme fhorordaithe nó d'aicmí forordaithe; nó

(vi) chun an míniú ar sheirbhísí is féidir a chur ar fáil faoin alt seo a leasú, a theorannú nó a leathnú.

(4) Ní ghníomhóidh aon fhostaí de chuid cumainn a gcuireann fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile dá chuid seirbhísí ar fáil faoin alt seo mar ghníomhaire don fhochuideachta nó don chomhlacht.

(5) (a) Aon chumann nó fochuideachta do chumann a chuireann seirbhísí ceantálaíochta nó seirbhísí eile ar fáil i ndáil le talamh, cothabhálfaidh sé taifid chuntasaíochta ar leithligh agus ullmhóidh sé cuntais i leith gach bliana ina dtaispeánfar—

(i) na costais a bhain le gach seirbhís ar leith a chur ar fáil, agus

(ii) an t-ioncam a d'fhabhraigh ó na muirir a gearradh i leith na seirbhísí,

agus cuirfidh sé gach seirbhís ar fáil, agus gearrfaidh sé muirear ina leith, ar chaoi a fhágfaidh nach lú an t-ioncam ón tseirbhís a chur ar fáil ná an t-ioncam ba leor faoi chomhair na gcostas go léir ab inchurtha síos go cuí do chur ar fáil na seirbhíse, agus blianta á nglacadh le chéile.

(b) Aon ráiteas a fhianaíonn cirte na gcuntas a bheidh ullmhaithe de réir mhír (a) agus a dhaingníonn nach bhfuil na cuntais sin saofa de bharr aon chomhshocraíochta a dhéanfadh difear do chionroinnt na gcostas agus an ioncaim a bhaineann le gach seirbhís a chur ar fáil agus go ndearnadh go cuí cibé cionroinntí a bheidh déanta, beidh sé sínithe ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag 2 stiúrthóir agus curtha i gceangal leis na cuntais bhliantúla.

(6) San alt seo—

(a) ciallaíonn “seirbhís cheantálaíochta” aon ghnó lena mbaineann Acht 1947, lena n-áirítear gnó gníomhaire tithe de réir bhrí an Achta sin;

(b) ciallaíonn “seirbhísí i ndáil le talamh” aon tseirbhís a bhaineann le talamh a fháil, a dhiúscairt, a bhainistí nó a fhorbairt (lena n-áirítear luacháil, suirbhéireacht, cíos a bhailiú agus maoin shochorraithe a aistriú as agus a stóráil) nó seirbhísí eile dá samhail (lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin) ar dealraitheach don Bhanc Ceannais gur seirbhísí iad a bhaineann leis na nithe sin.

Cumhacht gníomhú lasmuigh den Stát.

33. —(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta a chumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú lasmuigh den Stát.

(2) I bhfeidhmiú aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo ní bheidh de cheangal ar an mBanc Ceannais déileáil le sócmhainní nó dliteanais cumann a bheidh á dteachtadh lasmuigh den Stát ionann is dá mbeidís á dteachtadh sa Stát.

Cumhacht fálaithe.

34. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta, faoi réir fho-alt (2), conarthaí a chur i gcrích chun laghdú a dhéanamh ar phriacal an chaillteanais de bharr athruithe ar rátaí úis, rátaí malairte airgeadra nó tosca eile dá samhail a dhéanann difear dá ghnó.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais ceanglais a shonrú maidir leis an gcineál nó na cineálacha conartha is féidir a chur i gcrích faoi fho-alt (1) agus maidir leis na téarmaí ar a bhféadfar agus na coinníollacha faoina bhféadfar na conarthaí sin a chur i gcrích, agus ní fhéadfar conradh a chur i gcrích faoin alt seo ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh sé sonraíocht den sórt sin nó go mbeidh sé ceadaithe thairis sin ag an mBanc.

Toirmeasc ar sheirbhísí a nascadh.

35. —(1) Ní thabharfaidh cumann foirgníochta iasacht tithíochta d'aon duine, ná ní thairgfidh sé iasacht tithíochta a thabhairt d'aon duine, faoi réir coinníll gurb é an cumann nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn a chuirfidh ar fáil, nó gur tríd a chuirfear ar fáil, aon seirbhísí lena mbaineann alt 29, 31 nó 32 a bheidh ag teastáil ón duine sin, cibé acu i ndáil leis an iasacht nó ar shlí eile.

(2) Más rud é, i dtaca le hiasacht tithíochta arna tabhairt ag cumann, go gcuirfidh an cumann, nó an cumann agus fochuideachta amháin nó níos mó dá chuid, nó fochuideachta amháin nó níos mó dá chuid, seirbhísí éagsúla ar fáil, ní chuirfidh an cumann na seirbhísí ar fáil, agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh aon cheann dá fhochuideachtaí na seirbhísí ar fáil, ar théarmaí seachas téarmaí a idirdhealaíonn an chomaoin is iníochta i leith gach seirbhíse ar leith a chuirtear ar fáil amhlaidh; ná ní chuirfidh aon cheann dá fhochuideachtaí na seirbhísí ar fáil ar théarmaí seachas téarmaí a dhéanann an t-idirdhealú sin.

Cumhachtaí a fheidhmiú.

36. —(1) Baineann an t-alt seo le cumann foirgníochta nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile d'fheidhmiú cumhachta faoi aon cheann de na hailt seo a leanas—

(a) alt 21 (talamh a shealbhú agus a fhorbairt);

(b) alt 23 (1) (e) agus (f) (iasachtaí neamhurraithe nó iasachtaí a bheidh urraithe go feadh méid ar bith);

(c) alt 28 (infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe agus tacú leo etc.);

(d) alt 29 (seirbhísí airgeadais);

(e) alt 31 (seirbhísí tíolactha);

(f) alt 32 (seirbhísí ceantálaíochta agus seirbhísí i ndáil le talamh); agus

(g) alt 33 (cumhacht gníomhú thar lear).

(2) Ní mór gach cumhacht lena mbaineann an t-alt seo a bheith glactha ag an gcumann trí rún speisialta, agus a bheith taifeadta ina mheabhrán, le go mbeidh sí infheidhmithe.

(3) Beidh ráiteas i bhfógra faoi rún speisialta faoi fho-alt (2), nó beidh ráiteas ag gabháil leis, ina dtabharfar—

(a) tuairisc ar an ngníomhaíocht a bhfuil an chumhacht le feidhmiú i ndáil léi,

(b) na fáthanna gur glacadh gach cumhacht ar leith, agus

(c) sonraí i dtaobh cibé nithe eile a bheidh ag teastáil ón mBanc Ceannais.

(4) Tar éis dó cumhacht a ghlacadh ní dhéanfaidh cumann, faoi réir fho-alt (5), an chumhacht sin a fheidhmiú ach amháin le ceadú an Bhainc Ceannais agus de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadaithe sin.

(5) Féadfaidh an Banc Ceannais a shonrú, i ndáil le haon chumhacht, cad iad na himthosca ina bhféadfaidh agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh cumann cumhacht a fheidhmiú gan ceadú sonrach faoi fho-alt (4).

(6) Sula molfar rún speisialta chun cumhacht a ghlacadh féadfaidh an cumann dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus féadfaidh an Banc réamhthuairim a thabhairt (gan dochar d'aon chinneadh faoi fho-alt (10)) i dtaobh cé acu a cheadódh sé agus cá mhéad a cheadódh sé feidhmiú na cumhachta.

(7) Féadfaidh an Banc Ceannais cibé ceanglais a shonrú is dóigh leis is gá i ndáil le cumainn d'fheidhmiú aon chumhachta lena mbaineann an t-alt seo agus féadfaidh sé ceanglais éagsúla a shonrú maidir le cumhachtaí éagsúla.

(8) Na cumhachtaí a sonraítear ceanglais ina leith faoi fho-alt (7) ní bheidh siad nó, de réir mar a bheidh, scoirfidh siad de bheith, ar fáil do chumann nach gcomhlíonann na ceanglais ach má scoireann cumann de na ceanglais sin a chomhlíonadh ní chuireann an scor sin ann féin d'oibleagáid air aon mhaoin nó ceart a fuarthas i bhfeidhmiú na cumhachta a dhiúscairt.

(9) Maidir le hiarratas ar cheadú faoi fho-alt (4)—

(a) is ar cibé modh a shonróidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, a dhéanfar é; agus

(b) beidh cibé faisnéis a bheidh ag teastáil ón mBanc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, ag gabháil leis.

(10) (a) Tar éis dó iarratas a rinneadh de réir fho-alt (9) a bhreithniú, féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis—

(i) ceadú a thabhairt,

(ii) diúltú ceadú a thabhairt, nó

(iii) ceadú a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha, srianta nó eisiataí is dóigh leis is iomchuí.

(b) Déanfaidh an Banc Ceannais, laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas nó ón dáta a bhfuarthas cibé faisnéis bhreise a bheidh ag teastáil uaidh, fógra faoina chinneadh a thabhairt don chumann a rinne an t-iarratas.

(11) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (10) (a) (iii), féadfaidh forálacha i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith, go háirithe, ar áireamh sna coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc Ceannais, eadhon—

(a) an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar seirbhís a chur ar fáil dóibh;

(b) cibé acu an é an cumann é féin nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile a fhéadfaidh dul i mbun na gníomhaíochta;

(c) méid na gcistí a fhéadfaidh an cumann nó a fhochuideachta nó a chomhlacht comhlachaithe eile a chaitheamh ar an ngníomhaíocht;

(d) cibé acu an mar phríomhaí nó mar ghníomhaire a fhéadfaidh an cumann gníomhú agus é i mbun na gníomhaíochta;

(e) an tréimhse a bhféadfar dul i mbun na gníomhaíochta lena linn;

(f) teorainneacha le haon ráthaíochtaí, bannaí, conarthaí urraíochta nó slánaíochtaí a thabharfaidh nó a dhéanfaidh an cumann;

(g) cibé acu a chaithfear agus cá mhéad a chaithfear ceadú an Bhainc a fháil i leith tograí, infheistíochtaí nó gnóthas áirithe;

(h) coinníollacha nach mór a chomhlíonadh ó thaobh aon fhochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn a bheidh ag dul i mbun na gníomhaíochta;

(i) na cáilíochtaí nach mór a bheith ag fostaithe an chumainn nó a fhochuideachta nó a chomhlachta chomhlachaithe eile a bheidh ag dul i mbun na gníomhaíochta;

(j) coinbhleachtaí leasa a sheachaint;

(k) muirir a bheidh le gearradh i ndáil le haon seirbhís a chuirfear ar fáil;

(l) an cumann do chothabháil taifead cuntasaíochta ar leithligh agus d'ullmhú cuntas maidir leis an tseirbhís a bheidh á cur ar fáil.

(12) Maidir le cumhachtaí a fheidhmiú lasmuigh den Stát, féadfaidh go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (10) (a) (iii), forálacha i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc Ceannais, i dteannta aon choinníollacha a fhorchuirfear faoi fho-alt (11), eadhon—

(a) na tíortha inar féidir an chumhacht a fheidhmiú,

(b) na cineálacha urrúis a fhreagraíonn, i dtuairim an Bhainc, in aon tír áirithe, do na cineálacha urrúis dá dtagraítear in ailt 22 agus 23,

(c) feidhm aon fhorála den Acht seo a bhaineann le hiasachtaí, maidir le hiasachtaí a thabharfar lasmuigh den Stát, fara cibé modhnuithe is dóigh leis an mBanc is iomchuí,

(d) ceanglais i ndáil le hairgeadraí.

(13) Ní thabharfaidh an Banc Ceannais ceadú d'iarratas mura deimhin leis go bhfuil an chumhacht iomchuí glactha ag an gcumann de réir an Achta seo.

(14) Féadfaidh an Banc Ceannais, tráth ar bith, ceadú a bheidh tugtha aige faoin alt seo a tharraingt siar, coinníollacha a fhorchur ar cheadú nó aon choinníollacha a bheidh forchurtha a chúlghairm nó a athrú nó coinníollacha breise a chur leo, ach ní cheanglófar aon mhaoin nó ceart a bheidh faighte cheana féin a dhiúscairt de bharr gnímh den sórt sin ag an mBanc.

(15) Féadfaidh an Banc Ceannais a ordú go ndéanfaí measúnacht neamhspleách ar chumas cumainn cumhacht a fheidhmiú dár iarr sé ceadú agus is é an cumann a íocfaidh costas na measúnachta sin má ordaíonn an Banc dó sin a dhéanamh.

(16) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, nó an Banc Ceannais i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, nach bhféadar cumhacht chun seirbhís a chur ar fáil a fheidhmiú ach amháin trí fhochuideachta nó trí chomhlacht comhlachaithe eile, déileálfar leis an gcumhacht chun dul i mbun na gníomhaíochta sin mar chumhacht de chuid an chumainn chun críche alt 28.