An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Iontaobhaithe Banc Taisce Iontaobhais)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

CUID II

Bunú agus Ceadúnú Banc Taisce Iontaobhais

"Banc taisce iontaobhais".

9. —(1) San Acht seo ciallaíonn “banc taisce iontaobhais” cumann a foirmíodh chun foras is de chineál bainc, agus a chomhlíonann forálacha an Achta seo, a bhunú agus a chothabháil, ar foras é—

(a) a bhfuil a ghnó á bhainistí agus á riaradh faoi mhaoirsiú iontaobhaithe de réir na bhforálacha sin, agus

(b) a sheolann, de bhun ceadúnais agus de réir na bhforálacha sin agus rialacha arna ndéanamh ag a iontaobhaithe, agus faoi réir mhaoirsiú ginearálta an Bhainc Ceannais, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) gnó arb éard é glacadh taiscí is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socraithe nó inchinnte sa todhchaí,

(ii) an gnó a bhíodh á sheoladh de ghnáth ag iarbhanc,

(iii) gnó arb éard é seirbhís airgeadais ar bith eile a chur ar fáil, le toiliú an Bhainc Ceannais.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais, le toiliú an Bhainc Ceannais, gnó a sheoladh lasmuigh den Stát.

(3) I bhfeidhmiú aon fheidhme dá chuid faoin Acht seo ní cheanglófar ar an mBanc Ceannais déileáil le sócmhainní nó dliteanais de chuid banc taisce iontaobhais lasmuigh den Stát ionann is dá mbeidís á sealbhú sa Stát.

Ceadúnais.

10. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Banc Ceannais, ar iarratas chuige sin a bheidh déanta chuige ag iontaobhaithe an chumainn lena mbaineann, ceadúnas a dheonú dóibh, nó diúltú ceadúnas a dheonú dóibh, á údarú dóibh banc taisce iontaobhais a bhunú agus a chothabháil agus gnó bainc den sórt sin a sheoladh (dá ngairtear “ceadúnas” san Acht seo).

(2) Ní dhiúltóidh an Banc Ceannais ceadúnas a dheonú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh deonú an cheadúnais chun leasa do rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais nó nach bhfuil an tAcht seo á chomhlíonadh maidir leis an bhforas, nó leis na hiontaobhaithe, lena mbaineann agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh deonú an cheadúnais chun leasa do rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais nó nach bhfuil an tAcht seo á chomhlíonadh maidir leis an bhforas, nó leis na hiontaobhaithe, lena mbaineann.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais diúltú ceadúnas a dheonú d'iontaobhaithe cumainn—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn dóibh á rá go bhfuil beartaithe aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá ag an mBanc leis an diúltú, agus go bhféadfaidh siad, laistigh de 21 lá ó dháta an fhógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú atá beartaithe,

(b) féadfaidh na hiontaobhaithe uiríll den sórt sin a dhéanamh chun an Aire laistigh den am a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnfidh sé a thoiliú a thabhairt, nó gan a thoiliú a thabhairt, leis an diúltú atá beartaithe, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, déanfaidh an Banc Ceannais, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis iarratas ar cheadúnas a fháil, an ceadúnas a dheonú nó fógra faoi fho-alt (3) (a) a thabhairt do na daoine a rinne an t-iarratas.

(b) Beidh éifeacht le mír (a) i ndáil le cás ina n-iarrfaidh an Banc Ceannais ar na daoine lena mbaineann, de bhun fho-alt (6), faisnéis a thabhairt i ndáil le hiarratas ar cheadúnas ionann is dá mba thagairt don fhaisnéis a thabhairt an tagairt d'iarratas a fháil.

(5) Beidh iarratas ar cheadúnas i cibé foirm, agus beidh faisnéis ann i ndáil le cibé nithe, a shonróidh an Banc Ceannais.

(6) Féadfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó iarratas ar cheadúnas a fháil, a iarraidh i scríbhinn ar na daoine lena mbaineann, faisnéis a thabhairt dó i ndáil le nithe sonraithe agus déanfaidh na daoine de réir na hiarrata sin.

(7) Más rud é go raibh iarbhanc ag seoladh gnó díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Banc Ceannais, ar iarratas ar cheadúnas a bheith déanta ag a iontaobhaithe, ceadúnas maidir lena ghnó a dheonú dóibh a luaithe is féidir dá éis sin agus beidh éifeacht leis an gceadúnas, agus measfar go raibh éifeacht leis, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin.

(8) Má dheonaítear ceadúnas, ní hionann an deonú sin agus baránta ar shócmhainneacht an fhorais lena mbaineann agus ní bheidh an Banc Ceannais faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain ag aon duine dá ndeonaítear ceadúnas nó ag an mbanc taisce iontaobhais a ndeonaítear ina leith é.

(9) Féadfaidh an Banc Ceannais ceadúnas a leasú trí ainmneacha iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann a chur isteach ann nó a scriosadh as, de réir mar is cuí.

Toirmeasc ar ghnó bainc taisce iontaobhais a sheoladh gan cheadúnas.

11. —(1) Ní dhéanfaidh duine, seachas duine a bheidh údaraithe le ceadúnas chun sin a dhéanamh, gnó bainc taisce iontaobhais a sheoladh thar a cheann féin nó thar ceann aon duine eile sa Stát nó lasmuigh den Stát ná ní thabharfaidh sé le fios nó le tuiscint go seolann sé gnó den sórt sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar go dtabharfaidh duine le fios go seolann sé gnó bainc taisce iontaobhais má dhéanann sé gníomh a shonraítear in alt 14 (2).

(3) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Coinníollacha ceadúnas.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh ceadúnas faoi réir cibé coinníollacha, más ann, a fhorchuirfidh an Banc Ceannais agus a shonróidh sé tráth a dheonaithe, ar coinníollacha iad a mbeidh sé ceaptha dóibh, i dtuairim an Bhainc, rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais a chur chun cinn.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, ó am go ham, coinníollacha ceadúnais a leasú nó a chúlghairm nó féadfaidh sé cur leo, agus féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le ceadúnas, más rud é, i dtuairim an Bhainc Ceannais, go mbeidh sé ceaptha don leasú, don chúlghairm, don bhreisiú nó don fhorchur rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais a chur chun cinn.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais coinníoll a fhorchur i ndáil le ceadúnas nó coinníollacha ceadúnais a leasú nó cur leo—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na daoine a shealbhaíonn an ceadúnas nó a mbeartaítear an ceadúnas a dheonú dóibh, á rá go bhfuil sé beartaithe aige an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, agus cad iad na cúiseanna atá aige leis sin a dhéanamh agus go bhféadfaidh siad, laistigh de 21 lá tar éis an fógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Bhainc Ceannais i ndáil leis an bhforchur, leis an leasú nó leis an mbreisiú, de réir mar a bheidh,

(b) féadfaidh na daoine uiríll den sórt sin a dhéanamh chun an Bhainc Ceannais laistigh de na tréimhsí ama a dúradh,

(c) déanfaidh an Banc Ceannais, sula gcinnfidh sé an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo, agus

(d) má dhéantar go cuí aon uiríll chun an Bhainc Ceannais faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, ar an tréimhse 21 lá a dúradh a bheith caite, an togra a dúradh a tharraingt siar nó cibé coinníoll a fhorchur nó cibé leasuithe ar choinníollacha an cheadúnais, nó cibé breisithe leo, a dhéanamh is cuí leis an mBanc Ceannais ag féachaint do na huiríll, faoi réir an choinníll, agus faoina réir sin amháin, nach ndéanfaidh an Banc Ceannais gníomh a fhágfaidh go mbeidh sé níos dochraidí coinníollacha an cheadúnais a chomhlíonadh ná mar a bheadh sé dá mba iad coinníollacha an cheadúnais na coinníollacha a bhí sa cheadúnas an tráth ar tugadh an fógra faoi mhír (a), agus iad arna leasú nó arna mbreisiú, nó difear déanta dóibh thairis sin, de réir an fhógra.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir coinníll i gceadúnas, beidh sé ciontach i gcion.

Ceadúnais a chúlghairm.

13. —(1) Féadfaidh an Banc Ceannais, le toiliú an Aire, ceadúnas a chúlghairm—

(a) má iarrann sealbhóirí an cheadúnais amhlaidh,

(b) mura mbeidh an foras lena mbaineann tosaithe ar an ngnó a údaraítear leis an gceadúnas a sheoladh laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an ceadúnas,

(c) má tá an banc taisce iontaobhais lena mbaineann á fhoirceannadh,

(d) má éiríonn an banc taisce iontaobhais neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe nó má fhionraíonn sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach de nó, i dtuairim an Bhainc Ceannais—

(i) nach leor a thuilleadh na cistí a shealbhaíonn sé chun críocha an ghnó sin a dúradh, nó

(ii) nach féidir brath air a thuilleadh chun a oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, lena n-áirítear aisíoc na dtaiscí a bheidh á sealbhú aige agus íoc úis orthu, a chomhall,

(e) má chiontaítear an banc taisce iontaobhais, ar díotáil, i gcion faoin Acht seo nó má chiontaítear é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

(f) má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an ceadúnas, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus go ndiúltófaí ceadúnas a dheonú dá ndéanfaí iarratas ar é a dheonú sna himthosca athraithe,

(g) mura deimhin leis an mBanc Ceannais go bhfágann imthosca an bhainc taisce iontaobhais go bhfuil ar chumas an bhainc taiscí a bheidh glactha aige a aisíoc agus aon ús a bheidh dlite orthu do na taisceoirí, de réir théarmaí na dtaiscí, a íoc,

(h) má mhainníonn na hiontaobhaithe nó an banc taisce iontaobhais déanamh de réir treorach ón mBanc Ceannais faoin Acht seo,

(i) mura gcomhlíonfar an tAcht seo maidir leis na hiontaobhaithe nó leis an mbanc taisce iontaobhais, nó

(j) má tá scortha ag an mbanc taisce iontaobhais de bheith ag seoladh an ghnó a údaraítear leis an gceadúnas agus mura raibh sé á sheoladh aige le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis an scoir.

(2) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais ceadúnas a chúlghairm (ar shlí seachas de bhun iarrata ó shealbhóirí ar cheadúnais sin a dhéanamh)—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na sealbhóirí á rá go bhfuil beartaithe aige toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis sin agus go bhféadfaidh na sealbhóirí, laistigh de 21 lá tar éis an dáta ar ar tugadh an fógra, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm atá beartaithe,

(b) féadfaidh an sealbhóir uiríll den sórt sin a dúradh a dhéanamh chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnnfidh sé a thoiliú leis an gcúlghairm a dheonú, nó gan é a dheonú, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo.

(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus nach bhfoirceannfar an banc taisce iontaobhais lena mbaineann—

(a) leanfaidh an banc de bheith faoi dhliteanas maidir le taiscí a ghlac sé go dtí go mbeidh aon dliteanais ina leith urscaoilte chun sástacht an Bhainc Ceannais,

(b) ar na dliteanais sin a dúradh a bheith urscaoilte, dúnfar an banc de réir alt 42, agus

(c) déanfaidh iontaobhaithe an bhainc a ndliteanais go léir i leith a dtaisceoirí a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí agus tabharfaidh siad fógra don Bhanc Ceannais agus do na taisceoirí leis an mbanc, ar cibé dóigh agus laistigh de cibé tréimhse ama a chinnfidh an Banc Ceannais, i dtaobh na mbearta atá á ndéanamh acu chuige sin.

(4) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus go mbeidh an banc taisce iontaobhais lena mbaineann á fhoirceannadh, féadfaidh leachtaitheoir an bhainc gnó an bhainc a sheoladh go feadh cibé méid is dóigh leis an mBanc Ceannais nó, más de bhun ordú ón gCúirt atá an foirceannadh á dhéanamh, is dóigh leis an gCúirt, is gá chun a chumasú don leachtaitheoir a fheidhmeanna a chomhall.

(5) Beidh duine a sháróidh fo-alt (3) (c) ciontach i gcion.

Ainm bainc taisce iontaobhais.

14. —(1) Beidh an abairt “banc taisce iontaobhais” nó an abairt “banc taisce” ar áireamh in ainm bainc taisce iontaobhais, mura dtoileoidh an Banc Ceannais lena fágáil ar lár.

(2) Maidir le duine seachas banc taisce iontaobhais—

(a) más comhlacht corpraithe é, ní bheidh ar áireamh aige in ainm an chomhlachta ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(b) más pearsa aonair é a sheolann gnó faoi ainm nó teideal (seachas a ainm féin gan aon ní eile curtha leis), ní bheidh ar áireamh aige san ainm nó sa teideal ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(c) más comhlacht neamhchorpraithe daoine é a sheolann gnó, ní bheidh ar áireamh aige san ainm faoina seolann an comhlacht gnó (nach é, i gcás comhpháirtíochta, ainm nó ainmneacha duine amháin nó níos mó de na comhpháirt ithe é gan aon ní eile curtha leis) ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(d) ní úsáidfidh sé, i bhfógrán, i gciorclán, i gcárta gnó nó i ndoiciméad eile, ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu dá mba rud é, trína dhéanamh sin, go mbeadh sé ag tabhairt le fios nó le tuiscint gur banc taisce iontaobhais é.

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (2) ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do thabhairt agus d'fháil airgid ar iasacht.

15. —(1) Is ar cibé dóigh, agus faoi threoir cibé nithe, a chinnfidh an Banc Ceannais a shocrófar na rátaí úis a mhuirearóidh banc taisce iontaobhais ar iasachtaí a thabharfaidh sé, agus na rátaí úis a íocfaidh sé ar thaiscí a ghlacfaidh sé.

(2) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead a fháil ar iasacht lena n-áirítear, le toiliú an Bhainc Ceannais, airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, na nithe seo a leanas a shonrú i dtreoir a thabharfar do bhanc taisce iontaobhais—

(i) an dliteanas uasta a fhéadfaidh an banc a thabhú i leith iasachtaí a gheobhaidh sé agus i leith úis ar na hiasachtaí sin, agus

(ii) an dliteanas uasta a fhéadfaidh an banc a thabhú i ndáil le haon duine áirithe amháin i leith iasachtaí a gheobhaidh sé agus i leith úis ar na hiasachtaí sin, agus

(iii) na téarmaí agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh an banc airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear téarmaí nó coinníollacha ag sonrú an ráta úis, nó ag déanamh forála le haghaidh cinneadh an ráta úis, is iníoctha ar airgead a gheobhaidh sé ar iasacht agus an urrúis a bheidh le tabhairt aige i leith na n-iasachtaí a gheobhaidh sé).

(3) Ní sheolfaidh banc taisce iontaobhais, gan toiliú an Bhainc Ceannais, aon ghnó seachas taiscí a ghlacadh agus aon ghnó eile a bhíodh á sheoladh ag iarbhanc.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoi fho-alt (2), beidh sé ciontach i gcion.

Rialacha bainc taisce iontaobhais.

16. —(1) (a) (i) Sula dtosóidh banc taisce iontaobhais de bheith ag seoladh gnó nó, i gcás banc taisce iontaobhais a bhí ina iarbhanc díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an tosach feidhme sin, déanfaidh iontaobhaithe an bhainc rialacha (a bheidh faoi réir cheadú an Bhainc Ceannais) chun an banc a bhainistí agus a riaradh agus le haghaidh cibé nithe eile i ndáil leis an mbanc is dóigh leis is cuí.

(ii) Faoi réir cheadú an Bhainc Ceannais, féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, le rialacha faoi fhomhír (i), rialacha faoin bhfomhír sin a leasú nó a chúlghairm.

(b) Déanfaidh an Banc Ceannais—

(i) maidir le rialacha atá beartaithe faoi mhír (a) (i), na rialacha a cheadú más deimhin leis go bhfuil siad ag teacht le cleachtas fónta na baincéireachta, go ndéanann siad foráil le haghaidh na nithe go léir ar chóir, i dtuairim an Bhainc Ceannais, foráil a dhéanamh dóibh leis na rialacha agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an dlí (lena n-áirítear an tAcht seo),

(ii) maidir le rialacha atá beartaithe faoi mhír (a) (ii), na rialacha a cheadú más deimhin leis go gcomhlíonfaidh siad, maille leis na rialacha a bheadh i bhfeidhm tar éis an leasú atá beartaithe nó an chúlghairm atá beartaithe a dhéanamh, na coinníollacha a shonraítear i bhfomhír (i).

(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), déanfar foráil, i rialacha faoin mír sin, i ndáil leis na nithe a bheidh sonraithe de thuras na huaire sa Dara Sceideal.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis na bainc thaisce iontaobhais a bheidh ag seoladh gnó de thuras na huaire, an Dara Sceideal a leasú agus beidh éifeacht leis an Sceideal sin faoi réir aon rialachán faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le rialacha, faoin alt seo, de chuid bainc taisce iontaobhais:

(a) déanfaidh iontaobhaithe, bainisteoirí agus oifigigh eile an bhainc de réir na rialacha agus seolfar gnó an bhainc de réir na rialacha,

(b) tabharfar cóip de na rialacha do thaisceoir de chuid an bhainc ar é dá iarraidh sin ag aon oifig den bhanc,

(c) cuirfear cóip de na rialacha ar fáil, lena hiniúchadh ag taisceoirí an bhainc, ag gach oifig den bhanc le linn na dtráthanna a mbíonn an banc ar oscailt don phobal le gnó a dhéanamh,

(d) má thugtar ar aird, in imeachtaí in aon chúirt nó binse, doiciméad a airbheartaíonn gur cóip de na rialacha é agus go bhfuil sé deimhnithe ag oifigeach don bhanc gur cóip dhílis de na rialacha é, is fianaise é sin ar na rialacha mura suífear a mhalairt.

(4) Beidh duine a sháróidh fo-alt (3) (a) ciontach i gcion.

(5) Maidir le rialacha iarbhainc a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh siad i bhfeidhm go ceann na tréimhse 6 mhí díreach tar éis an tosach feidhme sin agus féadfaidh iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann iad a leasú nó a chúlghairm le linn na tréimhse sin ionann is dá mbeidís déanta de bhun an ailt seo agus measfar, le linn na tréimhse sin, go gcomhlíonann siad forálacha an Achta seo.