|
|||||
|
[EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 19 de 1989 | ||||||||
[EN] |
AN tACHT UM THOIRMEASC AR GHRÍOSÚ CHUN FUATHA, 1989 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 19 de 1989 | ||||||||
AN tACHT UM THOIRMEASC AR GHRÍOSÚ CHUN FUATHA, 1989 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO THOIRMEASC GRÍOSÚ CHUN FUATHA MAR GHEALL AR CHINE, CREIDEAMH, NÁISIÚNTACHT NÓ CLAONADH GNÉASACH. [29 Samhain, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “craoladh” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí radaiteileagrafaíocht nó ar aon slí eile, nó trí radaiteileagrafaíocht i dteannta aon slí eile, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí, a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír; | |
[EN] | ciallaíonn “leathadh” leathadh ar an bpobal nó ar chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “fuath” fuath do ghrúpa daoine sa Stát nó in áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach; | |
[EN] | ciallaíonn “foilsiú” foilsiú don phobal nó do chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “taifeadadh” aon taifead ónar féidir, ar aon slí, amharcíomhánna nó fuaimeanna a atáirgeadh, agus aon tagairtí do thaifeadadh a leathadh, a thaispeáint nó a sheinm is tagairtí iad dá leathadh, dá thaispeáint nó dá sheinm don phobal nó do chuid den phobal agus forléireofar “leathadh”, “taispeáint” agus “seinm”, agus focail ghaolmhara, i ndáil le taifeadadh, dá réir sin; | |
[EN] | folaíonn “ábhar scríofa” aon sín nó aon amharc-léiriú eile. | |
[EN] | (2) San Acht seo— | |
[EN] | (a) forléireofar aon tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, | |
[EN] | (b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, | |
[EN] | (c) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Gníomhartha ar dóigh dóibh fuath a adhaint. |
2. —(1) Is cion é do dhuine— |
[EN] | (a) ábhar scríofa a fhoilsiú nó a leathadh, | |
[EN] | (b) focail a úsáid, é féin a iompar nó ábhar scríofa a chur ar taispeáint— | |
[EN] | (i) in aon áit seachas laistigh d'áit chónaí phríobháideach, nó | |
[EN] | (ii) laistigh d'áit chónaí phríobháideach ionas go gcloisfidh nó go bhfeicfidh daoine lasmuigh den áit chónaí na focail, an t-iompar nó an t-ábhar, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (c) taifeadadh d'amharc-íomhánna nó d'fhuaimeanna a leathadh, a thaispeáint nó a sheinm, | |
[EN] | má tá an t-ábhar scríofa, na focail, an t-iompar, na hamharc-íomhánna nó na fuaimeanna, de réir mar a bheidh, bagrach, maslach nó tarcaisneach agus má tá siad beartaithe chun fuath a adhaint nó, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur dóigh dóibh fuath a adhaint. | |
[EN] | (2) (a) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1), mura suitear, maidir leis an duine cúisithe, gur bheartaigh sé fuath a adhaint is cosaint dó a chruthú nárbh eol dó cad a bhí san ábhar nó sa taifeadadh áirithe agus nach raibh drochamhras air agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar nó an taifeadadh bagrach, maslach nó tarcaisneach. | |
[EN] | (b) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) (b), is cosaint don duine cúisithe— | |
[EN] | (i) a chruthú go raibh sé laistigh d'áit chónaí phríobháideach ag an am iomchuí agus nach raibh aon chúis aige a chreidiúint go gcloisfeadh nó go bhfeicfeadh duine lasmuigh den áit chónaí na focail, an t-iompar nó an t-ábhar áirithe, nó | |
[EN] | (ii) mura suitear go raibh beartaithe aige fuath a adhaint, a chruthú nár bheartaigh sé go mbeadh na focail, an t-iompar nó an t-ábhar áirithe bagrach, maslach nó tarcaisneach agus narbh eol dó go bhféadfaidís a bheith amhlaidh. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “áit chónaí phríobháideach” aon déanmhas (lena n-áirítear puball, carbhán, feithicil, soitheach nó déanmhas sealadach nó sochorraithe eile) nó cuid de dhéanmhas den sórt sin a úsáidtear mar theaghais ach ní fholaíonn sé aon chuid nach n-úsáidtear amhlaidh ná aon chuid ina mbíonn cruinniú poiblí á thionól; agus sa mhíniú seo ciallaíonn “cruinniú poiblí” cruinniú a bhfuil an pobal i dteideal a bheith i láthair aige ar íocaíocht nó ar shlí eile agus ó cheart nó de bhua ceada shainráite nó intuigthe. | |
[EN] |
Craoltaí ar dóigh dóibh fuath a adhaint. |
3. —(1) Má chraoltar mír lena mbaineann amharc-íomhánna nó fuaimeanna bagracha, maslacha nó tarcaisneacha, beidh gach duine de na daoine a luaitear i bhfo-alt (2) ciontach i gcion má bheartaíonn sé trí sin a dhéanamh fuath a adhaint nó, ag féachaint do na himthosca uile, más dóigh go n-adhainfear fuath trí sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Is iad na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1): | |
[EN] | (a) an duine a sholáthraíonn an tseirbhís chraolta áirithe, | |
[EN] | (b) aon duine is léiritheoir nó is stiúrthóir ar an mír áirithe, agus | |
[EN] | (c) aon duine a bhfuil a chuid focal nó a iompar sa mhír áirithe bagrach, maslach nó tarcaisneach. | |
[EN] | (3) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2) i leith ciona faoin alt seo, mura suitear maidir leis an duine go raibh sé beartaithe aige fuath a adhaint, is cosaint dó a chruthú— | |
[EN] | (a) nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go mbainfeadh an mhír áirithe leis an ábhar lena mbaineann an cion, nó | |
[EN] | (b) i gcás seachas cás lena mbaineann mír (a), nárbh fhéidir leis le réasún a áirithiú go dtógfaí amach an t-ábhar a dúradh, ag féachaint do na himthosca inar craoladh an mhír. | |
[EN] | (4) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air— | |
[EN] | (a) go gcraolfaí an mhír, nó | |
[EN] | (b) gur in imthosca de chineál ar dhóigh dóibh fuath a adhaint a chraolfaí an mhír. | |
[EN] | (5) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air— | |
[EN] | (a) go gcraolfaí mír ina n-úsáidfí an t-ábhar lena mbaineann an cion, nó | |
[EN] | (b) gur in imthosca de chineál ar dhóigh dóibh fuath a adhaint a chraolfaí an mhír. | |
[EN] | (6) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chúiseofar a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar lena mbaineann an cion bagrach, maslach nó tarcaisneach. | |
[EN] | (7) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a líomhnaítear a bheith déanta maidir le mír— | |
[EN] | (a) aon scríbhinn ar ar bunaíodh an mhír is fianaise í i dtaobh a raibh ar áireamh sa mhír agus i dtaobh an mhodha inar taibhíodh an mhír nó aon chuid di, agus | |
[EN] | (b) má thugtar scríbhinn den sórt sin i bhfianaise thar ceann aon pháirtí sna himeachtaí, ansin, ach amháin a mhéid a shuitear a mhalairt, cibé acu le fianaise a thabharfar thar ceann an pháirtí chéanna nó aon pháirtí eile, glacfar leis gur taibhíodh an mhír de réir na scríbhinne sin. | |
[EN] | (8) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, nach bhfuil faoi bhun chéim cheannfoirt, drochamhras a bheith air— | |
[EN] | (i) go ndearna duine cion faoin alt seo maidir le mír a bhí ar áireamh i gcraoladh, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil mír le bheith ar áireamh amhlaidh agus gur dóigh go ndéanfaidh duine cion faoin alt seo maidir leis an mír, | |
[EN] | féadfaidh sé ordú a dhéanamh i scríbhinn faoin alt seo ag údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána— | |
[EN] | (I) ag aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta déanta an ordaithe, ar é do thabhairt cóip den ordú ar aird má iarrtar amhlaidh, a cheangal ar aon duine a bheidh ainmnithe san ordú— | |
[EN] | (A) scríbhinn ar a raibh nó, de réir mar a bheidh, ar a mbeidh, an mhír a dúradh bunaithe, nó | |
[EN] | (B) taifeadadh a bheidh déanta ar aon ábhar a áiríodh sa mhír nó, de réir mar a bheidh, a áireofar sa mhír, | |
[EN] | a thabhairt ar aird más ann dá leithéid, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (II) má thugtar an scríbhinn nó an taifeadadh ar aird dó, a cheangal ar an duine caoi a thabhairt dó chun a chur faoi deara cóip díobh a dhéanamh. | |
[EN] | (b) Aon ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé sínithe ag an duine a rinne é, ainmneofar ann an duine a bhfuil sé dírithe air agus tabharfar tuairisc ann ar an mír lena mbaineann sé ar mhodh a bheidh leordhóthanach le go bhféadfar an mhír a aithint. | |
[EN] | (c) Beidh aon duine ciontach i gcion a mhainneoidh nó a dhiúltóidh gan chúis réasúnach ceanglas a dhéantar de bhun ordú faoi mhír (a) a chomhlíonadh. | |
[EN] | (d) Más rud é, i gcás míre a bheidh bunaithe ar scríbhinn, go ndearna comhalta den Gharda Síochána nó go ndearnadh thar a cheann, de bhua ordú faoin bhfo-alt seo a bhaineann leis an mír, cóip de scríbhinn ar a raibh an mhír bunaithe, beidh feidhm ag fo-alt (7) i ndáil leis an gcóip sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le scríbhinn ar a raibh an mhír bunaithe; agus measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip den scríbhinn agus a bheith sínithe ag an gcomhalta, gur cóip den sórt sin é, chun críocha an ailt seo, agus gur síníodh amhlaidh é mura suífear a mhalairt. | |
[EN] | (e) Maidir le haon ní a dhéantar faoin bhfo-alt seo nó de bhun ordaithe faoin bhfo-alt seo nó maidir le scríbhinn nó taifeadadh den sórt sin a dúradh, nó cóip díobh, a úsáid go heisiach chun an t-alt seo a fhorfheidhmiú— | |
[EN] | (i) ní sárú é ar an gcóipcheart d'aon saothar, taifeadadh fuaime, scannán cineamatagrafach nó craoladh teilifíse nó fuaime, ná | |
(ii) ní cion é faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 . | ||
(9) San alt seo ciallaíonn “scríbhinn” i ndáil le mír, téacs na míre (cibé acu arna shonrú i bhfocail nó i nodaireacht cheoil nó i nodaireacht eile) mar aon le haon treoracha maidir lena thaibhiú, cibé acu is i ndoiciméad amháin dó nó nach ea. | ||
[EN] |
Ábhar a ullmhú agus a bheith i seilbh ábhair ar dóigh dó fuath a adhaint. |
4. —(1) Is cion a bheidh ann do dhuine— |
[EN] | (a) aon ábhar scríofa a ullmhú nó a bheith ina sheilbh le hintinn é a leathadh, a chur ar taispeáint, a chraoladh nó a fhoilsiú, ar shlí eile, sa Stát nó in áit eile, cibé acu aige féin nó ag duine eile, nó | |
[EN] | (b) taifeadadh fuaimeanna nó amharc-íomhánna a dhéanamh nó a bheith ina sheilbh le hintinn é a leathadh, a thaispeáint, a sheinm, a chraoladh nó a fhoilsiú, ar shlí eile, sa Stát nó in áit eile, cibé acu aige féin nó ag duine eile, | |
[EN] | i gcás an t-ábhar nó an taifeadadh a bheith bagrach, maslach nó tarcaisneach agus go mbeartaítear fuath a adhaint leis nó, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear cibé leathadh, cur ar taispeáint, craoladh, taispeáint, seinm nó foilsiú eile den chéanna atá ar intinn ag an duine, nó a d'fhéadfaí a thuiscint le réasún a bheith ar intinn aige, gur dóigh dó fuath a adhaint. | |
[EN] | (2) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, mura suitear maidir leis an duine cúisithe go raibh sé beartaithe aige fuath a adhaint, is cosaint dó a chruthú nach raibh a fhios aige cad a bhí san ábhar nó sa taifeadadh áirithe agus nach raibh drochamhras air agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar nó an taifeadadh bagrach, maslach nó tarcaisneach. | |
[EN] | (3) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, i gcás go gcruthaítear go raibh an duine cúisithe i seilbh ábhair nó taifeadta den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus gur réasúnach a bheith den bharúil nach raibh an t-ábhar nó an taifeadadh beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta an duine, toimhdeofar maidir leis, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh sé i seilbh an ábhair nó an taifeadta de shárú ar fho-alt (1). | |
[EN] |
Cosaintí do thuairiscí ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais nó ar imeachtaí breithiúnacha. |
5. —Ní bhaineann ailt 2, 3 agus 4— |
[EN] | (a) le tuairisc chóir bheacht ar imeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas nó i gcoiste den Oireachtas nó de cheachtar Teach díobh nó le tuairisc nó foilseachán oifigiúil den Oireachtas nó de cheachtar Teach díobh nó de choiste den sórt sin, ná | |
[EN] | (b) le tuairisc chóir bheacht ar imeachtaí a éisteadh go poiblí os comhair cúirte nó binse a bheidh ag feidhmiú feidhmeanna nó cumhachtaí de chineál breithiúnach, i gcás go bhfoilsítear an tuairisc go comhaimseartha leis na himeachtaí nó, i gcás nach indéanta sin go réasúnach nó i gcás é bheith neamhdhleathach tuairisc orthu a fhoilsiú go comhaimseartha, a luaithe is indéanta agus is dleathach le réasún foilsiú a dhéanamh. | |
[EN] |
Pionóis. |
6. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 2, 3 nó 4 dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Cionta ag comhlachtaí corpartha. |
7. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh duine is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht corpraithe nó is oifigeach eile dá samhail don chomhlacht corpraithe nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin mar aon leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite. |
[EN] | (2) Más rud é go mbeidh gnóthaí comhlachta chorpraithe á mbainisteoireacht ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtnaí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é. | |
[EN] |
Ní ghlacfar imeachtaí áirithe ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú. |
8. —I gcás go gcúisítear duine i gcion faoi alt 2, 3, nó 4, ní ghlacfar aon imeachtaí breise maidir leis an ábhar (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú. |
[EN] |
Cuardach agus urghabháil. |
9. —(1) (a) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, de thoradh faisnéise faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun chéim sháirsint, go bhfuil forais réasúnacha ann chun drochamhras a bheith air go bhfuil ábhar nó taifeadadh ar shárú ar alt 4 a bheith ina sheilbh, nó go bhfuil scríbhinn nó taifeadadh dá dtagraítear in alt 3 (8) in aon áitreabh nó ag aon áitreabh nó áit eile, féadfaidh sé barántas a eisiúint faoina láimh ag údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána, i gcuideachta aon chomhaltaí eile den Gharda Síochána, ag aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh, dul isteach, le forneart más gá, agus an t-áitreabh nó an áit eile a shonraítear sa bharántas a chuardach agus— |
[EN] | (i) aon taifeadadh, ábhar nó scríbhinn den sórt sin mar a dúradh a gheofar ann a urghabháil, agus | |
[EN] | (ii) a cheangal ar aon duine a gheofar ann a ainm agus a sheoladh a thabhairt. | |
[EN] | (b) Ní eiseoidh breitheamh den Chúirt Dúiche ná Feidhmeannach Síochána barántas faoi mhír (a) i ndáil le scríbhinn nó taifeadadh dá dtagraítear in alt 3 (8) mura deimhin leis trí fhaisnéis faoi mhionn— | |
[EN] | (i) go ndearnadh ceanglas a shonraítear i bhfomhír (I) d'alt 3 (8) (a) i ndáil leis agus nár comhlíonadh é, | |
[EN] | (ii) go ndearnadh an ceanglas a shonraítear i bhfomhír (II) d'alt 3 (8) (a) i ndáil leis agus nár comhlíonadh é, nó | |
[EN] | (iii) gur gá, sna himthosca go léir, an barántas a eisiúint d'ainneoin nach ndearnadh i ndáil leis ceanglas a shonraítear san fhomhír sin (I) nó an ceanglas a shonraítear san fhomhír sin (II). | |
[EN] | (2) Aon duine— | |
[EN] | (a) a choiscfidh nó a bhacfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) a bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána, a bheidh ag gníomhú mar a dúradh, é san áitreabh nó ag an áitreabh nó ag áit nó in áit eile a bheidh sonraithe sa bharántas agus a mhainníonn nó a dhiúltaíonn a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta nuair a éilíonn an comhalta air é nó a thugann ainm nó seoladh dó atá bréagach nó míthreorach, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair— | |
[EN] | (i) más cion faoi mhír (a) an cion, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air, nó | |
[EN] | (ii) más cion faoi mhír (b) an cion, fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
(3) San alt seo folaíonn “áitreabh” feithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach nó suiteáil sna farraigí teorann nó i limistéar ainm nithe (de réir bhrí an Achta um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ) nó puball, carbhán nó déanmhas sealadach nó sochorraithe eile; agus féadfar glacadh leis, chun críocha dlínse breithimh den Chúirt Dúiche faoin alt seo, gur in aon áit sa Stát atá soitheach nó sciorrárthach nó suiteáil den sórt sin mar a dúradh. | ||
[EN] |
Cumhachtaí gabhála. |
10. —(1) Má bhíonn drochamhras, le réasún, ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion faoi alt 2 (1) (b), féadfaidh sé an duine sin a ghabháil gan bharántas. |
[EN] | (2) Má bhíonn drochamhras, le réasún, ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion faoin Acht seo (seachas cion faoi alt 2 (1) (b) nó 9 (2) (b)), féadfaidh sé a cheangal air a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó agus, má mhainníonn an duine, nó má dhiúltaíonn sé, déanamh amhlaidh nó má thugann sé ainm nó seoladh a bhfuil drochamhras le réasún ar an gcomhalta é bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoi alt 9 duine a ghabháil gan bharántas ar duine é a bhfuil drochamhras, le réasún, ar an gcomhalta go ndearna sé cion faoi fho-alt (2) (b) den alt sin. | |
[EN] |
Forghéilleadh. |
11. —(1) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh duine i gcion, nó ar os a comhair a chiontófar duine i gcion, faoi alt 2, 3, nó 4, a ordú go ndéanfar aon ábhar scríofa nó aon taifeadadh, a suífear chun sástacht na cúirte go mbaineann sé leis an gcion, a fhorghéilleadh agus a scriosadh nó a chur de láimh ar shlí eile i cibé dóigh a chinnfidh an chúirt. |
[EN] | (2) Ní ordóidh cúirt ábhar scríofa nó taifeadadh a fhorghéilleadh faoin alt seo má dhéanann duine a éilíonn gur leis é nó go bhfuil leas ar shlí eile aige ann, iarratas ar éisteacht a fháil ón gcúirt, mura rud é go mbeidh deis tugtha dó chun cúis a shuíomh cén fáth nár chóir an t-ordú a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht le haon ordú faoin alt seo go dtí go mbeidh an gnáth-am chun achomharc a thionscnamh in aghaidh an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann imithe in éag nó, i gcás go dtionscnófar achomharc den sórt sin, go dtí go gcinnfear go críochnaitheach é nó aon achomharc breise nó go dtréigfear é nó go dtí go mbeidh an gnáth-am chun aon achomharc breise a thionscnamh imithe in éag. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
12. —(1) Féadfar an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis dháta a rite. |