An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Bunú agus Ceadúnú Banc Taisce Iontaobhais) Ar Aghaidh (CUID IV Maoirsiú Banc Taisce Iontaobhais)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

CUID III

Iontaobhaithe Banc Taisce Iontaobhais

Líon iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

17. —(1) Beidh 5 iontaobhaí ar a laghad, agus 10 iontaobhaí ar a mhéid, ag banc taisce iontaobhais.

(2) I gcás ina gcónascfaidh 2 bhanc taisce iontaobhais nó níos mó, agus gur mhó ná 10 líon iontaobhaithe na mbanc díreach roimh an gcónascadh, féadfar na hiontaobhaithe sin a cheapadh chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc cónasctha ionann is dá mba nár mhó a líon ná 10, ach ní cheapfar aon iontaobhaithe eile i ndáil leis an mbanc cónasctha go dtí go mbeidh líon iontaobhaithe an bhainc chónasctha tite faoi bhun 10.

(3) Más rud é, tráth ar bith, go dtitfidh líon iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi bhun 5, déanfar, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an trátha sin, oiread daoine a cheapadh chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc a fhágfaidh gur líon nach lú ná 5 líon na n-iontaobhaithe, ach beidh aon ghníomhartha a dhéanfaidh iontaobhaithe an bhainc le linn na tréimhse 3 mhí sin, nó le linn na tréimhse ón tráth sin a dúradh go dtí go gceapfar daoine chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc de bhun an ailt seo, cibé acu is giorra, chomh bailí céanna is a bheidís dá mba líon nach lú ná 5 líon iontaobhaithe an bhainc i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.

(4) Ní cheapfar duine chun bheith ina iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais gan toiliú an Bhainc Ceannais.

Teorainn aoise d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

18. —Scoirfidh duine d'oifig a shealbhú mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais tráth nach déanaí ná an tráth a mbeidh 70 bliain d'aois slánaithe aige.

Dícháiliú chun bheith mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais.

19. —(1) Aon duine—

(a) a bhreithneofar ina fhéimheach,

(b) a dhéanfaidh imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) a bhí, tráth ar bith, faoi dhliteanas pearsanta de bhun alt 22 maidir lena iompar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais,

(d) ar a gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 6 mhí, nó

(e) a chiontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

beidh sé dícháilithe chun bheith ina iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais.

(2) Aon iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais—

(a) a bhreithneofar ina fhéimheach,

(b) a dhéanfaidh imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) a bheidh faoi dhliteanas pearsanta, de bhun alt 22, maidir lena iompar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí den sórt sin,

(d) ar a gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 6 mhí, nó

(e) a chiontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, dícháilithe láithreach chun bheith ina iontaobhaí den sórt sin.

Airgead onóra a íoc le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

20. —(1) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead onóra, ina mbeidh cibé méideanna a cheadóidh an Banc Ceannais, a íoc lena iontaobhaithe.

(b) Déanfar méid comhiomlán aon airgid onóra a d'íoc banc taisce iontaobhais lena iontaobhaithe in aon bhliain airgeadais de chuid an bhainc a shonrú i gcuntais an bhainc don bhliain sin.

(2) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead a thabhairt ar iasacht d'iontaobhaí de chuid an bhainc más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin—

(i) go dtabharfar an iasacht de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Banc Ceannais,

(ii) nach mó an iasacht ná cibé méid, más ann, a shonróidh an Banc Ceannais, agus

(iii) nach mó méid comhiomlán na hiasachta agus aon mhéid nach mbeidh aisíoctha nó íoctha leis an mbanc i leith iasachtaí eile a thug an banc don iontaobhaí, maille le hús air sin, ná cibé méid, más ann, a shonróidh an Banc Ceannais.

(b) Déanfar méid comhiomlán aon iasachtaí faoin bhfo-alt seo nach mbeidh aisíoctha le banc taisce iontaobhais ag deireadh aon bhliana airgeadais de chuid an bhainc, agus méid comhiomlán aon úis ar na hiasachtaí a bheidh dlite agus iníoctha, ach nach mbeidh íoctha, leis an mbanc ag deireadh na bliana sin, a shonrú i gcuntais an bhainc don bhliain sin; beidh ag gabháil le haon ráiteas den sórt sin i gcuntais an bhainc ráiteas á rá gur tugadh na hiasachtaí lena mbaineann de réir agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna le hiasachtaí a thugann an banc do dhaoine den phobal.

(3) Más rud é, i dtuairim iniúchóra bainc taisce iontaobhais, go mbeidh fo-alt (1) (b) nó (2) (b) sáraithe ag an mbanc maidir le bliain airgeadais de chuid an bhainc, cuirfidh an t-iniúchóir ráiteas á rá sin ina thuarascáil ar chuntais an bhainc don bhliain sin mar aon le ráiteas i dtaobh na méideanna, nó aon chuid díobh, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (2) (b), de réir mar a bheidh, a mbeidh eolas aige orthu.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais do nochtadh leasa.

21. —(1) Aon iontaobhaí de chuid bainc taisce iontaobhais—

(a) a mbeidh leas aige i gcuideachta nó i ngnóthas lena mbeartaíonn an banc conradh a dhéanamh nó lena mbeidh conradh déanta aige, nó

(b) a mbeidh leas aige i gconradh a bheartaíonn an banc a dhéanamh nó a bheidh déanta aige,

nó is duine lena bhfuil baint ag duine ag a bhfuil leas den sórt sin, nochtfaidh sé don bhanc agus do na hiontaobhaithe eile, ag cruinniú de na hiontaobhaithe, go bhfuil an leas sin aige agus cén cineál leasa é agus ní ghlacfaidh sé páirt ar bith in aon bhreithniú nó cinneadh a dhéanfar ag aon chruinniú den sórt sin i ndáil leis an gconradh.

(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a luaithe a bheidh deis ann.

(3) Má thugann iontaobhaí bainc taisce iontaobhais fógra ginearálta don bhanc agus d'iontaobhaithe an bhainc, ag cruinniú de na hiontaobhaithe, á rá gur comhalta é de chuideachta shonrach nó de ghnólacht sonrach agus go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta nó leis an ngnólacht, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur nochtadh leordhóthanach an fógra sin i dtaobh an leasa sin.

(4) Déanfar nochtadh a dhéanfar le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi fho-alt (1), agus fógra a thabharfar dóibh faoi fho-alt (3), a thaifeadadh i miontuairiscí chruinnithe na n-iontaobhaithe.

(5) (a) Chun críocha an ailt seo, tá baint ag duine le hiontaobhai de chuid bainc taisce iontaobhais más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin—

(i) gurb é céile an iontaobhaí é nó go gcónaíonn sé in aontíos leis mar chéile,

(ii) gurb é tuismitheoir nó leanbh an iontaobhaí é, nó

(iii) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí (seachas mar iontaobhaí faoi scéim scaire fostaithe nó faoi scéim pinsin) ar aon iontaobhas a bhfuil iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, a chéile nó aon leanbh dá chuid, nó comhlacht corpraithe lena bhfuil sé i gcomhlachas, i measc na dtairbhithe uaidh nó a dtugtar, faoina théarmaí, cumhacht do na hiontaobhaithe is cumhacht is féidir a fheidhmiú chun tairbhe d'iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, dá chéile, nó d'aon leanbh dá chuid nó d'aon chomhlacht corpraithe den sórt sin,

(iv) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar chomhpháirtí de chuid an iontaobhaí nó de chuid aon duine a bhfuil baint aige leis an iontaobhaí de bhua fhomhír (i), (ii) nó (iii), nó

(v) gur comhlacht corpraithe é (seachas fochuideachta de chuid an bhainc taisce iontaobhais nó cuideachta shealbhaíochta an bhainc nó fochuideachta de chuid chuideachta sealbhaíochta an bhainc) ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile dá chuid an t-iontaobhaí nó ar comhalta é an t-iontaobhaí de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile maidir leis nó a bhfuil—

(I) sé féin agus aon daoine a bhfuil baint aige leo de bhua fhomhír (i), (ii), (iii) nó (iv), nó

(II) duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, a chéile nó aon leanbh dá chuid, i measc na dtairbhithe uaidh, ina sealbhóirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid nó níos mó, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais eisithe nó i dteideal, i bpáirt, an cúigiú cuid nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta dá chuid.

(b) Tá duine i gcomhlachas le comhlacht corpraithe má tá sé féin nó aon duine a bhfuil baint aige leis de bhua mhír (a) nó duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil an duine, a chéile nó aon leanbh dá chuid i measc na dtairbhithe uaidh—

(i) ina sealbhóirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid nó níos mó, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais eisithe, nó

(ii) i dteideal, i bpáirt, an cúigiú cuid nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta dá chuid.

(c) Aon tagairtí san fho-alt seo do leanbh duine folaíonn siad tagairtí do leasleanbh, deartháir, deirfiúr, leasdeartháir, leasdeirfiúr, tuismitheoir agus leastuismitheoir de chuid an duine.

(6) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Dliteanas iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

22. —(1) Ní bheidh duine is iontaobhaí de chuid bainc taisce iontaobhais faoi dhliteanas pearsanta maidir lena iompar (nach iompar calaoiseach) le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí den sórt sin ach amháin—

(a) i leith airgid a fuair sé iarbhír ar cuntas an bhainc nó lena úsáid ag an mbanc agus nach mbeidh íoctha isteach agus diúscartha de réir rialacha an bhainc,

(b) i leith aon easnaimh i gcistí an bhainc de dheasca faillí nó mainneachtain déanamh de réir rialacha an bhainc a bhaineann leis na nithe a bheidh sonraithe de thuras na huaire sa Dara Sceideal nó aon fhaillí nó mainneachtain déanamh de réir rialacha an bhainc nó ceanglais an Bhainc Ceannais i ndáil le seiceáil a dhéanamh ar na hidirbhearta a sheolann an banc, le hiniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar chuntais an bhainc, le tionól cruinnithe de chuid iontaobhaithe an bhainc nó le miontuairiscí cruinnithe den sórt sin a choimeád:

Ar choinníoll nach mó ná £10,000 an méid iomlán a mbeidh iontaobhaí faoi dhliteanas maidir leis, i leith aon easnamh den sórt sin le linn a théarma oifige mar iontaobhaí den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire an méid a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) a athrú le rialacháin chun athruithe ar luachanna airgeadaíochta a chur i gcuntas agus beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) faoi réir aon rialachán faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Forálacha i ndáil le maoin bhanc taisce iontaobhais agus imeachtaí dlí.

23. —(1) Beidh maoin bhainc taisce iontaobhais dílsithe do na daoine arb iad iontaobhaithe an bhainc iad de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais agairt, agus féadfar agairt ina leith, faoin ainm “iontaobhaithe Bhanc Taisce Iontaobhais —” nó “iontaobhaithe Bhanc Taisce —”, de réir mar is cuí, agus, in imeachtaí dlí a bhaineann le haon mhaoin de chuid an bhainc, féadfar a dhearbhú gur maoin de chuid iontaobhaithe an bhainc an mhaoin.

(3) Féadfar maoin bhainc taisce iontaobhais a dhílsiú, agus a bheith dílsithe, d'iontaobhaithe an bhainc faoin tuairisc “iontaobhaithe Bhanc Taisce Iontaobhais —” nó “iontaobhaithe Bhanc Taisce —” agus ní gá, chun críche an dílsithe sin, ainmneacha nó tuairiscí na n-iontaobhaithe ar leithligh a thabhairt sa doiciméad lena mbaineann ná in aon doiciméad a bhaineann le maoin an bhainc.

(4) Aon doiciméad a bheadh le forghníomhú, murach an fo-alt seo, ag duine amháin nó níos mó d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ina gcáil mar iontaobhaithe den sórt sin, féadfaidh oifigeach don bhanc, a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag iontaobhaithe an bhainc, é a fhorghníomhú trí shéala an bhainc a chur air agus tríd an séala a fhíordheimhniú lena shíniú.

(5) I gcás inar creidiúnaí banc taisce iontaobhais faoi bhreithiúnas, foraithne, ordú nó riail dá dtagraítear in alt 6, arna leasú, den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, féadfaidh rúnaí an bhainc nó oifigeach eile dá chuid nó gníomhaire dlí an bhainc, agus é údaraithe go cuí chuige sin ag an mbanc, an mhionnscríbhinn dá dtagraítear san alt sin a dhéanamh agus a chomhdú de réir an ailt sin.

(6) Ní dhéanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais foirgnimh nó talamh eile a cheannach, a léasú, a dhíol ná a mhalartú, ná foirgnimh a thógáil ná caiteachas eile de chineál caipitiúil a thabhú ag déanamh oibre ar fhoirgnimh nó talamh eile de chuid an bhainc, gan toiliú an Bhainc Ceannais (cibé acu toiliú i gcoitinne nó toiliú nach mbaineann ach le hidirbheart áirithe) agus, chun críocha teidil duine chun maoine a ceannaíodh nó a fuarthas ar léas ó iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, nó is ábhar malairte leo, measfar a thoiliú a bheith tugtha ag an mBanc Ceannais don cheannach, don léasú, don díol nó don mhalartú a rinne na hiontaobhaithe.