An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Iontaobhaithe Banc Taisce Iontaobhais) Ar Aghaidh (CUID V Bainistí agus Riaradh Banc Taisce Iontaobhais)

21 1989

AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

CUID IV

Maoirsiú Banc Taisce Iontaobhais

Banc taisce iontaobhais do choimeád leabhar, cuntas agus taifead eile agus an Banc Ceannais do dhéanamh scrúdú orthu.

24. —(1) Coimeádfaidh banc taisce iontaobhais, in oifig nó oifigí sa Stát, cibé leabhair, cuntais agus taifid eile a shonróidh an Banc Ceannais agus tabharfaidh sé fógra don Bhanc Ceannais, a luaithe is féidir, i dtaobh seoladh gach oifige ina gcoimeádtar iad de thuras na huaire; féadfaidh an Banc Ceannais leabhair, cuntais agus taifid éagsúla a shonrú faoin bhfo-alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(2) (a) Chun críche comhlíonadh a fheidhmeanna ag an mBanc Ceannais faoin Acht seo, féadfaidh oifigeach don Bhanc Ceannais, nó duine ag a bhfuil na cáilíochtaí nó an taithí is dóigh le Rialtóir an Bhainc Ceannais is cuí, is oifigeach nó duine a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chuige sin ag Rialtóir an Bhainc Ceannais (dá ngairtear “oifigeach údaraithe” feasta san alt seo)—

(i) imscrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí, nó ar aon chuid áirithe de ghnóthaí, bainc taisce iontaobhais agus ar an gcaoi a seolann sé a ghnó nó aon chuid áirithe dá ghnó agus tuarascáil a thabhairt don Bhanc Ceannais faoin gcéanna,

(ii) chun críocha an imscrúdaithe, ar a údarú a bheith tugtha ar aird aige, má iarrtar sin air, dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon oifig de chuid an bhainc agus aon leabhair, cuntais nó taifid eile a gheofar ansin agus a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo, agus aon taifid eile a bhaineann le gnó an bhainc agus a gheofar ansin, a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu,

(iii) a cheangal ar aon duine san oifig sin—

(I) aon fhaisnéis is eol dó nó a bheidh ar fáil aige, agus is dóigh leis le réasún is gá chun críocha an imscrúdaithe, a thabhairt dó,

(II) aon leabhair, cuntais nó taifid mar a dúradh a bheidh faoina chumhacht nó ina sheilbh nó ar fáil aige a thabhairt ar aird dó,

(III) a cheadú dó aon leabhair, cuntais nó taifid den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu, agus

(IV) aon fhaisnéis is eol dó nó a bheidh ar fáil aige i ndáil le hiontrálacha sna leabhair, sna cuntais nó sna taifid a thabhairt dó, is faisnéis is dóigh leis le réasún is gá chun críocha an imscrúdaithe.

(b)   (i) Aon tagairtí i mír (a) do bhanc taisce iontaobhais folaíonn siad tagairtí—

(I) d'fhochuideachta de chuid an bhainc,

(II) más fochuideachta an banc—

(A) dá chuideachta shealbhaíochta, agus

(B) d'aon fhochuideachta eile de chuid a chuideachta sealbhaíochta,

agus

(III) do chuideachta chomhlachaithe de chuid an bhainc.

(ii) I bhfómhir (i) ciallaíonn “cuideachta chomhlachaithe”, i ndáil le banc taisce iontaobhais, cuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht 1963)—

(I) a bhfuil cuid nach lú ná 20 faoin gcéad de réir ainmluacha—

(A) dá scairchaipiteal cothromais, nó

(B) dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach dtagann i gceist ach amháin in imthosca sonraithe),

á sealbhú ag an mbanc,

agus

(II) a bhfuil, i dtuairim an Bhainc Ceannais, imscrúdú ar a gnóthaí, nó ar chuid shonraithe dá gnóthaí, nó ar sheoladh a gnó nó cuid áirithe dá gnó, riachtanach chun críocha imscrúdú den chineál céanna i ndáil leis an mbanc.

(3) Na leabhair, na cuntais agus na taifid eile a choimeádfar de bhun an ailt seo, is leabhair, cuntais agus taifid iad de bhreis ar aon leabhair, cuntais nó taifid eile a cheanglaítear a choimeád faoi aon achtachán eile.

(4) Féadfar leabhair, cuntais agus taifid eile a choimeád chun críocha an Achta seo i bhfoirm inléite nó (cibé acu ar mhodh leictreonach nó ar mhodh uathoibríoch eile) i bhfoirm neamh-inléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir ceanglais faoin alt seo nó a thabharfaidh d'oifigeach údaraithe, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais den sórt sin, faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc Ceannais.

25. —(1) Tabharfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais don Bhanc Ceannais—

(a) ag cibé tráthanna a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham, cibé faisnéis agus tuairisceáin i dtaobh ghnó an bhainc a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham, is faisnéis agus tuairisceáin is dóigh leis an mBanc Ceannais is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go cuí, agus

(b) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Banc Ceannais, aon fhaisnéis agus tuairisceáin (nach faisnéis ná tuairisceáin a shonraítear faoi mhír (a)) i dtaobh ghnó an bhainc a iarrfaidh an Banc Ceannais i scríbhinn, is faisnéis agus tuairisceáin is dóigh leis an mBanc Ceannais is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go cuí.

(2) Ní thabharfaidh duine faisnéis don Bhanc Ceannais de bhun fho-alt (1) is faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach.

(3) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), folaíonn “faisnéis agus tuairisceáin”, i bhfo-alt (1), cuntais iniúchta na mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann agus tuarascálacha an iniúchóra lena mbaineann i dtaobh na gcuntas sin.

(b) San alt seo folaíonn tagairtí do bhanc taisce iontaobhais tagairtí—

(i) d'fhochuideachta de chuid an bhainc,

(ii) más fochuideachta an banc—

(I) dá chuideachta shealbhaíochta, agus

(II) d'aon fhochuideachta eile de chuid a chuideachta sealbhaíochta,

agus

(iii) do chuideachta chomhlachaithe (de réir bhrí alt 24 (2) (b) (ii)) de chuid an bhainc.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fionraí gníomhaíochtaí áirithe de chuid bainc taisce iontaobhais.

26. —(1) I gcás inarb é tuairim an Bhainc Ceannais gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh nó gurb é a thuairim, maidir le banc taisce iontaobhais—

(a) go bhfuil sé éirithe neamhábalta, nó gur dóigh dó éirí neamhábalta, freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nó

(b) nach bhfuil acmhainní caipitiúla leordhóthanacha á gcothabháil aige, nó gur dócha nach mbeidh ar a chumas iad a chothabháil, ag féachaint don méid agus don chineál gnó a sheolann sé, nó

(c) go bhfuil mainnithe aige déanamh de réir coinníll atá ina cheadúnas agus sin in imthosca inar dóigh leis an mBanc Ceannais go ndéanann an mhainneachtain sin difear do chobhsaíocht agus d'fhóntacht an bhainc, nó

(d) go bhfuil sé ag seoladh gnó ar dhóigh a chuireann i mbaol agus a dhochraíonn sábháilteacht taiscí leis an mbanc nó cearta agus leas taisceoirí leis an mbanc, nó

(e) go bhfuil an banc sin agus fiontraíocht amháin eile nó níos mó (cibé acu is banc taisce iontaobhais an fhiontraíocht eile sin nó nach ea) faoi rialú comhchoiteann agus gur dóigh leis an mBanc Ceannais nach dtéann an rialú comhchoiteann chun leasa do thaisceoirí leis an mbanc taisce iontaobhais céadluaite,

féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt i scríbhinn don bhanc sin á ordú dó gach ní nó aon ní acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, is é sin le rá:

(i) seoladh gnó bainc taisce iontaobhais,

(ii) déanamh íocaíochtaí (seachas íocaíochtaí lena mbaineann fomhír (i)),

(iii) fáil nó diúscairt sócmhainní nó tabhú nó urscaoileadh dliteanas,

nach mbeidh údaraithe ag an mBanc Ceannais.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a bheidh tugtha faoi fho-alt (1) a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi fho-alt (4) déanta maidir leis an treoir.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, ordú a dhéanamh ag foirceannadh treorach faoi fho-alt (1).

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais, ordú a dhéanamh ag daingniú treorach faoi fho-alt (1) nó ag daingniú na treorach agus, faoi réir fho-alt (5), ag fadú a tréimhse oibríochta go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí ama (ach sin sa chaoi nach faide ná 12 mhí an tréimhse oibríochta) is cuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca go léir.

(5) Scoirfidh treoir lena mbaineann fo-alt (4) d'éifeacht a bheith léi—

(a) i gcás an treoir a bheith daingnithe, ar an tréimhse lena mbaineann an treoir a bheith caite,

(b) i gcás an treoir a bheith daingnithe agus a tréimhse oibríochta a bheith fadaithe, ar an tréimhse sin, arna fadú amhlaidh, a bheith caite,

(c) ar ordú foirceanta a dhéanamh maidir leis an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, nó

(d) más rud é, ar iarratas ón mBanc Ceannais nó ón mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, gur dóigh leis an gCúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba bhun leis an treoir a thabhairt agus nach mbeadh sé ceart ná cóir gan ordú a dhéanamh ag foirceannadh na treorach, ar cibé dáta a chinnfidh an Chúirt le hordú,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(6) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó (4), cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dóigh léi is gá, lena n-áirítear ordú á ordú d'aon duine a shealbhaíonn airgead nó sócmhainní eile don bhanc taisce iontaobhais lena mbaineann an treoir áirithe, nó thar a cheann, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe san ordú.

(7) I gcás treoir faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, ansin—

(a) ní thionscnófar imeachtaí foirceanta i ndáil leis an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann,

(b) ní cheapfar glacadóir ar mhaoin an bhainc, agus

(c) ní dhéanfar maoin an bhainc a astú, a fhorlámhú ná a thochsal ar shlí eile, ná ní dhéanfar í a ghlacadh i bhforghníomhú,

mura mbeidh cead faighte roimh ré ón gCúirt.

(8) (a) Más é tuairim an Bhainc Ceannais, d'ainneoin go ndealraíonn sé dó go bhfuil banc taisce iontaobhais dár tugadh treoir faoin alt seo in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, gur dócha go leanfaidh na himthosca ba bhun leis an treoir a thabhairt de bheith ann, déanfaidh sé iarratas láithreach chuig an gCúirt ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, á ordú don bhanc scéim a ullmhú, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, chun a ghnó mar bhanc taisce iontaobhais a fhoirceannadh go hordúil, agus chun a dhliteanais i leith a thaisceoirí a urscaoileadh, faoi mhaoirseacht an Bhainc Ceannais, agus an scéim a chur faoi bhráid na Cúirte laistigh de 2 mhí chun ceadú na Cúirte a fháil.

(b) Ní cheadóidh an Chúirt scéim faoi mhír (a) gan éisteacht a thabhairt don Bhanc Ceannais agus, má bhíonn díospóid ann i dtaobh téarmaí na scéime, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais nó ag an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, an t-ábhar a chinneadh.

(c) Má mhainníonn banc taisce iontaobhais déanamh de réir ordú ón gCúirt faoin bhfo-alt seo nó má mhainníonn sé scéim a bheidh ceadaithe ag an gCúirt faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais, cibé ordú breise is cuí léi a dhéanamh i ndáil leis an ábhar, lena n-áirítear ordú chun iontaobhaithe an bhainc a chimiú nó, más dóigh léi gur ceart agus gur cóir é a dhéanamh, ordú chun an banc a fhoirceannadh.

(9) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo chun banc taisce iontaobhais a fhoirceannadh, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le cuideachtaí (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba go ndearnadh an t-ordú ar achainí foirceanta faoin dlí sin agus ionann is dá gcuirfí tagairt don ordú a dhéanamh faoin alt seo in ionad aon tagartha sa dlí sin don achainí foirceanta a thíolacadh.

(10) I gcás inar deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sí na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(11) Féadfaidh an Chúirt, le hordú, ordú a bheidh déanta aici faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(12) Chun críche fho-alt (1) (e) den alt seo measfar banc taisce iontaobhais agus fiontraíocht amháin, nó níos mó ná fiontraíocht amháin, eile a bheith faoi rialú comhchoiteann más féidir leis an duine céanna, nó leis an ngrúpa céanna daoine ag gníomhú dóibh de chomhbheart, a chinneadh conas a bhainisteofar, nó cé a bhainisteoidh, gach ceann acu.

(13) Aon bhanc taisce iontaobhais a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fógráin.

27. —(1) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais i ndáil leis an bhfaisnéis a bheidh ar áireamh in aon fhógrán a fhoilseoidh siad féin nó an banc, nó a fhoilseofar thar a gceann nó thar a cheann, nó in aon ráiteas poiblí a dhéanfaidh siad féin nó an banc nó a dhéanfar thar a gceann nó thar a cheann.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais á ordú dóibh staonadh, nó a chur faoi deara don bhanc staonadh, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir—

(a) ó fhógrán a fhoilsiú, nó ó leanúint d'fhógrán a fhoilsiú, ag lorg taiscí ón bpobal ab iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socraithe nó inchinnte sa todhchaí, nó

(b) ó na taiscí sin a dúradh a lorg nó ó leanúint dá lorg.

(3) Ní thabharfaidh an Banc Ceannais treoir faoin alt seo mura deimhin leis gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ráiteas i dtaobh caiteachas bainistíochta.

28. —(1) Aon uair a cheanglóidh an tAire amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Bhanc Ceannais, tabharfaidh an Banc Ceannais treoir d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais á cheangal orthu ráiteas i scríbhinn a thabhairt dó, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir, i dtaobh na gcaiteachas a thabhaigh an banc ar chúrsaí bainistíochta agus riaracháin, agus ag seoladh gnó an bhainc i gcoitinne, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe san iarraidh.

(2) Déanfar ráitis a gheobhaidh an Banc Ceannais de bhun fho-alt (1) a chur ar aghaidh láithreach chuig an Aire.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais d'fhoilsiú ráiteas gnó.

29. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ráiteas a fhoilsiú gach bliain i cibé foirm agus ar cibé dóigh, ag cibé tráthanna agus a mbeidh faisnéis ann i ndáil le cibé nithe a bhaineann le gnó an bhainc, a bheidh sonraithe i ndáil leis an mbanc, nó i ndáil le bainc thaisce iontaobhais i gcoitinne, i dtreoir a thabharfaidh an Banc Ceannais don bhanc nó, de réir mar a bheidh, do na bainc sin a dúradh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), taispeánfar, i ráiteas i ndáil le banc taisce iontaobhais faoin bhfo-alt sin, staid ghnóthaí an bhainc ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa treoir iomchuí faoin bhfo-alt sin agus torthaí na trádála a rinne sé le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe éagsúla a shonrú faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do chur ráiteas airgeadais ar taispeáint.

30. —(1) Cuirfidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi deara—

(a) go gcuirfear ar taispeáint, agus go gcoimeádfar ar taispeáint, in ionad feiceálach i ngach oifig, brainse den bhanc nó áit eile ina seolann an banc gnó, cóip den chlár comhardaithe is déanaí dá chuid agus, ina theannta sin, má shonraítear amhlaidh i dtreoir ón mBanc Ceannais, cóip de ráiteas i cibé foirm, agus ina mbeidh faisnéis i ndáil le cibé nithe a bhaineann le gnó an bhainc, a bheidh sonraithe amhlaidh, agus

(b) go dtabharfar cóip den chlár comhardaithe is déanaí den sórt sin agus den ráiteas is déanaí den sórt sin (más ann) d'aon chreidiúnaí de chuid an bhainc, ar é dá iarraidh sin.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe éagsúla a shonrú faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(3) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Cóimheasanna idir sócmhainní agus dliteanais bainc taisce iontaobhais a rialáil.

31. —(1) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt ó am go ham do bhanc taisce iontaobhais á cheangal air—

(i) cóimheas sonraithe,

(ii) cóimheas nach mó ná cóimheas sonraithe, nó

(iii) cóimheas nach lú ná cóimheas sonraithe,

a choimeád idir a shócmhainní agus a dhliteanais.

(b) Féadfar cóimheas sonraithe faoi mhír (a) a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais lena mbaineann.

(2) Féadfaidh sé a bheith sainráite i dtreoir faoin alt seo go bhfuil feidhm aici—

(a) i ndáil le gach banc taisce iontaobhais nó le banc taisce iontaobhais sonraithe nó bainc thaisce iontaobhais shonraithe,

(b) i ndáil le sócmhainní uile nó dliteanais uile an bhainc taisce iontaobhais nó gach ceann de na bainc thaisce iontaobhais lena mbaineann nó i ndáil le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe, nó le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe, de chuid an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann nó de chuid gach ceann de na bainc thaisce iontaobhais lena mbaineann,

(c) i ndáil le tráth nó tráthanna sonraithe nó le tréimhse nó tréimhsí sonraithe,

agus féadfar cóimheasanna, sócmhainní, dliteanais, tráthanna agus tréimhsí éagsúla a shonrú i dtreoir faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cistí bainc taisce iontaobhais a infheistiú.

32. —(1) D'ainneoin aisghairm alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 , leis an Acht seo, leanfaidh an cuntas speisialta in ainm an Aire a osclaíodh i mBanc na hÉireann de bhun an ailt sin (dá ngairtear “an cuntas speisialta” feasta san alt seo agus in alt 33) de bheith á chothabháil ag an Aire.

(2) Íocfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais isteach sa chuntas speisialta, nó infheisteoidh siad trí urrúis an Rialtais a cheannach, cibé cion den airgead a thaiscfear leis an mbanc (dá ngairtear “an cion ainmnithe” feasta san alt seo) a chinnfidh an Banc Ceannais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus cinnfidh an Banc Ceannais, tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh, cén cion (más aon chion é) den chion ainmnithe ba chóir a íoc mar a dúradh agus cén cion (más aon chion é) den chéanna ba chóir a infheistiú mar a dúradh.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil le hairgead a íoc isteach sa chuntas speisialta agus a aistarraingt as, chun airgead a infheistiú chun creidmheasa an chuntais sin agus chun an cuntas sin a bhainistí i gcoitinne, agus

(b) i ndáil le réadú na n-urrús a cheannófar de bhun fho-alt (2),

agus féadfar na himthosca inar féidir, agus na coinníollacha ar faoina réir is féidir, na haistarraingtí agus na réaduithe sin a dhéanamh, agus na cionúireachtaí den airgead agus de na hurrúis, faoi seach, a dúradh is féidir a aistarraingt agus a réadú, a shonrú sna rialacháin.

(4) Déanfaidh an tAire ús de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a íoc le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ar aon airgead a bheidh íoctha isteach sa chuntas speisialta acu.

(5) Féadfar a fhoráil i rialacháin faoi fho-alt (3)—

(a) gur féidir airgead a íocfar isteach sa chuntas speisialta a íoc isteach i gCiste Bhanc Taisce an Phoist, agus

(b) go ndéanfar airgead a bheidh íoctha isteach sa Chiste sin amhlaidh a íoc as leis an Aire agus go ndéanfar ús, de réir cibé ráta nó rátaí a chinnfidh an tAire, ar airgead a bheidh íoctha isteach ann amhlaidh a íoc leis an Aire.

(6) I gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh duine íocaíocht nó infheistíocht a dhéanamh de réir fho-alt (2), beidh sé ciontach i gcion.

Ráiteas bliantúil i dtaobh dhliteanais an Aire i leith banc taisce iontaobhais.

33. —Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh gach bliain, ráiteas ina dtaispeánfar an méid comhiomlán a bhí chun creidmheasa na mbanc taisce iontaobhais sa chuntas speisialta ar an lá deiridh den bhliain roimhe sin a raibh na bainc sin ar oscailt le haghaidh gnó.

Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc, etc.

34. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuici ar an slí achomhair ag an mBanc Ceannais, gurb é tuairim na Cúirte go ndearnadh sárú ar alt 24 nó 25 nó go ndearnadh mainneachtain nó diúltú déanamh de réir coinníll i gceadúnas, nó de réir treorach faoi alt 27, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann leanúint den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh ar iarratas chuici faoin alt seo.

(3) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sí na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.