An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Bunú agus Ceadúnú Banc Taisce Iontaobhais)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979;

ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

tá le “cuideachta”, “scairchaipiteal cothromais”, “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta” na bríonna a shanntar dóibh le hAcht 1963;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht 1963 agus gach Acht atá le forléiriú le chéile leis mar aon Acht amháin;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “taisce” taisce i gcuntas reatha;

ciallaíonn “taisceoir” duine a choinníonn taisce le banc taisce iontaobhais agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “iarbhanc” banc taisce iontaobhais a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid II, arna dheimhniú faoi na hAchtanna;

tá le “ceadúnas” an bhrí a shanntar dó le halt 10;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

tá le “an cuntas speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 32;

tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí a shanntar dó le halt 9.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo,

(b) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(d) déanfar tagairt d'aon fhoráil den Acht seo a fhorléiriú, más iomchuí, mar thagairt don fhoráil sin arna modhnú le rialacháin.

Rialacháin agus treoracha.

4. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhascha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha (lena n-áirítear forálacha chun an t-aistriú ó na hachtacháin a aisghairtear le halt 7 den Acht seo a chur in éifeacht) a bheith in aon rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is gá nó is iomchuí chun críche ar bith de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála ann nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil ann.

(2) Déanfar gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(3) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais i ndáil le haon ní (seachas ní a bhféadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais i ndáil leis faoi aon fhoráil eile den Acht seo) a bhaineann leis an ngnó a sheolann an banc nó i gcás inar dóigh leis gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais.

(b) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) (a) Aon treoir ón mBanc Ceannais faoin Acht seo is oifigeach don Bhanc Ceannais, a bheidh údaraithe go cuí chuige sin, a thabharfaidh í i scríbhinn.

(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (1) maidir le treoir den sórt sin mar atá feidhm acu maidir le rialacháin.

(c) Féadfar treoir den sórt sin a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais trína cur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig rúnaí an bhainc, nó chuig oifigeach eile dá shamhail de chuid an bhainc, agus í dírithe chuige ag príomhoifig an bhainc.

(d) Féadfaidh an Banc Ceannais, trí threoir faoin mír seo, treoir a bheidh tugtha aige faoin Acht seo, lena n-áirítear an mhír seo, a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

5. —Má éiríonn aon deacracht, ar bhealach ar bith, le linn aon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun oibriú na forála sin a áirithiú nó a urasú, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an fhoráil sin a chur in éifeacht chun na gcríoch sin a dúradh ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Acht seo tar éis 3 bliana a bheith caite dar tosach an lá ar tháinig an fhoráil iomchuí den Acht seo i ngníomh.

An tAcht a mhodhnú lena chur i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na gcuideachtaí, na baincéireachta agus na gcumann foirgníochta.

6. —(1) Má dhéantar aon mhodhnú ar na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm i ndáil le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, agus gur dóigh leis an Aire gur fóirsteanach forálacha an Achta seo a mhodhnú chun go mbeidh an dlí a bhaineann le bainc thaisce iontaobhais ar aon dul leis na modhnuithe ar an dlí a bhaineann le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé modhnú a dhéanamh ar aon fhorálacha den Acht seo is dóigh leis is cuí chuige sin.

(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) folaíonn sí cumhacht chun na forálacha iomchuí den Acht seo a mhodhnú—

(a) chun cumhacht a thabhairt orduithe, rialacháin nó ionstraimí eile a dhéanamh,

(b) chun socrú a dhéanamh maidir le táillí a ghearradh ach ní chun aon mhuirear de chineál cánachais a ghearradh.

(3) Féadfar le rialacháin faoin alt seo—

(a) leasuithe iarmhartacha nó aisghairm a dhéanamh ar fhorálacha eile den Acht seo;

(b) cibé forálacha eatramhacha nó cosantacha a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

(4) San alt seo folaíonn “modhnú” aon bhreisiú agus, maidir le modhnuithe ar na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, aon mhodhnú a chuirfear in éifeacht cibé acu le haon Acht sa todhchaí nó le hionstraim a dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, faoi Acht a rithfear tráth ar bith.

Aisghairm agus cosaintí.

7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Sa mhéid go bhféadfadh aon ionstraim nó ní ar bith eile a rinneadh faoi aon fhoráil a aisghairtear leis an Acht seo a bheith déanta faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní bheidh an ionstraim ná an ní sin ó bhail de bharr aisghairm na forála sin ach má bhí siad i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an fhoráil sin, beidh éifeacht leo ionann is dá mba gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a dhéanfaí iad.

(3) Aon tagairt d'iarbhanc in aon reacht, nó in aon ionstraim a rinneadh faoi reacht, nó in aon leabhar, taifead nó doiciméad eile, forléireofar í mar thagairt do bhanc taisce iontaobhais.

Caiteachais.

8. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Banc Ceannais ag riaradh an Achta seo a íoc as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais.