An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

AN DARA SCEIDEAL

Nithe dá bhForálfar le Rialacha Bainc Taisce Iontaobhais

Alt 16.

1. Ainm an bhainc taisce iontaobhais.

2. An dóigh ina gceapfar iontaobhaithe an bhainc agus ina gcuirfear as oifig iad.

3. Ceapadh 2 dhuine ar a laghad (dá ngairtear “bainisteoirí” sa Sceideal seo) a dhéanfaidh gnó an bhainc a sheoladh, a bhainistí agus a stiúradh i gcoitinne agus an dóigh ina gceapfar agus ina gcuirfear as oifig iad.

4. An dóigh ina gceapfar, agus ina gcuirfear as oifig, comhaltaí aon choiste nó comhlachta eile a bhunófar chun gnó an bhainc a mhaoirsiú, a bhainistí nó a stiúradh i gcoitinne.

5. Cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais iontaobhaithe agus bhainisteoirí an bhainc agus aon choiste nó comhlachta eile de chuid an bhainc dá dtagraítear i mír 4.

6. An dóigh ina ndiúscrófar airgead a gheobhaidh iontaobhaithe ar cuntas an bhainc nó lena úsáid ag an mbanc.

7. Go ndéanfar fógra a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais, agus ina sonrófar na seirbhísí a chuireann an banc ar fáil, a chur ar taispeáint, i ngach oifig de chuid an bhainc atá ar oscailt don phobal chun gnó an bhainc a dhéanamh, in ionad inar féidir le gach duine den phobal a thagann isteach san oifig é a léamh.

8. Nach bhfaighidh iontaobhaí aon sochar ón mbanc seachas aon airgead onóra a íocfar de bhun alt 20.

9. Gairm agus tionól cruinnithe de na hiontaobhaithe agus an nós imeachta a leanfar ag na cruinnithe sin.

10. An dóigh ina gcruinneofar cistí an bhainc agus sonrú aon teorann lena méid.

11. Na críocha chun a gcuirfear cistí an bhainc chun feidhme agus an dóigh ina n-infheisteofar iad.

12. An dóigh ina bhfionnfar easnaimh an bhainc agus an dóigh ina bhforálfar dóibh.

13. An dóigh ina gceapfar iniúchóir don bhanc agus ina gcuirfear as oifig é, agus luach saothair an iniúchóra sin.

14. An dóigh ina bhféadfar an banc a dhúnadh nó a dhíscaoileadh.

15. Go dtoirmiscfear ar oifigigh an bhainc aon fhaisnéis i dtaobh gnóthaí nó gnó an bhainc nó taisceoirí leis an mbanc nó daoine a fhaigheann iasachtaí ón mbanc a nochtadh gan údarás ó bhainisteoir nó ó choiste nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír 4; agus go dtoirmiscfear ar iontaobhaithe nó ar aon choiste nó comhlacht eile den chineál a dúradh aon fhaisnéis den chineál a dúradh a nochtadh ach amháin i gcás inar gá sin a dhéanamh chun gnó an bhainc a sheoladh, a bhainistí nó a stiúradh nó chun críocha imeachtaí in aon chúirt nó binse eile.